…Na Blianta Deifreacha…

(This week I look back over fifty years spent in ‘Faire Kilkenny’)

Peadar Bairéad

Caoga bliain i gCill Chainnigh!

Thosaigh ag cleachtadh cheird na múinteoireachta i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gContae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana, 1951, agus tar éis dom seacht mbliana a chaitheamh i mbun oibre ansin, is dócha gur bhuail tochas sheacht mbliana mé, agus chun bóthair liom go dtí an Ardchathair, le go bhfeicfinn cén chaoi ar mhair an leath eile! Ach, faoi mar is gnách, fuair mé amach, nár chathair mar a tuairisc í, an Ardchathair chéanna sin, agus tar éis dom seacht mbliana eile a chaitheamh ag múineadh ansin, i gColáiste Mhuire Cois Abhann, Droichead na Dothra, is dócha gur fhill an sean-tochas céanna sin arís orm, agus níor stad mé den iarraidh sin go dtí gur ‘landáil’ mé post i gColáiste cáiliúil Chiaráin, anseo i gcathair ársa Chill Chainnigh, agus bíodh gur thosaigh mé fhéin ag obair sa Choiste sin in eireaball na bliana 1966, níor aistrigh muid, mar chlann, ón Ardchathair, go dtí tús na blianar gcionn, i 1967, sin caoga bliain díreach ó shoin, rud a fhágann go bhfuil muid inár gcónaí anseo le caoga bliain anois.

Ní gá dhom a rá, go mba áit eile ar fad í an Chill Chainnigh a bhí i dtreis nuair a tháinig muidinne, mar dheoraithe isteach anseo, i dtús na bliana sin 1967, agus bíodh go raibh cuid mhaith den tír seo, Thuaidh agus Theas, feicthe agamsa faoin am sin, ag an am gcéanna, ní raibh aon chur amach ró-mhór agam ar an taobh tíre seo, faoin am sin. Ní gá a rá, gur thaitin an tírdhreach go mór linn, agus gur sciob an Coláiste fhéin mo chroí ar an gcéad amharc, agus gur tuigeadh dúinn ar an gcéad radharc sin, go mbeadh sé deacair áit chomh hálainn, tarraingteach, leis an gcathair seo, gona sráideanna, gona sráidíní, gona bhfoirgnimh ealaíonta, ársa, gona caisleán, gona heaglaisí spreagúla, gona habhainn iascach, uisciúil, álainn, a fháil áit ar bith faoi luí na gréine.  Agus a bhuí le Dia, níor athraigh an dearcadh sin puinn san idirlinn.

Ach ag breathnú siar ar Chill Chainnigh sin na ndachaidí, bheadh ar dhuine a admháil go raibh bóthar fada anacair le taisteal aice, le teacht chuig an áit ina bhfuil sí lonnaithe faoi láthair. An tráth sin, ní raibh tithe ósta, proinntithe, nó fiú tithe cónaithe fhéin, éasca le fáil sa chathair seo. Bhí an t-uafás oibre le déanamhs leis an gcathair seo a mhealladh isteach sa bhfichiú haois, ach, fair play’ dhóibh, chuireadar chun oibre le fonn, agus thógadar tithe, dheisíodar, agus thógadar, sráideannna,ithre agus droichid. Tinig feabhas ar eacnamaíocht na dúiche, agus le freastal ar na hathruithe sin uilig, tógadh Tithe Ósta, tithe, agus Proinntithe de chuile chineál, go dtí an lá atá inniu ann, agus anois, tá an chathair seo ‘gainne, chomh suas chun dáta, le haon chathair, nó baile mór, sa tír seo, agus tarraingt na mílte is na mílte turasóir uirthi, bliain i ndiaidh bliana.

D’imigh na blianta ó lár na seascaidí sna cosa in airde, agus tar éis dom breis agus scór bliain a chaitheamh i mbun oibre i gColáiste Chiaráin thainig an t-am le dul ar scor agus ceist mhor eile le scaoileadh againn, an bhfanfadh muid i gCill Chainnigh nó an raghadh muid ar scor áit eint eile abhus nó i gcéin? Níor cheist do-scaoilte dúinne í sin, nó bheartaíomar fanacht mar a rabhamar, mar faoin am sin, ní hé amháin go raibh aithne curtha againn ar an dúiche, ach chomh maith le sin, bhí aithne curtha againn anois ar mhuintir na dúiche freisin, agus arís, bheadh sé deacair a gcomh-mhaith de phobal a fháil áit ar bith, agus dá bharr sin, d’fhanamar mar a rabhamar, agus muid breá sásta leis an rogha a dheineamar in eireaball na n-ochtóidí.

Bhuel, sin agaibh anois cuid dem’ scéal fhéin agus mé anois im chathróir, sa chathair álainn seo, cathair a bhfuil mo mholadh tuillte, agus tuillte go maith aice, thar na blianta deifreacha a chaith mé im shaoránach anseo in bhur measc.    Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa seo le trí véarsa, as dánta éagsúla a chum faoi’n áit seo, a leagan os bhur chomhair.

.

Anseo cois Feoire na flúirse

Mar ar thóg Cainneach naofa a dhún,

Le pobal geal Osraí a cheapadh

I mórlíonta Dhia na nDúl.

.

Fáiltíonn cloch agus cré romhaibh

Go críocha seo Chainneach na scéal,

Fáiltíonn sráid agus sruth romhaibh.

Go cathair seo Chainnigh na Naomh.

.

A shráidíní cúnga an cheana,

Snasta ag bróga na gCainneach,

Chugaibh, trí cheo bog na mblianta,

Filleann gan seachrán mo bheannacht.”

gaGaeilge