Slán go fóill

.

Duine eile de Bhairéadaigh sciobtha

Ag spealadóir sanntach an bháis

Is sinne uilig fágtha faoi scamall

Ag buairt, ag uaigneas, ’s ag crá.

.

Cé chreidfeadh go dtarlódh a leithéid,

Bíodh, nach gan súil leis ar fad,

A tháinig ar a chuairt chugainn gan choinne,

An buanaí ón tsaol uafar thall.

.

Ní fonn scríofa a sheolann mo chleite

thar ithir bhog bhriosc seo an bhróin,

Ach dualgas an fhile ar a mharana,

Ag caoineadh a ghaolta is a bpóir.

.

Filleann ‘nois cuimhní na hóige

Aniar chugam as tír úd an spraoi

Nuair ba gheal linne grian agus gealach

Is b’aerach linn coraí an tsaoil.

.

Dáiltear anois ithir bhog Iorrais

Le mo dheirfiúr chaoin chneasta bhocht

Is fágfar mé feasta gan sólás

Ag smaoineamh ar Shíle gan locht.

.

Cathaoir ag bord geal an Tiarna

Go raibh agatsa anois agus choích’,

Is solas na soilse dod’ threorú

Chuig d’ionad i bhfochair na Naomh.

.

.

.

  .

.

gaGaeilge