Thin Air

Thin Air

Thin Air..……by..……Michelle Paver

( Scéal é seo faoi bhuíon shibhteoir a thug faoi bharr shliabh Kangchunjunga a bhaint amach, sa bhliain 1935, ach buíon a raibh fórsaí an tsaoil mhóir ina gcoinne.)

Peadar Bairéad

Taibhseoireacht?

Tosaíonn an scéal seo i Darjeeling, i ‘West Bengal’, in Aibreán na bliana 1935, áit a bhfuil ár bpríomhcharactar agus ár scéalaí, An Dr. Steven Pearce, i gcomhrá le, Millicent, iníon Charles Tennant, sléibhteoir.

Ach i dtosach báire, cérbh í an t-údar, an Michelle Paver seo? Bhuel! fuair mé amach, go mba údar cáiliúil í a rugadh i Malawi, sa bhliain 1960. Ba Bheilgeach mná í a máthair, agus bhí a hathair i mbun an nuachtáin, ‘The Nyasaland Times’. Níor fhan sí i Malawi áfach, nó thug siad Sasana orthu fhéin nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Chuaigh sí le Dlí, i dtosach baire, ach ar ball, chuaigh sí le Scríobhnóireacht, agus ba ghearr go raibh a hainm in airde mar údar cáiliúil. Ba dhraoi í i mbun scéalta don Aos Óg, ach ba ghearr gur éirigh lei dul i gcionn ar léitheoirí oilte, seanchleachta, an tsaoil mhóir freisin, agus anois, tá clú agus cáil bainte amach aici, i bhfad agus i ngearr, lena scil, go háirithe, i genre na Taibhseoireachta.

Buíon le Kangchenjunga a dhreapadh.

Ach le filleadh ar thús an scéil seo atá idir chamáin agam:- an Thin Airseo… Mar adúirt mé thuas, bhí an Dochtúir Steven Pearce i Darjeeling, áit a raibh socruithe aige buaileadh suas le sléibhteoirí eile, agus é de chuspóir acu Kangchenjunga a dhreapadh. Sin an tríú sliabh is airde ar domhan, agus lena chois sin, táid ann a cheapann, gurb é an ceann is deacra agus is contúirtí amuigh é. Níorbh iad an chéad bhuíon iad a thug faoi bharr an tsléibhe sin a bhaint amach, nó nár lean siad lorg an bhuíon sléibhteoirí úd a thug faoin éacht sin a dhéanamh, sa bhliain 1907, faoi cheannas Charles Lyell, buíon ar theip orthu binn Kangchenjunga a bhaint amach, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, cailleadar cúigear sléibhteoir sa iarracht sin. Suas go dtí an pointe sin, sa bhliain 1935, níor éirigh le dream ar bith sléibhteoirí barr an tslélibhe sin a bhaint amach. Bhí deartháir an Dochtúra Pearce sa bhuíon roghnaithe seo, agus Kits a bhí air. McLeellan, a bhí i gceannas na buíne, agus in éineacht leo sin, bhí beirt eile, Cotterell agus Garrard. Cúigear ar fad a bhí sa bhuíon.

Leis an ‘Heavy Lifting’ a dhéanamh.

Ní gá dhom a rá, go raibh buíon Cúlaithe (Coolies) mar chúltaca ag an mbuíon Sahib sin, le freastal orthu agus leis an ‘heavy lifting’ a dhéanamh dóibh.

Tar éis chuile ullmhúchán a dhéanamh, agus tar éis dóibh iad fhéin a ghléasadh mar ba chóir, bhuaileadar bóthar, bhuel! b’fhéidir gur chóra a rá gur thug siad aghaidh ar Kangchenjunga, agus é d’aidhm acu a mhullach a bhaint amach, rud a theip ar Charles Lyell a dhéanamh, ocht mbliana is fiche roimhe sin. Bhí go maith is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht na scéalta fadó. Le cabhair ó na dúchasaigh sciliúla, bhí ag éirí go maith leo, ar feadh tréimhse, ach diaidh ar ndiaidh, bhí fórsaí eile, seachas an aimsir, ag iarraidh laincís a chur ar an n-iarrachtaí. Cuir leis na fórsaí sin, bhí ag neadú in intinn an Dochtúra Pearce, ach go hairithe, agus in aigne na ndúchasach freisin, bhí rsa, a thug le tuiscint dóibh, go raibh taibhsí bhuíon Lyell in éad leo, agus iad ag iarraidh, b’fhéidir, buairín an amhrais a cheangal dá gcosa. Tá cuma ar an scéal gur luigh na fórsaí seo, go háirithe, ar aigne an Dochtúra Pearce, nó b’fhéidir go bhfeictear sin dúinn, toisc gurbh é an Dochtúir atá i mbun an scéil. Ach, ba é deireadh na mbeart é, nó gur cailleadh Kits, a dheartháir, agus gur éirigh an bhuíon ar fad as a dturas chun na binne. B’éigean dóibh géilleadh do na fórsaí a bhí ina gcoinne, an aimsir, an sioc, an sneachta, caoile an aeir, (an ‘Thin Air’) ach, thar aon rud eile, a bhfaitíos roimh chumhacht an tsaoil dofheicthe.

Scéal atá inchreidte, Ach…..

Scéal é seo a imríonn a dhraoícht fhéin ar an léitheoir, agus mo chuidse de, ba dheacair dom an leabhar seo a chur uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha agam. Ach, i ndeireadh na dála, nár dheacair a chreidiúint, nach raibh ann, i ndáiríre, ach cumadóireacht!

B’fhéidir gur mhaith leat fhéin tabhairt faoi? Tá mé ag ceapadh nach mbeidh a chathú ort.    

  

.

.

Thin Air

UISCE COISRICTHE – Copy

Uisce Coiscricthe

Peadar Bairéad

Cuimhní Cinn

Bí ag caint ar dhul siar ar Bhóithrín na Smaointe! Ach nach bféadfá a rá, gur rud nádúrtha go leor é, – don té atá imithe anonn sna blianta, seal a chaitheamh ag dul siar thar chuimhní na mblianta, le cibé feoil atá fanta orthu a chreimeadh ar a shástacht. Ach, cibé faoi sin, chaith mé fhéin seal, ar na mallaibh, ag dul siar ar chúrsaí aimsire, faoi mar a bhíodh blianta ó shoin, ach gan dabht ar domhan, ba iad na stoirmeacha a chuir ag tochtrais ar an gceirtlín sin mé.

Ba iad na cuimhní a rith liom i dtosach nó cuimhní na Samhraí sámha, samhrúla, a bhíodh againn le linn m’óigese. Is cuimhin liom go maith go dtéimís ag snámh chuile mhaidin, d’fhéadfá a rá, agus muid ar ár mbealach chun na scoile, agus arís, thugadh an Máistir síos chun na farraige sinn, am lóin. Sea, agus céard déarfá fúinn agus muid sáite go dtí na cluasa sa bhfarraige arís, ar ár mbealach abhaile ón scoil, tráthnóna! Ach nach mbíodh sé éasca go maith sinn a ‘stripeáil’ na laethe sin, nó ní bhíodh á gcaitheamh againn ach léine agus bríste giortach, nó ní call dom a rá go mbíodh ár mbunús cosnochtaithe, ag an am! Sea, mh’anam! laethe fada, geala, grianmhara, a mhair ó mhaidin go hoíche, sin mar is cuimhin liomsa iad anois, ar aon chuma. Caithfidh nach mbíodh chuile Shamhradh chomh breá, buacach sin, ach mura mbíodh, bí cinnte go bhfuil dearmad glan déanta agamsa de na Samhraí céanna sin!

.

Geimhrí gáifeacha

Cuimhne eile a ritheann go glé, glinn, glan, chugam anois isea cuimhne na nGeimhrí fuara, feannaideacha, reoiteacha, a thagadh aniar aduaidh orainn, anois is arís. Chuirimisne, páistí, seanbhróga le daoine fásta orainn, agus amach linn ar fud na bhfud, ag sleamhnú is ag cleasaíocht ar loch is ar linn, go dtí go mbímis préachta le fuacht is le hoighreach. Anois, caithfear a rá, nach mbíodh na Geimhrí feanntacha úd chomh flúirseach leis na Samhraí róstacha, a luaigh mé thuas.

Cuimhne amháin eile, agus sin cuimhne na stoirmeacha scanrúla úd, le toirneach agus tinntreach, a thagadh orainn cupla uair sa bhliain, agus bí ag caint ar stoirmeacha! leagfadh an ghaoth sin tarbh bliana, gan trácht ar dhuine daonna in aon chor. Ní raibh ach leigheas amháin le muintir an tí a chosaint ar an toirneach bhodhrúil, chluasphléascach, chéanna sin, agus b’in steall d’uisce coisricthe a chraitheadh thart ar cheithre choirnéal an tí. Ba ansin a thagadh mo Mham isteach sa phictiúr, b’ise a chraitheadh an t-uisce coisricthe ar cheithre choirnéal an tí dúinn, agus i gcuimhne na laethe sin, chuir mé cupla véarsa i dtoll a chéile i gcuimhne na ndaoine a bhí thart orm an tráth úd. Solas na soilse dóibh uilig, agus ionad saor ó stoirmeacha agus ó drochshíon go raibh acu anois agus i dtólamh.

Seo chugat na véarsaí úd anois……..

.

Uisce Coisricthe

.

Scaoileann na tonnta sleamhna a moing le gaoth,

Is pléascann go toirniúil, ar fhaill, ar chloch, ar chreag,

Cáitheadh farraige is cúr ag léim go barr an aeir.

.

ile goirt go searbh ar bheola bealaithe.

Gaineamh biorach go sceanach, ag dealgadh,

Trí chraiceann is trí chnámh.

.

Sianaíl thaibhsiúil ag éaló

Go piachánach bodhar

Ó scornach gortach

Na bhfarraigí ionracha.

.

.

Marcaíonn faoileán amscaí

Go gioblach, scanraithe,

Ar mhuin gháifeach

Na stoirme géire crua.

.

Rásann scamaill ghiobacha

Thar spéartha treafa, liatha.

Srónann bó a slí trí ghort guaireach géar

An ghála réabadh-reilgigh.

.

Ach le huisce coisricthe

Smachtaíonn Mam an ghaoth,

Is siúlann líon tí go costirim, slán,

Thar uiscí corraithe Loch na Gailíle.

.

*****************************

.

.

Thin Air

Á i l l e a c h t a n t S a o i l S e o 10 – Copy – Copy

Saolaíodh Áilleacht Uafar 7

Peadar Bairéad

.

(This week we bring to a close some thoughts on ‘The Rising’ 1916)

.

(ar leanuint on tseachtain seo caite……)

.

Mac Dara, The Singer

.

Ba é Mac Dara, amhránaí, file, agus scríbhneoir amhráin tíre, an príomhcharachtar sa Drana seo. Suíodh an dráma i dteach a mháthar, san Iarthar, ach níor leag Mac Dara cos sa teach sin le seacht mbliana roimhe sin. Tá caint faoi Éirí Amach san aer, agus tá deartháir óg Mhic Dara réidh chun catha, agus é ag fanacht ar orduithe ó Ghaillimh. Tá caint, imeasc daoine, faoi amhránaí ainaithnid atá ag spreagadh na cosmhuintire lena chuid amhrán. Tuigtear do lucht na háite, go bhfuil guth mar bhuabhall aige. Baineann sé deora as daoine, agus tá fearg fíochmhar air. Feictear do dhaoine áirithe, gur laoch é, fhad is a fheiceann daoine eile mar aingeal é, nó mar Mac Mhuire fhéin.

Tagann cuairteoir isteach agus insíonn a scéal don tseanmhúinteoir, faoin chaoi ar chaith sé seacht mbliana ag taisteal trí ghaineamhleach an amhrais. Chaill sé a chreideamh, ar feadh scathaimh, ach fuair arís é i measc na cosmhuintire. Iontusan chonaic sé aghaidh Dé….

“Ah! It is a tear-stained face, bloodstained, defiled with ordure, but it is the Holy Face”

Is dócha go bhfuil macalla na bhfocal sin le fáil i ndán a charad, Joseph Mary Plunkett, “I see his blood upon the rose.”

Agus arís deir sé…..

“When my mother greeted me, I thought of Mary meeting her son on the way to Calvary.”

.

Dearcadh an Phiarsaigh

.

Feiceann muid dearcadh an Phiarsaigh sa mhéid sin, agus an chaoi ar shnaidhm sé an Laochas agus an Chríostaíocht le cheile, faoi mar ba dhual dó.

Fad is atá Mac Dara ansin lena mháthair sa tseomra, téann a dheartháir óg, Colm, amach chun troda, gan orduithe a fhail, agus gan ina chomhluadar, ag tacú leis ach cúig dhuine dhéag. Nuair a chuala Mac Dara an scéal sin, dúirt sé gur chóir do cheithre scór dul amach chun troda in éineacht le Colm. Ach ar ball, nuair a chuala sé gur cailleadh Colm, dúirt sé ansin….

“The fifteen were too many….One man can free a people as one Man redeemed the world. I will take my pike, I will go into battle with bare hands…. I will stand before the English, as Christ hung naked on the tree.”

Críochnaíonn an Dráma le Mac Dara ag deifriú i dtreo shaighdiúirí Shasana.

Sa dráma seo, bhain an t-údar úsáid as chaint na ndaoine, agus thóg sé an sintéis a shroich sé in “An Rí” céim eile chun tosaigh. Seo mar a chuir mé sa léacht úd a thug mé blianta fada ó shoin anois……….

The synthesis reached by Pearse in “The King” is taken to the ultimate point of Christian Parallellism in the Singer, and Pearse’s final statement in the Singer is telling us that war and killing are unnecessary…

Ní raibh gá le hár nó marú, le pobal a shlánú, dhéanfadh bás íobartaigh amháin an chúis, ach an té sin é fhéin a ullmhú i gceart don íobairt sin. Mór idir sin, agus an léamh a chuireann daoine áirithe ar a dhearcadh, agus ar a ghníomhartha!

.

Dírbheathaisnéiseach?

.

Níor admhaigh an Piarsach go mba dhráma dírbheathaisnéiseach é “The Singer”, ach déarfainn, go bhfuil an iomarca cosúlachtaí idir Mhac Dara agus an t-údar fhéin, le sin a chreidiúint ina iomláine.

Leor sin do thuras na huaire seo.

Sa tsraith seo, dhírigh mé cuid mhaith ar fhís agus ar dhearcadh an Phiarsaigh, nó ba eisean, tar éinne eile de cheannairí an Éirí Amach, a léirigh an fhís sin, agus chonas a bhainfí amach í sa saol ábharaíoch seo, ina chuid scríbhinní. Nárbh é a scríobh….

“ O wise men, riddle me this: what if the dream come true?

What if my dream come true? and if millions unborn shall dwell

In the house that I shaped in my heart, the noble house of my thought”

Do roinnt mhaith de na ceannairí eile, ba é a theastaigh uathu nó an gad ba ghiorra don scornach a scaoileadh i dtosach…….

.

(Leor sin mar chríoch ar an tsraith sin Aistí faoi Chomóradh Céad an Éirí Amach.)

Thin Air

A n F a g a l a c h

A n F á g á l a c h .

.

Mar fhágálach a d’fhill sé orm,

Gan rith, gan léim, gan lúth,

Gan aithne gan urlabhra fhéin,

Ach é ar dhoras, sínte, fuar,

Ar dhoras tosaigh s’againne,

A phlab sé ina dhiaidh ar maidin

Agus é ar a bhealach chun na hoibre

Ag baslú na bhfataí luatha.

.

Dúras leis ar maidin,

Gan bacaint leis an sceadach,

Ach siúl go Páirc an Tairbh.

Ag magadh atá tú, ar seisean

Ag dul de léim sa diallait,

Ach nach daor a d’íoc an créatúr,

Nuair a gheit, gan chúis, an sceadach,

Gur leag mo Sheán sa bhearna,

Gan chúnamh, is gan chabhair,

Nó gur bhailigh chuige na comharsain

Lena tharlu abhaile ar a dhoras.

.

Mar fhágálach a tháinig sé chugam,

Ar dhoras na cistine isteach,

Is ba ghearr gur tuigeadh domsa

Nach mbogfadh sé cos nó lámh

Ar an saol seo arís, go deo,

Ach ghlacas leis, le maith, nó le holc,

Is ní bhrisfead mo ghealltanas pósta,

Agus bíodh nach mbogfaidh sé lámh nó cos

Uaidh seo go dté sa chónra.

Ní thréigfidh mise go deo é,

Ina shláinte nó ina thinneas.

.

Is daortha é feasta don leaba mar leanbh gan chiall,

Nó caithfidh sé fanacht go socair gan bhogadh gan bhrí,

I dtuilleamaí an ghrá a gealladh ag altóir Mhac Dé,

Nuair a snaidhmeadh an chuing ar chuingir nár thuill ach an séan.

.

*************************************************

.

Thin Air

A r n a M i s i n 4.

A r n a M i s i n . 4 .

.

*****************************

.

An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.

Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh, le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamaar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar. Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam tráchta ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, cuireann sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó i gcuimhne dhom….

“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”

adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.

Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luigh Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh muintir Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá ndaonra.

Ar deireadh thiar, tar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101 athuair. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, le scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh titim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.

Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht ar domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearraimsir. Ní call dom a rá, gur bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.

Dé Máirt, 19ú Lúnasa, 2003 .

In ár suí le giolc an ghealbhain, bíodh nár chualamar gíog nó míog ón éinín céanna sin, nó ó éan ar bith eile, dá ndéarfainn é, nó bhí an tÓstán, The Encina Lodge & Suites, suite i lár na cathrach, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh dár n-ullmhú fhéin, agus tar éis dúinn bricfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eicínt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara. Is fada siar a théann scéal an ionaid álainn seo, nó bhí Indiaigh ag cur fúthu sna bólaí seo, i bhfad sular tosaíodh ag coinneáil cuntais ar stair a gciníocha. “Chumash” a thugtaí ar na daoine sin, agus táthar den tuairim, go mbíodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur fúthu, an tráth úd, sa dúiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois. Thógadar tithe dóibh fhéin, ach ó tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a tógadh iad, ní haon ionadh nach bhfuil a dtásc nó a dtuairisc le fáil ag seandálaithe, sa lá atá inniu ann. Mhair na daoine sin ar thoradh nádúrtha na talún, sa limistéar thart orthu. Bhíodh sméara, caora, préamhacha, síolta, coiníní, ioraithe, agus a leithéid, maraon le héisc agus sligéisc, mar bhia agus mar bheatha acu. Ba dhream iad a sheol fan an chósta freisin, i gcuracha móra fada, curacha a d’iompródh idir dheichniúr agus dháréag!

Briseadh isteach ar shaol sona na dtreabhanna sin áfach, sa séú haois déag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus spág a leagan ar chósta an Domhain Úir, a chéaduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht leanúna, i ndá long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad cósta Shanta Barbara, agus nuair a d’fhógair siad gur le Rí na Spáinne feasta, an fearann sin. Ba Phortaingéileach é Cabrillo, i seirbhís na Spáinne, agus é ag iarraidh teacht ar an “Northwest Passage”, agus tá’s ag an saol mór inniu, go mba shaothar in aisce dó é, a leithéid de shaothar a chur air fhéin, ach ní raibh a fhios sin aige, nó ag a lucht leanúna, ag an am sin. Chaill na Spáinnigh suim sa dúiche sin, ar feadh trí scór bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, tháinig Vizcaino ar an dúiche sin arís, ar an gceathrú lá, de Mhí na Nollag, féile Santa Barbara, agus b’in mar a baisteadh Santa Barbara ar an ionad álainn sin. Agus arís, níor ró-shuim leis an Spáinn an limistéar sin, nó i ndáiríre, níor chuir siadsan spéis ar bith i gCalafóirnia, go dtí déanach go maith san ochtú haois déag, nuair a chonacthas dóibh, go raibh cumhachtaí móra eile, an Rúis ina measc, ag cur suime nár bheag, i gcósta Chalafóirnia. Ba ansin a thug an Rí an t-ordú dá mhuintir i Ríocht Spáinneach Mheicsiceo, bunáiteanna, nó Presidiónna, a bhunú i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limistéar sin, a thabhairt don Spáinn fhéin. In Aibreán na bliana 1782, thóg an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdiúirí, Presidió mór, le freastal ar an limistéar sin. Anois, bhí ár seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhfód freisin, agus é ar intinn aige Misin a thógáil ar na láithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhiúltaigh an Gobharnóir cead tógála dó i Santa Barbara, go dtí go mbeadh an Presidió tógtha, ach bhí Serra aosta, lag, spíonta, ag an am, agus ba é a dhein sé nó filleadh ar Mhonterey, le bás d’fháil. Sa bhliain 1793 d’fhógair Gobharnóir Chalafóirnia, go raibh Presidió Santa Barbara ar an bPresidió ab fhearr i gCalafóirnia uilig, agus nuair a bhí sé críochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chlúdaigh sé bloc cathrach. Ach le filleah ar scéal an Mhisin…

Sa bhliain 1785, dhá bhliain i ndiaidh bhás Junipero Serra, tháinig aiféala ar an nGobharnóir nua, agus thug cead do na Proinsiascánaigh Misean a thógáil i Santa Barbara.

An bhliain dár gcionn, tháinig an Padre Fermin la Lasuén, agus beirt bhráthar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a thógáil. Bhí socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigiúil, ar an 6ú lá de Nollaig na bliana sin, 1786, Lá ‘le Santa Barbara fhéin, agus cé nach raibh an Gobharnóir ar an bhfód, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, leanadar ar aghaidh dá éaghmais. Chuireadar searmanas eile ar siúl, tamall ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an Gobharnóir ar chuairt chucu. Chuir Rí na Spáinne fhéin cloig chucu, don Mhisean sin. Tar éis dóibh bheith tamall i mbun oibre misinéireachta sa dúiche sin, bhí de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus tháinig siadsan chun cónaithe sa Mhisean. “Neophytes” a tugadh orthusan, agus múineadh an creideamh dóibh, agus chomh maith le sin, múineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i siúinéireacht, i gcócaireacht, i mbuildeáil, agus i bhfíodóireacht dóibh. Taobh istigh de bhliain, bhí 307 Nuachreidmhigh ina gcónaí sa Mhisean, agus bhíodar tar éis Séipéal adóibe a thógáil, maraon le teach na mbráthar, gráinseach, cistin, ceardlann adhmadóireachta, agus seomra súdaireachta. Ní gá a rá, gur éirigh, thar na bearta, leis an Misean sin Shanta Barbara, agus i ngearraimsir, bhí fás thar cuimse tagtha ar chuile ghné den tionscadal céanna sin. Agus, murab ionann is an Presidió, mar a raibh na saighdiúirí beo, bocht, gan léinte, gan airgead, gan pá, gan tada len iad a choinneáil sa Presidió, ach a ndílseacht dá dtír agus dá n-oifigigh. Bhí lucht an Mhisin ag cur fúthu i dtír na flúirse, sa chaoi go raibh an áit féinchothaíoch, taobh istigh d’achar an-ghearr.

Ach b’fhéidir nárbh olc an tseift í críoch a chur le gála na seachtaine, ag an bpointe seo, ach bí liom an chéad bhabhta eile, nuair a leanfaidh mé liom, ag cur síos ar scéal Shanta Barbara.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

.

.

.

.

.

Thin Air

Aistriúchán

Hi! Chloe,

Something like the followin g, perhaps!!!

If you have any problems with it, or any questions, feel free to ask!!!

Trusting you are well and having a great time. Glad to see that your grades are great. The break will be welcome, I’m sure!!!

With love

Mummy and Dada.

.

Aistriúchán……………..

.

He bought a house in Encino in the San Fernando Valley, near where he and his wife had grown up.

Cheannaigh sé teach in Encino, i nGleann San Fernando, i ngar don áit in ar tógadh é fhéin is a bhean.

Encino is a pleasant, well-to-do California suburb, but it has none of the palatial sweeps of Beverly Hills or Bel Air.

Bruachbhaile taitneamhach, gustalach, Calafoirneach, isea Encino, ach é d’uireasa réimsí palásta Bheverly Hills, nó Bel Air.

Milken, however, has no taste for such splendors.

l aon dúil ag Milken, áfach, i mbreáthachtaí dá leithéid.

In Encino he was surrounded by family.

Bhí a mhuintir thart air in Encino.

******************************

gaGaeilge