I  mBéal  an  Phobail…..  Little Bee…..

I mBéal an Phobail….. Little Bee…..

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

The Other Hand……………Céadchló…2008

By…..Chris Cleave…………………………£7.99

.

Scéal an Inimircigh, ‘Little Bee’

“Most days I wish I was a British pound coin instead of an African girl. Everyone would be pleased to see me coming…..

A pound coin can go wherever it thinks it will be safest. It can cross deserts and oceans and leave the sound of gunfire and the bitter mess of burning thatch behind.”

Sin mar a chuireann an Nigéarach óg mná seo, Little Bee, tús lena scéal, san úrscéal corraitheach, spreagúil, seo, le Chris Cleave.

Cé hé an Chris Cleave seo, an ea?

Bhuel! rugadh Chris i Londain Shasana, sa bhliain 1973. Chaith sé cuid dá óige san Aifric Thiar. Chuaigh le hIriseoireacht, agus le húrscéalaíocht, agus bhain cáil domhanda amach dó fhéin, sa dá ghort céanna sin. É pósta agus triúr clainne orthu. Tá cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe.

‘Little Bee’ agus ‘The Other Hand’

Tá dhá ainm ar an úrscéal seo. Sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada baisteadh ‘Littel Bee’ air, agus sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn tugtar ‘The Other Hand’ air. Sí Little Bee an príomhcharachtar sa scéal seo. Cailín óg a chaith tús a saoil sa Nigéir, áit ar rugadh agus ar tógadh í, ach sárar shroich sí an sé déag fhéin, chuir na comhlachtaí móra ola a ladar isteach i scéal a beatha, agus de bharr na modhanna míshibhialta trína ndeachaigh siad i mbun gnó sa dúthaigh sin, socraíodh ar dhúchasaigh fiosracha, contúirteacha, a dhíothú. Ba é toradh an tsocraithe sin nó gur theich Little Bee agus a driofúr mhór, Nkiruka, lena mbeatha, ach, thángthas suas leo ar thrá, agus tharla ag an am áirithe sin, agus san ionad cinniúnach sin, go raibh beirt Sasanach, a raibh ag teip ar a bpósadh, agus iad ag iarraidh breith athuair ar théad do-aimsithe, so-bhriste an ghrá a shnaidhmeadh le chéile arís faoi mar a bhí i mblianta rómánsacha a n-óige. Dúirt lucht na tóra, go ligfeadh siad an bheirt saor, dá mbeadh na Sasanaigh sásta méar an duine a ioc, mar fhuascailt orthu. Andrew agus Sarah O Rourke an lánúin Sasanach, a tharla ar an trá, ag an am sin, agus lig Sarah dóibh méar a bhaint di, agus dúradh lei nach marófaí Little Bee de bharr a híobairte sin. Ní raibh Andrew sásta méar leis-sean a ligint leo, agus dá bharr sin, níor tháinig an driofúr mhor, Nkiruka, slán ón ngábhadh sin.

Ionad Coinneála Inimirceach

Ar ball, d’éirigh le ‘Little Be’ Sasana a bhaint amach, áit ar cuireadh isteach in Ionad Coinneála Inimirceach í, áit inar chaith sí dhá bhliain. D’fhoghlaim sí Béarla na Banríona i rith an achair sin, sa tslí go mbeadh ar a cumas teacht i dtír sa Bhreatain, ar ball. Bhuel, ligeadh amach trí thimpiste í, agus tharla go raibh uimhir ghutháin Andrew O Rourke aici, agus ar ball, rinne sí teangmháil le muintir Uí Ruairc. Chuir an teangmháil céanna sin cor i gcinniúint ‘Little Bee’, agus i gcinniúint Sarah O Rourke freisin, nó chuir Andrew lámh ina bhás fhéin.

D’fhás caradas idir ‘Little Bee’ agus Sarah. Faoi’n am seo, bhí fear nua tagtha isteach i saol Sarah, Lawrence ab ainm dó, fear a raibh post aige mar oifigeach sa Home-Office. Bhí mac óg ag Sarah, Charlie ab ainm dó, ach ligeadh seisean air, de shíor, go mba é Batman fhéin é.

Díbeartha!

Tháinig na póilíní sa tóir ar ‘Little Bee’, agus ba é deireadh an scéil sin é, nó gur seoladh ar ais abhaile chun na Nigéire í. Chuaigh Sarah lei, len í a chosaint, agus a shaoradh, dá bhféadfaí sin a dhéanamh. Leis an mbeart sin a dhéanamh, shocraigh Sarah ar leabhar a scríobh, ag liostáil na ndaoine ar deineadh éagóir orthu, de bharr pholasaí an Chomhlachta Ola úd. Ar éirigh leo sa bhfiontar sin? nó ar theip orthu? agus cén chríoch a chuir an t-údar ar a scéal? Bhuel, cheap mé nár chóir dom dul níos sia leis an scéal anseo, ach é a fhágáil fúibh fhéin. Le fuascailt na faidhbe a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar seo a fháil, is a léamh. Geallfaidh mé dhuit nach mbeidh a chathú ort, nó is leabhar dea-scríofa, dea-chumtha, lan teannais é, agus leabhar a chuirfidh faoi gheasa thú go dtí go mbeidh fios fátha gach scéil, fuascailte, feannta, fiosraithe, agat.

Dán na nInimirceach

Más duine thú a bhaineann taitneamh as scéal dá leithéid, agus más duine thú a chuireann suim i ndán na n-inimirceach a thagann thar chríocha isteach chugainn, tá mé cinnte, go mbainfidh tú sásamh agus toit as an leabhar seo, faoi scéal agus faoi’n gcailín óg aerach, spleodrach Nigéarach seo.

I  mBéal  an  Phobail…..  Little Bee…..

Let the Great World Spin

Pól, a chara,

Seo thíos an píosa a chuir mé chugat a chéaduair. Súil agam go dtaitneoidh sé leat!

Beir Bua…ó…Peadar Bairéad.

.

.

Chuig

Eagarthóir Comhar

.

A Chara,

N’fheadar ar spéis leat piosa dá leithéid seo? Má thaitníonn sé leat, b’fhéidir go bhféadá ríomhscéal a chur chugam.

Beir Bua agus Beannacht

Peadar Bairéad

.

.

Scéal casta an Úill Mhóir

.

Peadar Bairéad

Let the Great World Spin………..ceadchló……….2009

le

Colum McCann…………………………………………€ 16.15

.

Saol an daonnaí i gcathair ollmhór Nua Eabhrac, agus an chaoi a gcastar na daoine ar a chéile i sochaí ilnáisiúnach dá leitheid, agus an chaoi, freisin, a fhítear ollsnáith ildualach as snáitheanna iomadúla daonna shochaí na cathrach céanna sin. Sin an gnó atá idir chamáin ag an údar, san úrscéal draíochta seo. Colum McCann a chuir an scéal i dtoll a chéile dúinn, agus caithfear a admháil, gur mór atá muid uilig faoi chomaoin aige as an leabhar cruthaíoch, spreagúil, lánteannasach, seo, a chumadh dúinn. Ní call dom a mhaíomh, gur Éireannach é Colum, fear a rugadh i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1965. B’ann a tógadh é freisin, agus chuaigh sé le hiriseoireacht leis an Irish Press, i dtosach báire. Ar ball, áfach, tar éis dó tamall a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, agus tar éis dó seal a chaitheamh ag taisteal, chuaigh sé fhéin is a bhean chun cónaithe i Nua Eabhrac, mar a bhfuil cónaí air faoi láthair. Bhain sé roinnt duaiseanna amach lena chuid scríbhneoireachta, agus tá fáil ar a shaothar i thart ar thriocha teanga.

Téadchleasaí

Ach le filleadh ar “Let the Great World Spin”, caithfear suntas a thabhairt don chaoi a gcuireann sé tús lena scéal, le cur síos ar eachtra Philippe Petit, sa bhliain 1974, nuair a shiúl an téadchleasaí sin trasna, ar théad rite, ó cheann amháin de thúir an “World Trade Centre” go dtí an ceann eile………

“Those who saw him hushed. On Church Street. Liberty. Cortlandt. West Street. Fulton. Vesey. It was a silence that heard itself, awful and beautiful. Some thought at first that it must have been a trick of the light, something to do with the weather, an accident of shadowfall. Others figured it might be the perfect city joke….”

Céard déarfá faoi sin mar stíl?

Ach níorbh aon scéal grinn, nó “city joke,” a bhí i gceist sa tarlúint seo in aon chor, ach bhí duine thuas ansin, 110 stór os cionn leibhéal na sráide, agus é ar a bhealach ó cheann amháin de thúir an “World Trade Centre” go dtí an ceann eile, agus é ag déanamh a shlí trasna ar théad rite. Sea, bhí fear thuas ansin, ar a bhealach trasna, agus é thuas ansin idir an dá shaol.

Baineann an t-údar leas as an tarlúint seo lenár n-aire a dhíriú ar chathair Nua Eabhrac, agus sníonn sé an eachtra chéanna sin isteach is amach tríd an scéal ar fad, le haontas ait a bhronnadh ar scéalta díchosúla charachtair an úrscéil uilíoch seo.

Manach buile!

Téann sé ar aghaidh ansin, le scéalta na gcarachtar éagsúil a ríomh. Tosaíonn sé le le hÉireannach buile, Corrigan, ar chineál manaigh é, manach a bhfuil móideanna crábhaidh glactha aige, sea agus manach a dhéanann beart de réir a bhriathair. I Nua Eabhrac dó, caitheann sé a dhúthracht ag cabhrú le striapacha bochta na cathrach sin.

Ar ball, caitheann an t-údar tamall ag cur síos ar bhuíon máitheacha a thagann le chéile in árasán i “Park Avenue”, le seal a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag caoineadh a muintir a cailleadh i gcogadh Viet Nam. Ar ball, cuireann an t-údar “Tillie” in aithne dhúinn, agus í ag saothrú a coda le striapachas, agus fiú nach dtógann sí a hiníon óg lei ar an ród céanna sin! Castar breitheamh orainn freisin, an fear a bhfuil air cúis an téadchleasaí a thriáil. Tuigtear dó fhéin go dtugann sé breith a raghadh sé dian ar Solomon fhéin é a shárú, bíodh gur Solomon a bhí ar an mBreitheamh céanna seo freisin! Ní gá a rá, gur bhain an t-údar úsáid as an mBreitheamh Soderberg, le ceangal a shníomh idir charachtair eile sa scéal. Ach, ní chuige sin atá mé, ach chuige seo. Bhí an Breitheamh seo chomh bródúil as a bhreith is a bheadh madra na gcúig gcos as a chos bhreise! Agus cén bhreith a thug an Solamh puncánach seo, an ea?

Pingin an Stór!

Bhuel, ghearr sé pingin an urlár ar ár dtéadchleasaí ildánach, agus ó tharla gur shiúl sé céad agus a deich n-urlár os cionn leibhéal na sráide, ghearr an Breitheamh Soderberg Dolar a deich air, mar fhíneál, agus lena chois sin, chuir sé iachall air seó eile, saor in aisce, a eagrú, sea, bheadh air siúl arís ar théad rite, ach an babhta seo, chaithfeadh sé an tsiúlóid dlite seo a dhéanamh i “Central Park”, le caitheamh aimsire a chur ar fáil don aos óg!

Sea, d’fhéadfá leanúint ar aghaidh ag cur síos ar eachtraí, agus ar charachtair éagsúla, an scéil seo, ach níl slí níos fearr leis an eolas sin uilig a bhailiú chugat fhéin ná an leabhar a fháil, is a léamh, ar do shuaimhneas.

An-leabhar, an-léamh, an-chumadóireacht. Ach, caithfidh mé a rá anois, go ndeachaigh an leabhar seo i gcionn go mór orm fhéin, agus gur bheag nár bhain cuid den scéal sin, deoir asam, nó dár liomsa, tá an scríbhneoireacht seo ag scríobadh beagáinín ró-chóngarach don chnámh, mar ar bhealach eicínt, d’éirigh leis an údar a scéal a shá isteach go smior na gcnámh ionam. Sea, féachann an t-údar seo isteach i gcroí na fírinne, agus na beatha, sa turas seo a thugann sé trí shochaí agus trí shaol anróiteach phobal an Úill Mhóir fhéin

      

I  mBéal  an  Phobail…..  Little Bee…..

A r n a M i s i n. 1.

A r n a M i s i n .

.

**********************

.

Tá mé cinnte gur léigh sibh uilig na píosaí a scríobh mé, ar na mallaibh, faoi chúrsaí mo shaoil fhéin, agus faoi’n chaoi a raibh socruithe agam bheith im Mhisinéir chun na hAfraice. Léigh sibh freisin, faoi na blianta fada tuirsiúla, cruógacha, staidéir, a chaith mé dom’ ullmhú fhéin don ghairm uasal chéanna sin, ach tá’s agaibh uilig, nárbh é toil Dé é, go raghainn ag saothrú i ngort úd an Tiarna, ach mar sin fhéin, fanann na Misin mar chineál maighnéid sa chroí istigh ionnam fós, agus chuile áit a fheicim tagairt do Mhisin, nó do Mhisinéirí, músclaionn an tagairt chéanna sin tart eicínt ionnam, agus seoltar láithreach mé, ag lorg eolais eicínt faoi na Misin chéanna sin, agus sin freisin an fáth ar bhaist mé “Ar na Misin”, ar an tsraith altanna seo. Bhuel, chaith mé seal, ar na mallaibh, ag taisteal trí dhúiche Chalafóirnia, agus ní féidir le duine ar bith aon achar a chaitheamh sa tír cheanna sin, gan teacht ar cheann eicínt de na Misin Chalafóirneacha úd. Bhuel, an babhta seo, chaith mé fhéin is mo bhean roinnt mhaith laethanta, ar thóir na Misean sin, agus muid ag iarraidh teacht orthu, agus a scéal a thuiscint. Mar sin, is é tá i gceist agam anseo, nó scéal na Misean Calafóirneach úd. Ach b’fhéidir gurbh fhearr dom dul siar go dtí an tús, agus an scéal seo a shuíomh ina ionad ceart fhéin i dtosach.

Is fada an lá ó chuala mé trácht, a chéaduair, ar na Misin Chalafóirneacha chéanna sin, nó cosúil le chuile dhuine eile dem chomhaois, chualamar trácht, le linn ár n-óige, ar na Misin sin, san amhrán úd, a bhíodh i mbéal gach éinne, an tráth sin…

And the Mission Bells told me

That I mustn’t stray,

South of the Border,

Down Mexico way.

Ó! sea, agus chomh maith le sin, nárbh iomaí sin tagairt a dheintí do na Misin sin, sna seanscannáin úd faoi Bhuachaillí Bó, agus a leithéid, a gcuirimis uilig an dá spéis iontu, fadó. Dá bharr sin, agus ar chúiseanna eile freisin, chuir mé fhéin spéis iontu ó thús, agus theastaigh uaim a fháil amach, cén fáth ar baisteadh “Misin” a chéaduair, orthu? Cé bhunaigh iad? agus cén fáth ar tógadh iad sna hionaid áirithe ina bhfuil fáil orthu, sa lá atá inniu fhéin ann? Déanfaidh mé iarracht, ar chuid áirithe den eolas sin a leagan os bhur gcomhair amach, sa Réamhrá seo…Thug mé cuairt ar roinnt áirithe de na Misin sin, roinnt mhaith blianta ó shoin, tráth raibh mé ar saoire i gCalafóirnia, agus ní call dom a rá, go raibh cuntas ar na hócáidí céanna sin le léamh agaibh anseo i mBéal an Phobail, ag an am. Mhúscail na cuairteanna sin mo spéis fhéin sna Misin sin, agus fanann an tart sin gan sásamh iomlán orm, go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

.

Thosaigh scéal na Misean, ar an 9ú lá d’Eanair, sa bhliain 1769, nuair a sheol an long seoil Spáinneach, San Carlos, as cuan La Paz, i mBaja Chalafóirnia, amach, ar a bealach ó thuaidh go Cuan uchtleathan Shan Diego, agus é de chuspóir aice, bunáit Spáinneach a bhunú san ionad oiriúnach sin, agus ag an am gcéanna, bhí socruithe acu, Misean a bhunú ansin freisin. Sheol dhá long eile, ina diaidh, ar ball, ach chuaigh ceann acu sin go tóin poill. Ag an am gcéanna, d’fhág sluaíocht mhíleata, faoi cheannas Gaspar de Portolá, an dúiche chéanna sin thart ar La Paz, lena mbealach a dhéanamh ó thuaidh, ar thalamh, sa tslí go mbuailfeadh an dá dhream um a chéile ag San Diego, agus go raghaidís i gcomhar le chéile i mbunú na bunáite sin. Anois in éineacht leis an sluaíocht mhíleata sin, thaisteal an Proinsiascánach cáiliúil sin, Junipero Serra, a ngairtear Aspal Chalafóirnia air, maraon le roinnt eile sagart, agus é d’aidhm aige an Chríostaíocht a chraoibhscaoileadh i measc na nIndiach úd, a mhair fan chósta thiar Chalafóirnia. In am tráth, fuair na dreamanna sin; an dream mairnéalach, an dream míleata, agus an dream sagart; fuair siad ceannas ar chósta thiar Chalafóirnia, ceannas a mhair breis is leathchéad bliain. Ach nár chóir ceist a chur anseo faoi ionradh úd na Spáinneach ar Chalafóirnia, ag an am áirithe sin? Tuige ar theastaigh uathu an ceannas sin a fháil, ag an am áirithe sin?

Bhuel, ba í chúis a bhí leis an ionradh sin ó thuaidh, nó gur chuala Rí Carlos, a Trí, na Spáinne, faoin chaoi ar dhein na Rúisigh ionradh dána ar Chósta thuaidh Chalafóirnia, agus faoin chaoi ar bhunaigh siad Fort Ross, ar an gcósta céanna sin, ó thuaidh, agus ba le stop a chur le hionradh sin na Rúiseach, a thug na Spáinnigh a n-aghaidh ó thuaidh, ó Bhaja Chalafóirnia. Bhí ar an sluaíocht Spáinneach sin, bia agus uisce a iompar leo, nó ní raibh sa tír trínar ghabhadar, ag an am sin, ach fásach fiáin, folamh.

Ba í aidhm a bhí ag an bhfeachtas Spáinneach seo, nó ceannas a fháil ar chósta Chalafóirnia, le cosc a chur le hionradh úd na Rúiseach, agus leis an gceannas sin a bhuanú, theastaigh uathu freisin, pobal dúchasach a bhaisteach, agus Críostaithe a dhéanamh díobh, Críostaithe a bheadh dílis do Ríocht Críostaí na Spáinne, agus ag an am gcéanna, theastaigh uathu iad a thabhairt chun sibhialtachta. Mhúinfí dóibh conas an saol Spáinneach a chaitheamh, agus faoi cheannas na Spáinneach, mhúinfí dóibh, conas foirgnimh a thógáil, agus chomh maith le sin, mhúinfí talmhaíocht, táilliúracht, fíodóireacht, gaibhneacht, agus siúinéireacht dóibh.

.

Ach ag caint ar na longa seoil úd, a sheol amach as Baja Chalafóirnia, ar an 9ú Eanair, sa bhliain 1769, agus é d’aidhm acu, bunáiteanna a ghabháil, agus a bhunú, i San Diego agus i Monterey, bhuel, shroich péire de na longa seoil úd San Diego, ar deireadh thiar, agus nuair a tháinig an sluaíocht mhíleata chomh fada leis an mbaile sin, fuair siad amach, gur bhuail an galar carrach na foirne, agus gur cailleadh 38 mairnéalach dá bharr. Ní raibh d’fhoireann fágtha ar an San Antonio ach ochtar, agus socraíodh ar í sin a chur ar ais arís go San Blas, i mBaja Chalafóirnia, le soláthairtí úra a bhailiú, agus freisin, le foirne a earcú, don dá long a bhí fágtha. Deineadh an cleas céanna leis na saighdiúirí, an dá scór acu, cuireadh iadsan ar ais go Baja Chalafóirnia, le soláthairtí, agus earcaigh nua a fháil ansin, agus bíodh gur ionsaigh Indiaigh iad, fan na slí, tháinig siad slán, cé gur maraíodh roinnt Indiach sa scliúchas sin.

D’éirigh leis an dá dhream, a mbunáit i mBaja Chalafóirnia a shroichint, agus d’éirigh leo freisin, soláthairtí úra, agus earcaigh, a fháil ansin, le tabhairt ó thuaidh leo, go San Diego. Ar ball, d’fhill idir mhairnéalaigh agus shaighdiúirí, maraon leis na sagairt, agus chuir Junipero Serra chun oibre, le Misean a thógáil i San Diego.

Sea, agus ba ansin i San Diego, a bunaíodh, in am tráth, an chéad Mhisean, den Mhisean is fiche a bhunódh na Proinsiascánaigh, fan chósta thiar Chalafóirnia sna blianta a bhí rompu amach. Ar an 16ú lá d’Iúil na bliana 1769 bhunaigh an tAthair Junipero Serra Misean San Diego de Alcala, ansin i San Diego, agus nil dabht ar domhan ach gur tógadh croí an mhisinéara dhiaganta dhilis sin nuair a bhi an chead cheim sin in aistear a shaoil, mar mhisinéir, tógtha aige, sa tír aduain iargúlta sin.

Ach ag caint ar na Spáinnigh, idir mhairnéalaigh, shaighdiúirí, agus sagairt, a d’fhill ar San Diego, faoi mar a mhinigh mé daoibh, sa ghála deiridh. B’iomaí sin rud a chuaigh ina gcoinne, sa bhfiontar sin, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Misean San Diego de Alcala a bhunú, agus a thógáil. Sea, bhí tús curtha acu leis an bhfeachtas iontach samhailteach úd, de chuid Rí, agus Ríocht, na Spáinne, feachtas misineach na Spáinne i Meiriceá Thiar, feachtas miseanach a d’fhéadfadh stair an domhain a athrú, dá n-éireodh leis a chuspóir samhlaíoch, aislingeach a chur i gcrích, go huile is go hiomlán, ach bhí síol a mhillte fréamhaithe i smior na gcnámh sa bhfís chéanna sin, ó thús, rud a chriog é, i ndeireadh na dála. Ach fágfaidh mé an scéal sin go fóill beag, agus fillimis ar na Misin.

Cén chiall atá le Misin, sa chomhthéacs seo?

Is é ciall atá leis anseo nó na hInstitiúidí úd a thóg na Spáinnigh fan chósta thiar Chalafóirnia, idir na blianta 1769 agus 1823, le pobail dhílse Chaitliceacha, Spáinneacha, a dhéanamh de na treabhanna Indiacha a d’áitigh an tír sin, sárar leag na Spáinnigh spág riamh ar na tailte céanna sin. Ní gá a rá, go dtógadh siad i dtosach báire, séipéal breá, fairsing, ar an modh Spáinneach, agus chomh maith le sin, bhíodh na ceardlanna agus na saotharlanna éagsúla, seomraí na sagart, maraon le háiteanna cónaithe na nIndiach, mar chuid riachtanach den Mhisean. Thóg na Spáinnigh Ceardaithe agus Tógáluithe oilte leo ó Mheicsiceo, nó ba leis an Spáinn Ríocht Mheicsiceo, ag an am, agus le cabhair ó na hIndiaigh áitiúla, d’éirigh leo na foirgnimh bhreátha, ornáideacha, maisiúla sin, a thógáil agus a mhaisiú, foirgnimh atá ar an bhfód go dtí an lá atá inniu fhéin ann, lenár gcroíthe fhéin a thógáil lena n-áilleacht, lena neart, agus lena n-inspioraid.

Ba é a chuir na Spáinnigh rompu, a chéaduair, nó sraith de Mhisin a thógáil, fan chósta Chalafóirnia, ag síneadh ó San Diego, ó dheas, go dtí San Francisco, ó thuaidh, sa chaoi nach mbeadh na Misean sin níos fuide óna chéile ná turas lae. Bheadh sé d’aidhm ag chuile Mhisean acu sin, pobal baiste Indiach a bhunú, agus a thraenáil, i scileanna nua-aimseartha na Spáinneach, sa chaoi go mbeadh chuile cheann de na Misin sin féinchothaíoch, agus beag beann ar an saol mór amuigh. B’in é gnó na sagart, na bProinsiascánach, i ndáiríre, agus chuireadar chuige le flosc agus le fonn.

Ba é deireadh an scéil sin é, nó tar éis dóibh uilig San Diego a bhaint amach, chuir Junipero Serra roimhe Misean a bhunú ansin, an chéad Mhisean i gCalafóirnia.

Cén polasaí a bhí ag na Spáinnigh, chomh fada is a bhain sé le craoibhscaoileadh an Chreidimh, an ea?

Bhuel, níor baisteadh na hIndiaigh Chalafóirneacha úd dá n-ainneoin. Tugadh múineadh agus teagasc dóibh sa Chríostaíocht, ach fágadh fúthu fhéin é, an chéim deiridh a thabhairt i dtreo an Chreidimh, ach chomh luath is a baisteadh iad, bhí orthu ansin, cur fúthu taobh istigh de thailte na Misean, agus géilleadh dá rialacha. Ar thailte chuile Mhisean acu freisin, bhí buíon saighdiúirí Spáinneacha, mar adúirt mé cheana, iad gléasta i seircíní leathair, “soldatos de cuera” a thugtai orthu sa Spáinnis, toisc na seircíní leathair chéanna sin, agus ba é a ndualgas siúd. nó na Misin, gona sagairt agus gona gCríostaithe nuabhaiste, Indiacha, a chosaint ar chuile namhaid. Agus ag caint ar na seircíní leathair úd, ba é a bhí iontu siúd nó seircíní déanta as sé, nó seacht, de shraitheanna leathair, le cosaint iomlán a thabhairt dóibh i gcoinne saighde na nIndiach, agus sin i dtír a róstfadh an diabhal fhéin, dá bhfanfadh sé amuigh faoi ghrian scalltach, bhruithneach, na tíre gile sin! D’iompair siad freisin, mar airm, sciath déanta as dhá shraith de chraiceann úr tairbh. Níor fágadh ag brath ar na hairm sin amháin iad, nó chomh maith leo sin, bhí siad oilte, sciliúil, in úsáid na sleá, an chlaímh agus an raidhfil, ar chuid dá n-airm freisin iad. Ba shaidhdiúirí ar dóigh iad na “soldatos de cuera” céanna sin, iad láidir, umhal, scafánta, agus iad ar na marcaithe ab fhearr ar domhan, ag an am. Seisear díobh a bhí ar dualgas ag chuile mhisin, agus ba leor an méid sin leis an Misean a chosaint ar ionsaithe na nIndiach, nó ar ionsaithe éinne eile, a mbeadh fonn air tabhairt fúthu. Feasta, ba chuid de Ríocht cumhachtach, ollmhór, na Spáinne iad, na hIndiaigh bhaiste sin. I gcás na saighdiúirí Spáinneacha úd, chuireadarsan fúthu i mbearaic speisialta, cóngarach don Mhisean, Presidió, a thugtaí ar an mbearaic chéanna sin. Bhíodh na saighdiúirí ar dualgas ansin, de ló is d’oíche, sa chaoi go bhféadfaí cosaint leanúnach a chur ar fáil do na Misin.

Anois, lean na Spáinnigh i mbun a bpolasaí i leith Chalafóirnia. Ghabh siad na tailte, bhunaigh siad Misin, tógadh Presidiónna, ó cheann ceann Chalafóirnia.

Ach i dtosach, bhí orduithe acu ó Rí na Spáinne, Rey Carlos a Trí, San Diego agus Monterey a ghabháil. Dá bhrí sin, nuair a bhí an chéad Mhisean bunaithe ag Junipero Serra i San Diego, chuir sé fhéin agus Gaspar de Portolá rompu, dul ó thuaidh, i dtreo Mhonterey. Mar sin, ar an 16 lá d’Aibreán na bliana 1770, sheol an tAthair Junipero ó thuaidh, sa long seoil Spáinneach, an San Antonio. Ar bord na loinge sin, thógadar leo chuile shaghas earra, a bheadh ag teastáil uathu, leis an dara Misean a bhunú, thart ar Mhonterey. Ag an am gcéanna, ghluais de Portolá roimhe ó thuaidh, ar thalamh. Thóg sé leis, roinnt saighdiúirí, maraon le seachtar soldatos de cuera, agus roinnt oibrithe Indiacha freisin. Shroicheadar Monterey, seachtain sular ghabh an San Antonio cuan agus calafort, sa dúiche chéanna sin. Ar an 3u lá de Mheitheamh na bliana sin, d’ardaíodar an Chros Chéasta, agus chan an Veni Creator Spiritus, le beannacht Dé a ghuí ar an Misean nua, a bhí le bunú acu san ionad sin. Baisteadh San Carlos Borromeo de Monterey ar an Misean sin, agus ba ghearr go raibh roinnt botháin tógtha acu don Mhisean, agus do Phresidió na Soldatos, ach fuarthas amach, nach raibh an t-ionad sin ag Monterey oiriúnach do Mhisean, agus tar éis roinnt ama a chaitheamh ag cuardach, roghnaigh an tAthair Serra ionad oiriúnach don Mhisean sin, díreach ó dheas dhen bhaile Carmel, agus b’in an fáth ar deineadh an Misean sin a aistriú, agus a athbhaisteadh, mar Mhisean San Carlos Borromeo de Carmel, agus níor thóg sé ach sé mhí orthu séipéal, ionad cónaithe, stórais, cistin, agus falla cosanta, a thógáil. I gcás an Mhisin atá le feiceáil againn, sa lá atá inniu ann, níor tógadh an foirgneamh sin go dtí an bhliain 1791, agus ba é Lausén, comharba Junipero Serra, a bhí i gceannas an Mhisin sin, ag an am, nó fuair Junipero bás sa bhliain 1784, agus chuir seisean roimhe Misean ar dóigh a thógáil ar an suíomh sin, agus chuige sin, chuir sé fios ar Mhanuel Ruiz, saor oilte Meicsiceach, leis an bhfoirgneamh a dhearadh. Bhí a shliocht air, nó bheadh sé deacair Misean níos áille ná Misean San Carlos Borromeo de Carmel, a fháil, ó cheann ceann Chalafóirnia, sa lá atá inniu fhéin ann, ná an Misean álainn úd a dhear agus a thóg an saor oilte céanna sin Manuel Ruiz. B’é an Misean céanna sin rogha Aspal Chalafóirnia fhéin, an tAthair Junipero Serra.

Bhuel, bhí tús maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasaí a Rí a chur i gcrích. Bhí Misin á dtógáil acu, agus Indiaigh á dteagasc, agus á n-oiliúint acu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó lean siad leo ar a míle dhícheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh. Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre arís, agus Misean eile á thógáil acu, i ngiorracht trí mhíle is fiche do King City. San Antonio de Padua a baisteadh mar ainm ar an dtríú Misean seo, agus ba é Junipero Serra, arís, a bhí i mbun an ghnó, san ionad nua seo. Ar ball, d’imigh Serra, ach má dhein, d’fhág sé beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa dúiche sin.

An bhliain chéanna sin, tógadh Misean nua eile, i San Gabriel, deich míle soir ó Downtown Los Angeles. B’as Cordoba na Spáinne an sagart a thóg an Misean seo, agus fear a raibh a chroí sáite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc Múrach é ó thús, agus ní shásódh aon rud é, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shníomh isteach i dtaipéis Mhisin San Gabriel Arcángel. An bhliain dár gcionn, bhí fiontar nua idir chamáin acu, i San Luis Obispo, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gcúigiú Misean a thógáil. Díon tuí a bhí acu ar an Misean sin, a chéaduair, ach nuair a tháinig buíon Indiach namhadach aniar aduaidh orthu, tuigeadh dóibh, nárbh fhál go haer é laige na tuí mar dhíon, nó chuireadar rompu láithreach ar tíleanna rua, tinedhíonacha, na Spáinne a oibriú ar an toirt, agus nuiar a chuireadar díon nua tíleanna ar an Misean sin i SLO, mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, níor bhaol dóibh feasta saigheada lasánta na nIndiach.

Nuair a thángthas, i ndáiríre, ar chuan Shan Francisco, socraíoch ar dhá Mhisean agus Presidió, a bhunú sa dúiche sin. Cé gur ainmníodh an chéad Mhisean ansin in onóir do Phroinsiais fhéin, ach toisc gur thángthas ar ionad an Mhisin sin, ar Lá Fhéile Mhuire na nDólás, baisteadh, Dolores, de ghnáth, mar ainm ar an Misean sin. Sa bhliain 1776, a tógadh an Misean sin. Tógadh Misean ollmhór eile an bhliain chéanna sin, agus b’in Misean San Juan Capistrano. Ach ó tharla gur scríobh mé alt anseo, i mBéal an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta ó shoin, ní bhacfaidh mé le tuilleadh a rá faoi anseo, ach amháin a rá, gur glé, glas, a fhanann cuimhne an lae úd a chaith mé sa Mhisean sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus faoin spéis sna Misin a mhúscail mo sheanchara ó Vista, Gearóid Mac Amhlaoibh, ionam, an lá céanna sin, nó b’eisean a bhí mar threoraí againn an lá álainn úd, i Meán Fómhair na bliana sin, 1988.. Ach, fillimis ar an scéal…..

Leanadh leis an obair tógála, agus teagaisc, agus traenála, uaireannta, go mall réidh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia á rá leo. Tógadh Misin ar baisteadh na hainmneacha áille Spáinneacha sin uilig orthu, fan chósta thiar Chalafóirnia, ó San Diego go San Francisco, fan an 650 míle sin, a shíneann idir an dá chathair áille sin, agus fan an Bhealaigh Mhóir úd, an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, a cheanglann an dá chathair sin dá chéile. Ach breathnaigh ar na hainmneacha áille Spáinneacha sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag…Santa Clara de Asis; San Jose; San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arcángel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez; San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano. Conas a tharla gurbh iad na hainmneacha áirithe sin a baistadh ar na Misin thuasluaite? Bhuel, ba é an nós a bhí ag na Proinsiascánaigh Spáinneacha, an dream a thóg na Misin, ba é a nós siúd nó an Misean a ainmniú as an bhFéile Eaglasta a thit ar lá a bhunaithe. B’in an nós a bhí acu, agus b’in an nós a leanadar.

Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar éis dóibh breis is leathchéad bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, bhí Misean is fiche tógtha acu, fan chósta Chalafóirnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa dó, sea, agus an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.

B’iontach go deo mar a d’éirigh leis na Misin chéanna sin aidhmeanna an Rí, Fernando a Trí, a chur i gcrích, agus taobh istigh de leathchéad bliain, d’fhéadfá a rá go raibh Iarthar Chalafóirnia uilig tagtha faoi anáil agus faoi chumhacht na Spáinne. Ní hamháin go raibh na Proinsiascánaigh tar éis na Misin uilig sin a thógáil, agus go raibh na mílte agus na mílte Indiach á dteagasc, agus á mbaisteadh acu, ach ag an am gcéanna, bhí na Misin chéanna sin ag éirí saibhir, ó bhliain go chéile, nó bhí olltréada bó agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, á dtógáil as éadan acu, ar na rainsí móra talún a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin arís, bhí an talamh mhéith á saothrú go sciliúil ealaíonta, acu, sa tslí go raibh barraí de chuile chineál á gcur, agus á mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana. Ní gá a rá, gur thóg na Spáinnigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limistéar sin leo, agus gur múineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, thógadar isteach leo na bealaí ab éifeachtaí, le talamh a uisciú, agus b’in an rud ba mhó a bhí ag teastáil ó thailte Chalafóirnia, le fásaigh na dúiche sin a chur faoi bhláth. Agus sin, gan tagairt a dhéanamh, in aon chor, don méid a bhí á dhéanamh, agus á tháirgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bhí ag obair faoi lán tseol, i ngach Misean acu! Ach céard faoin saibhreas uilig sin?

Anois, bhí móid bochtaineachta ag na Proinsiascánaigh, agus dá bhrí sin, ní fhéadfaidís-sean aon úsáid phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bhí a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab’ eol do chách, ba é a gcuspóir, nó únéireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheidís-sean oilte i gceart acu chuige sin. Bhuel, bhí pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Críostaíochta, ar an modh Spáinneach. Bhíodar breá síochánta, tríd is tríd, ach caitheadh leo, faoi mar ba pháistí, nó nóibhísigh! iad. Níor tugadh deis dóibh bheith freagrach ina ngníomhartha fhéin, nó tuigeadh do na Padres, nach raibh an t-am chuige sin tagtha fós. B’in an laige ba mhó a bhí i gcóras na Misean Spáinneach úd áfach, agus b’in é ba chúis lena dtreascairt, i ndeireadh na dála. Shroich na Misin buaic a réime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bhí siad tosaithe, cheana féin, ar bheith ag dul i léig. Ach b’in é díreach an tráth ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Spáinne, iad ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dóibh fhéin, agus an ruaig a chur ar na Spáinnigh. Bhain na Meicsicigh a neamhspleáchas amach, sa bhliain 1821, agus ón bpointe sin amach, fágadh Calafóirnia Spáinneach ar an mblár folamh, gan súil ar bith acu feasta leis na longa Spáinneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, ó San Blas, i Ríocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann tú le sin, nach raibh aon réamhullmhúchán déanta ag na Spáinnigh, le Ríocht, nó Cumhacht, Indiach, a bhunú fan chósta Chalafóirnia, ní thógfadh sé Aireasteatal fhéin, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.

Dá dtabharfaí ceannas, de réir a chéile, fiú, do na hIndiaigh, ó thús an naoú haois déag, chuile sheans, go n-éireodh leo teacht saor, ach ba é a tharla, nó go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dhíeaglaisiú, sa bhliain 1833. Cuireadh an ruaig ar na Proinsiascánaigh ina dhiaidh sin, agus fágadh na hIndiaigh bhochta gan cheannairí, nó ní raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na sagairt, ní raibh scileanna an neamhspleáchais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mionéan orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bhí ar shaothar ollmhór na bProinsiascánach, i measc na nIndiach Calafóirneach úd, idir na blianta 1769 agus 1833. Ach ag an am gcéanna, fanann a bhfís, agus a bhfoirgnimh, linn, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá na Misin áille sin, deisithe, athnuaite, agus athchóirithe, ag Caitlicigh, agus ag údaráis sibhialta, an fichiú haois, agus ní beag nó suarach an toradh agus an oidhreacht é sin, ó ré órga na Misean, i dtír úd na gréine gile.

B’fhéidir gurb é sin an ceacht a mhúineann oidhe na Misean Calafóirneach dEaglais an lae inniu.

Cén ceacht, an ea?

Go gcaithfear freagracht i bhfás agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuataí, chomh luath géar is a chuirtear faoi láimh an Easpaig iad. Níor chóir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagairí. Má dhéanann, beidh an cluiche caillte, sul má thosaíonn sé.

Is dócha nár chóir dom aon chosúlacht a fheiceáil idir scéal na Misean Calafóirneach úd, agus scéal na hEaglaise Caitlicí, anseo i dtír seo na Naomh is na nOllamh, ach b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá, gur coinníodh an liathróid ró-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s’againne, agus nár tosaíodh ar roinnt na cumhachta sách luath, inár measc, agus b’fhéidir go bhfuil muid ag íoc go daor as an bhfaillí sin, i láthair na huaire seo. Agus más uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as scéal na Misean úd, b’fhéidir gur chóir dúinn díriú anois fhéin, ag an nóimead deiridh seo, ar thuilleadh, agus tuilleadh fós, freagrachta, a thabhairt dár dtuataí.

Le críoch a chur le scéal na Misean, is dócha gur chóir a lua, gur ghabh na Stáit Aontaithe Calafóirnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na Stáit sin, na Misin a thabhairt ar ais dá bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a atógáil, agus a athchóiriú, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh hálainn is a bhí siad ó thús, geall leis, agus ní hé sin amháin é, ach úsáideann na pobail chéanna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Gura fada a leanfaidh cúrsaí amhlaidh.

Bhuel, is dócha gur leor sin mar Réamhrá don tsraith aistí seo, faoin tréimhse sin a chaith mé, ar na mallaibh, ar fán i measc Mhisean Chalafóirnia, agus mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as a stair, agus as a scéal, i bhfás agus i bhforbairt na tíre saibhre sin. Ach níor chóir an milleán uilig a leagan ar na Spáinnigh, nó is dócha go rabhthas ag súil leis an iomarca ó Indiaigh Chósta Thiar Mheiriceá, ag an am sin. Bhíothas ag súil go bhféadfadh siad a gcultúr, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a stíl bheatha, a athrú, ó bhonn, taobh istigh d’achar gearr, agus go bhféadfaidís iompú ina Spáinnigh oilte, sciliúla, san achar gearr, inar tháinig siad faoi anáil na Spáinneach céanna sin, agus b’fhéidir nár deineadh aon ró-iarracht, ar an gcreideamh nua Críostaí a nódú ar spioradáltacht dúchasach a muintire. An chéad bhabhta eile, tá mé ag ceapadh, go mbeadh sé spéisiúil, a fháil amach, cé mhéad den tionchar Spáinneach, agus de thionchar na Críostaiochta a fuair siad mar oidhreacht ó na glúnta a d’imigh rompu, a mhaireann fós i measc na gciníocha Indiacha céanna sin? San idirlinn, caithfidh muid bheith sásta leis an méid sin.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

       .

.

I  mBéal  an  Phobail…..  Little Bee…..

I mBéal an Phobail….. Ciall Cheannaithe

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ciall Cheannaithe

Chuir mé fhein agus mo sheanchara Séimí an Droichid scéal ár seanóirí i mBéal an Phobail, anseo os bhur gcomhair, tamall gearr ó shin, agus sa chomhrá eadrainn, cáineadh an Rialtas s’againne, as a n-easba céille, i ndréachtadh Bhuiséad na bliana 2009. Ba é an príomhrud a bhí i gceist againn san alt sin, nó an éagóir a bhíothas á dhéanamh orthu siúd, a raibh na trí scór is a deich sroichte acu, nó bhí socraithe ag an Rialtas a gceart siúd chun an Chárta Leighis a chealú, agus feasta, ní thabharfaí an Cárta céanna sin do sheanóir ar bith, ach amháin dóibh siúd, a n-éireodh leo a chruthú, trí fhiosrú maoine, go raibh siad i dteideal an Chárta chéanna sin. Chealófaí feasta, an ceart don Chárta Leighis, a tugadh go neamhchoinníollach, sa bhliain 2001 do chuile shaoránach, ar shroichint na haoise sin, trí scór is a deich, dó. B’in a bhí a rá againn san alt sin faoi’n mBuiséad, agus moladh ann freisin, go gcaithfí dul siar ar an socrú sin, agus a gceart fhéin a thabhairt feasta do sheanóirí na tíre seo.

Athsmaoineamh

Bhí go maith, ach baineadh stangadh ceart as an Rialtas s’againne, agus tar éis dóibh seal a chaitheamh ar a marana, shocraíodar ar chúlú roinnt ón seasamh a ghlac siad sa mBuiséad, agus tháinig siad ar athrú intinne, sa mhéid go raibh siad sásta anois na teorainneacha ioncaim, a nglacfaí leo, dóibh siúd a raibh an Cárta ó cheart acu, cheana féin, bhí siad sásta anois na teorainneacha sin a ardú, ionas go gcoinneodh thart ar 95% díobh siúd a raibh na Cártaí Leighis acu cheana féin, go gcoinneoidís siúd a gCártaí. Ba é a shocraigh siad nó go gcoinneodh na daoine sin a gCártaí, dá mbeadh a dteacht isteach faoi bhun, 36,400 Euro in aghaidh na bliana, i gcas duine singil, agus 72,800 Euro do lánúin phósta.

Is dócha go gcaithfí a rá, go raibh na coinníollacha sin fial go maith, ach ag an am gcéanna, chaithfeá a rá freisin, go raibh ceart cealaithe orthu siúd a raibh na trí scór is a deich sroichte acu, agus feasta, bheadh ar dhuine scrúdú maoine a sheasamh, lena cheart don Chárta Leighis a chruthú.

Nuair a chuirtear chuile shórt san áireamh, is dócha go mbeadh ar dhuine a admháil gur chruthaigh an Rialtas, go raibh ar a gcumas, a seolta a athrú, de réir na gaoithe, agus gur léirigh siad freisin, go raibh siad réidh le dearcadh na ndaoine a chur san áireamh, go háirithe nuair a léiríodh sin go neamhbhalbh dóibh.

Ach, Táid ann adeir….

Ach, ag an am gceanna, tá mé cinnte freisin, nach mbeidh chuile dhuine sásta le socrú úd an Rialtais, agus go mbeidh daoine ann a dteastódh an t-iomlán uathu. Is é dearcadh na ndaoine sin, nó, nach ceart an ceart a bhronntar a aistarraingt, agus go mba cheart don Rialtas glacadh leis an gceart sin i gcás na ndaoine úd, a raibh an Carta acu cheana féin, agus ansin go mba cheart, sa scrúdú maoine, a chuirfi ar dhaoine ar shroichint na tri scor is a deich doibh feasta, go mba choir glacadh le huasioncam de 50,000 Euró don duine singil, agus 100,000 Euró i gcás lánúin phósta.

Ach, nuair is cruaidh don chailleach, caithfidh sí rith, agus sa chás seo, nuair atá ár Rialtas i bponc, agus easba airgid ag cur as dóibh go tréan, sílim go gcaithfidh muid uilig ár gcion fhéin a dhéanamh le Long an Stáit s’againne a sheoladh amach as gaoth ghuairneáin an mheatha eacnamaíochta, ina bhfuil muid sáinnithe i láthair na huaire seo.

Séimí sásta

Bhí mé i dteangmháil le mo sheanchara, Séimi an Droichid, anois díreach, agus bíodh go bhfuil sé clamhsánach go maith faoin socrú seo, ag an am gcéanna, tagann sé liomsa sa mhéid go bhfeictear dó, nach bhféadfadh an Rialtas dul mórán níos faide leis an bhféile, agus cúrsaí faoi mar atá, i láthair na huaire seo. Sea, agus fágfaidh mé an focal deiridh ag mo sheanchara, Séimí na buile! agus é ag iarraidh fadhb seo na gCártaí Leighis a scaoileadh. “Is dócha” ar seisean, “ go gcaithfidh muid bheith buíoch, beannachtach, go bhfuil Rialtas againn, sa tír seo, atá sásta Cothrom na Féinne a thabhairt do lucht na ribí liatha.”

I  mBéal  an  Phobail…..  Little Bee…..

litir chuig Padraig de Brún

St Jude’s,

Bóthar Phort Láirge,

Cill Chainnigh.

11ú Nollaig 2015.

.

A Phádraig, a chara,

Tá mé an-bhuíoch díot as do chárta, a fuair mé inné. Agus ó tharla nach mbíonn fonn ar mo mhéaranna mórán scríbhneoireachta a dhéanamh na laethe seo, tá orm an ríomhaire seo a úsáid ina n-áit. Tá súil agam go maithfidh dhom é, Feicim gur chas tú ar Úna Ní Ghabhláin i gCaisleán an Bharraigh, agus ní call dom a rá, go bhfuil togha na Gaeilge ag Úna, agus ní hé sin amháin é, ach bíonn fonn uirthi freisin an Ghaelige sin a úsáid. Feicim go raibh sibh ag trácht ar Riocard Bairéad, an file, tharla go ndeirtear go raibh gaol eadrainn, ar thaobh mo mháthar, nó ba Bhairéadach a máthair siúd, Bairéadach as an mBearaic, baile beag ar imeall Chuan Oiligh.

Tá mé an-bhuíoch díot as do chuireadh le cuairt a thabhairt oraibh i Mala Raithní, agus b’fhéidir am eicínt, amach anseo, go mbeadh ar mo chumas glacadh leis. Thugamar cuairt ar Mhaigh Eo an Samhradh seo caite. Bhíomar i mBéal an Átha le mo Nóchadú breithlá a cheiliúradh!!! Bhain mé an-taitneamh as an ócáid. Tá ag éirí go breá linn anseo, i gCill Chainnigh. Dúirt Patricia, mo bhean, liom, bheith cinnte, go ndéarfainn leat go raibh sí ag cur do thuairisce, agus le críoch a chur le seo, ba bhreá linn beirt, Nollaig shona agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ort fhéin is ar do chúram.

Ádh mór ort, anois agus i dtólamh,

ó

do chara

Peadar Bairéad

   

…………………………………………………………………………………

I  mBéal  an  Phobail…..  Little Bee…..

A r n a M i s i n

A r n a M i s i n .

Réamhrá. 1 .

**********************

.

Tá mé cinnte gur léigh sibh uilig na píosaí a scríobh mé, ar na mallaibh, faoi chúrsaí mo shaoil fhéin, agus faoi’n chaoi a raibh socruithe agam bheith im Mhisinéir chun na hAfraice. Léigh sibh freisin, faoi na blianta fada tuirsiúla, cruógacha, staidéir, a chaith mé dom’ ullmhú fhéin don ghairm uasal chéanna sin, ach tá’s agaibh uilig, nárbh é toil Dé é, go raghainn ag saothrú i ngort úd an Tiarna, ach mar sin fhéin, fanann na misin mar chineál maighnéid sa chroí istigh ionnam fós, agus chuile áit a fheicim tagairt do na mhisin, nó do mhisinéirí, músclaionn an tagairt chéanna sin tart eicínt ionnam, agus seoltar láithreach mé, ag lorg eolais eicínt faoi na misin chéanna sin, agus sin freisin an fáth ar bhaist mé “Ar na Misin”, ar an tsraith altanna seo. Bhuel, mar is eol daoibh uilig freisin, chaith mé seal, ar na mallaibh, ag taisteal trí dhúiche Chalafóirnia, agus ní féidir le duine ar bith aon achar a chaitheamh sa tír cheanna sin, gan teacht ar cheann eicínt de na Misin Chalafóirneacha úd. Bhuel, an babhta seo, chaith mé fhéin is mo bhean roinnt mhaith laethanta, ar thóir na Misean sin, agus muid ag iarraidh teacht orthu, agus a scéal a thuiscint. Mar sin, is é téama na sraithe seo aistí, nó scéal na Misean Calafóirneach úd. Ach b’fhéidir gurbh fhearr dom dul siar go dtí an tús, agus an scéal seo a shuíomh ina ionad ceart fhéin i dtosach.

.

Is fada an lá ó chuala mé trácht, a chéaduair, ar na Misin Chalafóirneacha chéanna sin, nó cosúil le chuile dhuine eile dem chomhaois, chualamar trácht, le linn ár n-óige, ar na Misin sin, san amhrán úd, a bhíodh i mbéal gach éinne, an tráth sin…

And the Mission Bells told me

That I mustn’t stray,

South of the Border,

Down Mexico way.

Ó! sea, agus chomh maith le sin, nárbh iomaí sin tagairt a dheintí do na Misin sin, sna seanscannáin úd faoi Bhuachaillí Bó, agus a leithéid, a gcuirimis uilig an dá spéis iontu, fadó. Dá bharr sin, agus ar chúiseanna eile freisin, chuir mé fhéin spéis iontu ó thús, agus theastaigh uaim a fháil amach, cén fáth ar baisteadh “Misin” a chéaduair, orthu? Cé bhunaigh iad? agus cén fáth ar tógadh iad sna hionaid áirithe ina bhfuil fáil orthu, sa lá atá inniu fhéin ann? Déanfaidh mé iarracht, ar chuid áirithe den eolas sin a leagan os bhur gcomhair amach, sa Réamhrá seo…Thug mé cuairt ar roinnt áirithe de na Misin sin, roinnt mhaith blianta ó shoin, tráth raibh mé ar saoire i gCalafóirnia, agus ní call dom a rá, go raibh cuntas ar na hócáidí céanna sin le léamh agaibh anseo i mBéal an Phobail, ag an am. Mhúscail na cuairteanna sin mo spéis fhéin sna Misin sin, agus fanann an tart sin gan sásamh iomlán liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

.

Thosaigh scéal na Misean, ar an 9ú lá d’Eanair, sa bhliain 1769, nuair a sheol an long seoil Spáinneach, San Carlos, as cuan La Paz, i mBaja Chalafóirnia, amach, ar a bealach ó thuaidh go Cuan uchtleathan Shan Diego, agus é de chuspóir aice, bunáit Spáinneach a bhunú san ionad oiriúnach sin, agus ag an am gcéanna, bhí socruithe acu, Misean a bhunú ansin freisin. Sheol dhá long eile, ina diaidh, ar ball, ach chuaigh ceann acu sin go tóin poill. Ag an am gcéanna, d’fhág sluaíocht mhíleata, faoi cheannas Gaspar de Portolá, an dúiche chéanna sin thart ar La Paz, lena mbealach a dhéanamh ó thuaidh, ar thalamh, sa tslí go mbuailfeadh an dá dhream um a chéile ag San Diego, agus go raghaidís i gcomhar le chéile i mbunú na bunáite sin. Anois in éineacht leis an sluaíocht mhíleata sin, thaisteal an Proinsiascánach cáiliúil sin, Junipero Serra, a ngairtear Aspal Chalafóirnia air, maraon le roinnt eile sagart, agus é d’aidhm aige an Chríostaíocht a chraoibhscaoileadh i measc na nIndiach úd, a mhair fan chósta thiar Chalafóirnia. In am tráth, fuair na dreamanna sin; an dream mairnéalach, an dream míleata, agus an dream sagart; fuair siad ceannas ar chósta thiar Chalafóirnia, ceannas a mhair breis is leathchéad bliain. Ach nár chóir ceist a chur anseo faoi ionradh úd na Spáinneach ar Chalafóirnia, ag an am áirithe sin? Tuige ar theastaigh uathu an ceannas sin a fháil, ag an am áirithe sin?

Bhuel, ba í chúis a bhí leis an ionradh sin ó thuaidh, nó gur chuala Rí Carlos, a Trí, na Spáinne, faoin chaoi ar dhein na Rúisigh ionradh dána ar Chósta thuaidh Chalafóirnia, agus faoin chaoi ar bhunaigh siad Fort Ross, ar an gcósta céanna sin, ó thuaidh, agus ba le stop a chur le hionradh sin na Rúiseach, a thug na Spáinnigh a n-aghaidh ó thuaidh, ó Bhaja Chalafóirnia. Bhí ar an sluaíocht Spáinneach sin, bia agus uisce a iompar leo, nó ní raibh sa tír trínar ghabhadar, ag an am sin, ach fásach fiáin, folamh.

Ba í aidhm a bhí ag an bhfeachtas Spáinneach seo, nó ceannas a fháil ar chósta Chalafóirnia, le cosc a chur le hionradh úd na Rúiseach, agus leis an gceannas sin a bhuanú, theastaigh uathu freisin, pobal dúchasach a bhaisteach, agus Críostaithe a dhéanamh díobh, Críostaithe a bheadh dílis do Ríocht Críostaí na Spáinne, agus ag an am gcéanna, theastaigh uathu iad a thabhairt chun sibhialtachta. Mhúinfí dóibh conas an saol Spáinneach a chaitheamh, agus faoi cheannas na Spáinneach, mhúinfí dóibh, conas foirgnimh a thógáil, agus chomh maith le sin, mhúinfí talmhaíocht, táilliúracht, fíodóireacht, gaibhneacht, agus siúinéireacht dóibh.

.

Ach ag caint ar na longa seoil úd, a sheol amach as Baja Chalafóirnia, ar an 9ú Eanair, sa bhliain 1769, agus é d’aidhm acu, bunáiteanna a ghabháil, agus a bhunú, i San Diego agus i Monterey, bhuel, shroich péire de na longa seoil úd San Diego, ar deireadh thiar, agus nuair a tháinig an sluaíocht mhíleata chomh fada leis an mbaile sin, fuair siad amach, gur bhuail an galar carrach na foirne, agus gur cailleadh 38 mairnéalach dá bharr. Ní raibh d’fhoireann fágtha ar an San Antonio ach ochtar, agus socraíodh ar í sin a chur ar ais arís go San Blas, i mBaja Chalafóirnia, le soláthairtí úra a bhailiú, agus freisin, le foirne a earcú, don dá long a bhí fágtha. Deineadh an cleas céanna leis na saighdiúirí, an dá scór acu, cuireadh iadsan ar ais go Baja Chalafóirnia, le soláthairtí, agus earcaigh nua a fháil ansin, agus bíodh gur ionsaigh Indiaigh iad, fan na slí, tháinig siad slán, cé gur maraíodh roinnt Indiach sa scliúchas sin.

D’éirigh leis an dá dhream, a mbunáit i mBaja Chalafóirnia a shroichint, agus d’éirigh leo freisin, soláthairtí úra, agus earcaigh, a fháil ansin, le tabhairt ó thuaidh leo, go San Diego. Ar ball, d’fhill idir mhairnéalaigh agus shaighdiúirí, maraon leis na sagairt, agus chuir Junipero Serra chun oibre, le Misean a thógáil i San Diego.

Sea, agus ba ansin i San Diego, a bunaíodh, in am tráth, an chéad Mhisean, den Mhisean is fiche a bhunódh na Proinsiascánaigh, fan chósta thiar Chalafóirnia sna blianta a bhí rompu amach. Ar an 16ú lá d’Iúil na bliana 1769 bhunaigh an tAthair Junipero Serra Misean San Diego de Alcala, ansin i San Diego, agus nil dabht ar domhan ach gur tógadh croí an mhisinéara dhiaganta dhilis sin nuair a bhi an chead cheim sin in aistear a shaoil, mar mhisinéir, tógtha aige, sa tír aduain iargúlta sin.

Ach b’fhéidir gur chóir dom stopadh ansin, don tseachtain seo, ach bí cinnte, go mbeidh tuilleadh le rá agam, faoi na Misin sin, sna seachtainí atá romhainn amach.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

.

.

A r na Misin .

R é a m h r á . 2 .

.

*********************

.

Ach ag caint ar na Spáinnigh, idir mhairnéalaigh, shaighdiúirí, agus sagairt, a d’fhill ar San Diego, faoi mar a mhinigh mé daoibh, sa ghála deiridh. B’iomaí sin rud a chuaigh ina gcoinne, sa bhfiontar sin, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Misean San Diego de Alcala a bhunú, agus a thógáil. Sea, bhí tús curtha acu leis an bhfeachtas iontach samhailteach úd, de chuid Rí, agus Ríocht, na Spáinne, feachtas misineach na Spáinne i Meiriceá Thiar, feachtas miseanach a d’fhéadfadh stair an domhain a athrú, dá n-éireodh leis a chuspóir samhlaíoch, aislingeach a chur i gcrích, go huile is go hiomlán, ach bhí síol a mhillte fréamhaithe i smior na gcnámh sa bhfís sin, ó thús, rud a chriog é, i ndeireadh na dála. Ach fágfaidh mé an scéal sin go fóill beag, agus fillimis ar na Misin.

.

Cén chiall atá leis an bhfocal, Misean, sa chomhthéacs seo?

Is é ciall atá leis nó séipéal breá, fairsing, ar an modh Spáinneach, agus chomh maith le sin, bhíodh na ceardlanna agus na saotharlanna éagsúla, seomraí na sagart, maraon le háiteanna cónaithe na nIndiach. Thóg na Spáinnigh Ceardaithe agus Tógáluithe oilte leo ó Mheicsiceo, nó ba leis an Spáinn Ríocht Mheicsiceo, ag an am, agus le cabhair ó na hIndiaigh, d’éirigh leo na foirgnimh bhreátha, ornáideacha, maisiúla sin, a thógáil agus a mhaisiú, foirgnimh atá ar an bhfód go dtí an lá atá inniu fhéin ann, lenár gcroíthe fhéin a thógáil lena n-áilleacht, lena neart, agus lena n-inspioraid.

Ba é a chuir na Spáinnigh rompu, a chéaduair, nó sraith de Mhisin a thógáil, fan chósta Chalafóirnia, ag síneadh ó San Diego, ó dheas, go dtí San Francisco, ó thuaidh, sa chaoi nach mbeadh na Misean sin níos fuide óna chéile ná turas lae. Bheadh sé d’aidhm ag chuile Mhisean acu sin, pobal baiste Indiach a bhunú, agus a thraenáil, i scileanna nua-aimseartha na Spáinneach, sa chaoi go mbeadh chuile cheann de na Misin sin féinchothaíoch, agus beag beann ar an saol mór amuigh. B’in é gnó na sagart, na bProinsiascánach, i ndáiríre, agus chuireadar chuige le flosc agus le fonn.

Ba é deireadh an scéil sin é, nó tar éis dóibh uilig San Diego a bhaint amach, chuir Junipero Serra roimhe Misean a bhunú ansin, an chéad Mhisean i gCalafóirnia.

Cén polasaí a bhí ag na Spáinnigh, chomh fada is a bhain sé le craoibhscaoileadh an Chreidimh, an ea?

Bhuel, níor baisteadh na hIndiaigh Chalafóirneacha úd dá n-ainneoin Tugadh múineadh agus teagasc dóibh sa Chríostaíocht, ach fágadh fúthu fhéin é, an chéim deiridh a thabhairt i dtreo an Chreidimh, ach chomh luath is a baisteadh iad, bhí orthu ansin, cur fúthu taobh istigh de thailte na Misean, agus géilleadh dá rialacha. Ar thailte chuile Mhisean acu freisin, bhí buíon saighdiúirí, mar adúirt mé cheana, iad gléasta i seircíní leathair, “soldatos de cuera” a thugtai orthu sa Spáinnis, toisc na seircíní leathair chéanna sin, agus ba é a ndualgas siúd. nó na Misin, gona sagairt agus gona gCríostaithe, a chosaint ar chuile namhaid. Agus ag caint ar na seircíní leathair úd, ba é a bhí iontu siúd nó seircíní déanta as sé, nó seacht, de shraitheanna leathair, le cosaint iomlán a thabhairt dóibh i gcoinne saighde na nIndiach, agus sin i dtír a róstfadh an diabhal fhéin, dá bhfanfadh sé amuigh faoi ghrian scalltach, bhruithneach, na tíre gile sin! D’iompair siad freisin, mar airm, sciath déanta as dhá shraith de chraiceann úr tairbh. Níor fágadh ag brath ar na hairm sin amháin iad, nó chomh maith leo sin, bhí siad oilte, sciliúil, in úsáid na sleá, an chlaímh agus an raidhfil, ar chuid dá n-airm freisin iad. Ba shaidhdiúirí ar dóigh iad na “soldatos de cuera” céanna sin, iad láidir, umhal, scafánta, agus iad ar na marcaithe ab fhearr ar domhan, ag an am. Seisear díobh a bhí ar dualgas ag chuile mhisin, agus ba leor an méid sin leis an Misean a chosaint ar ionsaithe na nIndiach, nó ar ionsaithe éinne eile, a mbeadh fonn air tabhairt fúthu. Feasta, ba chuid de Ríocht cumhachtach na Spáinne iad na hIndiaigh bhaiste sin. I gcás na saighdiúirí Spáinneacha úd, chuireadarsan fúthu i mbearaic speisialta, cóngarach don Mhisean, Presidió, a thugtaí ar an mbearaic chéanna sin. Bhíodh na saighdiúirí ar dualgas ansin, de ló is d’oíche, sa chaoi go bhféadfaí cosaint leanúnach a chur ar fáil do na Misin.

Anois, lean na Spáinnigh i mbun a bpolasaí i leith Chalafóirnia. Ghabh siad na tailte, bhunaigh siad Misin, tógadh Presidiónna, ó cheann ceann Chalafóirnia.

Ach i dtosach, bhí orduithe acu ó Rí na Spáinne, Rey Carlos a Trí, San Diego agus Monterey a ghabháil. Dá bhrí sin, nuair a bhí an chéad Mhisean bunaithe ag Junipero Serra i San Diego, chuir sé fhéin agus Gaspar de Portolá rompu, dul ó thuaidh, i dtreo Mhonterey. Mar sin, ar an 16 lá d’Aibreán na bliana 1770, sheol an tAthair Junipero ó thuaidh, sa long seoil Spáinneach, an San Antonio. Ar bord na loinge sin, thógadar leo chuile shaghas earra, a bheadh ag teastáil uathu, leis an dara Misean a bhunú, thart ar Mhorterey. Ag an am gcéanna, ghluais de Portolá roimhe ó thuaidh, freisin. Thóg sé leis, roinnt saighdiúirí, maraon le seachtar soldatos de cuera, agus roinnt oibrithe Indiacha freisin. Shroicheadar Monterey, seachtain sular ghabh an San Antonio cuan agus calafort, sa dúiche chéanna sin. Ar an 3u lá de Mheitheamh na bliana sin, d’ardaíodar an Chros Chéasta, agus chan an Veni Creator Spiritus, le beannacht Dé a ghuí ar an Misean nua, a bhí le bunú acu san ionad sin. Baisteadh San Carlos Borromeo de Monterey ar an Misean sin, agus ba ghearr go raibh roinnt botháin tógtha acu don Mhisean, agus do Phresidió na Soldatos, ach fuarthas amach, nach raibh an t-ionad sin ag Monterey oiriúnach do Mhisean, agus tar éis roinnt ama a chaitheamh ag cuardach, roghnaigh an tAthair Serra ionad oiriúnach don Mhisean sin, díreach ó dheas dhen bhaile Carmel, agus b’in an fáth ar deineadh an Misean sin a aistriú, agus a athbhaisteadh, mar Mhisean San Carlos Borromeo de Carmel, agus níor thóg sé ach sé mhí orthu séipéal, ionad cónaithe, stórais, cistin, agus falla cosanta, a thógáil. I gcás an Mhisin atá le feiceáil againn, sa lá atá inniu ann, níor tógadh an foirgneamh sin go dtí an bhliain 1791, agus ba é Lausén, comharba Junipero Serra a bhí i gceannas an Mhisin sin, ag an am, nó fuair Junipero bás sa bhliain 1784, agus chuir seisean roimhe Misean ar dóigh a thógáil ar an suíomh sin, agus chuige sin, chuir sé fios ar Mhanuel Ruiz, saor oilte Meicsiceach, leis an bhfoirgneamh a dhearadh. Bhí a shliocht air, nó bheadh sé deacair Misean níos áille ná Misean San Carlos Borromeo de Carmel, a fháil, ó cheann ceann Chalafóirnia, sa lá atá inniu fhéin ann, ná an Misean álainn úd a dhear agus a thóg an saor oilte céanna sin Manuel Ruiz. B’é an Misean céanna sin rogha Aspal Chalafóirnia fhéin, an tAthair Junipero Serra. Ach b’fhéidir gur leor sin don tseachtain seo. Bi cinnte go mbeidh mé chugaibh arís, an tseachtain seo chugainn, leis an Réamhrá seo a chríochnú, agus ina dhiaidh sin, tosóidh mé ag cur síos ar m’eachtraí agus ar m’imeachtaí, i dtír úd na gréine, i gCalafóirnia na gile. Bí liom ansin, agus siúlfaimid an tír sin, cois ar chois.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

.

.

A r n a M i s i n .

.

R é a m h r á …… 3 .

Ach, le filleadh ar scéal na Misean Calafóirneach, nuair a chríochnaigh mé gála na seachtaine seo caite, bhí dhá Mhisin bunaithe ag an Athair Junipero Serra agus ag a chomhleacaithe, an chéad cheann i San Diego, agus an dara ceann taobh le Carmel, agus cóngarach go maith do Chuan Mhonterey, faoi mar a bhí ordaithe ag Rí Fernando a Trí, na Spáinne.

Bhuel, bhí tús maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasaí a Rí a chur i gcrích. Bhí Misin á dtógáil acu, agus Indiaigh á dteagasc, agus á n-oiliúint acu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó lean siad leo ar a míle dhícheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh. Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre arís, agus Misean eile á thógáil acu, i ngiorracht trí mhíle is fiche do King City. San Antonio de Padua a bhaisteadh mar ainm ar an dtríú Misean seo, agus ba é Junipero Serra, arís, a bhí i mbun an ghnó, san ionad nua seo. Ar ball, d’imigh Serra, ach má dhein, d’fhág sé beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa dúiche sin.

An bhliain chéanna sin, tógadh Misean nua eile, i San Gabriel, deich míle soir ó Downtown Los Angeles. B’as Cordoba na Spáinne an sagart a thóg an Misean seo, agus fear a raibh a chroí sáite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc Múrach é ó thús, agus ní shásódh aon rud é, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shníomh isteach i dtaipéis Mhisin San Gabriel Arcángel. An bhliain dár gcionn, bhí fiontar nua idir chamáin acu, i San Luis Obispo, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gcúigiú Misean a thógáil. Díon tuí a bhí acu ar an Misean sin, a chéaduair, ach nuair a tháinig buíon Indiach namhadach aniar aduaidh orthu, tuigeadh dóibh, nárbh fhál go haer é laige na tuí mar dhíon, nó chuireadar rompu láithreach ar tíleanna rua, tinedhíonacha, na Spáinne a oibriú ar an toirt, agus nuiar a chuireadar díon nua tíleanna ar an Misean sin i SLO, mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, níor bhaol dóibh feasta saigheada lasánta na nIndiach.

Nuair a thángthas, i ndáiríre, ar chuan Shan Francisco, socraíoch ar dhá Mhisean agus Presidió, a bhunú sa dúiche sin. Cé gur ainmníodh an chéad Mhisean ansin in onóir do Phroinsiais fhéin, ach toisc gur thángthas ar ionad an Mhisin sin, ar Lá Fhéile Mhuire na nDólás, baisteadh, Dolores, de ghnáth, mar ainm ar an Misean sin. Sa bhliain 1776, a tógadh an Misean sin. Tógadh Misean ollmhór eile an bhliain chéanna sin, agus b’in Misean San Juan Capistrano. Ach ó tharla gur scríobh mé alt anseo, i mBéal an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta ó shoin, ní bhacfaidh mé le tuilleadh a rá faoi anseo, ach amháin a rá, gur glé, glas, a fhanann cuimhne an lae úd a chaith mé sa Mhisean sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus faoin spéis sna Misin a mhúscail mo sheanchara ó Vista, Gearóid Mac Amhlaoibh, ionam, an lá céanna sin, nó b’eisean a bhí mar threoraí againn an lá álainn úd, i Meán Fómhair na bliana sin, 1988.. Ach, fillimis ar an scéal…..

Leanadh leis an obair tógála, agus teagaisc, agus traenála, uaireannta, go mall réidh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia á rá leo. Tógadh Misin ar baisteadh na hainmneacha áille Spáinneacha sin uilig orthu, fan chósta thiar Chalafóirnia, ó San Diego go San Francisco, fan an 650 míle sin, a shíneann idir an dá chathair áille sin, agus fan an Bhealaigh Mhóir úd, an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, a cheanglann an dá chathair sin dá chéile. Ach breathnaigh ar na hainmneacha áille Spáinneacha sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag…Santa Clara de Asis; San Jose; San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arcángel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez; San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano.

Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar éis dóibh breis is leathchéad bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, bhí Misean is fiche tógtha acu, fan chósta Chalafóirnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa dó, sea, agus an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.

B’iontach go deo mar a d’éirigh leis na Misin chéanna sin aidhmeanna an Rí, Fernando a Trí, a chur i gcrích, agus taobh istigh de leathchéad bliain, d’fhéadfá a rá go raibh Iarthar Chalafóirnia uilig tagtha faoi anáil agus faoi chumhacht na Spáinne. Ní hamháin go raibh na Proinsiascánaigh tar éis na Misin uilig sin a thógáil, agus go raibh na mílte agus na mílte Indiach á dteagasc, agus á mbaisteadh acu, ach ag an am gcéanna, bhí na Misin chéanna sin ag éirí saibhir, ó bhliain go chéile, nó bhí olltréada bó agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, á dtógáil as éadan acu, ar na rainsí móra talún a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin arís, bhí an talamh mhéith á saothrú go sciliúil ealaíonta, acu, sa tslí go raibh barraí de chuile chineál á gcur, agus á mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana. Ní gá a rá, gur thóg na Spáinnigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limistéar sin leo, agus gur múineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, thógadar isteach leo na bealaí ab éifeachtaí, le talamh a uisciú, agus b’in an rud ba mhó a bhí ag teastáil ó thailte Chalafóirnia, le fásaigh na dúiche sin a chur faoi bhláth. Agus sin, gan tagairt a dhéanamh, in aon chor, don méid a bhí á dhéanamh, agus á tháirgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bhí ag obair faoi lán tseol, i ngach Misean acu! Ach céard faoin saibhreas uilig sin?

Anois, bhí móid bochtaineachta ag na Proinsiascánaigh, agus dá bhrí sin, ní fhéadfaidís-sean aon úsáid phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bhí a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab’ eol do chách, ba é a gcuspóir, nó únéireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheidís-sean oilte i gceart acu chuige sin. Bhuel, bhí pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Críostaíochta, ar an modh Spáinneach. Bhíodar breá síochánta, tríd is tríd, ach caitheadh leo, faoi mar ba pháistí, no nóibhísigh! iad. Níor tugadh deis dóibh bheith freagrach ina ngníomhartha fhéin, nó tuigeadh do na Padres, nach raibh an t-am chuige sin tagtha fós. B’in an laige ba mhó a bhí i gcóras na Misean Spáinneach úd áfach, agus b’in é ba chúis lena dtreascairt, i ndeireadh na dála. Shroich na Misin buaic a réime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bhí siad tosaithe, cheana féin, ar bheith ag dul i léig. Ach b’in é díreach an tráth ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Spáinne, iad ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dóibh fhéin, agus an ruaig a chur ar na Spáinnigh. Bhain na Meicsicigh a neamhspleáchas amach, sa bhliain 1821, agus ón bpointe sin amach, fágadh Calafóirnia Spáinneach ar an mblár folamh, gan súil ar bith acu feasta leis na longa Spáinneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, ó San Blas, i Ríocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann tú le sin, nach raibh aon réamhullmhúchán déanta ag na Spáinnigh, le Ríocht, nó Cumhacht, Indiach, a bhunú fan chósta Chalafóirnia, ní thógfadh sé Aireasteatal fhéin, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.

Dá dtabharfaí ceannas, de réir a chéile, fiú, do na hIndiaigh, ó thús an naoú haois déag, chuile sheans, go n-éireodh leo teacht saor, ach ba é a tharla, nó go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dhíeaglaisiú, sa bhliain 1833. Cuireadh an ruaig ar na Proinsiascánaigh ina dhiaidh sin, agus fágadh na hIndiaigh bhochta gan cheannairí, nó ní raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na sagairt, ní raibh scileanna an neamhspleáchais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mionéan orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bhí ar shaothar ollmhór na bProinsiascánach, i meach na nIndiach Calafóirneach úd, idir na blianta 1769 agus 1833. Ach ag an am gcéanna, fanann a bhfís, agus a bhfoirgneamh, linn, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá na Misin áille sin, deisithe, athnuaite, agus athchóirithe, ag Caitlicigh, agus ag údaráis sibhialta, an fichiú haois, agus ní beag nó suarach an toradh agus an oidhreacht é sin, ó ré órga na Misean, i dtír úd na gréine gile.

B’fhéidir gurb é sin an ceacht a mhúineann oidhe na Misean Calafóirneach dEaglais an lae inniu.

Cén ceacht, an ea?

Go gcaithfear freagracht i bhfás agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuataí, chomh luath géar is a chuirtear faoi láimh an Easpaig iad. Níor chóir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagairí. Má dhéanann, beidh an cluiche caillte, sul má thosaíonn sé.

Is dócha nár chóir dom aon chosúlacht a fheiceáil idir scéal na Misean Calafóirneach úd, agus scéal na hEaglaise Caitlicí, anseo i dtír seo na Naomh is na nOllamh, ach b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá, gur coinníodh a liathróid ró-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s’againne, agus nár tosaíodh ar roinnt na cumhachta sách luath, inár measc, agus b’fhéidir go bhfuil muid ag íoc go daor as an bhfaillí sin, i láthair na huaire seo. Agus más uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as scéal na Misean úd, b’fhéidir gur chóir dúinn díriú anois fhéin, ag an nóimead deiridh, ar tuilleadh, agus tuilleadh fós, freagrachta, a thabhairt dár dtuataí.

Le críoch a chur le scéal na Misean, is dócha gur chóir a lua, gur ghabh na Stáit Aontaithe Calafóirnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na Stáit sin, na Misin a thabhairt ar ais dá bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a atógáil, agus a athchóiriú, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh hálainn is a bhí siad ó thús, geall leis, agus ní hé sin amháin é, ach úsáideann na pobail chéanna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Gura fada a leanfaidh cúrsaí amhlaidh.

Bhuel, is dócha gur leor sin mar Réamhrá don tsraith aistí seo, faoin tréimhse sin a chaith mé, ar na mallaibh, ar fán i measc Mhisean Chalafóirnia, agus mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as a stair, agus as a scéal, i bhfás agus i bhforbairt na tíre saibhre sin. Ach níor chóir an milleán uilig a leagan ar na Spáinnigh, nó is dócha go rabhthas ag súil leis an iomarca ó Indiaigh Chósta Thiar Mheiriceá, ag an am sin. Bhíothas ag súil go bhféadfadh siad a gcultúr, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a stíl bheatha, a athrú, ó bhonn, taobh istigh d’achar gearr, agus go bhféadfaidís iompú ina Spáinnigh oilte, sciliúla, san achar gearr, inar tháinig siad faoi anáil na Spáinneach céanna sin, agus b’fhéidir nár deineadh aon ró-iarracht, ar an gcreideamh nua Críostaí a nódú ar spioradáltacht dúchasach a muintire. An chéad bhabhta eile, tá mé ag ceapadh, go mbeadh sé spéisiúil, a fháil amach, cé mhéad den tionchar Spáinneach, agus de thionchar na Criostaiochta, a fuair siad mar oidhreacht ó na glúnta a d’imigh rompu, a mhaireann fós i measc na gciníocha Indiacha céanna sin? San idirlinn, caithfidh muid bheith sásta leis an méid sin.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

       .

.

gaGaeilge