le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Reachtóir nó Réabóir?
Peadar Bairéad
(Law-maker or Law-breaker?)
Dualgaisí le coimhlíonadh
Caitheann an-chuid daoine roinnt áirithe ama ag smaoineamh ar obair agus ar dhualgaisí ár dTeachtaí Dála, nó is den tábhacht é go gcoimhlíonfadh na Teachtaí céanna sin na dualgaisí a leagann Bunreacht Éireann orthu. Níl dabht ar domhan ach go bhfuil daoine ann, agus teachtaí áirithe ina measc, a cheapann go mbeifear ag súil go bhfeidhmeodh siad mar thaoisigh freisin. B’fhéidir gur chóir cur ar a súile dóibh siúd, go bhfuil an-difir idir Theachta agus Taoiseach. Anois, munar thaoisigh iad, cén fheidhm atá le coimhlíonadh acu i rialú ár bpoblachta? Ní ceist acadúil amháin í seo, ach ceist a bhfuil tábhacht thar na bearta ag baint leis, más uainn toradh fónta a bhaint as an gcraobh seo dár gcóras rialaithe.
Ghlac an pobal s’againne le Bunreacht Éireann mar bhunchloch dlithiúil dár bPoblacht Daonlathach, sa bhliain 1937, Poblacht a tháinig i gcomharbacht ar Shaorstát Éireann, agus Poblacht a fógraiodh don tsaol mór, roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus sa Bhunreacht sin, leagadh amach dualgaisí agus cúramaí na dTeachtaí.
Ionadaíocht chionmhar
Go bunúsach, toghtar Teachta mar ionadaí ó Dháilcheantar áirithe, agus go bunúsach freisin, tá dhá dhualgas le coimhlíonhadh aige. Ar an gcéad dul síos toghtar é mar ionadaí, le dearcadh agus le deacrachtaí a Dhailcheantair a leagan os comhair na Dála, sa chaoi go dtabharfaí aird orthu, agus ar an dara dul síos, toghtar iad le cúnamh a thabhairt i ndréachtadh dlíthe nua don Phoblacht s’againne, agus le cúnamh a thabhairt, i leasú, agus i gcealú, seandlíthe. Uaireanta freisin, iarrtar ar dhuine acu bheith páirteach i gceann de na Coistí Dála, le ceisteanna tábhachtacha sóisialta, eacnamaíochta, nó dlíthiúla, a scrúdú, a iniúchadh, agus a mheas, thar cheann na Dála. Sin mar a oibríonn ár nDaonlathas, nó ní bheadh sé indéanta ag an bpobal ar fad teacht os comhair na Dála lena mianta agus lena ndearcadh a leagan os a gcomhair. Toghtar ionadaithe, leis an ngnó sin a dhéanamh thar a gceann. Níl dabht ar domnhan, ach go mba dhualgaisí troma, tábhachtacha, iad siúd a leagtar ar ár dTeachtaí, agus ní haon ionadh go mbímid breá sásta tuarastal maith a thabhairt dóibh leis an ngnó sin a dhéanamh thar ár gceann, agus a chonách sin orthu.
Tá sin uilig go breá, ach le roinnt blianta anuas, tugadh faoi deara, go raibh Teachtaí ann, a thuig, cheapfá, go mba chuid dá ngnó é daoine a mhealladh, agus a eagrú, le cur i gcoinne chinneadh daonlathach na Dála. Sea, agus dhealródh sé, go bhfuil siad cinnte gur dhaonlathaí iad fhéin ná na Teachtaí a ghlacann le breith daonlathach mhóramh na Dála, cé go bhfeictear do roinnt mhaith daoine, nach bhfuil ann ach beart frithdhaonlathach, ach dá dtabharfaí cead do chuile Theachta sa Dáil a leithéid céanna a dhéanamh, ní bheadh againn ansin ach cíorthuathail in áit cinnteachta agus tranglam in áit tráchta.?
Cearta an Teachta
Ach, fan ort neomat amháin anois, céard faoi Fhreasúracht dílis choinsiasach? Nár chóir go mbeadh cead ag Teachta cur i gcoinne chinneadh an Rialtais dá bhfeictí dó go raibh dul amú orthu sa chinneadh céanna sin?
Cinnte gealltar an cead sin do chuile Theachta, ach nár chóir dó an fhreasúracht sin a fheidhmiú sula socraítear an cheist trí vóta an mhóraimh sa Dáil. Má shocraíonn Teachta na cosa a chur uaidh, taobh amuigh den Dáil, agus iarracht a dhéanamh ar phobal a iompú i gcoinne an Rialtais, bhuel, nach bhfuil sé soiléir, do dhuine ar bith, gur beart frithdhaonlathach é sin.
Sea, ach céard is féidir a dhéanamh i gcás dá leithéid? D’fhéadfadh an Rialtas dlí a rith le srian a chur le hiompar dá leithéid, ach céard faoi chearta an Teachta, faoi mar atá geallta dó i mBunreacht Éireann?
Tá faitíos orm go bhfuil an cheist seo ag éirí ró-chasta domsa, ag an bpointe seo. Céard fútsa? An bhféadfá teacht i gcabhair orm agus fuascailt na faidhbe sin a mholadh dúinn?
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
Rúscadh na mblian.
.
Mhair mé i laethe mo ré
Ag baslú mo sheoch mar chách,
I ngleic le coraí an tsaoil,
Gan aird ar an saol úd thall.
.
D’fhás mé ó óg go críon,
Ag bailiú cruinn-eolais go dian,
Ag fás is ag aipiú go tréan
Faoi ghrian gheal órga na mblian.
.
Trí fhás is trí shaothar mo ré,
Mealladh chun suain mo chiall,
Is maolaíodh ar ghéire mo shúil
Ar mhire is ar ghiorra an tsaoil.
.
Ar deireadh, i ngan fhios don lá,
Thit fachailí na súl díom anuas,
Is chonac go dalltach glinn
Mo dhán is mo chríoch gan dua.
.
.
Bhí mé fágtha ansin liom fhéin,
Im Oisín ar Thrá gheal na bhFiann,
Is cúrsaí an tsaoil bun os cionn,
Gan fhios cár chailleas mo shlí.
.
Bhí cluiche na beatha ó rath,
Níor thuig mise rúscadh na mblian,
Gan aithne agam feasta orm fhéin,
Is mo ghéarchúis imithe le gaoith.
.
Ní dheargann daoine níos mó.
Tá náire is aiféala faoin bhfód.
An gcaillfear sinn abhfus agus thall,
Is muid beagnach tagtha chun róid?
.
.
****************************
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Saoire gan Stró 1
Peadar Bairéad
.
Coraí Crua an tSaoil
Mhothaigh mé le scathamh anuas, go raibh coraí crua an tsaoil ag luí go trom ar mo ghuaille, agus ó tharla gur mar sin a bhí, tuigeadh dom, go ndéanfadh athrú aeir maitheas an domhain dom. Tar éis tamall a chaitheamh ar mo mharana, shocraigh mé ar Ríocht ársa Chiarraí a thabhairt orm fhéin, ar feadh scathaimh.
‘Leat fhéin a d’imigh tú, mar sin, an ea?’
‘Níorbh ea muis! nó shocraigh ceathrar againn dul i bhfochair a chéile,’ mar sa tslí sin d’fhéadfaimis toit a bhaint as na laethe a chaithimis faoin dtor, thíos i Ríocht úd na gréine.
‘Cén ceathrar, an ea?’
‘Bhí mé fhéin is mo bhean, i dtosach báire, agus in éineacht linn, agus iad i mbun tiomána, bhí ár n-iníon agus a céile siúd. B’in an ceathrar a bhí le scaoileadh saor ar saoire i gCorca Dhuibhne.’
Níor thóg sé i bhfad orm mo chip is mo mheanaithe fhéin a locadh, agus a phacáil, tráthnóna Déardaoine, rud a d’fhág go raibh ar ár gcumas bóthar a bhuaileadh go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ár gcliamhain a bheadh i mbun tiomána, agus shroich sé fhéin is a bhean an teach s’againne go breá luath ar maidin, rud a d’fhág go rabhamar ar ár slí go Ciarraí roimh a deich, maidin Dé hAoine, agus ba ghearr amuigh ar bhóithre na Banban sinn, gur tuigeadh dom, gur fhág an Tíogar Ceilteach bóithre den chéadscoth le huacht againn, bóithre a bhí díreach chomh maith leis na bóithre a gheofá i dtír ar bith eile, na laethe seo.
Amuigh ar na Bóithre Fada Bána
Trí Chalainn an Chlampair linn gan stró ar bith, agus an mhaidin bhreá ag cur sciatháin áthais faoinár gcroí. Trí Chathair ársa Dhún Iascaigh, gona foirgnimh stairiúla, gona dínit, gona blas ársa. Ar ball, thaistil muid thrí shráideanna Bhaile Thiobraid Árainn, agus nach iad a bhí ag breathnú go péacach, bíogúil, an mhaidin bhreá gréine sin. Mhothaíomar go mba bhaile ar dóigh é an baile céanna sin, baile a bhí leata amach go héasca, socair, ar thailte méithe Thiobraid Árann. Chun tosaigh linn ansin ar bhóithre nua-aoiseacha, bóithre a d’iompair sinn ar luas go Ríocht stairiúil Chiarraí, tríd an gCaisleán Nua agus Oileán Chiarraí linn. Sos gearr i mbaile mór Thrá Lí, agus ansin, as go brách linn fan bhóthar an Daingin, chomh fada leis an gCom, nó Camp, faoi mar a thugtar air i mBéarla. Isteach linn ar chlé ansin, agus muid ag fáil isteach faoi scáth na sléibhte is na gcnoc. Ar chlé, d’éirigh Cathair Chonraí in airde ar a cosa deiridh, le fáilte ó chroí a chur romhainn, nó is seanchairde sinn, faoin am seo. Bhí cuma na háilleachta orthu uilig, agus caipín ceoch á chaitheamh go péacach ag Sliabh Mis na scéalta.
Nár bhreá an faoiseamh é, na sean chnámha a shíneadh ar tholg, tar éis an méid ama a bhí caite againn cuachta suas i seasanna an ghluaisteáin. Tar éis dúinn cupán tae a chaitheamh, ar ár suaimhneas, ní raibh clóic ar bith orainn, ach muid ag teacht chugainn fhéin ar ár sáimhín só. Tamall ag suí, tamall ag caint is ag seanchas, tamall ag miognarach, agus ansin tamall ag cur bail eicínt orainn fhéin sára raghaimis amach ar fud na bhfud. Ansin, tar éis dúinn sinn fhéin a ghléasadh chun ár sástachta, bhuaileamar bóthar arís.
An South Pole Inn
An South Pole Inn an sprioc a chuireamar romhainn an tráthnóna sin, nó bhí beartaithe againn béile an tráthnóna a chaitheamh san Óstán cáiliúil céanna sin. Shroicheamar an “Inn”, in am tráth, tar éis dúinn taitneamh a bhaint as an radharcra a bhí leata os ár gcomhair amach, fan na slí. Ba é an radharc ab aite a chonaiceamar an tráthnóna sin nó tréad bó, den phór ait úd, na “Belted Galloways. Ba chosúla iad le caoirigh ná le ba, ar bhealach eicínt, agus an crios leathan dubh sin thart ar bholg chuile mhac a pheata díobh. An-radharc ar thaobh cnoic tráthnóna gréine. Tar éis dúinn an gluaisteán a pháirceáil, chuamar isteach san Inn. Bhuaileamar fúinn. Fágadh biachlár os ár gcomhair amach, agus fágadh muid ansin lenár rogha bia a phiocadh dár mbéile. Ach, b’fhéidir gur chóir dom stopadh anseo, agus an dara gála den scéal a insint an chéad bhabhta eile.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
“Saor sinn ó olc”
Peadar Bairéad
Fórsaí an oilc
Nach minic an phaidir chéanna sin ar bhéal an Chríostaí agus é ag admháil don tsaol mór, go bhfuil fórsaí an oilc thart air, agus go bhfuil sé i mbaol uathu, chuile bhabhta. Cad iad na fórsaí, agus na hoilc úd, atá idir chamáin againn anseo? Bhuel! níl le déanamh againn ach breathnú ar an saol thart orainn le freagra na ceiste sin a fháil. Cé tá taobh thiar den chontúirt uilig, a gcaithimís dul i ngleic lei, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain? Ach sul má théann muid níos faide leis an scéal, nár chóir dúinn míniú eicínt a thabhairt ar an téarma sin, olc? Tugtar olc ar rud ar bith a dhéanann dochar dúinn, nó an dochar fhéin, fiú. Déanann olc amháin dochar don chorp, agus déanann olc eile dochar don anam. Nach cuimhin libh an té adúirt lena lucht éisteachta fadó, gan faitíos a bheith orthu roimh an té a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chorp, ach eagla a n-anama a bheith orthu roimh an té a dfhéadfadh dochar a dhéanamh don anam. Ba chóir dúinn freisin, idirdhealú a dhéanamh idir an dochar a tharlaíonn thrí thimpiste, agus an dochar a tharlaíonn d’aon ghnó. Ar thaobh amháin, tá an dochar a dhéanann an aimsir agus fórsaí an dúlra, agus ar an dtaobh eile, tá an dochar a dhéanann an té atá meáite ar dhíoltas a bhaint amach ar dhuine eicínt.
Tá an saol mór lan d’oilc de chuile chineál, agus ni haon ionadh é go mbíonn ar an nduine daonna bheith de shíor ar a aire, agus é ar a dhícheall éaló ó fhórasí úd an oilc. Tá sé dona go leor, nuair a roghnaíonn an duine aonair, olc a dhéanamh, ach tá sé míle uair níos measa, nuair a shocraíonn ceannaire, nó buíon, bóthar an oilc a bhualadh. Níl le déanamh ag duine ach breathnú siar ar stair an fichiú haois le tuiscint níos fearr a fháil ar an olc uilig a rinneadh san aois sin, trí bhuile cheannairí áirithe, agus iad ag seoladh a muintir síos bóthar a mbasctha.
An Claonadh úd chun Oilc
Caithfear a chur san áireamh freisin, an claonadh úd chun oilc, atá neadaithe i smior agus i smúsach an uile dhuine daonna. Déanann an claonadh céanna sin chuile dhícheall sinn a mhealladh bóthar ár n-aimhleasa, ach bíodh go bhfuil cúrsaí mar sin fhéin, tá ar ár gcumas diúltú don olc a ghléasann an claonadh úd in éide na maitheasa, le sinn a seoladh síos slí shíodúil, sár-leathan, ár millte. Tá an saorthoil mar sciath chosanta againn, agus leis an arm sin, tá ar ár gcumas, diúltú don olc. Mura n-éiríonn linn an t-arm sin a úsáid in am an ghátair, beidh a chathú sin orainn ar ball, nó meallfar, i ngan fhios sinn, isteach níos doimhne, agus níos doimhne, i scraith ghlugair an oilc, agus is dian deacair bealach éalaithe a aimsiú, amach as an anachain chéanna sin.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week, “I mBéal an Phobail” revisits our Rambling House, to trace the story of the Belmullet Bridges! )
.
Seanchas Iorrais….2….
Ní bhíonn in aon rud ach seal, agus ba é an dála céanna é ag sclóindroichead Bhéal an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh go raibh a rás rite, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a iompar as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead nua atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead céanna sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.
Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.
Lorg na nDealbh
Lorg na nDealbh, ba chúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina hiomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbhóir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha, 1993. Osclaíodh Droichead Trakas go gairid ina dhiaidh sin agus nach minic a chuaigh mé fhéin trasna thar an ndroichead céanna sin san idirlinn. Má bhuaileann an fonn taistil thú, amach anseo, téigh siar, agus cuartaigh na ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh i dTuaisceart Mhaigh Eo. Súil agam go n-éireoidh leat teacht orthu uilig!
Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé fhéin an droichead álainn céanna sin go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call dom a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George Trakas a chuid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!
Agus sin agat anois scéal dhroichid Bhéal an Mhuirthead!
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Sín chugam an Ghealach !
Peadar Bairéad
.
Bóithrín na smaointe
Minic, na laethe seo, a théann m’aigne siar bóithrín na smaointe, siar thar bhlianta fada mo ré, agus mé ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an saol anróiteach, anacair, anásta, seo. Ar na geábhanna sin, siar thar laethe mo ré, is minic a chríochnaím an turas agus mé im ghasúirín beag, óg, ag breathnú in airde ar aghaidh gheal na gealaí gile. Chomh fada is a bhain sé liomsa, ní raibh tada riamh ar an saol a bhí chomh halainn, inmhianaithe, leis an liathróid soilseach úd, a bhí ag spréacharnaigh lei thuas ansin sa spéir réaltógach. Is cuimhin liom gur chuir mé na smaointe sin, chomh fada is a d’fhéadfainn, in iúl do m’athair. “Fan ort anois,” ar seisean, “bíodh foighid agat, agus ceann de na hoícheanta seo, nuair a bheidh an ré sin beagáinín níos ísle ar an spéir, gheobhaidh mise an seandréimire, agus gabhfaidh mé in airde, agus gheobhaidh mé greim an an mboc sin, cuirfidh mé isteach i mála mór an chapaill í, agus tógfaidh mé anuas liom í, agus bronnfaidh mé ortsa í. Anois, céard deir tú?”
Bhuel, A Thiarcais! Bhí mé chomh bródúil is dá mbronnfadh sé bó orm, agus thug caint úd mo Dhaid misneach agus sásamh domsa, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, gur ghealaigh a gheallúint laethe dorcha mo bheatha dhom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó mhúin sé dom, go bhféadfá a chreidiúint go raibh fáil ar ghile na gile fhéin, ach a bheith foighdeach, agus tabhairt faoi le creideamh agus le fonn.
Tír na nÓg
Nuair a tháinig ann dom, blianta beaga ina dhiaidh sin, tháinig mé ar an dtuairim, go raibh difir mhór idir Thír na nÓg agus a raibh ar fáil i nGleann seo na nDeor, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dom, gur chóir dúinn dul ar thóir na foirfeachta i gcónaí, bíodh nach sroichfeadh muid leibhéal Útóipeach riamh. Agus, bíodh nach bhfuil fáil ar an bhfoirfeacht i gcónaí, is féidir linn, rud eicínt atá an-ghar dó a thabhairt i gcrích ar an saol seo, ach a chreidiúint go raibh sé infhaighte, agus chuile dhícheall a dhéanamh dul sa tóir orthu.
Ach ní chuige sin uilig go léir atá mé, an babhta seo, ach chuige seo…..
Anois, bíodh gur chreid mé sna féidireachtaí sin uilig, agus déarfainn gur chreid roinnt mhaith de na daoine thart orm sa leagan amach céanna sin, nárbh asainn a baineadh an mealladh, nuair a fuaireamar amach, nach mar sin a tharlaíodh sa tsaol cam, casta, céasta, a bhí thart orainn.
Geallúintí Polaitíochta!
Breathnaigh ar chúrsaí polaitíochta, i dtosach. Nuair a bhí mise óg, caithfidh mé a admháil, gur chreid mé chuile fhocal ón lucht polaitíochta! Dúradarsan linn, go gcruthódh siad saol an mhadaidh bháin dúinn ach ár vótaí a bhronnadh orthu, lá an toghcháin. Dá ndéanfadh muid amhlaidh, chuirfeadh siadsan Útóipe ar thalamh ar fáil dúinn. Bheadh obair le fáil ag chuile shaoránach, bheadh aras in áirithe do chuile chlann, bheadh scolaíocht den scoth le fáil, saor in aisce, ag chuile mhac máthar, agus iníon athar, sa tír. Ní gá dhom cur síos ar na háiseanna eile a chuirfí ar fáil dúinn, ach bheadh cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, cúrsaí léinn, agus chuile chineal cúrsaí eile, ar fáil, d’óg agus d’aosta, sa Phoblacht a bheadh againn, dá mbronnfaimís an chumhacht chuige sin orthusan. Sea, agus bheadh deireadh go deo le bochtaineacht, le hanró, le cruatan, agus le gorta.
Tuar agus Tairngreacht
Agus ar tháinig an tuar faoin dtairngreacht, tráth fuair siad na vótaí agus an chumhacht?
Ag magadh fúm atá tú! Nó in áit dóibh Útóipe a chur ar fáil dúinn, is amhlaidh a chuaigh cúrsaí in olcas, ó bhliain go bliain. Sea, dá mhéad a gheall siad, is ea ba lú a dháil siad! Nó b’in mar a samhlaíodh dúinne é, ach go háirithe.
D’fhéadfá breathnú freisin ar chúrsaí léinn agus ar chúrsaí sláinte, agus thuigfeá gurb é an scéal céanna sna cúrsaí sin é. Gealladh don duine óg go mbeadh saol an mhadaidh bháin aige ach luí isteach ar na leabhair, agus staidéar dian a dhéanamh, le linn a óige. Seafóid arís! Nó is dócha nach bhfuil fáil ar shaol an mhadaidh chéanna sin ar an saol anróiteach, anacair seo, nó má tá, caithfear dul trí chruatan agus trí hanró lena bhaint amach. Agus ag caint ar chúrsaí sláinte, nach minic a ghealltar don duine óg go mbeadh chuile shórt ar a dheis aige, ach an bheatha cheart a ithe, na deochanna sláintiúla úd a ól, agus fanacht glan amach ó phóit is ó chraos.
Geallúintí nár fioraíodh
Bhuel! Ní i gcónaí a fhíoraítear na geallúintí céanna sin, ach oiread, nó nach bhfaightear an tseanduine, anseo is ansiúd, a dhearbhaíonn, gurbh iad an tobac agus an bhiotáille a choinnigh sa tsiúl é, trí bhlianta fada a ré.
Sea, mh’anam! Ar deireadh thiar, cuireadh ina luí orm fhéin, go raibh cosúlachtaí idir an ghealach agus an dréimire úd, ar dhein mo Dhaid tagairt dóibh agus mise i mo ghasúr, agus cúrsaí an tsaoil seo. Mar nuair is cúrsaí an tsaoil seo, agus cúrsaí daonna, atá idir chamáin againn, caithfimid glacadh leis, go bhfuil difir mhór idir an rud atá inmhianaithe, agus an rud a bhfuil fáil air, le linn ár ré abhus. Soilsíonn Útóipe an casán dúinn, agus spreagann sé sinn i dtreo na foirfeachta daonna, ach, i ndáiríre píre, ní éireoidh linn an stádas sin a réaladh, fad is beo sinn. Ní bhfuair mé fhéin greim riamh ar an ngealach gheal soilseach úd, ach shásaigh an smaoineamh agus a fhéidireacht mé, le linn laethe duairce, dorcha, mo bheatha. Mar sin, ná cuireadh sé aon lagmhisneach orainn fáil amach nach bhfuil an Útóipe úd inshroichte, ar an saol seo, ach ag an am gcéanna, nár chóir go spreagfadh an choincheap chéanna sinn teacht chomh cóngarach agus is féidir linn, don Útóipe ar thalamh úd, a mheall, agus a shásaigh sinn, go háirithe le linn laethe neamhaí na hóige..
.