I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

(I mBéal an Phobail this week recalls the Eucharistic Congress Year of 1932.)

Náisiún ag éirí as a shuan

Tá cuimhne mhaith agam fós ar an mbliain 1932. Bhí an Stát s’againne fós ina óige. Bhí corraíl draíochta san aer, agus borradh úr ag teacht in anam, agus in aigne, an náisiúin. Bhí cónaí orm fhéin in Iorras na nIontas, thiar i gContae Mhaigh Eo, ag an am, agus thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh meisce na saoirse fós ag coipeadh i bhfuil agus i bhfeoil na cosmhuintire. Ná ceap anois, go raibh saol an mhadaidh bháin fós curtha in áirithe dár ndaoine. B’fhada uainn an saol Útóipeach sin fós, nó ní raibh acu ach ón láimh go dtí an béal, agus Conchúr Mór sa chúinne ag a mbunús fós. Ach bhí dóchas ina gcroí istigh acu go raibh an Geimhreadh thart.

Filleann orm freisin, cuimhní ar thoghchán na bliana cinniúnaí céanna sin. Nár mhór an spórt a bhí againne, gasúir, agus muid ag éisteacht le hóráidíocht na n-iarrthóirí, taobh amuigh de Shéipéal an Gheata Mhóir, chuile Dhomhnach, agus muid ag druidim i dtreo Olltoghcháin na bliana sin. Is cuimhin liom freisin an corr-ghluaisteán, maisithe le balúin ildaite, ag déanamh a shlí thar dhrochbhóithre Iorrais, ag an am, agus iad ag scaipeadh billeoga daite fan Bhóithre Iorrais . Sea, gan dabht ar domhan, ba chorraitheach an tráth é don té a bhí óg, agus nár thuig doimhneas, nó deacracht na bhfadhbanna, a raibh an tír seo ag iomrascáil leo, i dtús thriochaidí an ocrais, ach nár chuma linne, gasúir, a raibh spraoi agus cleasaíocht ar ár n-aire againn, na laethe úd.

Ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta

Ar scoil dúinn, rinne ar múinteoir, Iníon Ní Choinn, chuile iarracht ar sholúntacht na hócáide a chur i dtuiscint dúinn. Sea, agus thugadh sí sinn ar thurasanna chuig Teach Phobail an Gheata Mhóir, agus mhíníodh sí dúinn, tábhacht an cheiliúrtha a bhí ar siúl i dtír seo na hÉireann, ag an am. Mhínigh sí, go raibh muid ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta chun na tíre seo, cúig chéad déag bliain roimhe sin, nó nár tháinig Pádraig Mac Calprainn fhéin chugainn, leis an gCríostaíocht a chraoibhscaoileadh anseo in ár measc, sa bhliain 432 AD. Thuig sí, nach mbeadh a chomhmhaith de cheiliúradh againn sa tír seo arís go dtí an bhliain 2032, agus chuile sheans, dár lei, nach mbeadh sise, nó sinne, páirteach sa cheiliúradh sin.

Bratacha ar foluain

Is cuimhin liom freisin, gur mhol an sagart paráiste dá phobal, gur chóir dóibh bratacha Náisiúnta agus bratacha an Phápa a fháil agus a chur in airde ar shimnéithe a dtithe, leis an ócáid stairiúil sin a cheiliúradh. Sea, agus rinneadar rud air freisin, agus geallaimse dhuit é gur ghalánta, chorraitheach, an radharc é, breathnú ar na bhratach sin, ar foluain le gaoith, os cionn shimnéithe na dtithe aoldaite, seascaire, ceanntuí, a sheol go bródúil ó cheann ceann an bhaile, faoi mar ba chabhlach mara iad. Sin iad na cuimhní a rith liom, an lá cheana, nuair a chuala mé go rabhthas le Comhdháil Eochairisteach a thionól i dtír seo na hÉireann arís, sa bhliain 2012, le cuimhne cheithre scór bliain Chomhdháil 1932, a chomóradh. Ba ansin a tuigeadh dom, go raibh breall ar Iníon Ní Choinn, agus nach mbeadh orainn fanacht céad bliain don chéad cheiliúradh eile.

.

gaGaeilge