I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cuimhní ar Chamchuairt ar Albain (4)

.

(Scéal na gCuimhní ar Chamchuairt ar Albain, ar leanúint an tseachtain seo, agus scéal ár dturais ó thuaidh a ríomh agam. Mar sin, chun bóthair linn, go beo!………….).

.

Tar éis dúinn an oíche sin a chaitheamh sa Stronlossit Lodge, bhíomar réidh chun bóthair arís, ar an gCéadaoin, an 16ú Meán Fómhair, 1992, beagnach seacht mbliana déag ó shoin anois…

Dhúisigh mé go breá luath sa teach lóistin. D’fháisc orm mo bhailcaisí, gan aon ró-mhoill, agus thug m’aghaidh ar sheomra an bhia.

Bhí bean an tí ansin romham, agus í breá lách, fáilteach. Sasanach mná ba ea í, bunbhean líofa, taitneamhach, a d’fhiafraigh go béasach an mbeadh bricfeasta Sasanach agam?

‘Beidh, i nDomhnach’, arsa mise, nó bhí goile seachtar Albanach agam an mhaidin chéanna sin. Cibé faoi sin, thaitin an bricfeasta agus seanchas bhean an tí, liom.

Sa ‘Stronlossit’ dúinn

Ar ais san Óstán ‘Stronlossit’, ligeamar ár scíth, léamar scríobhamar, agus rinneamar dreas comhrá. Casadh seanphéire Sasanach orainn, eisean ina ochtóidí, ise ina seachtóidí. Ar thóir a óige, ar bhealach, a bhí seisean, nó ba sa taobh sin tíre a rinne sé a thraenáil mhíleata, breis agus trí scór bliain roimhe sin! Ba ghreannmhar na scéalta a bhí le ríomh aige, ach mar a tharlaíonn go minic, ar ócáidí dá leithéid, ní raibh an t-am le spáráil againne, le deis cheart a thabhairt dó a chuid eachtraí a ríomh dúinn. D’fhágamar slán acu agus bhuaileamar bóthar, sa mhionbhus, i dtreo Inbhear álainn Nis, tarraingt ar mheánlae.

Ó thuaidh linnn, feadh Loch Lochy, ar dtús. Ar ball, chuamar trí Fort Augustus, agus ansin, ar feadh tarraingt ar uair a chloig, ghabhamar feadh bhruach Loch álainn Nis. Choinnigh mé súil, agus dhá shúil, ar dhromhhla an locha sin, agus mé ag súil go bhfaighinn spléachadh ar Ollphéist an Locha. Cheap mé cupla babhta go raibh Ollphéist Loch Nis ar tí a nochta dom, ach, ní hé mo thuairim gurbh í a bhí ann!  

B’iontach go deo na radharcanna a bhí leata os ár gcomhair amach. An Loch, chomh leibhéalta le pána gloine, báid ildaite ag treabhadh leo thar dhromchla an locha, sléibhte agus cnoic le feiceáil go glan, soiléir, i scathán an uisce. Diaidh ar ndiaidh, thugamar faoi deara, go raibh an tírdhreach ag éirí níos séimhe. Ní raibh na sléibhte linn a thuilleadh, agus bhí talmhaíocht á chelachtadh arís!

Inbhear Nis

Inbhear Nis ar deireadh, thart ar a haon a chlog. Pháirceáil Morag an mionbhus cois na habhann, agus amach linn ar fud na bhfud. D’itheamar lón in Óstán i lár an bhaile, agus chaitheamar cupla uair an chloig ag siopadóireacht. Ba ghlan, néata, dea-dheartha, an baile é, ach b’éigean dúinn aghaidh a thabhairt ar Aerfort Inbhear Nis, thart ar a trí, nó bhí orainn bualadh leis an gCornal Ó Néill ansin. Ar ar mbealach chun an Aerfoirt, chuamar thar láthair Chath Chual Odar, a bhí i ngiorracht míle, nó mar sin, don bhóthar. Bhuail fonn cumha mé, nó ar bhealach éigin, mhothaigh mé uafás an áir mhídhaonna, agus an tsléachta gan trócaire, a ndearnadh ansin, ar an 16ú Aibreán, 1746. Ba ansin, ar mhachaire an áir, a tachtadh misneach agus fís na gClann, os comhair an tsaoil mhóir, na Clanna sin, ar dhual dóibh na cnoic agus na sléibhte a chleachtadh.

An Cornal linn, ar deireadh

Ag an Aerfort, d’fháiltíomar roimh an gCornal, faoi mar ba Albannaigh sinn! Ach, nach raibh trí lá fada caite againn sa tír álainn sin, cheana féin? Chun bóthair linn arís, nó bhí turas fada romhainn amach, turas a thógfadh tarraingt ar thrí huaire a’ chloig orainn. Ach, níor mhothaíomar an t-am sin ag sleamhnú tharainn, nó bhí seanchas le déanamh, cúrsaí le cíoradh, socruithe le cinntiú, ach thar aon rud eile, bhí radharcra le blaiseadh. Ba ghearr arís gur slogadh sinn i mbolg na nGarbhchríocha. Ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin nó a laghad daoine a bhí ag cur fúthu sa tír álainn, cnocach sin, tír gan chlaí, gan fál, gan sreang, gan chur; tír a bhí fágtha faoi chaoirigh agus fhaoi fhianna. Rud eile a thug mé faoi deara, nó feabhas na mbóithre, fiú nuair a chuamar ar na fobhóithre cúnga, aonlánacha. Ní fhéadfá locht a fháil orthu, taobh amuigh dá gcúngacht. Ar deireadh, bhaineamar ár gceann scríbe, Pollhouse Hotel, amach, áit a mbeimis ag cur fúinn go maidin Dé hAoine. Óstán deas, ciúin, os cionn na mara móire, Óstán a thaitin go mór liom. Tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, agus sinn féin a ullmhú don oíche, thugamar aghaidh ar sheomra an bhia, áit ar leagadh béile ríoga os ár gcomhair amach.

Píobairí

Bhí an Halla in aice láimhe, agus cé nach raibh slua ró-mhór romhainn ansin, ba lách, caoin, cneasta, an dream iad, dream a bhain an-taitneamh as seó na hoíche sin. Bhí beirt phíobaire den scoth againn. Norman Gilleis, a chuir tús leis na himeachtaí. Thógfadh a chuid píobaireachta do chroí. D’éirigh go breá leis an bfhoireann Éireannach freisin. Chan Brian go binn, milis, blasta. Sheinn Nollaig go bríomhar, corraitheach. D’aithris Máire go blasta, líofa, croíúil, agus bhí mise sásta le m’iarrachtaí fhéin!

Ansin, rud a bhíodh an-annamh go deo i bpíobaireacht na hAlban, tháinig Píobaire mná ar an bhfód, Rhona Lightfoot, a tháinig ó Inbhear Nis, an oíche sin, le bheith linn ar an ócáid. Sheinn sise ‘Caoineadh Mhac an Taoisigh, caoineadh ón séú haois déag, agus caoineadh a deirtear a bhfuil a rian fágtha aige ar Shiomfóin an Domhain Úir, le Dvorák. Bíodh sin mar atá, ach caithfidh mé a rá, gur chuir seinm Rhona faoi gheasa mé, ionas nach ndéanfaidh mé dearmad ar an bpíobaireacht sin go dté soir anoir!

Sa Poolhouse Hotel

Ar ball, chaitheamar scathamh ag múchadh tarta, ag seanchas, agus ag cur cúrsaí an tsaoil mhóir trí chéile, sa Poolhouse Hotel, ansin ar bhruach na farraige. Ar deireadh thiar, thugamar na leapacha orainn fhéin, agus chodlaíomar go binn, go maidin gona lán-shoilse ar na mhárach.

Bí linn arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh muid ag guairdeall timpeall, inár bhfámairí Éireannacha, i dTuaisceart na hAlban.

.

.

.

gaGaeilge