le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
The Associate…………………………….2009
By
John Grisham………………………………..£18.99
.
“The Associate” is the twentieth novel from the pen of, John Grisham, that Bestselling American Novelist. All his books have been bestsellers, and this one, by all accounts, will join the previous nineteen. The Author studied and qualified in Law, and after a short time in practice, he switched careers to become a bestselling author. You are, I’m sure, already familiar with many of his works, The Firm; The Pelican Brief; and The Appeal; to mention but a few.
But in the, “The Associate”, his most recent offering, one has to say that the author has succeeded in producing another un-putdownable thriller. The story begins with our principal character, Kyle McAvoy, a law student, acting as a Basketball Coach to a rather poor team. In this particular game, his team is already firmly trounced, and so the Coach is just marking time, as he waits for the final whistle. And then, having performed as a Coach should at the end of such a game, he found a backway out of the Basketball Court. However, when he reached his car, he found there, waiting for him, a man who had all the appearance of being a Detective, or such. This man introduced himself, flashing a badge, which bore the inscription….”Bob Plant, FBI”…. Bob was not alone, as his sidekick soon appeared, a “Nelson Ginyard”, who also produced a Badge.
In their conversation with Kyle, it became apparent, that these “officials” had some information, backed up by a video tape, that placed Kyle McAvoy in a very difficult situation. It appeared that Kyle had, while at College, taken part in, or had been present at, a session of rather questionable acts, which happened to be illegal in the State where the College was situated, and now, “The Law” was in a position to threaten him with the dire consequences that would follow such deviant behaviour, unless………..
Kyle was a brilliant Law Student attending Yale at that time, and the “FBI Officers” now assured him, that they would forget all about his dalliance at Duquesne University, provided that he, in turn, would be prepared to join the Law Firm of “Scully and Pershing” and, as that Firm happened to be working on behalf of a very powerful industrial giant, this would enable Kyle to pass on to the “FBI” some very delicate documents.
Kyle accepted their offer. He didn’t feel that he had any alternative. However, when he checked out his “FBI” agents later, he discovered that he had been hoodwinked by a criminal group. But, they now had him where they wanted him, and they proceeded to monitor all his movements and actions, while Kyle spent all his best efforts trying to stay within the law. He later discovered that his handlers meant business when one of his College Fraternity members was murdered.
It is on that skeleton that the author hangs his story.
Does Kyle succeed in outwitting the evil gang? How does he avoid breaking the law? And how does he avoid the threatened lawsuit by the girl involved in that foolish romp of his College days?
To get all the enjoyment, and excitement, of finding the answers to these questions, I’m afraid you will have to get, and read, “The Associate”, this latest of John Grisham’s Novels. However, I’m sure that you will enjoy the effort involved, and that you will find the game worth the candle, in this case.
.
**************************************
Peter Barrett,
St.Jude’s,
Waterford Road.
**************************************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Bóithrín na Smaointe
Peadar Bairéad
Memories
Is dócha gur dual don tseanduine bheith ag dul siar de shíor ar bhóithrín anacair casta na smaointe, agus ní taise dom fhéin é. Ach faoi mar adeir an seanfhocal, bíonn dhá thaobh ar chuile scéal, mar is féidir le duine breathnú ar thaobh amháin den scéal, áit a mbeadh chuile cheo chomh glégeal leis an gcriostal, agus d’fhéadfhadh sé breathnú ar an taobh eile, mar a mbeadh chuile shórt chomh dubh dorcha le pic. Nach féidir linn cruatan agus anró an tsaoil fadó a chur i gcomparáid le faoiseach agus le sáimhe an tsaoil faoi mar atá anois. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil saol feicthe againne, seandaoine, nach bhfuil fáil, nó teacht, air a thuilleadh. Nach féidir linn uilig scéal an tsaoil sin a fháil ó na daoine a bhí suas, an tráth úd? Sea, mh’anam, agus déarfainn go raibh an saol as ar fáisceadh mé fhéin, chomh bocht, crua, anróiteach, is a bhí le fáil áit ar bith sa tír seo, ag an am.
Small Farms
Ar mhaith leat blas eicínt den saol céanna sin a fháil?
Go breá ar fad! déanfaidh mé mo dhícheall ar dheoch as tobar na gcuimhní a chur ar fáil duit i bpiosa na seachtaine seo, agus ó tharla gur ar fheirm a tógadh mé fhéin, déanfaidh mé iarracht ar léiriú eicínt den shaol ar fheirm bheag, i mBarúntacht Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, a leagan os do chomhair amach anois. Ní rainsí a bhíodh ag an muintir thiar ag an am, níorbh ea muis, nó tada dá leithéid! Thart ar scór acra a bhíodh ag bunús na bhfeirmeoirí beaga thiar, ag an am, agus fiú, ní bhíodh cuid áirithe den bhfeirmín céanna sin thar mholadh beirte, nó b’fhéidir nach mbeadh ann ach bogach, nó portach fhéin, ach ansin, nuair a smaoiníonn tú air, ní bheadh ar a gcumas feirm níos mó ná sin a láimhseáil, nó ní bhíodh innealra ar bith acu, le cabhrú leo an talamh sin a shaothrú, faoi mar a dheintear sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh de ghléasanna nó d’acraí talmhaíochta ag a mbunús, an tráth úd, ach spáid, sluasaid, speal, forc, píce, sleán, corrán, ráca, castóir, agus bráca is céachta ag an gcorrdhuine anseo is ansiúd..
Horse Power
Ach céard faoi fhuirse is treabhadh, agus tarraingt earraí, ar nós féar, móin, arbhar, plúr agus min, abhaile? Conas a dhéanaidís a leithéid?
Bhuel, bhíodh capall ag corrfheirmeoir anseo is ansiúd, agus thagadh seisean i gcabhair ar an té a bheadh ina ghátar. Ní gá a rá, go mbíodh asal ag bunús chuile fheirmeoir, agus bhaintí an-úsáid as an mbeithíoch bocht céanna sin, ar na feirmeacha beaga, ar dhein mé tagairt dóibh thuas. I gcás tarraingt na móna abhaile áfach, b’in gnó nach bhféadfaí a dhéanamh in aon lá amháin, nó thógfadh sé thart ar scór nó scór go leith de chairteacha móna, le cruach réasúnta mór a dhéanamh, agus ba é a dhéantaí sa chás sin nó leoraí, nó tarracóir, a fháil ar chíos do lá eicínt, agus thagadh meitheal de na comharsanna lena gcúnamh a thabhairt don té a raibh an mhóin á tarlú abhaile aige, agus dár ndóigh, dhéantaí an comhar sin a íoc leo siúd, ar ball, nuair a bheadh an mhóin á tarlú abhaile acu fhéin.
Bhaintí an féar le speal, agus ba é an feirmeoir fhéin a dhéanadh an gnó sin. Ní gá a rá go mba obair throm, mhaslaitheach, í an spealadóireacht chéanna sin, agus go dtógadh baint an fhéir roinnt mhaith laethe, agus bheadh gá le cúnamh ón gclann, chuige sin, nó fad is a bheadh sé fhéin ag baint an fhéir, bhíodh a bhean is a chlann ag teacht ina dhiaidh á sábháil. Ba é an scéal céanna é i gcás bhaint an arbhair. Thagadh an feirmeoir fhéin i dtosach, leis an speal, agus bhíodh beirt nó triúr ag teacht ina dhiaidh, duine ag tógáil, duine ag ceangal, agus duine eile fós ag stucadh. Sea, mh’anam, ní gá a rá, go mbíodh droim tinn ar na créatúir bhochta sin i ndeireadh an lae, sea, agus a fhios ag chuile dhuine acu, go mbeadh tuilleadh den obair chéanna sin le déanamh acu an lá dár gcionn, agus an lá ina dhiaidh sin arís. Sea, mh’anam! agus níor dhada é sin taobh leis na laethe nuair a bhaintí gort arbhair leis an gcorrán, geallaimse dhuit é!
Turf too !
Agus, céard faoi bhaint na móna? Ba é an scéal diabhalta céanna arís é. Fear an tí fhéin ag baint na móna leis an sleán, agus fear eile, nó tuilleadh fiú, ag teacht ina dhiaidh, agus iad ag scaradh na móna le píce, nó uaireannta bhíodh gá le barra rotha, leis an móin a iompar amach ón bportach fhéin, go dtí an áit ina ndéantaí an mhóin sin a scaradh, agus dár ndóigh, ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí an t-uafás eile oibre le déanamh, sula mbeadh an mhóin chéanna sin sa chruach mhóna a thógtaí, taobh leis an teach, le teas a choinneáil leis an líon tí, go dtí an tráth sin, an bhliain dár gcionn.
Ní raibh os comhair an fheirmeora bhig, agus a chlann, an tráth úd, ach obair chrua, anró, agus cruatan, ó cheann ceann na bliana, seal ag cur, agus seal ag baint, ach ag an am gcéanna, caithfear a rá gur bheag duine a bhíodh ag tarraingt ar theach an dochtúra, ar bhonn rialta, sna laethe úd, agus dár ndóigh, ní bhíodh éinne ag smaoineamh ar dhul chuig síciatraí, síceolaí, nó chuig beithíoch ar bith eile dá leithéid. Ná habair liom anois nach mbeadh a ndóthain gustail acu, le beadaíocht dá leithéid a chur ar fáil dóibh fhéin, nó dá mbeadh gá dáiríreach acu lena leithéid, thiocfaí ar sheift eicínt, lena leithéid a chur ar fáil dóibh. Ach, is dócha, i ndáiríre, gurb é atá á rá agam nó, an tráth úd, nuair nach raibh sparán teann ag éinne, agus Conchúr mór sa chúinne ag a lán, go raibh an chosmhuintir lán sásta lena ndán, agus níos mó ná sin, go raibh siad sona sásta leis an gcineál saoil a bhí acu, nó bhí tuiscint acu ar an gcineál sin saoil, bhí cleachtadh acu ar chruatan agus ar anró, agus ba chairde dóibh iad, agus dá mbeadh ar ghasúr dul ar scoil cosnochtaithe, ní chuirfeadh sé as in aon chor dó, nó bheadh roinnt mhaith cosa nochta eile timpeall air, cuma cá raghadh sé.
All Mod Con ……
Ach sa lá atá inniu ann, nuair atá innealra, gléasanna, agus acraí de chuile shaghas nios fearr ná a chéile, ag daoine, le cúl a chur ar an anró agus ar an gcruatan sin, agus chomh maith le sin, tá an sparán teann acu freisin, sa chaoi go bhfuil ar a gcumas, sólás agus sáimhe a sheasamh dóibh fhéin, dá dtogróidís é, sea, agus earraí brandáilte a cheannacht dóibh fhéin freisin, rud a choinneodh suas leis na comharsana iad, ach, ag an am gcéanna, ní dóigh liom, go bhfuil na daoine seo chomh sona, sásta is a bhíodh na daoine a tháinig rompu, bíodh nach mbíodh an gustal céanna acusan. Ach tá sé cinnte, nach bhfuil cleachtadh ar bith ag na daoine a mhaireann anois ar an gcruatan, nó ar an anró, a bhain leis an saol, sna seanlaethe. Nó sa lá atá inniu ann, tá flúirse ag bunús chuile dhuine, a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige, teach compórdach aige, éadaí galánta ar a dhroim, agus carr nua-aoiseach ina sheasamh taobh amuigh dá dhoras tosaigh ag roinnt mhaith den chosmhuintir……
Lessons to learn?
N’fheadar áfach, an bhfuil ceacht eicínt le foghlaim againn ón scéal sin ar fad? Táid ann adéarfadh, nach ionann gustal agus sástacht, nó nach mbronnann flúirse féile, agus gur mór go deo idir chomharsanúlacht agus an sparán teann. D’fhéadfadh sláimín den cheart a bheith acu, faoi mar a deir Séimí bocht an Droichid, ar ócáid dá leithéid.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Ceiliúradh Thiar 1
Peadar Bairéad
(This week I write about a recent trip west)
.
“Is dá mbeinnse i mo sheasamh
I gceartlár mo dhaoine,
D’imeodh an aois díom
is bheinn arís óg.”
Ócaidí le ceiliúradh
.
Tharla, ar na mallaibh, go raibh roinnt áirithe ócáidí le ceiliúradh ag an gclann s’againne, agus in ionadh iad a cheiliúradh anseo, ag baile, i gCill Chainnigh, shocraíomar ar gheábh a thabhairt siar go Connachta agus an ceiliúradh a dhéanamh ansin.
Céard a bhí le ceiliúradh againn, an ea?
Bhuel! Bhí breithlá suntasach le ceiliúradh agam fhéin, agus chomh maith le sin, bhí iúbhailí tábhachtacha a bpósta le comóradh ag baill áirithe eile den treabh freisin, agus ni rud beag nó suarach é, sa lá atá inniu ann, bheith ag ceiliúradh triocha, agus trí scór bliain faoi chuing an phósta, agus nuair a chuireamar chuile shórt san áireamh, is é a bheartaíomar a dhéanamh nó an bóthar siar a thabhairt orainn fhéin, thart ar dheireadh Mhí Iúil, agus b’in é díreach a rinneamar. Agus le tús a chur leis an turas siar, shocraíomar ar theacht le chéile i dtosach i mbaile mór Mhá Nuat, agus ar an Luain, an fichiú la d’Iúil, thógamar ár seolta agus siar linn, le cóir, in ár mionbhus deas, compórdach, scioptha, scuabtha. Seisear dinn a bhí ag dul ar an turas sin siar, mo bhean agus mé fhéin, mo mhac, Micheál, agus a bhean siúd, m’iníon, Carol Ann, agus ár ngarmhac, Oisín. D’fhágamar Má Nuat na nGearaltach thart ar mheánlae agus bíodh nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, ag an am ach, faoi mar a dhruideamar isteach i gcríocha na gclaíocha cloch, thosaigh na scamaill agus na ciothanna ag glanadh leo, agus ba ghearr go raibh radharc le fáil againn ar rí na spéire fhéin agus é spalpadh anuas orainn as gorm glan glé na spéire. Thart ar an Muileann Cearr, dúirt duine eicínt go raibh sé in am againn bheith ag smaoineamh ar bhlas bia a chaitheamh. Níor chuir éinne i gcoinne an smaoinimh chéanna. Ba ghearr an mhoill orainn óstán oiriúnach a aimsiú, agus tar éis dúinn an mionbhus a pháirceáil, thugamar aghaidh ar an óstán céanna sin. Roinneadh go fial, flaithiúil orainn san óstán sin, agus ba ghearr go raibh cúl curtha againn ar an ocras, agus tar éis dúinn ár gcomhrá a dhéanamh ar ár sáimhín só, bhíomar réidh chun bóthair arís. Ní call dom a rá, go raibh súil an tseabhaic a choinneáil againn uilig ar an dtír trínar ghabhamar, agus ní call dom a rá, gur chuir taitneamh na gréine go mór le háilleacht na dúiche trína raibh muid ag gluaiseacht, tailte méithe, barraí aibí, beithigh breátha ramhraithe, foirgnimh dea-thógtha, dea–dheartha, agus bailte seascaire, gona sráideanna breátha, leathana, glana. Cuir le sin, an comhrá suimiúil a bhí idirt chamáin againn, agus tuigfidh tú nár mhothaíomar an t-am, nó an t-achar, ag sleamhnú tharainn, agus ba ghearr gur thugamar faoi deara go raibh muid gafa thar theorainn Mhaigh Eo isteach, agus muid ag déanamh ar lom ar ndíchill ar cheann ar gcúrsa, ar Bhéal an Átha ar bhruacha na Muaidhe. Bhí áit curtha in áirithe dúinn sa Ballina Manor Hotel, i Sráid an Bhairéadaigh, sa bhaile céanna sin.
Ar ais i mBéal an Átha
.
Níorbh aon strainséir sa bhaile sin mé fhéin, nó chaith mé seacht mbliana taitneamhacha, im mhúinteoir le Gaeilge, i gColáiste Mhuireadhaigh, sa bhaile sin. Thóg sé tamall orainn áit oiriúnach pháirceála a aimsiú don mhionbhus, ach ar deireadh thiar, d’éirigh linn sin a dhéanamh, agus nuair a bhí chuile shocrú déanta againn, bhuaileamar isteach sa Ballina Mhanor Hotel, agus ghlacamar seilbh ar ár seomraí ansin, agus tar éis dúinn bail eicínt a chur orainn fhéin, bhíomar réidh le turas a thabhairt ar an seomra bia, le dinnéar a chaitheamh ansin ar ár sócúlacht. Fuaireamar bord, don seisear againn, díreach os cionn an Ridge Pool, an t-ionad iascaireachta bradán is cáiliúla sa tír, agus bíodh gur roinneadh togha gach bia, agus rogha gach dí orainn, go fial, flaithiúil, ag an am gcéanna, choinnigh muid súil ghéar freisin ar na hiascairí díograiseacha, foighdeacha, a bhí ag siúl síos suas fan bhruach na habhann, agus iad ag caitheamh doruithe go cliste, ealaíonta, ach má dhein fhéin, ba bheag toradh a bhí ar a n-iarrachtaí an trathnóna sin. Chríochnaíomar ár mbéile agus ar ball, thugamar an leaba orainn fhéin agus ní haithristear ár n-imeachtaí go héirí lae gona lánsoilse arna mhárach.
Ar leanúint, an tseachtain seo chugainn…..
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Cnuasach Gearrscéalta
.
Íbíotsa……………le……………Labhrás Ó Finneadha
Céadfhoilsthe………………2015…….………..€10.00
.
Scéilíní fánacha
I nóta poiblíochta ar chlúdach cúil an leabhair seo, – an chéad leabhar ficsin le Labhrás Ó Finneadha – , deirtear linn, gurb é atá ar fáil againn sa chnuasach seo nó, “scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.” Ach le filleadh ar an leabhar fhéin… D’fhéadfá a rá, go bhfuil éagsúlacht taitneamhach le fáil in ábhar na scéalta. Breathnaigh nóiméad ar an gcéad scéal sa leabhar, ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhaist an t-údar ar an scéal taitneamhach seo. Triúr cailín a théann ar saoire chuig Íbíotsa, le deireadh na hArdteistiméireachta a ceiliúradh. Eilís a bhí ar an gcailín ba chúthaile, agus rinne a máthair chuile iarracht ar chiall a mhúineadh di, sa chaoi go dtógfadh sí saoire anseo in Éirinn b’fhéidir, ach cinnte, gur chóir di an t-ionadh mí-oiriúnach, frithchríostaí sin a sheachaint. Ba bheag aird a thug Eilís ar a comhairle, agus in am tráth, shroich sí fhéin agus a beirt compánach an t-oileán grianmhar, Meánmhuirí sin. Níor chuir an tsaoire sin aon stró ar a compánaigh, ar Mhonice, nó ar Bhláthnaid, agus i ndeireadh na dála, bhí an triúr acu ag baint taitnimh an tsaoil as a saoire in Íbíotsa. Laethe fada cois trá, seal ag snámh agus seal á ngrianadh fhéin, agus seal eile fós ag breathnú ar fhir agus ar ógánaigh! Níor staon siad ó chupla deoch nó dioscó san oíche, ach choinnigh siad súil seabhaic ar a chéile, agus sa tslí sin, níor bhaol dóibh. Ní dhearna siad tada as an mbealach, luath nó mall.
Iall tosaigh briste
Ansin, lá amháin, agus Eilís ag snámh di fhéin, tháinig sí ar ais chucu agus í an-trína-chéile. Mhínigh sí dóibh go raibh iall tosaigh a bicíní briste. Moladh an leigheas seo agus moladh di an leigheas siúd, ach i ndeireadh na dalá, bhain si an gléas sin di, agus shiúl lei i dtreo a n-árasán, agus í cíochnocht, bródúil, banúil, gan chíochbheart ar bith, agus ba ansin a rinne an bheirt eile an beart céanna. Bláthnaid ba thúisce a thuig tábhacht na hócáide. ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhí ann, dár lei. Sea, casadh an dá chultúr ar a chéile, agus chonaic na cailíní nár thug na daoine thart orthu aon aird faoi leith ar a ndánacht, agus bhíodar sásta go mbeadh cuimhne acu fhéin ar saoire sin a bhfuascailte in Íbíotsa lá is fuide anonn. Sea, d’imigh siad leo agus cíochbheart thar a gualainn ag chuile dhuine acu, agus iad lán de chuimhní na hócáide, cuimhní a chuirfidís i dtaisce i gcuisneoir na cuimhne, cuimhní a thógfadh a gcroí le linn geimhrí préachta a laethe, amach anseo.
“Díomá a bhí uirthi, áfach, nuair a thug sí faoi deara, nach raibh aon duine ag breathnú anois orthu, nó ag cur blas suntais san ala suaithinseach seo.”
Sea, rinne an t-údar an-obair anseo, sa chaoi ina gcuireann sé an scéal seo le chéile, agus mar ar éirigh leis stíl dheas, éasca, seolta, a úsáid, leis an scéal a chur inár láthair.
Scéal eile
Tá scéal suimiúil le fáil againn freisin faoin teideal, ‘An Mhaidhm’. Séimí ina shuí ar a bhalcóin, ‘Cafe con leche’ ordaithe aige, bosca toitín leagtha ar bhord, taobh leis, feaig ina láimh chlé, agus é ag breathnú amach ar an bhfarraige. Tugann sé chuile cheo faoi deara. “Tá rud éigin amuigh ansin nach deachomhartha ó Dhia é, agus más i dtír a thiocfaidh, tagadh!
Thug Séimí na comharthaí uilig faoi deara, de réir a chéile, ach thuig sé an scéal go seoigh, tsúnamí, gan dabht, ach níor chorraigh Séimí na leisce, ach d’fhan mar a raibh aige, agus é faoi dhraíocht ag an maidhm mhór mhara, agus féach mar a chríochnaíonn an scéal agus an mhaidhm ag múchadh toitín Shéimí dó, agus ag an bpointe sin críochnaíonn an scéal. Cuirtín anuas, mar adéarfá.
An-scéal, an-insint, an-chur-chuige. sea, draíocht amach is amuigh.
Sea, agus d’fhéadfainn chuile scéal den naoi scéal sa leabhar seo a mholadh go hard, as a stíl, as a leagan amach, agus as an ruainne sin den draíocht a fhíonn an t-údar isteach trí abhras chuile scéal acu.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Cuimhní
Mar shaithe saighdte beach,
Iar bhaint an fhéir os a gcionn,
Éiríonn cuimhní aníos
As ithir mhéith na rún
.
Baineann na sál dá chéile,
Ar thóir airde agus aire,
Is léimeann ‘na gceann is na gceann
Ar mo scáileán glé gan mhairg.
.
S’iad na cinn is sine is láidre,
Aniar as críoch na hóige,
Trína fheicim gasúr gan chúram,
Ag aisteoireacht leis go beoga.
.
De réir mar imíonn na blianta,
Éiríonn an scannán doiléir,
Is éalaíonn bearnaí buartha
Isteach tríd an spól soiléir.
.
Ar ball éalaíonn na beacha
Tar éis mhearú cupla meandair,
Mar a ruaigfeadh toit an tsaithe,
Is iad ag fágáil mil gan gharda.
Ansin is gach rud socair,
Is féidir liom gan bhárathainn,
Rogha na gcuimhní a thiomsú
Lem mhisneach lag a ardú.
.
*************************
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Laoch eile ar lár
.
Peadar Bairéad
An Drochscéal
Tamall ó shoin, is ea chuala mé an drochscéal, go raibh ár gcara, Daithí ildánach Ó hÓgáin ar lár. Níorbh aon strainséar é sna bólaí seo, nó ba bhreá leis i gcónaí freastal ar ár nDaonscoil fhéinig, Daonscoil Osraí. Beidh cuimhne fós againn ar an mbliain seo, 2011, mar an bhliain ar sciob an bás laoch Gaelach eile uainn, Daithí ciúinbhriathrach, séimh, cneasta, na gile, Ó hÓgáin. Ba as Cill Chainnigh dá thuistí, ar gach taobh den teach, agus sílim gur tuigeadh to maith dó, agus é ag tabhairt léachta uaidh anseo ag Daonscoil Osraí, go raibh sé i measc a mhuintire fhéin, bíodh nár rugadh sa dúthaigh seo é. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh Daithí ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge, agus lena chois sin, ba mhór aige chuile ghné dár mbéaloideas agus dár gcultúr mar chine a ndeachaigh a phréamhacha siar síos i gcré na cine s’againne. Bhí aithne mhaith ag scoláirí Dhaonscoil Osraí ar Dhaithí, agus meas dá réir sin acu air, nó ba charraig ar chuile ghné den teanga é, agus nuair a chuaigh sé chun oibre ar ábhar, bheadh a fhios agat láithreach go scalfadh sé tóirse a léinn agus a thaighde, ar chuile ghné den ábhar sin, agus nuair a bheadh deireadh ráite ag Daithí ar ábhar, bheadh a fhios agat go raibh an focal deiridh cloiste agat faoi. Ba leathan go deo é réimse a chuid scoláireachta, ó bhéaloideas go dírbheathaisnéis, agus ó fhilíocht go stair chorraitheach a chine. Ba chruinn é a chuid eolais, agus ba dhoimhin a chuaigh a spád i ngort tofa a spéise, le prátaí blasta eolais agus léinn, idir bheag agus mhór, a nochtach os ár gcomhair, agus é ag tabhairt deis dúinne, toradh a chuid rómhair a phiocadh suas go saoráideach, cruinn. Sea, agus rinne sé an gnó crúógach sin agus miongháire ar a bhéal, gan aon chur i gcéill, nó gan madraí a chur i bhfuinneoga dúinn, nó le breathnú air, thabharfadh sé le fios do dhuine, go mba dhuine cúthail, lách, cneasta é, chuile lá riamh.
Tugtha don Léann
I mBrugh i gContae an Chláir, a rugadh Daithí, sa bhliain 1949, rud a d’fhág nár mhórán thar na trí scór dó, nuair a cailleadh é. Bhí sé tugtha don léann ó thús, agus ghnóthaigh sé scoláireacht i dtosach, le deis a thabhairt dó freastal ar mheánscoil, agus ar ball, ghnóthaigh sé scoláireacht eile, a d’oscail an tslí isteach san Ollscoil dó. Bhain sé leas as na scoláireachtaí céanna sin, agus d’éirigh thar barr leis sna fiontair sin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur bhain sé Céim Dochtúrachta amach sa bhliain 1976. Chuir a thaighde agus a staidéar don Chéim chéanna sin ábhar leabhair ar fáil dó, leabhar ar bhaist sé, An File, air. Ina dhiaidh sin, chaith sé tréimhsí áirithe ar fán i ngoirt an léinn, ach i ndeireadh na dála, dhírigh sé a aire ar bhéaloideas, agus ar stair a chine, agus níor chríochnaigh sé go dtí gur shroich sé barr Dhréimire an Léinn, agus gur bhain sé amach aitheantas idirnáisiúnta dó fhéin sa ghort sin.
Ba fhile aitheanta é freisin, a chuir roinnt bhailiúchán dá shaothar ar fáil dúinn thar bhlianta a ré. Agus mar a luaigh mé thuas, ba mhór aige. chuile lá riamh, iarrachtaí na ndaoine ar Dhaonscoileanna agus ar Scoileanna Samhraidh a chur ar bun, le traidisiúin agus béaloideas áitiúil a chothú agus a fhorbairt, agus meas na muintire a dhíriú ar na gnéithe sin dá saol.
Chuir mé fhéin aithne ar Dhaithí, anseo i gCill Chainnigh, le linn blianta áirithe dár nDaonscoil áitiúil fhéin, Daonscoil Osraí. Mhothaigh mé i gcónaí go mba dhuine uasal, geanúil, cneasta, cúthail é, ach ba shoiléir a ghrá don léann agus don taighde agus é i mbun léachta, nuair a d’fheicfeá an lasair áthais ag soilsiú trína shúile beoga, agus an chaoi a dtagadh na focail amach as a bhéal ina gcaise do–stoptha, corraitheach, dáiríreach.
Cloch ar a Charn
Rinne mé iarracht ar chupla véarsa a shnadhmadh le chéile mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach fhéin a chur in iúl. Seo chugaibh anois é………………
Laoch eile ar lár
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór a chaill,
Fear dána eile sínte, caillte,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ar gcosaint tréan gach am is tráth.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí
In aimsir álainn ár nDaonscoile glé
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh ag a amam uasal, anocht, agus i dtólamh.
.
.