I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Camchuairt in Albain (6)

(Seo an séú píosa a scríobh mé, in eireaball na bliana 1992, faoin bpáirt a ghlac mé fhéin i gCuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain i bhFómhar na bliana sin,

Mar sin, seo chugaibh an séú gála den tsraith altanna a scríobh mé faoin gcuairt sin, seacht mbliana déag ó shoin anois)

.

Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 1992, bhí mé i mo shuí ag a hocht a chlog. Ag a deich a chlog, isteach linn sa mhionbhus, agus amach linn ar fud na bhfud.

Thógamar an timpeall, feadh an chósta, le cuairt a thabhairt ar Torridon stairiúil Mhuintir MhacKenzie, agus le taitneamh a bhaint as radharcanna neamhaí na dúiche sin.

Bhí meascán iontach radharcra le blaiseadh againn. Bhí radharcanna fíor-áille mara, feadh an bhealaigh; cuanta, bánna agus locnanna, mar aon le báid ildaite de gach uile chineál, ag treabhadh leo ar ucht leathan na farraige.

Bhí turasóirí agsu fámairí ag guairdeall leo, ar chois, ar rothair, agus i ngluaisteáin. Chomh maith leis na radharcanna mara, bhí cnois agus sléibhte chomh flúirseach le móin, feadh an bhealaigh chéanna sin, Bí ag caint ar an ngobadán!

Bhíomar ó thaobh amháin go dtí an taobh eile den mhionbhus, agus muid ag iarraidh dhá thrá, ar a ladhad, a fhreastal, ag an am gcéanna! Bhí rud eile i gceist freisin, bhíomar seisear sa mhionbhus, agus seanchas agus cultúr Gael á gcíoradh agus á gcadráil go mion spéisiúil againn.

Tuigeann tú anois an cás ina rabhamar, agus an radharcra amuigh, agus an seanchas istigh, dár mealladh agus dár stróiceadh ó thaobh amháin go dtí an taobh eile. Mo chuidse de, ní hé mo thuairim, gur chaill mé mórán, ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile.

Crieff

Ar ball, d’iompaíomar isteach faoin tír, ar bhruach ‘Loch Duich’. Ba ghearr go raibhamar arís i measc na mBeann. Níor mhothaigh mé, a thuilleadh, go raibh na sléibhte seo eascairdiúil, doicheallach, faoi mar a d’airigh mé ar an Máirt, agus muid ar ar mbealach go Crieff.

An babhta seo, d’airigh mé go raibh glactha ag na sléibhte liom, mar chara, agus in ionad bheith ag iarraidh cosc a chur liom, fan na slí, gurbh amhlaidh a bhí siad tagtha síos le hais an bhóthair anois, le slán abhaile a chur liom, rud a léirionn mar a chuaigh cultúr agus pobal na hAlban i gcionn orm, i rith na seachtaine.

Ar dheis ag Invergarry, thar Thobar na Seacht agCeann, feadh Loch Lochy agus Loch Linnhe. Ghabhamar trí Bridge of Orchy agus Crianlarich agus Comrie. Ansin, tarraingt ar a sé a chlog tráthnóna, shroicheamar baile mór Crieff, (foirm Bhearla an fhocail ‘Craobh’).

Ghabhamar trína lán bailte glana, i rith na seachtaine, ach ba é seo an baile ba ghlaine díobh ar fad. Ní raibh go fiú blúirín páipéir le feiceáil ar shráideanna Chrieff.

Tarraingt ar ocht míle duine atá ag cur futhu sa mbaile seo, a dúradh liom. Cuma an airgid, agus an dul-chun-cinn, ar an áit. Ní i dTithe Ósta, ach i ngnáth-thithe a chaitheamar ár seal i gCrieff.

Alec agus Wendy Welstead, a chuir lóistín na hoíche ar fáil dom fhéin agus don Chornal Eoghan Ó Néill, in a dteach álainn, ar imeall an bhaile. Bhí baill eile na buíne ar iostais i dtithe eile, beirt anseo, agus an bheirt eile, ansiúd.

Fáilte

I dtigh mhuintir Wealstead, fáiltíodh romhainn, agus bronnadh saoirse a dtí bhreá fhairsing orainn. Folcadh, gléasadh, braoinín den stuif crua, agus comhrá lách, mar ullmhúchán don dinnéar, a bhí réidh faoinár gcomhair ag bean gheanúil an tí.

Tríd an gcomhrá, fuaireamar amach, go mba dhochtúir ardchéime é Alec, sula ndeachaigh sé ar scor. Dochtúir, a théadh, agus a théann fós, ar saoire iascaireachta go Pontún, i gContae Mhaigh Eo, bliain i ndiaidh bliana.

D’fhágamar an teach ag a hocht, agus thóg Alec go dtí an Crief Hydro muid. Teach Ósta mór, galánta, is ea an Hydro, agus i Halla mór an Óstáin seo a bhí Seó na hoíche sin.

Thosaigh an Seó ag a ceathrú tar éis a hocht. Bhí an Halla ag cur thar maoil le Gaeil lácha, chairdiúla, chuideachtúla na dúiche sin. Ba é an Dr. Alasdair Moireasdan, ‘Fear an Taighe’, an oíche sin, agus nárbh é a rinne an beart sin go cruinn, ceart, éifeachtach.

Uileam MacAoidh, Píobaire, a chuir tús leis na himeachtaí. Ansin chuir Eoghan Ó Néill na hÉireannaigh in aithne don lucht éisteachta, agus ghlaoigh sé ar Mháire Holmes, le roinnt dá dánta a aithris.

Ansin tháinig an tríréad, Pat, Dereck, agus Peter, ar an bhfód, le ceol agus amhráin Albanacha a chur i láthair. Ba bhreá, bríomhar, beoga, an bhuíon iad, agus chuir siad bróga á mbuaileadh, lámha á ngreadadh, agus coirp a luascadh. Chan Brian s’againne go binn ansin, d’aithris mé fhéin cupla dán agus ansin thóg ábhar dochtúra, Marion MacKinnon, ár gcroí, lena ceol binn, meidhreach, ar an bhfidil. Chan Janet Brown amhrán i nGaidhlig, agus le críoch a chur leis an gcéad leath den Seó, tháinig Nollaig Mac Carthaigh ar an bhfód, le ceol a sheinm ar an bPíb Úileann. Cuireadh suim, agus dhá shuim, i gceol Nollag, nó tá na hAlbanaigh an-tugtha go deo don phíobaireacht.

‘Soraidh leibh’

Bhí sos fiche neomat againn ansin, le deis a thabhairt do dhaoine cupán tae agus ceapairí a chaitheamh. Bhí fáilte roimh an tae, nó bhí an áit an-te, agus bhí ár sceadamáin, scólta, spalptha, tar éis scathaimh ar an árdán. Bhí an dara leath den Seó díreach cosúil leis an gcéad leath, ach amháin nár tháinig na hoirfidigh ar an ardán san ord céanna, an tráth seo. Cuireadh críoch le himeachtaí na hoíche Aoine sin le rúin buíochais, agus le ‘Soraidh Leibh’, sin amhrán a úsáideann Gaeil Alban le críoch a chur le clár dá leithéid. Lena bhlas a thabhairt, tabharfiadh mé véarsa amháin as anseo………

“Soraigh leibh is oidhche mhaith leibh,

Oidhche mhaith leibh ‘s beannachd leibh,

Guidheam slainte ghnath bhith mar ruibh,

Oidhche mhaith leibh ‘s beannachd leibh.”

Bhí meánoíche na gcártaí ann nuair a shroicheamar tigh Welstead, agus tar éis scathaimh a chaitheamh ag cur cúrsaí trí chéile, thugamar an leaba orainn fhéin agus chodlaíomar go sámh go maidin gona lánshoilse arna mhárach.

Agus ó tharla nach mbeidh sa tsraith seo ach alt amháin eile, bí cinnte go mbeidh tú liom an chéad bhabhta eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar ‘Babbity Bowster’ agus ar Sauchiehall Street, i measc an iliomad ábhar eile…………………………

.

gaGaeilge