Caisleán Hearst  

Peadar Bairéad

.

Álainn, compórdach, agus sláintiúil.

.

Thugadh William Randolph Hearst fhéin cuairt ar San Simeon, uaireannta, nuair ba lú súil ag éinne leis. Tharla ar chuairt amháin díobh sin go ndeachaigh an aimsir chun donais ar fad, ar fad, agus ba bheag nár préachadh é fhéin agus pé cuairteoirí a bhí in éindigh leis. Ar aon chuma, léiríonn a mhíshástacht le cúrsaí, an tráth sin, an chaoi ar theastaigh uaidh go mbeadh a chaisleán, ní hamháin álainn, ach compórdach agus sláintiúil, ag an am gcéanna. Féach mar a chuir sé a mhíshástacht in iúl dá ailtire…….

We are leaving the hill. We are drowned, blown and frozen out. Before we build anything more let’s make what we have built practical, comfortable, and beautiful. If we can’t do that we might just as well change the names of the houses to Pneumonia House, Diphtheria House and Influenza Bungalow. The main house we can call the Clinic.

Sea, mh’anam! Níorbh aon ribín réidh é an tUasal William Randolph, nó d’fhéadfá a rá go raibh faobhar ar a theanga a bhearrfadh duine! Ach má sea fhéin, bhí bua na foighde ag a ailtire, nó is cosúil go raibh an scil céanna sin foghlamtha, agus foghlamtha go maith ag Miss Julia Morgan. Breathnaigh freisin ar “Linn Neptune”, Thóg sé dhá bhliain déag orthu an tionscnamh sin a chríochnú. Thosaigh siad air sa bhliain 1924. Ní raibh ón Máistir ach Linn bheag, agus gairdín deas timpeall uirthi, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí an gnó sin curtha i gcrích, geall leis, dúirt William Randolph gur theastaigh Linn i bhfad níos mó uaidh, Linn a bhféadfadh daoine snámh inti. Chuaigh Miss Morgan chun oibre arís, agus bhí an gnó sin curtha i gcrích aice, sa mbliain 1927. Bhí go maith, ach sa mbliain 1934, tháinig Hearst chuice arís, agus an babhta seo, theastaigh uaidh go ndéanfaí an Linn a leathnú tuilleadh, le slí a dhéanamh do Theampall Gréagach, agus ionas go bhféadfaí tuilleadh dealbha a shuíomh timpeall na Linne. Caithfidh gur chuir na hathruithe céanna sin as go mór don ailtire, ag an am, ach, nuair a bhreathnaíonn muidinne ar an earra críochnaithe anois, feictear dúinn, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid uilig sin, nó bheadh sé deacair an “Nepture Pool” a shamhlú ar bhealach ar bith eile, ach sa chaoi ina bhfuil sí anois.

Bean ghnó den scoth ab’ ea Julia s’againne! Agus nuair a chuireann tú san áireamh gur chuir Julia suas leis na céapair sin, ar feadh seacht mbliana is fiche, tuigtear dúinn, go mba charraig ar fhoighid í freisin.

Bailitheoir den scoth!

Labhair mé cheana faoi Hearst an bailitheoir. Bhí sé tugtha don bhailiú, faoi mar a bheadh meisceoir tugtha don ól. Ní raibh leigheas aige air, agus tráth amháin, bhí na cúig stórais, a bhí aige i San Simeon, ag cur thar maoil le seandachtaí, agus le hoibreacha ealaíne, de chuile chineál agus nuair a bhí an Caisleán lom lán leo, bhain sé úsáid as na caisleáin eile, agus as na hárais eile, a bhí aige, leis an bhfarrasbarr a chur ar teaspáint iontu siúd, agus chomh maith le sin, thug sé roinnt áirithe díobh do Hollywood, le húsáid a bhaint astu, mar áiseanna sna scannáin, agus tugadh tuilleadh fós do dhánlanna áirithe, ar iasacht.

….Cuairteoirí céimiúla….

Labhair mé cheana, faoin méid cuairteiori a bhíodh ag triall ar Hearst Castle, seachtain i ndiaidh seachtaine, nó dhealródh sé, go mba dhuine an-chuideachtúil amach is amuigh é Hearst, agus ní call dom a rá, go mbíodh “creme de la creme” d’uaisle na ré sin, ar chuairt ann, bíodh nár aithníodh uaisleacht, nó gradam, dá laghad, nó dá mhéad, i measc na gcuairteoirí céanna sin. B’ionann íseal agus uasal ag bord Hearst, ina Chaisleán. Mura raibh cuireadh ó Hearst agat, an tráth úd, ní raibh seans dá laghad agat spléachadh a fháil ar Chaisleán Hearst, nó ar a thimpeallacht, nó bhíodar i bhfad ón mBealach Mór, agus dár ndóigh, ba le Hearst an ceathrú milliún acra sin, a bhí thart ar an gCaisleán céanna sin, agus choinneodh sé sin píosa maith amach ó San Simeon, agus ón gCnoc Draíochta, thú.

Sa bhliain 1947, d’fhág William Randolph Hearst a Chaisleán don uair dheiridh, nó bhí ag teip ar a shláinte. Bhásaigh sé, sa bhliain 1951,

Ní dhéanfaidh muid dearmad go luath, ar an lá iontach sin, a chaith muid ar chuairt i gCaisleán San Simeon, ar shléibhte Santa Lucia. Ba lá dár saol é. Tá súil agam, gur bhain tú taitneamh as bheith in éindigh linn, fan an bhealaigh.

*************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge