le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
` I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
Leabhar spreagúil
Léim an Dá Mhíle……………………………………………..2009
Le
Pádraig Ó Fiannachta…………………………………….€10.00
.
Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann acu thall, agus an ceann eile abhus, atá an sagart dáiríreach seo, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Caitheann sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil, ar úire agus ar ghlaise an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúchair bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear na Gailíle.
Críost linn
Chuir sé spéis i ndán le Micheál de Liostún, a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin sin nó…
“Rugadh Íosa in Áth Dara.
Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”
Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe an Iarthair, breis is an deich mbliana is trí scór ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach.
Dhá Mhíle Bliain!
Léim an dá mhíle bliain, ó thús na mílaoise seo, siar go dtí laethe Chríost, (No is mar cheiliuradh ar an Mílaois a cumadh an saothar seo a chéaduair.) Níl sa Léim sin i ndáiríre ach cupla truslóg, adeir an tAthair Pádraig linn.
Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar Uí Fhiannachta. Saothar an tsagairt ar chlé, agus saothar Natalie ar dheis. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.
Turas chun an Tobair
Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán a bhualadh chun an tobair dhothaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?
Ach b’fhéidir gur chóir dom tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.
I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraig ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, agus ní taise don iarracht seo é.
Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.
“Ní os comhair an tsáipéil
A bhí Críost ag caint an lá úd
Ach thiar ag Bun Calaidh
Agus amuigh ar Cheann an Ché….”
Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea a mbunús. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid is a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní fhaca siad i rith na hoíche sin, agus anois bhí siad tagtha i dtír, suncaithe, sáraithe.
Ba ghearr gur thuig Íosa go bhféadfadh sé labhairt leis an slua, dá dtarlódh amuigh i mbád Shíomóin é.
Seanmóir á thabhairt
D’iarr sé ar Shíomón teacht i gcabhair air sa mhéid sin. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.
Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir é mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne siad mar adúradh leo, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…
“Na báid lán agus na líonta slán.”
Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.
Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.
Clabhsúr
Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.
“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,
“Agus canaimis an Hallel.”
B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe fánacha ar Léim an Dá Mhíle.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Blood Brothers……………céadchló……………….2010
By
Josephine Cox…………………………………………€17.50
Ar mhaithe leis fhéin!
De thimpiste a tháinig mé ar an leabhar seo, ar na mallaibh. Caithfidh mé a admháil nár léigh mé tada leis an údar seo, cheana, ach dúradh liom, go mba scróbhneoir ar dóigh í, agus rinne mé rud ar an té a thug an chomhairle sin dom, agus chuir mé romham tabhairt faoin leabhar mór toirtiúil seo a léamh, nó tá breis is ceithre chéad leathanach ann, agus seacht gcaibidil déag, ó chlúdach go clúdach.
I mBlackburn Shasana a rugadh agus a tógadh an banúdar cáiliúil seo, agus dár lena lán, go bhfuil a cuid scéalta bunaithe agus léirithe aice, ar mhuabhrat ildathach na beatha. Féach mar adeir an t-údar fhéin faoin chaoi a bhfuil sí faoi gheaa ag ceird seo na scríbhneoireachta:-
“I could never imagine a single day without writing. It’s been that way since as far back as I can remember”
Bhail! Tá a chuma sin uirthi, nó níl dabht ar bith ann ach go bhfuil cumas scéalaíochta neadaithe go smior na gcnámh inti.
Cnámha an scéil
Ach, céard faoin scéal fhéin?
B’fheirmeoirí iad Tom agus Nancy Arnold, beirt a d’oibrigh go crua dícheallach chuile lá dá saoil. Thóg siad beirt mhac, beirt, ar bheag an chosúlacht a bhí acu lena chéile, nó ba dhuine cam, leithleach, brúidiúil, é Frank, agus ba dhuine deas, séimh, comharnúil é Joe. Sa chomharsanacht chéanna mhair clann eile, muintir Jacobs, dream a bhí i bhfad níos deisiúla na muintir Arnold, ach dá ainneoin sin, ba le Frank Arnold a thit iníon mhuintir Jacobs, Alice, i ngrá. Bhí Frank lán tsásta lena mhargadh, nó tuigeadh dó, go mbeadh airgead mhuintir Jacobs taobh thiar de, agus go gcuirfeadh sin ar a chumas feirm ar dóigh a cheannacht, ar ball. Ba thomhas é sin ar mhéid a ghrá do Alice Jacobs! Ar deireadh, tháinig an lá a raibh lámh agus focal eatorthu, agus ar an ócáid sin, thit Joe, an mac eile, i ngrá le Alice, ach ó thuig seisean cúrsaí, shocraigh sé glanadh leis amach as an áit, le deis a thabhairt dá dheartháir Frank, a aire iomlán a dhíriú ar Alice.
Cuireadh ainm ar an lá
Ar ball, cuireadh ainm ar an lá, agus tugadh cuireadh do Joe filleadh abhaile, le go seasfadh sé lena dheartháir ar ócáid a phósta. Bhí go maith. Deineadh sin agus bhí chuile shocrú déanta, agus chuile shórt reidh acu, ach, ar an oíche roimh an pósadh, tharla go raibh Joe ag tabhairt aire do cholúr gortaithe, amuigh sa scioból, agus cé thiocfadh isteach sa scioból ag an tráth cinniúnach sin ach Alice. Bhuel! Ba ghearr gur tuigeadh don bheirt acu conas mar a bhí cúrsaí eatarthu. Tuigeadh do Alice go raibh botún ollmhór á dhéanamh aici, agus go raibh sí leis an bhfear contráilte a phósadh, agus tuigeadh do Joe, go gcaillfeadh seisean grá a chroí. Bhail! An gá dhom pictiúr a tharraingt daoibh? Tharla ar tharla! Ach ag an am gcéanna, tuigeadh don bheirt acu, nach raibh an dara rogha acu, ach Plean A a chur i gcrích. Ach, bíodh gur cheap mo bheirt nach bhfaca éinne iad, “in flagrante”, mar adéarfá, ach bhí breall orthu, agus níos measa fós, tugadh leide do Frank faoi mhí-dhílseacht na beirte.
Chuathas ar aghaidh leis an bpósadh áfach, agus oiche sin na bainise, agus an lánúin nuaphósta ag caitheamh na hoíche sin i dteach scoite, in áit iargúlta, bhain Frank a dhíoltas amach, agus é ag iarraidh ar Alice bhocht ainm an fhir a insint dó. Ba bheag nár mharaigh sé í, mar nuair a bhí Frank críochnaithe lei, ní raibh inti ach an dé, ach bhí a raibh uaidh, faighte amach ag Frank. Go gairid ina dhiaidh sin, d’ionsaigh an Frank céanna Joe agus a athair freisin, agus ba bhocht an bhail a bhí orthusan nuair a bhí sé críochnaithe leo.
Cábla ildualach
Ag an bpointe sin, chuaigh Frank ar a choimeád, agus chuaigh an triúr eile chun an ospidéil. Scathamh ina dhiaidh sin, fuair Alice amach go raibh sí ag iompar cúpla. Cérbh é an t-athair? Frank nó Joe? Agus céard a tharla ina dhiaidh sin?
Bhuel, níl fúm an chuid eile den scéal corraitheach seo a insint dhuit anseo, ach tá mé ag ceapadh, go bhfuil seans maith ann, go mbainfeá fhéin taitneamh, agus toit, as an scéal corraitheach seo a léamh dhuit fhéin, ó thús deireadh, féachaint cén chaoi ar éirigh leis an údar snáitheanna uilig an phlota a fhí ina chéile le cábla taitneamhach mealltach, ildualach a shníomh astu.
Súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad.
“Séimí” ar an Warpath!
Thíos sa Smugairle Róin isea bhíomar, mé fhéin agus Séimí a’ Droichid, an oíche faoi dheireadh. Istigh i gcailleach* dheas, teolaí, a bhíomar, agus muid ag iarraidh cúl a chur ar an tart diabhalta a bhí dár gcrá, an oíche chéanna sin. Bhí clár á chraoladh ar an raidió póca, taobh linn, agus láithreoir aithnidiúil ar a dhícheall, ag iarraidh cos i bpoll a chur le clú pholaiteoir áirithe. Chuir Séimí s’againne cluas le héisteacht air fhéin. Tháinig muc ar gach malainn leis, Dhearg sé suas go bun na gcluas, agus ansin, thug rúid faoin raidió beag, gur chaith sé i gcoinne an fhalla é, rud a chuir deireadh obann le hionsaí úd an láithreora sin!
“Níl bealach ar bith eile le fios a bhéasa a mhúineadh do na dailtíní sin, nó ní thuigeann siad tada eile ach cumas an éisteora le srian a chur orthu, agus gobán a chur iontu.”
Free Speech ?
“Ach a Shéimí, nach gceapann tú go bhfuil sé de cheart ag na láithreoirí céanna sin a dtuairimí a nochtadh ar an ngléas sin?”
“Tá, agus níl. Cinnte níor chóir d’éinne a gcead cainte a bhaint díobh, ach ag an am gcéanna, ní thugann sin cead dóibhsean a rogha rud a rá, nó caithfidh siad cearta na n-éisteoirí a cur san áireamh freisin, agus tá de cheart ag an éisteoir nach gcuirfeadh an láithreoir a ladar isteach in ábhar atá thar a thuiscint. Nach minic a chloiseann tú láithreoir acu ag spalpadh leis faoi chúrsaí Creidimh, abair, agus é soiléir don dall fhéin, nach bhfuil tuiscint dá laghadh aige ar an ábhar céanna sin. Sea, agus chomh maith le sin, nach minic a chloiseann tú fear acu ag tabhairt faoi pholaiteoir eicínt, nó faoi Pháirtí Polaitíochta áirithe, agus iad ag iarraidh a gclú agus a gcáil, a mhilleadh agus a bhascadh, beag beann ar an bhfírinne, nó ar dhearcadh an phobail.”
Cut and Thrust!
“Ach, a Shéimí, nach cuid den saol é sin, na laethe seo, agus nach saibhríonn sé beatha an phobail na smaointe úd uilig a chur i mbéal an phobail? Agus nach bhféadfá a rá nach bhfuil ann ach an “Cut and Thrust” úd, a mbíonn Mártan an Tairbh ag spalpadh faoi chuile bhabhta”
“Thabharfá cead do na boicíní sin ionsaí dá leithéid a dhéanamh ar na Teachtaí a thoigh an pobal s’againne i dtoghchán, agus a fhios ag an saol mór nach bhfaigheadh na boicíní céanna sin mórán vótaí, dá raghadh siadsan san iomaíocht, lá an toghcháin. Tá de cheart acu díospóireacht a chur ar bun faoi na cúrsaí sin, ach má tá fhéin, tá dualgas orthu an dá thaobh den scéal a leagan os comhair an phobail, agus sa tslí chéanna, bheifeá ag súil go dtabharfadh siad Cothrom na Féinne do Chreideamh ar bith a ndíreodh siad aghaidh a gcraois air.”
“Ach, nach ndéanann siad a leithéid? a Shéimí.”
You’ve got to be Joking!
“Ag maghadh fúm atá tú, an ea? Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin go bhfuil láithreoirí áirithe ansin, agus nach sásaíonn tada iad chomh maith le hionsaí a dhéanamh ar Chaitlicigh, ach go háirithe.”
“Ach nach bhfuil na hionsaithe céanna sin tuillte,. agus tuillte go maith, uaireannta, ag an eagraíocht chéanna sin?”
“B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir aris, nach bhfuil, ach an dtugann sin lánchead do na láithreoirí a luaigh mé thuas, a racht a ligean uirthi? Céard faoi Chothrom na Féinne? agus céard faoi sheans cothrom a thabhairt don eagraíocht sin, a taobh fhéin den scéal a chur i láthair, agus a clú a chosaint, os comhair an phobail?”
“Ach, cheap mise go dtugtar lánchead don eagraíocht chéanna sin a taobh fhéin de chuile scéal, a chur inár láthair.”
A Terrorist ?
“An raibh tú ag éisteacht leis an gclár, ar na mallaibh, inar cuireadh Íosa Críost fhéin i gcomparáid le sceimhlitheoir, agus a fhios ag chuile dhuine nár dhuine dá leithéid é. An raibh éinne eile ansin, ar an gclár, leis an dtaobh eile den scéal a chur inár láthair? Bí cinnte nach raibh. Ní raibh srian ar bith ar an láithreoir céanna sin, ach lánchead aige, a rogha rud a rá faoi, rud a chuirfeadh mí-shásamh, agus fearg, fiú, ar Chríostaithe. Níor chóir dealbhbhriseadh dá leithéid a cheadú ar chlár ar bith, nó tá eisteoirí amuigh ansin, a bhfuil a gcroí sáite san Eaglais chéanna sin.
Ach, an bhfeiceann tú an clog? Tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh. Maróidh Naipí mé! Slán go fóill.”
Chuir mé fhéin mo bheannacht leis, go dtí an chéad bhabhta eile. Agus mar a fheiceann tú, bíonn a chiall fhéin ag Séimí s’againne.
( * cailleach = snug )
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Spiorad na Nollag 2
Peadar Bairéad
(To continue the Christmas spirit, we view some further Christmas verse)
.
Aodh Mac Aingil
.
Leag mé béim ar leith i mbliana ar an méid a chuir na filí s’againne le ceiliúradh na Nollag in ár measc anseo in Éirinn. Rinne mé athlua ar véarsaí le Máirtín Ó Direáin, le Máire Mhac an tSaoi, agus le hEoghan Ó Tuairisc, le sin a léiriú. Anois, déanfaidh mé iarracht ar thionchar na Nollag orm fhéin a léiriú in alt na seachtaine seo, le fad eicínt a chur le ceiliúradh seo an Dá Lá Dhéag. Ach, mar thús, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do dhán beag le hAodh Mac Aingil, an diagaire cáiliúil Gaelach sin, a rugadh i gContae an Dúin sa bhliain 1571, agus an té a scríobh ‘Scathán Shacraimint na hAithridhe.’ Bhásaigh sé sa bhliain 1626, tar éis a cheaptha mar Easpag ar Ard Mhacha. Seo mar a chuir seisean é….
A Naoidhe Naomh.
Dia do bheatha, a naoidhe naomh,
isin máinséar cé taoi bocht,
meadhrach saidhbhir atá tú
‘s glórmhar id dhún féin a-nocht.
.
A Mhuire, a mháthair, a ógh,
oscail doras an chró dhamh
go n-adhrainn ardrí na ndúl –
Nach córa dhúinn ná do dhamh?
,
Ach féach ar an véarsa álainn, cráifeach, seo as an ndán céanna sin…..
An t-asal fós is an damh
ní leigfead ingar dom rígh;
do-ghéan féin a n-áitsin dó –
asal mé is bó Mhic Dé Bhí.
Sílim go mbeadh sé deacair spioradáltacht, nó dáiríreacht an dán Nollag seo a shárú, nó téann an file go croí an ábhair le gach áladh focal a léimeann ó ghob a chleite san iomann Nollag sin.
Nós Nollaigiúil
Ach le críoch a chur leis an bpíosa seo, b’fhéidir gur chóir dom véarsaí Nollag, dem chuid fhéin, a shníomh isteach, i ngan fhios, anseo. Faoi mar a luaigh mé cheana, bhí de nós agam, le blianta fada, tabhairt faoin Nollaig a cheiliúradh trí cupla véarsaí a chur i dtoll a chéile don ócáid. Seo thíos dán a chum mé tamall de bhlianta ó shoin.
Breith sa Stábla
Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,
Is cálóga bána anuas,
Mar bhrat glan, naofa, glégeal,
Ag folach dúinn brúscar is smúit.
.
Ach istigh im chroíse, le díograis,
Ullmhóidh mé máinséar, le dua,
Is glanfaidh mé brúscar na mblianta
As seanstábla m’anama chrua.
.
Beidh an máinséar sin ullamh, glan, néata,
Um Nollaig, is an sneachta ar lár,
Is fágfaidh mé doras mo chroíse
ar laiste, is gan glas air go lá.
.
Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,
Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,
Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,
Is ag folach dúinn peaca is buairt.
Sin agaibh anois cuid na bliana seo, agus is é mo ghuí-se dhaoibh anois, nó…..
Go mbeirimid uilig beo ar an am seo arís.
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Do chéad fáilte isteach!
Ó tharla nár casadh mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, orm le scathamh, bhí mé ag ceapadh, go mb’fhéidir nach raibh an fear bocht ar fónamh agus shocraigh mé ar bhualadh isteach chuige i ndiaidh an dinnéir, an lá cheana. Bhuail mé ar an doras, agus nach orm a bhí an t-ionadh nuair a d’oscail Séimí fhéin an doras dom.
“Do chéad fáilte chun an tí seo,” ar seisean, “tar isteach láithreach, agus cuir feoil ar an gcathaoir sin thall”
Rinne mé rud air, ar an bpointe, nó tuigeadh dom go raibh rud eicínt ag dó na geirbe ag an bhfear bocht, nó bíodh gur fáiltigh sé romham go croíúil, fial cairdiúil, ag an am gcéanna, cheap mé go raibh sé ábhairín beag mílítheach san aghaidh.
Any News?
“Tá súil agam go bhfuil tú go maith? arsa mé fhéin, chomh luath is a bhí mo thóin socraithe ar chaohaoir dheas, bhog, ar bhruach an tinteáin.
“Dheamhan cailleadh ar bith orm, taobh amuigh den diabhal slaghdáin seo, atá dom’ chrá le coicíos anois.”
“Dona go leor,” arsa mé fhéin, “ach le breathnú ort, ní cheapfadh duine ar bith go raibh clóic ort. Ach an bhfuil aon scéal nó scuan nua agat nó is fada anois ó bhí deis seanchais nó scéalaíochta againn?”
“Dheamhan scéal nó scuan agam, taobh amuigh de na scéalta faoi’n Rialtas s’againne, scéalta a mbíonn na meáin lomlán díobh, na laethe seo.”
“Cad iad na scéalta atá i gceist agat ansin, a Shéimí?” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh scéal eicínt a mhealladh uaidh.
A day is a long Time…..
“Cúrsaí Polaitíochta atá i mbéal an phobail, na laethe seo. Toghcháin mhaide á reachtáil do lucht na meán, féachaint cén tacaíocht atá anois ag na Páirtithe éagsúla Polaitíochta, agus le féachaint freisin, cé hé rogha na coitianta, na laethe seo.”
“Agus cén toradh a bhí ar na toghcháin mhaide sin, nó ar tháinig aon athrú suntasach ar dhearcadh an phobail, ó aimsir an olltoghcháin i leith?”
“D’fhéadfá a rá gur tháinig, nó chaill Páirtithe an Rialtais, cé’s moite de na Glasaigh, chaill siad tacaíocht, agus fiú, chaill an Taoiseach fhéin cuid dá thacaíocht, sa toghchán maide sin. Agus ar an dtaobh eile den scéal, d’éirigh le Fine Gael, agus leis an Lucht Oibre, cur go maith lena dtacaíocht-san.”
What caused the change?
“An bhfuil aon tuairim agat a Shéimí, céard ba chúis leis na hathruithe suntasacha céanna sin, nó an bhfuil aon tábhacht ag baint leo?”
“Caithfear a admháil, go bhfuil tábhacht ag baint leo, agus más rud buan atá i gceist againn sna hathruithe sin, bhuel, ansin, níl dabht ar domhan ach go bhfuil an-tábhacht ag baint leo.”
Ach, nach mar sin a bhíonn i gcónaí. Nach dtugtar léasadh do pháirtithe an Rialtais, i dtoghcháin mhaide dá leithéid, chuile bhabhta, geall leis?”
“D’fhéadfadh cuid den cheart a bheith agat sa mhéid sin, ach ar an dtaobh eile den scéal, caithfear a chur san áireamh, go raibh cúiseanna áirithe, cinnte, leis na hathruithe céanna sin.”
“Cheap mise nach raibh ann ach daoine ag iarraidh nuachtáin a dhíol, trí scéal mealltach dá leithéid a chur i mbéal an phobail, go rialta.”
“ Uaireanta, ní bhíonn ann ach sin, ach an babhta seo, déarfainn go raibh cúiseanna tromchúiseacha, thairis sin, le dearcadh agus breith an phobail. Tharla, ar na mallaibh gur baineadh tuislí as an Rialtas, ar ócáidí áirithe. Má bhreathnaíonn tú ar an gcaoi ar láimhseáil siad Fadhb na Sionainne, agus an chaoi ar lig siad do Aer Lingus feidhmiú, beag beann ar leas an phobail. Níl dabht ar domhan, ach gur láimhseáil an Rialtas an fhadhb sin go tútach, amscaí, míchúramach.
Driving too!
Féach freisin ar cheist na gceadúnas tiomána, agus an phraiseach a deineadh den gceist chéanna sin. Nílim á rá nár cheart don Aire déanamh mar a rinne, ach táim ag maíomh, nach raibh an obair bhaile déanta go cruinn, cúramach, roimh ré aige, faoi mar ba chóir a dhéanamh i gcás dá leithéid.
Ní dóigh liom, go bhféadfaí a mhaíomh, go bhfuil an pobal s’againne sásta le leagan amach na nOspidéal faoi láthair, ach oiread. Níl ón té atá tinn ach leigheas, agus ní féidir sin a chur in áirithe dó, má tá lucht na nOspidéal ag breathnú, an t-am ar fad, ar an mbunlíne.”
“Is dócha go gcuirfeadh na cúrsaí sin isteach ar phobal ar bith, ach an bhfuil cúis ar bith eile ann, le torthaí na dtoghchán maide a mhíniú?”
That last Straw!
“Bí cinnte go bhfuil, agus tromchúis freisin. Sea, agus seo an t-asal sa pharlús! Is dócha gur chuir an t-ardú pá a bhronn an Rialtas orthu fhéin, agus ar roinnt eile freisin, ar na mallaibh, is dócha gur chuir sé sin déistean ar roinnt mhaith daoine, agus cuir le sin, an chaoi ar labhair an Taoiseach faoi na cúrsaí sin, nuair a cuireadh faoi agallamh é ar an Teilifís. Nuair a cuireadh ar a shúile dó, go raibh ioncam níos airde aige anois ná mar a bhí ag Uachtarán na Fraince, nó ag Príomh-aire Shasana, nó fiú ag Uachtarán Mheiriceá fhéin, rinne sé beag is fiú den scéal, trí thagairt a dhéanamh don chaoi a raibh aras luachmhar faoi leith, (an Teach Bán, Uimhir a Deich Sráid Downing, agus Chequers, agus Palás Uachtarán na Fraince,) ag na ceannairí thuasluaite, mar chuid dá dtuarastal! Cheapfá uathu uilig nach bhféadfaidís diultú don ardú neamhoiriúnach seo! Nach acusan atá greim ar shrianta na cumhachta?”
“Ach, an bhfeiceann tú an t-am?” arsa mé fhéin, nó thug mé faoi deara, go raibh Séimí bocht ag éirí tuirseach agus corraithe. “Tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh. Oíche mhaith agat anois, a Shéimí.”
“Slán abhaile” arsa Séimí, dom fhreagairt, ach níor dhein sé aon iarracht mé a choinneáil scathamh eile, faoi mar a dhéanfadh, de ghnáth..
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Saol an mhada bháin! an ea?
Cine Carthannach
Níl dabht ar domhan ach gur dream carthannach, cabhraitheach iad na hÉireannaigh. Le fírinne an ráitis sin a chruthú, níl le déanamh againn ach breathnú ar an gcaoi a thagann siad i gcabhair orthu siúd a dtiteann crann na tubaiste anuas orthu, cuma cén cúinne den chruinne ina gcónaíonn siad. Breathnaigh ar an gcaoi ar chabhraigh siad leis na daoine úd ar chriog an Súnaimí, tamall ó shoin, iad, agus ní hamháin go raibh siad sásta airgead a chur chucu, ach d’éirigh leo freisin, earraí riachtannacha a sheoladh ina dtreo, sea, agus fiú nach raibh roinnt áirithe daoine réidh le taisteal chomh fada leo, le lámh chúnta a thairiscint dóibh, in am a ngátair. Smaoinigh freisin ar an gcrith talún úd a tharla sa Domhan Thoir, tamall ó shoin. Arís, deineadh chuile dhícheall anseo ar theacht i gcabhair ar na créatúir úd a cuireadh ó theach is ó dhídean, de thairbhe an chrith talún chéanna sin. Léiritear meon cabhraitheach ár bpobail freisin, sa chaoi a théann na céadta misinéir amach as an dtír s’againne, lena ndúthracht, agus lena laethe uilig, a chaitheamh is a ídiú, i seirbhís na n-eachtrannach. Sea, agus cá bhfágfaimis ár bhfórsaí slándála, a liostálann, dá ndeoin fhéin, le tréimhse áirithe a chaitheamh thar sáile, ag iarraidh an réiteach a dhéanamh, agus a choinneáil, i bpobail a bhíonn in adharca a chéile.
Fíor dhuit!
Ghlacfadh duine ar bith le fírinne an mhéid sin, agus ní hé sin amháin é, ach bheadh orainn a admháil freisin, go gcaitheann an tír seo go fial flaithiúil leo siúd a thagann ar imirce isteach chugainn, nó cuirtear idir dhíon agus dhídean, idir chothú agus chúnamh, ar fáil anseo dóibh más tearmann atá uathu, agus cuirtear obair oiriúnach ar fáil dóibh siúd a n-éiríonn leo ceadúnas oibre anseo a fháil. Caithfear glacadh leis, áfach, nach féidir le tír bheag, cosúil le tír seo na hÉireann, díon agus dídean a chur ar fáil do chuile dhuine a thagann á lorg.
Céard faoin ndream s’againne?
Ach, má ghlacann muid leis an méid sin, agus má thugann muid an chreidiúint chuí do Rialtas agus do mhuintir na tíre seo dá bharr sin, ag an am gcéanna, caithfimid an tsúil eile a chaitheamh ar dhream atá i bhfad níos cóngaraí dúinn ná na dreamanna a luaigh mé thuas. Ár Lucht Taistil fhéin, an dream úd a fheiceann muid uilig ag cur fúthu amuigh ar thaobh ár mbóithre, i bhfaichí poiblí, agus in ionaid nach leo iad, corruair, atá i gceist agam anseo. An mbeadh muid fhéin sásta na heachtrannaigh a thagann chugainn, ar thóir oibre, nó tearmainn, a sheoladh isteach in ionaid dá leithéid? Bí cinnte nach mbeadh, nó dá ndéanfadh muid a leithéid, bheadh na sluaite amuigh ag léirsiú, go poiblí, is ag maíomh, nach raibh siad sásta, nó leath-shásta fhéin, cur suas le cur chuige dá leithéid.
Ach nach bhfuil saol an mhada bháin ag an lucht taistil céanna sin, adéarfadh duine, b’fhéidir, iad ina gcónaí amuigh ansin ar bhóithre na Banban, agus gan máistir ar bith orthu, nó dualgas oibre ar bith a mbadráil, ach oiread.
Saol an mhada bháin, adeir tú! Saol an mhada bháin, an ea?
Anois an t-am
Bhuel, breathnaigh ar seo. Conas a thaitneodh leatsa cónaí a dhéanamh amuigh ansin ar thaobh an bhóthair, in áit nach raibh uisce reatha nó leitreachas, séarachas nó telefón, nó tada eile dá leithéid ar sconna agat, mar adéarfá. Ó! tá’s a’m go bhfuil cuid den lucht taistil a bhfuil chuile áis, dá nua-aoisí, ar sconna acu cheana féin, agus an corrdhuine acu freisin, a mhaireann ar imeall an dlí, ach ní fúthusan atá mé, an babhta seo. Is iad an dream atá idir chamáin agam anois, nó an dream úd nach dteastaíonn ó éinne ionad campála a chur ar fáil dóibh, an dream úd nach gcuirtear fáilte Uí Cheallaigh rompu, áit ar bith. An dream sin a fhágtar amuigh, faoi mar ba éin scoite iad, imeasc an phobail s’againne.
Beart Cuí
An mar sin a chaitheann muid leis na himircigh a thagann ar chuairt chugainn ón gcoigríoch? Nach bhfuil muid sásta, chuile áis níos fearr ná a chéile a chur ar fáil dóibh siúd uilig, bíodh nach bhfuil tearmann tuillte ag chuile dhuine acu. Bhuel, nach bhfuil sé thar am againn cuid dár bhfáltas a roinnt lenár Lucht Taistil fhéin, agus Cothrom na Féinne a thabhairt dóibh, feasta? Is cuid dár gcine fhéin iad. Tá an t-airgead chuige sin ar fáil anois. Déanaimis an beart cuí, le saol an Lucht Taistil a fheabhsú, agus le cuid eicínt dár bhfortún a roinnt leis an mbrainse seo dár muintir.