Bhur gCéad Fáilte isteach 2

Peadar Bairéad

(This week we continue our welcome for Refugees.)

.

Athsmaoineamh

Bhí mé ag smaoineamh ar leithscéal a ghabháil libh faoi’n dearmad cló a bhí i dteideal an phíosa a scríobh mé faoi fhadhb na ndídeanaithe, coicíos ó shoin, nuair a bhí ‘each’ le léamh in áit ‘Isteach’, agus chun a mhíniú daoibh, gur de thaime, amach is amuigh, a tharla a leithéid, ach ó tharla gur athraigh cúrsaí na ndídeanaithe céanna chomh mór sin, agus chomh tubaisteach sin, san idirldinn, tuigeadh dom, nárbh olc an smaoineamh é, aguisín a chur leis an bpíosa sin, leis an scéal a thabhairt suas chun dáta, mar adéarfá. Sa chéad alt, bhí mé ag maíomh go raibh ceist na ndídeanaithe i ndáil le bheith scaoilte, agus luaigh mé an áit tábhachtach a bhí ag Aingeal na Gearmáine i scaoileadh na faidhbe sin, nuair a mhaígh sí go nglacfadh an Ghearmáin thart ar 800,000 dídeanaí sa bhliain reatha, agus dár lei, bheadh tíortha an Aontais Eorpaigh sásta a gcion fhéin den ualach seo a iompar freisin. Ba ghearr áfach, gur tuigeadh, nach raibh chuile thír san Aonas céanna sásta seasamh gualainn le gualainn leis an nGearmáin, sa bhfiontar sin, agus tuigtear anois, nach mbeadh an Pholainn, an Phoblacht Seiceach, an tSlóvaic, an Ungáir agus roinnt eile freisin, sásta glacadh le cion éigeantach dídeanaí a bheith leagtha amach do chuile thír san Aontas. Ar na mallaibh, áfach, tá an scéal ag imeacht ina loscadh sléibhe, nach mbeidh na Gearmánaigh fhéin sásta dídeanaithe, gan teorainn, a ligint thar theorainn a dtíre isteach. Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil ceannairí na hEorpa ar a míle dhícheall, ag iarraidh scéal seo na ndídeanaithe a shocrú, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, chomh luath agus is féidir, agus dá chomhartha sin, glacadh le vóta an mhóraimh, le huimhir éigeantach dídeanaithe a chur i bhfeidhm feasta, ar chuile Stát san Aontas.

Léigh mé píosa, ar na mallaibh, freisin, le Mary Kenny, san Irish Catholic, dár dáta 17 Meán Fómhair 2015, ina dtugann sí staitisticí suimiúla, suntasacha, faoin méid a d’fhulaing an Ghearmáin fhéin i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí fórsaí na gComhghuallaithe á dtimpeallú, agus á mbascadh, sular ghéill siad go neamhchoinníollach ibh, sa bhliain 1945. B’in an t-am ar chuir an cine sin aithne ar chruachás dídeanaithe, nó tuigtear go raibh thart ar 12 milliún dídeanaí ó Oirthear na Gearmáine ag cur fúthu in Iarthar na tíre sin, faoin mbliain 1950, dár le Mary, agus deir sí linn freisin, gur chuir Anthony Beevor, ina leabhar, Downfall’, síos go mion, ar chruachás agus ar fhulaingt na ndídeanaithe Gearmáineacha sin, ar a dteitheadh siar roimh tancanna agus arm na Rúiseach, sa bhliain 1945, agus dár leis, go raibh, faoi Eanair na bliana sin, thart ar 40,000 agus 50,000 dídeanaí ag teacht isteach i gcathair Bherlin chuile lá, agus faoi lár Mhí Feabhra na bliana sin, deir an t-údar sin, go raibh thart ar sheacht mhilliún dídeanaí sa chathair chéanna sin. l dabht ar domhan, mar sin, ach go dtuigeann na Gearmánaigh fadhb seo na ndídeanaithe, nó nach bhfuil roinnt mhaith Gearmánach beo fós, a bhfuil cuimhne acu ar na laethe uafásacha sin. Agus tríd is tríd, níl an oiread sin de dhifear idir anchaoi na ndídeanaithe úd agus cruachás dhídeanaithe an lae inniu, mar nach iad, teitheadh ó bhaol, agus tóir ar shíocháin, an dá fhórsa a spreag iad le teitheadh lena mbeo, tar éis dóibh chuile cheo a fhágáil ina ndiaidh.

Nuair a chuirtear chuile shórt san áireamh, caithfear a admháil, go bhfuil dualgas ar thíortha na hEorpa tearmann a chur ar fáil do na dídeanaithe atá ag teitheadh lena mbeo, ó chogaí agus ó bhaol ina dtíortha dúchasacha, sa lá atá inniu ann. B’fhéidir nach bhfuil an dualgas céanna orthu i gcás an dreama úd atá ar a dteitheadh, ar thóir oibre, agus stíl bheatha Iarthar na hEorpa. Agus leis an scéal seo a chríochnú, is dócha gur chóir go gcuirfeadh na cúrsaí sin ar ár súile dúinn, go bhfuil dualgas orainn freisin, ceist an lucht taistil, agus fadhb na ndaoine gan teach gan treibh, a fhuascailt freisin, nó nár dúradh riamh anall, go dtosaíonn an charthannacht ag béal an dorais, mar i ndeireadh na dála, nach iad ar gcomharsana iad an dá dhream sin.

.

gaGaeilge