le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Saolta ag athrú
Peadar Bairéad
Córais Rialaithe ag athrú
Dár ndóigh, ní haon rud nua é sin, mar bhí an Daonlathas faoi bhagairt, ó thús, agus ag amannta áirithe, tuigeadh do bhunús na ndaoine, go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin, agus nach raibh an dara rogha acu, ach iompú ar chóras éifeachtach eicínt eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar einne, agus gan cur isteach ó éinne. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Domhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe, agus do ghrúpaí áirithe, sna tíortha sin, go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.
L’Etat c’est Moi !
Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachta freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát …”l’Etat c’est moi”… I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag éinne cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht seisean bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire fhéin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an dtuiscint, gurbh ‘in toil Dé.
Changed Times
D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, dheamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach éinne, geall leis, na laethe seo. Ní fhágann sin go bhfuil an córas céanna sin gan locht, nó thar mholadh beirte, mar, nuair a thagann an crú ar an táirne, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlithe dragánta (draconian) a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an ndaonra, ar mhaithe lena bpobal. Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh, faoi shúile an Stáit fhéin, mar adéarfá, agus tagann sé dian go maith ar an gcóras sin deighleáil leo, nó caithfidh siad feidhmiú de réir dlí, fad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlithe céanna sin, ach ag an am gcéanna, déanann siad chuile iarracht, féachaint chuige, nach mbriseann an Stát na dlithe céanna sin, a bhfuilidsean beag beann orthu. Ach i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, an tseachtain seo, in aon chor, ach chuige seo.
.
.
.
.
.
.
.
.
The Madrid Bombs .
Chualamar go léir na scéalta a tháinig chugainn ón Spáinn, ar na mallaibh, faoi na haintoiscigh sin, a shuigh buamaí ar na traenacha úd a bhí ar a mbealach isteach go cathair mhór Mhadrid, agus na mílte daoine ar bord chuile thraein acu. Ní gá a rá, gur maríodh dhá chéad, san ionsaí barbartha sin, agus gur gortaíodh líon ollmhór daoine freisin. Caithfidh muid uilig ár gcomhbhrón a chur in iúl don Spáinn, agus do ghaolta na ndaoine úd a maríodh, agus a gortaíodh, san ionsaí céanna sin. Daoine neamhchiontacha ba ea chuile dhuine acu sin, ach deineadh sléacht orthu, toisc gur theastaigh ó dhaoine áirithe, in áit áirithe, le tuiscint áirthe ar an saol, go n-éireodh leosan a gcuspóir a bhaint amach, trí lear mór daoine neamhchiontacha dá leithéid, a mharú, agus a ghortú, sa mbealach sin. Caithfidh muid a dhearbhú ar dtús anseo, nár cheart daoine neamhchiontacha a mharú, le cuspóir ar bith faoin spéir a bhaint amach, Cuma cé chomh huasal, nó cé comh híseal, is atá an chuspóir chéanna sin.
Elected to Rule .
Ní call a rá, gurb é an chéad dualgas atá ar Stát ar bith nó a dhaonra a chosaint ar ionsaí, Cuma cé tá freagrach as, ach más daonlathas atá i gceist, caithfidh Rialtas an Stáit sin feidhmiú de réir rialacha, agus dlithe, áirithe. Ó, sea, agus caithfidh an pobal rialú na tíre a fhágáil faoin Rialtas sin, a thoigh siadsan san olltoghchán deiridh, agus ba cheart dóibh déanamh de réir mar a chinneann an Rialtas sin. Is dócha gur chóir a rá anseo, gurbh í cuspóir na buamála sin nó cur isteach ar dhaonlathas na Spáinne, trína pobal a iompú i gcoinne an Rialtais.
Public Perception .
Ba é an chéad rud a rinne Rialtas na Spáinne nó an milleán a leagan ar ETA, rud a bhí nádúrtha go leor, nó ba mhinic cheana, a rinne an eagraíocht chéanna sin buamaí a scaoileadh ar thalamh na Spáinne, ach sa chás áirithe seo, ba ghearr gur thosaigh rudaí áirithe ag tabhairt le fios, go raibh seans maith ann, nárbh iad ETA ba chúis leis an mbuamáil áirithe seo, ach go raibh seans maith ann, gur Mhuslamaigh antoisceacha ba chúis leis. Níor ghéill an Rialtas, gur mar sin a bhí, ach lean orthu ag dearbhú, gurbh iad ETA a bhí ciontach sa mbeart seo. Anois, d’fhéadfaí a dhearbhú, b’fhéidir, gur d’aon ghnó a rinne an Rialtas amhlaidh, toisc gur theastaigh uathu teacht i ngan fhios ar na Muslamaigh chéanna sin, ach cibé faoi sin, tuigeadh don phobal, frí chéile, gur ar mhaithe leo fhéin a bhí an Rialtas ag feidhmiú, toisc nár theastaigh uathu, go mbuafaí orthu san olltoghchán, agus dá gceapfadh an pobal gurbh iad na Muslamaigh a bhí ciontach, d’iompódh siad i gcoinne an Rialtais, toisc go ndeachaigh siad isteach ar thaobh Mheiriceá, i gcogadh na hIaráice, gan toil na ndaoine a chur san áireamh, agus gur mar dhíoltas ar sin, a rinneadh an bhuamáil ar thraenacha Mhadrid.
Voted Out of Office .
Níor chreid an pobal a Rialtas. Chuir sin fearg an domhain orthu, agus vótáil siad an Rialtas as oifig, sa toghchán sin. Anois, sin laige eile a bhaineann leis an ndaonlathas, sé sin, gur féidir le hantoiscigh, Rialtas, a dteastaíonn uathusan a dhíbirt as oifig, gur féidir leo, Rialtas dá leithéid a bhriseadh, trí bheart dá leithéid a dhéanamh, tamall gearr roimh lá an toghcháin, agus sin díreach mar a tharla sa Spáinn. Dona go leor, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach féach mar a tharla, chomh luath is a bhí an Ceannaire nua tofa. Gheall seisean, go ndéanfaí na saighdiúirí Spáinneacha a aistarraingt as an Iaráic, faoi lár na bliana seo, mura gcoimhlíonfaí cúinsí áirithe, faoin am sin. Arís, tá an cuma ar an scéal seo, gur labhair sé ró-luath, agus gur chinn sé ar an bpolasaí sin, gan idirbheartaíocht ar bith lena comhghuallaithe san Iaráic, agus taobh amuigh de sin ar fad, nach ionann a ráiteas ar an ócáid áirithe seo, agus a dhearbhú os comhair an tsaoil mhóir, gur féidir le hantoiscigh laigí an daonlathais a úsáid, le hiachall a chur orthu géilleadh dá gcumhachtsan.
Eternal Vigilance .
Mura bhfuil na pobail daonlathacha sásta a gcóras rialaithe, agus a modh beatha fhéin, a chosaint, bhuel, ansin ní mhairfidh an córas céanna sin ró-fhada san aonú haois fichead seo.
Caithfear a rá anseo, go bhfuil moladh tuillte anseo ag an dTaoiseach s’againne, sa chás áirithe seo, nó ba é an chéad rud a rinne seisean, mar Cheannaire An Aontais Eorpaigh, nó gur chuir sé roimhe, cruinniú d’Airi Dli agus Cirt an Aontais a thionól, ar an dá luathas, le slándáil an Aontais a chosaint ar ionsaithe dá leithéid, sa todhchaí. Tá súil agam, go mbeidh toradh fónta ar a shaothar, sa bhfiontar tráthúil, seo.
.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(Seo piosa a scríobh mé, breis is sé bliana ó shoin anois, faoi chuairt ar roinnt áirithe de na Misin Spáinneacha, a neadaíonn fan chósta Chalafóirnia. Cheap mé go mb’fhéidir go gcuirfí spéis ann, ag an am áirithe seo)
A r n a M i s i n …..1.
An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.
Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar.
“Santa Bairbre in aghaidh na toirní”
Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn ó Encinitas i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam tráchta ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, chuir sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó, i gcuimhne dhom….
“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”
adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.
Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luigh Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh muintir Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá dhaonra, ach is amhlaidh a d’fhanadar cóngarach don talamh lena gcuid foirgneamh.
Trí Thousand Oaks
Ar deireadh thiar, tar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Shaorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101 athuair. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, le scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh thitim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.
Dóthain Fathaigh!
Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht ar domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearr-aimsir. Bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.
.
….Tuilleadh le teacht, an chéad seachtain eile….
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Á r S t á t T r u a m h é i l e a c h ?
.
**********************************
.
Agus muidinne ag ceapadh, go raibh ag éirí go seoigh linn anseo, i bhfochair an Tíogair Cheiltigh! Muid ag ceapadh go raibh roinnt mhaith tíortha in éad linn, toisc gur éirigh chomh maith linn i gcúrsaí eacnamaíochta, i measc na naisiún mór, a raibh na cianta fada caite acu, ag cleachtadh scileanna déantúsaíochta, agus tar éis dóibh bheith ag ceannacht amh-ábhair ón tríú domhan, le fada an lá, ar phónairí, mar adeir lucht an Bhéarla. Sea, mh’anam, bhí mé fhéin ag ceapadh, go mba ábhar bróid é an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag an náisiún beag s’againne, le scór bliain anuas. Nár bhaist tíortha eile “An Tíogar Ceilteach” orainn, toisc gur éirigh linn eacnamaíocht fhuinniúil, bhisiúil, bhríomhar, a chruthú anseo, i nDeisceart na tíre seo. Bhuel! b’in mar a thuigeamar cúrsaí, go dtí gur chuir David Trimble ar an eolas muid, ar na mallaibh. Chuir David ar ár súile dúinn é, nach raibh ionainn ach, mar a chuir sé fhéin é, agus é ag iarraidh ar a chomhleacaithe, Aontachtaithe Uladh, daonlathas na Ríochta Aontaithe a chur i gcomparáid lena raibh le fáil ó dheas uathu, ar an dtaobh eile den Teoriann. Breathnaigh ar an Ríocht Aontaithe, ar seisean…
A vibrant multi-ethnic, multi-national liberal democracy – The fourth largest economy in the world – the most reliable ally of the United States in the fight against international terrorism – with the pathetic, sectarian, mono-ethnic, mono-cultural state to our south.
Dár Príosta na nGrásta, ach níor chuir David s’againne fiacail ann, nó níor fhág sé fuíoll dímholta orainn ach oiread! Thug sé dúinn é, an dá bharaille, díreach idir an dá shúil. Agus má bhreathnaíonn tú air an gcaoi a bhfuil an abairt sin tógtha, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal, nár de thaisme adúradh é, agus nárbh aon rith focal é, ach oiread, níorbh ea mh’anam, ach é cumtha, go snasta, cúramach, réamhbheartaithe, meáite. Féach mar a bhfuil an Ríocht Aontaithe “vibrant”, san áit a bhfuil muidinne “pathetic”, agus mar a bhfuil siadsan “multi-ethnic”, san áit a bhfuil muidinne “mono-ethnic”. Áit a bhfuil siadsan “multi-national” tá muidinne “sectarian”, agus mar a bhfuil siadsan ina “liberal democracy”, diabhal a bhfuil againn anseo ach pobal “mono-cultural”. D’fhear a chaith an oiread sin ama ag gaibhniú Comhaontú Aoine an Chéasta, nach bhfuil sé deacair a chreidiúint, go bhféadfadh sé abairt dá leithéid a chumadh chomh cúramach, maslaitheach, sin. Táid ann adéarfadh, nárbh eisean a ghaihnigh an abairt sin, in aon chor, agus b’fhéidir nárbh ea, ach murarbh ea fhéin, caithfidh gur léigh sé an abairt, agus an óráid sin á ullmhú aige, agus caithfidh gur aontaigh sé leis an dearcadh, leis an masla, agus leis an díspeagadh, atá le léamh go soiléir, i ngach aon fhocal den abairt chéanna sin. Níl muidinne ag maíomh nach bhfuil an Ríocht Aontaithe vibrant, ach nuair adeir sé go bhfuil an Stát s’againne truamhéileach, bhuel, sin scéal eile ar fad! Anois, nuair a cuireadh ceist air faoina raibh ráite aige faoin nDeisceart, agus faoi údar na ráiteas sin, ba é freagra a thug sé ar an gceist sin, nó go raibh an méid sin follasach ann fhéin. Ní dóigh liom, go gceapfadh stáit eile na hEorpa go mba dhíol trua ar bith é, Stát seo na hÉireann, nó ní hé mo thuairim, ach oiread, go n-aontódh na mílte daoine úd, a dhéanann a ndícheall, chuile bhliain, fáil isteach sa Stát s’againne, ní dóigh liom, go n-aontódh siadsan, ach oiread leis, go mba thruamhéileach an áit i Éire. Sílim freisin, go bhfuil meas ag roinnt mhaith tíortha ar an bPoblacht s’againne, agus go dtugann siad aird ar ár meon, agus ar ár ndearcadh ar an saol, faoi mar a léirítear iad, i litríocht, in ealaín, agus i gceol, an phobail s’againne, agus chomh maith le sin, déarfainn go dtugtar cluas le héisteacht ar a mbíonn le rá ag an Stát s’againne, i gComhairlí na Náisiún. Dá mba naoscaire cúlsráideach a déarfadh a leithéid, ní thógfá air é, b’fhéidir, ach ní gnáthdhuine adúirt, níorbh ea mh’anam, nó ba é Céad Aire Thuaisceart Éireann a dúirt sin fúinn, fear a bhfuil roinnt blianta anois caite aige, ag iarraidh comhthuiscint a ghaibhniú eadrainn fhéin anseo sa Deisceart, agus a phobal fhéin, ó thuaidh.
Sea, agus céard faoin achasán eile a chaith sé linn, nuair adúirt sé go mba Stát seicteach, nó, “sectarian”, a bhí againn anseo. Ní dóigh liom go n-aontódh daoine anseo leis, sa mhéid sin, ach nach cuma faoi sin, nó ní bheifeá ag súil lena leithéid uaidh, ach bhfuil bunús ar bith lena raibh le rá aige fúinn? An ndéantar iarracht ar bith na postanna uilig anseo a choinneáil do Chaitlicigh amháin? Nó an bhféachann ár bhfórsaí slándála chuige, go dtugtar buntáiste, i gcónaí, do na Caitlicigh abhus? Ní dóigh liom gur mar sin atá, nó má sea, níor thug mé fhéin faoi deara riamh é, ach ansin, nach Caitliceach mise, agus b’fhéidir go n-oirfeadh sé dom, gan a leithéid a thabhairt faoi deara! An ndéantar iarracht anseo, ar pháistí chreidimh ar bith a choinneáil óna scolaíocht, i scoil dá gcreideamh fhéin, agus an ndéantar iad a mhaslú, agus a ionsaí, fan an bhealaigh, dá mbeadh sé de dhánaíocht iontu, iarracht a dhéanamh freastal ar an scoil sin? Ní hé mo thuairim go dtarlódh a leithéid anseo sa Deisceart, ach arís, ní fhéadfainn a rá, nach bhféadfadh a leithéid a tharlú riamh. Ach, b’fhéidir go dtuigeann an tUasal Trible na cúrsaí sin, i bhfad níos fearr, ná mar a thuigtear iad, anseo sa Phoblacht. Bhi mé ag caint le mo shean chara, Séimí an Droichid, faoi na cúrsaí seo, agus ba é adúirt seisean, nó gur mar sin ab fhearr le Trimble cúrsaí a bheith, anseo in ár meascna, ach i ndáiríre, gurbh é an Tuaisceart, a dhúthaigh fhéin, a bhí i gceist aige, agus na hachasáin sin á gcaitheamh aige linn, agus gur maith an té a bhí ag tabhairt na n-achasán uaidh! Is trua, ar bhealach, nár thug sé samplaí dúinn den seicteachas úd a bhí idir chamáin aige, sa tslí go bhféadfaimis tóirse an taighde a dhíriú orthu, féachaint an bhféadfaí cosa a chur fúthu.
Ach scaoilimis tharainn an t-achasán sin, agus iompaímis ar an dá cheann eile, an “mono-ethnic”, agus an “mono-cultural state” atá in ainm is a bheith againn, ar an dtaobh seo den Teorainn. Is dócha gurb é an chiall a bheadh leis na téarma “mono-ethnic”, nó nach raibh le fáil anseo ach aon chine amháin, sin nó nach gceadaítear do chine ar bith eile teacht agus cónaí a dhéanamh in ár measc anseo. An bhfuil cosa faoin ráiteas sin? Má bhreathnaíonn duine go fuarchúiseach ar an gcúiseamh sin, feicfidh sé, go bhfuil daoine ó chiníocha eile ag cur fúthu anseo in ár measc, agus go bhfuil daoine ó chiníocha eile, ag teacht chugainn, chuile lá, ag iarraidh tearmann a fháil anseo in ár measc. Ar an dtaobh eile den scéal, is dócha, go bhféadfadh duine a rá, nach gcuirtear Fáilte Uí Cheallaigh roimh roinnt áirithe de na daoine céanna sin, nó is pobal oileánach sinn, agus is pobal beag sinn, freisin. Pobal a chaith na cianta fada faoi smacht ag cine ón dtaobh amuigh, agus cine a mhúin dúinn, b’fhéidir, conas ciníochas a oibriú agus a chleachtadh go héifeachtach! Nuair a chuireann tú na cúinsí sin san áireamh, feictear duit, go bhfuil an-iarracht á déanamh againn anseo, a bheith fial, fáilteach, comharsanúil, roimh an strainséar, agus déarfainn go bhfuil ag éirí go réasúnta maith linn, dul chun cinn a dhéanamh sna cúrsaí sin, le tamall de bhlianta anuas. Agus, déanta na fírinne, tá roinnt mhaith tíortha eile a bhféadfaí an rud céanna a rá fúthu. Ar an dtaobh eile den scéal, ní dóigh liom, go bhfuiltear ag déanamh cineghlanadh, áit ar bith sa tír seo, rud nach bhféadfaí a rá faoi áiteacha áirithe eile. B’fhéidir anois, nach gcuirtear aon ró-fháilte roimh chraobh dár gcine fhéin, roimh an lucht taistil, agus b’fhéidir go bhfuil ceachtanna le foghlaim, ar an dá thaobh, faoi mheas a bheith againn ar ghort na gcomharsan. Agus céard faoin “mono-cultural” úd a luaigh an tUasal Trimble linn? Cinnte tá daoine sa tír seo, ar mhaith leo, dá mbeadh an fhírinne aige sa mhéid sin, nó is dócha gurb é sin an chuspóir a chuireadar rómpu, ó bhunú Chonradh na Gaeilge anuas, ach, don té a bhreathnódh ar an saol, mar atá sé, ní dóigh liom, go bhféadfadh sé maíomh, go fírinneach, gur stát aonchultúir atá againn anseo, nó d’fheicfeadh sé, gan stró ar bith, go raibh cultúir éagsúla ón iasacht, ag brú isteach orainne freisin, faoi mar a tharlaíonn ina stát fhéin, ó thuaidh, nó an mbeadh sé sásta stát a thabhairt ar Thuaisceart Éireann? Ní hé mo thuairim go mbeadh.
Anois, má tá sé chomh soiléir sin dúinne anseo, nach raibh Mr. Trimble ag breathnú isteach i gcroí na fírinne, agus na maslaí úd á scaoileadh thar teorainn uaidh aige, tuige ar bhac sé leo, in aon chor? Bhuel, tá daoine ann adéarfadh, go raibh sé ag labhairt lena mhuintir fhéin, Aontachtaithe Uladh, agus gur beag rud a raghadh i gcionn ar an bpobal sin chomh mór le Poblacht Éireann a dhíspeagadh. Deir daoine eile, gur seanchleas polaitíochta é, namhaid seachtrach a ionsaí, nuair a theastaíonn uait do lucht leanúna fhéin, sa bhaile, a aontú taobh thiar díot. D’fheadfadh cuid den cheart a bheith ag an dá dhream sin, ach ba é tuairim Mhártan a’ Tairbh, ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, an oíche faoi dheireadh.
Cén tuairim a bhí aigesean, an ea?
Bhuel, ar seisean, ar thug tú faoi deara, go raibh Reifreann faoin dTeorainn á lorg ag Mr. Trimble, don bhliain seo chugainn, tráth a mbeidh toghchán ar siúl, ó thuaidh, acu freisin, agus má theastaíonn uaidh an dá thrá sin a fhreastal, caithfidh sé ding a thiomáint, go doimhin, idir an dá phobal ó thuaidh. Agus an bhféadfadh sé bealach níos fearr chuige sin a fháil, nó an Phoblacht s’againne a díspeagadh, agus an Ríocht Aontaithe a mhóradh, agus nach é sin go díreach atá á dhéanamh aige sa ráiteas úd, a chaith sé isteach, mar aguisín, lena óráid, ag cruinniú tábhachtach dAontachtaithe Uladh. Nach í sin an ding. Nach í sin an tslí le hAontachtaithe Uladh a ghríosadh chun gnímh i gcoinne dhuine ar bith a bheadh sásta a dhílseacht a dhearbhú don Phoblacht s’againne. Sea, agus chuirfeadh sé Aontachtaí ar bith, a bhí ag smaoineamh ar athaontú na tíre seo, chuirfeadh sé ar a fhaichill é, ag eagla go sleamhnódh sé a vóta isteach i mbosca na náisiúnach, agus na bpoblachtach. Agus nach bhfuil taobh eile ar an sceal sin freisin? Má theastaíonn ó Mr. Trimble, agus a pháirtí lucht leanúna Phaisley a mhealladh chuige, caithfidh se éadaí an pháirtí sin a ghoid, agus a chaitheamh, agus más é sin an plean, nach bhfuil tús maith curtha leis an obair acu, cheana fhéin, le haguisín úd an Trimbileach?
Dúisigh na seandílseachtaí, agus éireoidh leat. Sin an mana. Coinnigh a bhfuil agat, agus cuid Pháidín den mheacan ag an dtaobh eile.
Tá daoine ann freisin adeir, nár chóir dúinn bacaint leis an gcineál sin achasáin, sa taobh seo tíre, ach im thuairimse, déarfainn gur chóir dúinn na maslaí sin uilig a scrúdú, agus solas na taighde a dhíriú orthu, féachaint an fíor bréagach iad, agus ansin deighleáil leo mar a thuilleann siad.
Go dtí an chéad bhabhta eile……….Slán…………….
.
***********************
Peadar Bairéad.
***********************
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An Gasúr ab’ uaigní ar an Saol
(Oisín i ndiaidh na Féinne)
………………………………………………………………….
‘THE LONLIEST BOY IN THE WORLD’….…Céadchló…..2014
by
Gearóid Cheaist Ó Catháin with Patricia Ahern……€12.99
.
Guth úr ón mBlascaod Mór
Tá’s ag an saol, go bhfuil roinnt mhaith leabhar curtha ar fáil ag pobal an oileáin seo, cheana féin, ach seo ceann úr curtha ar fáil ag duine a rugadh ar an oileán fhéin, sa bhliain 1947, agus a bhí thart ar sé bliana d’aois nuair a thréig a mhuintir an Blascaod Mór, sa bhliain 1953. Mar sin fhéin, chaith sé sé bliana dá óige mar bhall de phobal an oileáin agus dá bhrí sin, bhí ar a chumas traidisiún agus cultúr phobal an oileáin, a ól isteach agus a chuid fhéin a dhéanamh de, go réidh nádúrtha, faoi mar a dhiúlfadh leanbh bainne na beatha óna mháthair. Sna ‘Cuimhní Cinn’ seo, cuireann Gearóid, le cabhair óna chomh-údar, Patricia Ahern, cuireann sé síos ar chúrsaí a shaoil fhéin agus ar an saol mór a bhí thart air, feadh a ré.
Faoi’n am ar rugadh é sa bhliain 1947, ní raibh leanbh ar bith eile á luascadh i gcliabhán ar an oileán. Bhí Gearóid fágtha ina Oisín i ndiaidh na Féinne, gan éinne dá chomhaois ar an mBlascaod le bheith ag déanamh spraoi leis, agus ba é a uncail an duine ab óige de na daoine a bhí fágtha ar an oileán, agus bhí seisean thart ar thriocha bliain d’aois ag an am, nó bhí pobal an Bhlascaoid laghdaithe go mór, faoin am sin, ag an imirce go Meiriceá agus ag daoine óga ag tréigean an oileáin, mar bhí teipthe ar an eacnamaíocht a thug slí bheatha do na hoileánaigh go dtí sin. Faoin am sin, bhí pobal an Bhlascaoid fágtha ar an mblár folamh, gan aibhléis, gan dochtúir, gan sagart, gan scoil, gan eaglais, ach má bhí fhéin, deir Gearóid linn, go raibh óige iontach aige fhéin i measc na gcomharsan. Ach tuigeadh ag an am nach raibh an dara suí sa bhuaile ag na hoileánaigh ach an t-oilean a thréigean, agus tuigeadh do Ghearóid, go raibh fonn ar a mháthair an t-oileán a thréigean, nó bhí a mháthair ag smaoineamh ar scolaíocht a chur ar fáil dó, agus ní raibh scoil nó múinteoir le fáil ar an mBlascaod. Féach mar a chuireann sé sin ina leabhar…
”She was becoming more concerned about my schooling, as I was nearly six years of age. Making sure I got an education became her priority”.
Mar sin, nuair a bhí Gearóid thart ar sé bliana d’aois, d’fhág siad an tsean-áit ar an oileán agus thug siad Dún Chaoin orthu fhéin, áit ar fhás sé suas. Fuair sé a chuid Meánscolaíochta in Achadh Úr, i gContae Chill Chainnigh agus sa Daingean freisin.
I mBéarla a scríobhadh na Cuimhní Cinn seo
Tríd an leabhar seo, cuireann Gearóid síos ar an saol a chaitheadh daoine timpeall air ag an am, agus bíodh gur i mBéarla a scríobh sé a chuimhní cinn, ní locht ar bith air é sin, mar tugann sé le fios dúinn dán na mBlascaodach, a raibh orthu dul i ngleic le saol an Bhéarla, tar éis dóibh an t-oileán a thréigean. Ní hé seo an chéad leabhar a scríobh Blascaodaigh, agus iad ag cur síos go cruinn dúinn, ar shaol a bhí ag dul i léig os comhair a gcuid súl amach, saol nach bhfuil fáil air a thuilleadh, taobh amuigh de na leabhair iontacha sin. Smaoiníonn muid ar, ‘An tOileánach’, le Tomás Ó Criomhthain, ‘Peig’, le Peig Sayers, ‘Fiche Bliain ag Fás’, le Muiris Ó Súilleabháin agus tuilleadh. Ní bheidh ar ár gcumas dul chun an tobair sin go deo arís, mura n-éiríonn le Gearóid dul i mbun pinn arís, amach anseo. Ach cibé ar bith é, tá a dhualgas déanta, agus déanta go maith ag Gearóid, mar cuireann sé síos ar shaol a mhuintire, agus ar an dteangmháil a bhí acu leis an saol mór amuigh, agus na daoine cáiliúla a thug cuairt ar an oileán sin le blas an chultúir dúchais sin a fháil, sula leagfaí na hordóga air, nó faoi mar a chuir Tomás Ó Criomhthain go cruinn ceart é…”Ní bheidh ár leithéidí arís ann.”
Leor sin don bhabhta seo, nó tá mé cinnte go mbainfidh tú fhéin taitneamh as Cuimhní Cinn Ghearóid Cheaist Uí Chatháin.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Diagacht, Theology; cosmhuintir, the ordinary people; cillín, cell; rois piléar, a volley of shots; ar a gcoimeád, on the “run”; athadhlacadh, reinterment; ciapadh agus céasadh, torture and torment.
.
An tAthair Albert
.
.
Peadar Bairéad
Early Days
Rugadh an tAthair Bibby i Muine Bheag, sa bhliain 1877, ach ba i gCathair Chill Chainnigh a tógadh é, cóngarach do Mhainistir na gCaipisíneach, sa chathair sin, agus ba ansin a dhéanadh sé Aifreann a éisteacht go rialta. Cuireadh scolaíocht air i Scoil na mBráithre, sa Chathair Álainn, agus ar ball, chuaigh sé le sagartacht go Coláiste na gCaipisíneach, i mBaile an Róistigh, Contae Chorcaí, áit ar glacadh leis mar bhall den Ord sin, sa bhliain 1894. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1902, tar éis dó cáil a bhaint amach dó fhéin mar mhac léinn Ollscoile. Chaith sé seal ina Ollamh le Fealsúnacht, agus le Diagacht, agus mhúin sé na hÁbhair Naofa sin do baill a Oird fhéin. I rith an ama sin, casadh scoláire óg leis, An tAthair Doimnic, fear a d’fhan ina chara buan, agus ina chomrádaí dílis, ag an Athair Albert, i rith na mblianta cinniúnacha sin idir 1917 agus 1925. Ba shagart i measc sagart é an tAthair Albert, fear a chaith a dhúthracht i measc na mbocht, agus é ag iarraidh chuile chúnamh a d’fhéadfadh sé, a thabhairt dóibh. Bhí meas an domhain aige ar an nGaeilge, agus ba bhreá leis cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht, le cainteoirí ó dhúchas a chlos ag spalpadh na teanga ab ansa leis. Choinnigh sé súil ghéar ar Éirí Amach na Cásca, sa bhliain 1916, agus thug faoi deara an sléacht a rinne sé ar an gcosmhuintir, ar na hÓglaigh, agus ar a muintir siúd.
During the “Rising”
Ar oíche an 3ú Bealtaine 1916, cuireadh scéala chuig Mainistir na gCaipisíneach i Church Street, go raibh baill den Ord ag teastáil, i bPríosún Chill Mhaighneáin, nó go rabhthas le hÓglaigh áirithe a scaoileadh ar maidin. Cuireadh an tAthair Albert agus an tAthair Augustine chun an Phríosúin, agus rinneadar freastal ar na hÓglaigh dhaortha ansin, Oíche Dhomhnaigh, an 7ú Bealtaine, 1916, fuarthas scéala eile i Church Street, go mbeadh an tAthair Albert agus an tAthair Augustine ag teastáil arís, i bpríosún Chill Mhaighneáin, an mhaidin dár gcionn, nó bhíothas le tuilleadh Óglaoch a scaoileadh. Chaith an tAthair Albert seal ag cabhrú leo siúd a bhí daortha. Ina dhiaidh sin, thug sé cuairt ar Sheán Heuston. Nuair a shroich sé cillín Sheáin, bhí an fear sin ag rá a phaidrín. Ní raibh ar a aire aige, an t-am sin, ach é fhéin a ullmhú mar ba chóir le dul i láthair a Shlánaitheora. Chaith an bheirt acu seal ansin ag paidreoireacht. Ar ball, tháinig saighdiúir Sasanach, le cur in iúl dóibh, to raibh an t-am tagtha. Amach leo. Rinneadh a raibh le déanamh. Shiúl an bheirt acu amach go láthair an scaoilte. Dúradh le Seán suí ar bhosca a bhí ansin sa chlós, agus scaoileadh rois mharfach piléar leis, rois a chuir lán stad lena théarma ar an saol seo. Chuaigh an tAthair Albert chuige agus chuir an Ola air láithreach.
After the “Rising”
Ní gá a rá go raibh na hÓglaigh fhéin, agus a muintir, buíoch do na Caipisínigh a rinne freastal chomh fial sin, orthu siúd a scaoileadh, i gclós Chill Mhaighneáin, i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, 1916. Agus nach bhfuil sé ina scéal i measc daoine áirithe, gur chuir James Connolly fios ar Father Aloysius, OFM Cap., agus gur dhúirt sé leis, gur theastaigh uaidh buaileadh leis mar shagart, nó go raibh scéalta cloiste aige faoin éacht a rinne idir shagairt agus mhná rialta le linn an Éirí Amach. Deirtear go ndearna sé a fhaoistin agus gur ghlac sé Comaoineach Naofa freisin, ar an ócáid. Nuair a bhí chuile shórt thart, agus an tÉirí Amach curtha faoi chois, níor dhein an tAthair Albert dearmad ar mhuintir na nÓglach a scaoileadh, agus ba é a nós cuairt a thabhairt orthu, go rialta.
Nuair a tharla Cogadh na Saoirse, idir na blianta 1917 agus 1921, lean an tAthair Albert ag friotháil ar phríosúnaigh Poblachtacha, i bpríosún, nó ar a gcoimeád dóibh. Ar ball, áfach, ghabh na Dúchrónaigh é fhéin agus a chara dhil, an tAthair Doimnic. Tógadh chun an Chaisleáin iad, mar ar deineadh iad a chiapadh agus a chéasadh.
Into Exile
Nuair a bhí ár Stát fhéin bunaithe anseo againn, chuir Údaráis an Oird an tAthair Albert go Meiriceá, i Meithemh na bliana 1924. N’fheadar cén fáth? Ach ar bhealach amháin, d’fhéadfá a rá go raibh toil Dé fhéin á léiriú dó sa deoraíocht chéanna sin, nó tharla go raibh áit faoi leith ag Naomh Úna i spioradáltacht agus i gcráifeacht an tsagairt chráifigh, Ghaelaigh seo, agus bhíodh pictiúr an Naoimh sin crochta i gcónaí ina chillín aige. Cuireadh i gceannas ar Mhisean Santa Ynez, i gCalafóirnia é, mar Phastor, agus nach bhfuil a fhios ag cách gurb ionann Úna agus Ynez, nó Agnes i mBéarla. Níor tugadh deis dó, i ndáiríre, mórán oibre a dhéanamh sa Mhisean cáiliúil céanna sin, nó faoi dheireadh na bliana sin 1924, bhuail taom trom tinnis é, agus cuireadh go hOspidéal Naomh Proinsias, i Santa Barbara é, mar a bhfuair sé bás i bhFeabhra na bliana 1925. Is dócha gurbh é mian a chroí é go gcuirfí a chorp faoin bhfód i dtír a dhúchais, ach chuile sheans nach raibh sin indéanta, ag an am, agus dá bharr sin, cuireadh i Reilg na SeanMhainistreach sin Santa Ynez é.
Home, at last
Ar feadh blianta ina dhiaidh sin, bhíothas ag iarraidh anseo go dtabharfaí a chorp abhaile go hÉirinn, maraon le corp a charad, an tAthair Doimnic, lena gcur i measc a mBráithre anseo, i gcré bheannaithe na tíre seo, ar thug siad grá a gcroí di. Ar deireadh thiar, deineadh sin, agus le toil na hEaglaise, le toil an Oird, agus le toil an Stáit s’againne, tógadh a gcoirp, faoi ghradam, abhaile go tír seo na hÉireann, ar an 13u Meitheamh 1958. Taobh amuigh de chathair Chorcaí, chuir Ard Mhéara Chorcaí agus Bardas na Cathrach sin Fáilte Oifigiúil rompu abhaile, agus ar an bhfód freisin an lá sin, bhí Ard Mhéara Átha Cliath, maraon le Méaraí Chill Chainnigh agus Luimní. Cuireadh i Reilg an Oird iad, i mBaile an Róistigh, i gContae Chorcaí. Bhí maithe agus móruaisle na tíre i láthair don athadhlacadh sin, le meas an náisiúin a chur in iúl, os ard, do bheirt laoch Éireannach a rinne a gcion fhéin le linn an Éirí Amach anseo, um Cháisc na bliana 1916.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
A r n a M i s i n . 11.
***********************
……What a Guesthouse !…..
Bhí Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na dála. Bhí na céimeanna iomadúla sin, a luaigh mé cheana, curtha dínn againn, agus muid ansin i bplás deas leibhéalta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoirí amach, áit a raibh radharc fíor-álainn againn ar dhúiche agus ar rainse San Simeon. Tar éis dúinn seal a chaitheamh ansin, ag breathnú ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag áilleacht chlasaiceach na timpeallachta agus na háite sin, tógadh muid ansin, le spléachadh a fháil ar cheann de na Tithe Cuairteoirí. Sna Tithe sin, a thug Hearst lóistín, agus bheith istigh, dá chuairteoirí agus dá aíonna, sé sin le rá, dóibh siúd ar thug seisean cuireadh chun an Chaisleáin dóibh, agus ag breathnú ar liosta na gcuairteoirí sin, b’ionann is bheith ag breathnú ar liosta maithe agus móruaisle na linne é. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile shórt sna Tithe Cuairteoirí (Guest Houses) céanna sin.
….Showers for all!…
“En Suite” curtha ar fáil do chuile aoi acu, ach san “En Suite” sin, ní raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, – ina n-ionad, – is amhlaidh a chuir sé cithfholcthaí isteach ina n-áit, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus dá chruthú sin, b’iomaí aoi a rinne a dhícheall, nó a dícheall, folcadh a tógail i gcupla orlach uisce, ar urlar an chithfholctha chéanna! Rud a thaitneodh go mór le Hearst fhéin, nó is cosúil gur le bob a bhualadh ar a aíoanna ardnósacha a chuir sé na cithfholcthaí (Showers) céanna sin isteach, a chéaduair.
Chun tosaigh linn ar ball, chuig an “Casa Grande” fhéin, nó an Teach Mór, sé sin, an Caisleán fhéin, bíodh nach bhfuil cuma caisleáin air, in aon chor, is cosúla é, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, ná le caisleán ar bith! Is fiú tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisleán dé-thúrach (twin-towered) álainn sin.
….Treasures, old and new….
Is beag nach mbainfeadh an saibhreas áilleachta agus ealaíona atá ar teaspaint don turasóir os comhair an Chaisleáin Draíochta sin, an anáil díot. Tá ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia Éigipteach an chogaidh, agus is fiú cupla nóimeat a chaiathemh ag bbreathnú orthusan, nó is iad na seoda is ársa i gCaisleán Hearst ar fad iad, nó deirtear gur dealbhaíodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chríost!
I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisleáin, agus tú ag breathnú in airde ar ghréas, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh álainn sin, tthabharfá faoi deara an cúram cruinn ceart a deineadh den ornáidíocht, agus den mhaisiú ealaíonta i leagan amach aghaidh an chaisleáin chéanna sin. Arís, chuirfeadh ársacht na ndealbha a bhí sa timpeall siar ar do chosa deiridh thú. Ar ball, nuair a bhí muid sásta go raibh cuid eicínt den áilleacht sin taiscithe againn i gcófraí do-scriosta na cuimhne, threoraigh ár dtreoraithe isteach sa “Casa Grande” fhéin sinn.
….Talk about style!…
Bí ag caint ar shaibhreas, ar ársacht, ar áilleacht! Bhí sin le tabhairt faoi deara i ngach coirnéal. Bhí sé os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh díot, agus ar an urlár thíos fút freisin. I gcás na n-urlár, bhí a mbunús clúdaithe le cairpéid, rugaí urláir, agus mataí, a bailíodh ó chuile choirnéal den domhan thiar agus den domhan thoir. Ba é an scéal céanna é i gcás na síleálacha (ceilings) os do chionn in airde, nó bailíodh cuid acu sin freisin ó Mhainisteacha agus ó Thithe Móra, cuma cá raibh siad suite, ach bheadh ort a admháil go raibh áilleacht thar na bearta ag baint lena mbunús. Dúradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, síleáil áirithe a fháil do sheomra a n’oiriúnfhadh sí dó, ansin chuirfeadh sé saineolaithe (experts) i mbun oibre, le cóip ceart cruinn a dhéanamh de, nó b’in an cineál duine é.
…..Wall Coverings…..
I gcás na bhfallaí timpeall orainn, bhainfeadh a n-áilleacht an anáil díot, nó ar fhalla anseo, bheadh tíleanna áille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla áirithe sin, agus ansiúd bheadh falla eile clúdaithe le tíleanna a tógadh isteach ón iasacht, toisc gur theasaigh a leithéid uathu, don ionad áirithe sin. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó méid agus uimhir na dtaipéisí (tapestries) áille, ildaite, ealaíonta, a bhí crochta ar fud an chaisleáin. Cuma cá raghfá, sa “Casa Grande”, bhí na fallaí clúdaithe le taipéisí ollmhóra de chuile chineál, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaipéis bhunaidh, Chuamar ó Halla go Halla sa Chaisleán ollmhór sin, agus de réir mar a chuamar ó cheann go ceann acu, b’amhlaidh a mhéadaigh ar ár n-ionadh, nó ní chreidfeá go bhféadfaí teacht ar an oireadh sin de shaibhreas sa saol mór ar fad, ach d’éirigh le William Randolph Hearst teacht orthu! Nó b’fhéidir gur chóra dhom a rá gur éirigh leis iad a bhailiú, nó a cheannacht, ó bhailitheoirí cáiliúla i gcathracha móra Mheiriceá, nó i Londain Shasana freisin.
Compulsive Collector .
Tuigeadh do lucht díolta seandachtaí, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meiriceá, ar bhailitheoir éigeantach é, agus ní hé amháin go gceannaíodh sé a dtaitníodh leis, ach cheannaíodh sé na seandachtaí sin ar theist na mbailitheoirí cáiliúla i Londain, i Nua Eabhrac, nó i Los Angeles, nó in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu. I ndáiríre, bhí na céadta agus na céadta earraí dá leithéid ceannaithe aige, sular tógadh Caisleán Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in áirithe do sheandachtaí speisialta. Nuair a smaoiníonn tú ar chúrsaí ar an mbealach sin, d’fhéadfá a rá gur tógadh an Caisleán uilig, sa chaoi go mbeadh dánlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiriúnach a chur ar fáil dá sheandachtaí ársa, stairiúla, áille. Nuair a chonaic mé fhéin an méid uafásach seoda, de chuile shórt, a bailíodh ó shibhialtachta na cruinne, ba é a rith liom i dtosach, nó go mba robálaí é Hearst, a d’úsáid a chuid airgid, le saibhreas ealaíona dá leithéid a bhailiú chuige, bíodh gur fhág sé tíortha eile i bhfad Éireann níos boichte, dá bharr, agus go mba chosúla le hionad folaigh ag robálaithe é an Caisleán seo ná le Dánlann dáiríreach (a real Art Gallery).
A Safe Haven.
Ach, nuair a bhreathnaíonn tú air ó thaobh eile, d’fhéadfá a rá, gur bhailigh sé seandachtaí agus earraí ealaíonta dá leithéid chuige, le hIarsmalann daingean sabhálta a chur ar fáil dóibh ansin ar Rainse San Simeon, sa chaoi go dtabharfaí cúram ceart dóibh, feasta, agus sa tslí sin, go gcoinneofaí slán sábhálta iad, do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, nó ní bhréag ar bith é a rá, gur chuid dílis d’oidhreacht an chine dhaonna iad. Sa tslí sin, ghlac mé leis, nár réabadh reilge (desecration), amach is amuigh, a bhí déanta ag William Randolph Hearst, ach go mba chineál caomhnnóra é, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisleán fhéin a mhaisiú! Agus leis na seoda sin a chaomhnú, ag an am gcéanna, do na glúnta a bhí le teacht in ár ndiaidh.
Bí liom arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le rá agam faoi Hearst Castle.
*************
Peadar Bairéad.
*************
.
.