Timpiste a chonaic mé

Timpiste a chonaic mé

Foclóir

an t-eiteachas, refusal; Ag ligint orainn, pretending; Teach na Scoile, the schoolhouse; sna preaba tintrí, like lightning; bhí se fánach aige, he failed; trácht, traffic; fianaise, evidence; tranglam tráchta, traffic tangle; i ndeireadh na dála, at long last; fóinín póca, mobile phone; déanta na fírinne, to tell the truth.

.

Ceist

Tharla go raibh tú i láthair nuair a tharla timpiste bóthair. Déan cur síos ar a bhfaca tú ar an ócáid sin. Sa bhfreagairt duit dean cur sios ar ait na timpiste, ce ba chuis leis, agus cen toradh a bhi ar an eachtra sin?

.

.

Timpiste a chonaic mé

.

.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo na ndeor ar an dtimpiste a chonaic mé, agus mé ar mo bhealach abhaile ó Scoil na mBráithre anseo i gCill Áirne, tráthnóna inné. Thíos ag Coirnéal an Bhúistéara, cóngarach do Theach na Scoile a bhí mé, nuair a tharla sé. Chonaic mé fhéin gluaisteán mór dubh ag gluaiseacht sna preaba tintrí amach Bóthar an Phiarsaigh, ach má chonaic, ní fhaca an Máire Ní Riain nó a comrádaí é, nó bhí an péire acu ag siúl leo go socair sásta trasna an bhóthair, díreach ag an am gcéanna sin.

Nuair a bhí sé ró-dhéanach, chonaic tiománaí an Jaguar mór dubh iad. Luigh sé ar na coscáin, ach bhí sé fánach aige, nó bhí sé ró-chóngarach do na girseacha ag an am. Phléasc scréach na hadhairce, agus sianaíl chaointeach na gcoscán, ciúnas marbhánta na maidine, agus d’éirigh scamall toite ó ruibéar dóite na mbonn. Chuala mé fhéin scread scannraithe, chluas-phléascach, na gcailíní, agus ag an nóiméad céanna beagnach, chonaic mé an péire acu á gcaitheamh in airde san aer, faoi mar ba bhréagáin éadaigh iad.

Stop an gluaisteán i ndeireadh na dála. Bhailigh slua daoine timpeall. Stopadh an trácht. Bhí fóinín póca ag duine den slua, agus cuireadh fios láithreach ar na gardaí agus ar an otharchárr. Ba ghearr go raibh carr na ngardaí ar an bhfód, agus ní raibh moill ar bith orthusan dul i mbun a gcuid oibre. Triúr acu a bhí ann. Chuaigh duine acu le haire a thabhairt don bheirt a gortaíodh, agus thosaigh an bheirt eile ag tógáil toisí ansin ar an mbóthar, agus ag bailiú fianaise ón lucht féachana.

Ag an bpointe sin, chualamar sianaíl ghéar, léanmhar, an otharchairr, ag teacht in ár dtreo le luas lasrach. Stop siad san áit a raibh an garda i mbun na ndaoine gortaithe. Beirt a bhí ar an otharcharr, agus geallaimse dhuit é, nár chuir siad aon am amú, ach iad ag brostú leo ar a míle dhícheall. Scrúdaigh siad an bheirt a bhí sínte, lag, ar thaobh an bhóthair, thug siad instealladh an duine dóibh, lena bpian a mhaolú, agus ba ghearr go raibh an bheirt chéanna sin ar bord an othair cháirr, agus iad ag gluaiseacht sna preaba, ar a mbealach go dtí Ospidéal an Chontae, i dTra Li, , sea, agus garda ar ghluaisrothar os a gcomhair amach, ag déanamh slí dóibh trí thranglam trachta an tráthnóna.

Cuireadh an Jaguar mór dubh isteach ar thaobh an bhóthair, agus nuair a bhí chuile shórt ag ionad na tionóisce socruithe ag na gardaí, thógadar tiománaí an ghluaisteáin duibh leo, i gcarr na ngardaí. Bhí ráfla ag dul sa timpeall, go raibh tiománaí an chairr dhuibh dallta le hól, agus imithe as a mheabhair le drugaí, ag an am gcéanna bhi ráfla eile adúirt nár leis an Jaguar in aon chor, ach gurbh amhlaidh a ghoid sé é i gcarrchlos lárchathrach, agus má bhí aon fhírinne sna ráflaí sin, chuile sheans nach mbeidh seisean ag tiomáint aon chairr go ceann tamaill mhaith arís, nó seans go gcaithfidh sé cupla bliain ag déanamh málaí poist don Stát, agus é faoi ghlas istigh i bpríosún Luimní.

Chuala mé, an tráthnóna sin, go dtiocfaidh na girseacha as, agus cé go raibh cosa duine acu briste, agus cé go raibh easnacha an chailín eile brúite, tuigeadh ag an am gcéanna, nach mbeidh clóic orthu, amach anseo, cé go mbeidh orthu tamall maith a chaitheamh sínte in Ospidéal an Chontae.

  Mo chuidse de, tá súil agam, nach bhfeicfidh mé tionóise dá leithéid arís go deo na ndeor, nó déanata na fírinne, níl mé tagtha chugam fhéin fós, ach d’fheadfadh cursai a bheith i bhfad nios measa. Buíochas mór le Dia nach bhfuair éinne bás ar an ócáid, mar “níl luibh nó leigheas in aghaidh an bháis.”

.

.

Timpiste a chonaic mé

Buntáistí agus Mibhuntáistí Rialtas an Mhionlaigh

Buntaistí agus Míbhuntáistí Rialtas an Mhionlaigh

(Cineál nua Rialtais)

(This week we consider some of the achievements, and problems, of our Present Government.)

Bliain sa Diallait!

Nach fada an bhliain í, ó tugadh cumhacht na Dála don Rialtas s’againne? agus ní bréag ar bith é, a rá, gur chosúla le bliain reo-aoise í.

Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Chuile thuige! nó ar an gcéad dul síos, breathnaigh ar an méid ama a thóg sé le Rialtas a roghnú! Táid ann adéarfadh, nár chóir a mhilleán sin a leagan ar na Teachtaí Dála fhéin.

Agus cé air ar chóir é a leagan, murab orthusan é, má sea?

Ar na vótóirí, a thabharfadh siad mar fhreagra ar an gceist sin, nó chuireadar an oiread sin dreamanna polaitíochta chun na Dála, nárbh éasca an gnó é rialtas a ghaibhniú as na dreamanna éagsúla sin.

Milleán á leagan

Go réidh anois! Ní hé mo thuairim gur chóir a mhilleán sin a leagan ar na vótóirí, nó chonacthas do mhadraí an bhaile fhéin, go mbeadh sé thar a bheith éasca Rialtas a chur i dtoll a chéile, dá mbeadh na Teachtaí réidh le loighic an toghcháin a chur i gcrích, mar bhí sé thar a bheith éasca móramh na Dála a fháil, dá mbeadh péire de na príomhpháirtithe sásta cur le chéile, ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh, agus toil na vótóirí a chur i gcrích, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Rialtas de chineál nua ar fad a chur i dtoll a chéile leis an tír seo a rialú go ceann cupla bliain nó trí. Leis an mbeart sin a chur i gcrích, thoiligh Fianna Fáil tacaíocht a thabhairt don Rialtas FineGaelach, ar chúinsí áirithe, agus thoiligh Fine Gael ansin Rialtas a ghaibhniú, as a mbaill fhéin, agus as baill ó mhionpháirtithe agus ó neamhspleáigh éagsúla eile.

Ciallmhar agus fadcheannach

D’fhéadfadh duine a rá freisin, go mba chiallmhar, agus go mba fhadcheannach, an socrú é sin, i gcás go mbeadh na Teachtaí toilteanach úsáid chiallmhar a bhaint as, ar mhaithe le leas an phobail, nó thabharfadh an leagan amach seo deis don Dáil úsáid a bhaint as scileanna, agus as tuiscint, bhaill iomlán na Dála, in ionad bheith ag brath ar bhaill an aon pháirtí amháin, nó ar bhaill Chomhrialtais. Faoi’n am seo áfach, tá deis againn anois breathnú ar thoradh na trialach seo, ar tugadh deis dó a chumas a léiriú do phobal na tíre seo, nó faoin am seo, tá bliain iomlán caite ag an Rialtas seo sa diallait. Ar éirigh leo leas an phobail a dhéanamh, agus é sin a dhéanamh níos críochnúla ná mar a dhéanfadh Rialtas an mhóraimh, nó Rialtas Aonpháirtí. Táid ann adéarfadh, nár dhein, nó go raibh an iomarca laincisí agus buairíní á gcur orthu. le go bhféadfaidís aon dul chun cinn ar fónamh a dhéanamh, nó dá molfadh an Rialtas a leithéid seo, nó a leithéid siúd a dhéanamh, bheadh daoine ansin len iad a ionsaí ar dheis is ar chlé, agus iad réidh, agus ullamh, vótáil i gcoinne cibé a bhí á moladh, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas fís an Rialtais a lot, is a mhilleadh, agus sa tslí sin freisin, cuireadh dris chasáin roimh an Rialtas, chuile bhabhta, rud a fhágann an Rialtas i mbealach a bhasctha, gan ar a chumas feidhmiú mar ba chóir do Rialtas feidhmiú.

Rialtas ar dóigh

Ar an dtaobh eile den scéal, táid ann a déarfadh, gur Rialtas ar dóigh atá againn faoi láthair, agus cibé tá á moilliú faoi láthair, nach bhfuil ann ach nach bhfuil cleachtadh faighte againn fós ar an gcineál seo Rialtais, agus nuair a thiocfaí isteach ar Rialtas an mhionlaigh, go n-oibreoidh sé go seoigh ar fad, ar fad, nó go mbeidh deis ag chuile dhream agus fiú ag an duine aonair fhéin, a ladar a chur sa scéal, agus sa tslí sin, go mbeadh chuile sheans ann, go dtiocfaí ar leagan amach a shásódh móramh na Dála, agus a bheadh inghlactha ag móramh an phobail freisin. I ndáiríre, dá ndéanfaí iarracht ar an gcineál seo Rialtais a oibriú i gceart, chuile sheans go mbeadh sé i bhfad níos daonlathaí ná an cineal Rialtais a bhíodh againn go nuige seo, nuair nach raibh aon deis ag an bhfreasúra a dtionchar a fhí isteach i muabhrat polaitíochta an Stáit s’againne.

Céard a cheapann tú fhéin faon na socruithe sin?

  

.

.

.

.

.

.

.

Timpiste a chonaic mé

E a c h t r a i g h D u i n n 34.

i gcúl mo ghlaice, in the back of my fist; Ní raibh an dara suí sa bhuaile agam, I had no alternative; folúntas, vacancy; láithreach bonn, immediately; an fuíollach, the remainder; clabhsúr a chur ar rud, to bring matters to a close.

********************************

.

.

Eachtraigh Dúinn 34

Peadar Bairéad

“God will provide”

Ar deireadh thiar, bhí mé ar ais arís i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, Contae Mhaigh Eo, tar éis dom bliain mhór, fhada, a chaitheamh amuigh ansin sa tsaol mór, sea, agus bhí Cáilíocht Múinteoireachta, ó Roinn an Oideachais, in Ollscoil na Gaillimhe, i gcúl mo ghlaice anois agam, agus mé lán-ullamh le dul i mbun an tsaoil, le greim mo bhéil a shaothrú dom fhéin, feasta. Ní haon ionadh, go raibh faitíos orm dul i ngleic leis an saol mór céanna sin, nó nár cuireadh fainic na bhfainic orainne, sa Chliarscoil, faoin saol diabhalta, mioscaiseach, mealltach, damnaitheach, céanna sin, ach, i ndáiríre, ní raibh an dara suí sa bhuaile agamsa. Ní raibh mórán fáltais, nó saibhreas, nó tada dá leithéid, taobh thiar de Bhairéadaigh Iorrais, agus dá bhrí sin, bheadh ormsa déanamh as dom fhéin, agus pingneacha a shaothrú, le teacht i dtír, i ndomhan nach raibh aon chleachtadh ró-mhór agamsa air. Ach, mar ba ghnách, thug an tOllamh, Peat Larkin, comhairle barainneach mo leasa dom, ar an ócáid. “Deus providebit” ar seisean. Bíodh muinín agat as Dia, agus ní bheidh cailleadh ar bith ort! Ghlac mé lena chomhairle, agus ní raibh a chathú sin orm riamh ó shoin. Ach ba scéal eile ar fad é an Samhradh fada, fánach sin, sa bhliain 1951.

Job hunting

Thosaigh mé orm ag léamh na bhfógraí sna páipéir nuachta, chuile lá. Agus caithfear a rá, go mbíodh roinnt mhaith folúntais do mheánmhúinteoirí á bhfógairt, an tráth úd, ach níor phostanna domsa a bhí á bhfógairt, nó ní oiriúnfadh a mbunús mór domsa, dubh, bán, nó riabhach. Chuir mé roinnt mhaith iarratais isteach chuig scoileanna áirithe, ach b’in a bhí agam dá bharr, nó tá mé ag fanacht le freagra ó na scoileanna céanna sin, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá mé ag ceapadh, go dtiocfadh lá Philib a’ Chleite fhéin, sul a bhfaighinn freagra ó na scoileanna céanna sin! D’fhógair scoil áirithe i gContae Mhaigh Eo folúntas do mhúinteoir Gaeilge, agus tuigeadh dom, go mbeinn sásta tabhairt faoina leithéid de phost, go háirithe ó tharla, go raibh an folúntas céanna sin chomh cóngarach dom bhaile dhúchais. Fuair mé freagra uathusan. Glaodh chun agallaimh mé. Cuireadh agallamh orm, agus tugadh le fios dom, go raibh an post faighte agam, agus go ndéanfaí é sin a dheimhniú, i litir tríd an bpost, i gcionn cupla lá. Ach mo mhairg, ba é an seanscéal céanna arís é. Níor chuala mé tada uathusan fós!

To no avail

Chláraigh mé le Comhlacht speisialta, a raibh sé d’aidhm acu, postanna a fháil dóibh siúd a chláródh leo. Rinne siad a ndícheall, ach arís ba é an scéal céanna é, agus ní raibh ar a gcumas post a chur ar fáil domsa. Anois, ba chóir a lua anseo, nár saor in aisce a dhéanaidís siúd beart dá leithéid, nó bhí de nós oibre acu, 5% den tuarastal bliantúil, a bhaint díot, dá n-éireodh leo, post a fháil duit! Ar aon nós, rinne mé mé fhéin a dhí-chlárú, chomh luath is a tuigeadh dom, nach n-éireodh leo faic oiriúnach a fháil dom, agus thug mé fhéin faoi ngnó sin arís. Dúirt duine eicínt liom, sílim gurbh é mo sheanmháistir, An Máistir Ó Cróinín, é, agus dúirt seisean liom, gur chóir dom CV a sheoladh chuig Coláiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, nó bheadh seans ann, go mbeadh folúntas acusan. Rinne mé rud air, ach ag an am gcéanna, lean mé orm ag cur isteach ar phostanna, faoi mar a dheintí iad a fhógairt sna páipéir. Chonaic mé go rabhthas ag lorg múinteoirí thall i Sasain, agus chuir mé isteach ar chupla post thall. Bhuel! Ní chreidfeá é, ach d’éirigh liom an dá phost sin a fháil. Anois, bíodh go raibh mé trom tuirseach de bheith ag cur isteach ar phostanna, ag an am gcéanna, bhí orm anois a shocrú ar phost a dhiúltú! Ar deireadh thiar, shocraigh mé ar phost acusan a ghlacadh. Scríobh mé litir, ag glacadh leis an bpost sin, ach ó tharla go raibh sé déanach go maith sa tráthnóna, ag an am, níor chuir mé an litir sin sa phost, an lá sin.

A Letter from the “Doc”

An mhaidin dár gcionn, sula raibh deis agam mo litir a chur tríd an bpost, fuair mé litir ó Bhéal an Átha, ag rá, go mbeadh folúntas acusan do mhúinteoir Fraincíse, don bhliain reatha sin, agus lena chois sin, dúradh sa litir, gur mhaith le hUachtarán an Choláiste sin bualadh liom, an lá dár gcionn. Choinnigh mé an litir, go bhfeicfinn céard a bheadh le rá ag an “Doc. Loftus”, faoi mar a thugtaí, coitianta, ar Uachtarán Choláiste Mhuireadhaigh, ag an am, nuair a bhuailfeadh sé liom, an lá dár gcionn.

Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Tháinig an “Doc” agus casadh ar a chéile sinn. Chuaigh an “Doc” céanna sin i gcionn go mór orm, nó b’fhear grinn, géarchúiseach, léannta, ildánach é, an Doc céanna sin. Ní call dom a rá, go mba shagart é an Dochtúir Ó Lachtnáin, a bhain Céim Dochtúireachta sa Dhiagacht amach dó fhéin, amuigh sa Róimh, mar ar cuireadh léann an tsagairt air, roinnt blianta roimhe sin. Caithfidh go raibh seisean sásta liomsa freisin, nó ba é deireadh an scéil sin é, gur thairg sé post mar mhúinteoir Gaeilge dom i gColáiste Mhuireadhaigh, láithreach bonn.

I accept

Ní gá dom a rá leat anois, go mbfhearr liomsa go mór fada, post a ghlacadh i dtír seo na hÉireann, ná mo dhúthracht a chaitheamh i mbun mo cheirde, thall i gCríocha Gall. Níor thóg sé i bhfad ormsa mo fhreagra a thabhairt don Doc! Chraitheamar lámh air. Bhí an margadh déanta. Shocraíomar cúrsaí pá ar ball, agus geallaimse dhuit é, a chara na gcarad, nár ró-dheacair an gnó é, an socrú céanna sin a dhéanamh. Ba é an margadh a rinneamar nó go ndéanfadh an Coláiste seomra a chur ar fáil dom, istigh sa Choláiste fhéin, agus go mbeadh mo bhéilí uilig le fáil agam ansin, ag bord na sagart istigh, agus chomh maith le sin, thabharfaí £160 sa bhliain, mar thuarastal bliantúil dom. Daichead punt um Shamhain, daichead eile um Nollaig, an tríú daichead um Cháisc, agus an fuíollach, faoi dheireadh na scoilbhliana. Ní call dom a rá, nach mbíodh faic na ngrásta le fáil againn ón Stát, don chéad bhliain sin, nó ba bhliain phrofa í, chomh fada is a bhain sé leosan é.

Chuir mé litir chuig an dá Scoil úd i Sasana, ag gabháil buíochais leo as na postanna a thairiscint dom, ach, tharla go raibh mé tar éis glacadh le post múinteoireachta anseo in Éirinn, agus nach mbeadh ar mo chumas freastal orthusan faoi Mheán Fómhair na bliana sin. Bhuel, tuigeadh dom go raibh sin ar a laghad tuillte acu.

Preparations to be made

Ní raibh fágtha agam ach coicíos roimh thús na scoilbhliana nua, agus bhain mé leas as an am sin, le roinnt ullmhúcháin a dhéanamh don ghnó a bheadh le déanamh agam feasta, nó tuigeadh dom, dá n-éireodh liom an chéad bhliain sin a chur isteach, go sásúil, go leanfainn liom i mbun na Gaeilge feasta, nó bhí mo chroí sáite sa teanga chéanna sin, ó laethe m’óige anall, agus seo anois an deis agam, mo chion fhéin a dhéanamh, ar son na cúise, mar adeireadh daoine an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom clabhsúr a chur ar an ngála seo. Ach bí liom arís, nuair a bheidh mé ag cur síos ar mo laethe, agus ar m’imeachtaí, i gColáiste Mhuireadhaigh, ar bhruacha méithe na Muaidhe, I gContae mealltach Mhaigh Eo.

Timpiste a chonaic mé

I m B é a l a n P h o b a i l.rtfJim Carew

.

I m B é a l a n P h o b a i l

Peadar Bairéad

Jim Carew remembered

Tharla go raibh mé i Má Nuat, ón 24ú go dtí an 29ú Bealtaine, agus dá bharr sin, ní raibh ar mo chumas bheith i láthair ag tórramh nó ar shochraid seanchara liom, a cailleadh ar an Aoine, an 25ú Bealtaine 2007. Ni bhfuair mé amach go raibh Jim Carew básaithe go dtí gur léigh mé an drochscéal sa Kilkenny People, ar an gCéadaoin, an 30ú Meitheamh.

Ní chuile lá a chasfadh fear cosúil le Jim Carew leat, nó ba dhuine uasal é go smior na gcnámh. É carthannach, comharsanúil, cabhraitheach. Dáiríreach, nuair a bhí gá le dáiríreacht, ach taobh leis an dáiríreacht sin bhí féith fuascailteach an ghrinn ann freisin. Ba dhuine é Jim, a dtabharfaí aird ar a thuairim chuile lá riamh. Ní go minic a labhradh sé i lúb chruinnithe, ach nuair a dhéanadh, d’éistfí leis. Ní bréag ar bith a rá go n-aireoimid uainn é, sna laethe atá romhainn amach. Rinne Jim freastal ar Choláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo, áit ar chaith mé fhéin seal freisin, rud a d’fhág ceangal caradais agus tuisceana eadrainn, le linn ár mblianta le chéile, i gColáiste Chiaráin.

A leader

Mar is eol do chách anois, chaith Jim a shaol gairmiúil, mar mhúinteoir, i gColáiste Chiaráin. Ní raibh mé fhéin ró-fhada i mbun oibre sa Choláiste céanna sin, nuair a tháinig Jim Carew isteach chugainn mar mhúinteoir, sa bhliain 1971, déarfainn. Fear breá, óg, ard, scafánta, a bhí ann, ag an am. É fuinniúil, fearúil, friothálach. Ba ghearr go raibh a thionchar chiúin le tabhairt faoi deara ó cheann ceann na scoile. Ar an bhFraincis a dhírigh sé a scileanna múinteoireachta, agus ní call dom a rá, gur éirigh go geal leis sa bhfiontar sin, ach le himeacht aimsire, d’éirigh le Jim a thionchar a leathadh i ngoirt eile múinteoireachta, agus ba ghearr go raibh sé ag traenáil fhoireann sacair an Choláiste, agus dá ndéarfainn é, níorbh aon ghobán é an Jim céanna i mbun na hoibre sin, agus bhain sé cáil amach dó fhéin freisin, mar imreoir, sna bólaí seo. Is iomaí uair freisin a sheol Jim buíon daltaí ó Choláiste Chiaráin go tíortha i bhfad i gcéin, fiú chomh fada ó bhaile leis an Rúis fhéin. Bhí sé ullamh i gcónaí teacht i gcabhair ar dhaltaí, nó ar mhúinteoirí, nuair a bheadh a chúnamh ag teastáil uathu.

Níor phíobaire an aon phoirt é Jim s’againne, ach oiread, nó chaith sé a dhúthracht freisin ag saothrú le Clubanna Chumann Lúthchleas Gael.

A Man of Many Skills

Chuir Jim ionadh orainn freisin lena scileanna mar thógálaí, nó nach ndeirtear linn gur dhein sé éacht i dtógáil a thí fhéin? Sea, b’ildánach an Críostaí é, agus mar dhuine a d’oibrigh taobh le taobh leis, thar achar maith blianta, is féidir liom a rá, go raibh meas thar na bearta agam air, mar chomhleacaí, mar chomrádaí, agus mar chara.

léirigh Coláiste Chiaráin an meas a bhí acu ar a n-iarmhúinteoir, nó bhí idir fhoireann agus scoláirí na scoile sin, i láthair i Ardeaglais Mhuire, anseo i gCill Chainnigh, len é a chur faoi bhrí na guí, agus chomh maith leo siúd, bhí ar an bhfód freisin, baill de na Cumainn éagsúla spóirt, a raibh sé bainteach leo, lena meas siúd a chur in iúl freisin. Chomhcheiliúir thart ar dháréag sagart Aifreann na Marbh, san Ardeaglais, maidin na sochraide, agus dáileadh an chré leis i Reilg Chiaráin, anseo sa Chathair Álainn, i ndiaidh an Aifrinn chéanna sin.

Is oth linn uilig bris a mhuintire, nó is mór an chaill orthu a bhás agus é fós ina fhear óg. Ba mhaith liom ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean, dá chlann, dá chairde agus dá ghaolta.

Solas na soilse dá anam uasal, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh aige anois agus i dtólamh.

Farewell

Slán go Fóill

.

Aniar aduaidh, gan trua,

Sea d’éalaigh an bás, gan trup,

Gur sciob sé uainne ár gcara

Is d’fhág muid buartha gan sos.

.

Mothóimid uainn thú, a chara,

Do ghreann, do spórt, is do chiall,

B’fhearúil, Críostaí, do dhearcadh,

Gan fuath, gan fearg, gan fíoch.

.

.

Mar lia os do leacht mo dhánsa,

Ag scaoileadh do sceoil do chách,

Ag buanú do chuimhne id dhúthaigh,

Is ag ceiliúradh do rath agus d’ágh.

.

Anois is d’oilithreacht déanta,

Is fóda na bhFlaitheas geal fút,

Go raibh solas na soilse dod’ stiúradh

I gcomhluadar naomh agus sua.

.

.

Timpiste a chonaic mé

Saolaíodh Áilleacht Uafar 4

Saolaíodh Áilleacht Uafar 4

.

Peadar Bairéad

(This week we consider The Language and The Rising)

.

The Irish Mode

o tharla go bhfuil comóradh an Éiri Amach le ceiliúradh ó cheann ceann na tíre seo, i mbliana, is dócha go bhfuil sé in am againn anois breathnú siar ar an eachtra sin, agus chuile shórt a chur sa mheá arís. Is dócha gur chóir dúinn aire faoi leith a thabhairt do fhís lucht eagraithe an Éiri Amach céanna sin. De ghnáth, dírítear ar thrí aidhm faoi leith a chuireadar rompu, agus b’in iad, Poblacht saor, gaelach, agus aontaithe, a bhaint amach dá muintir anseo in Éirinn, agus sin a dhéanamh trí neart airm. An babhta seo, áfach, díreoidh mé ár n-aire ar…Éire Ghaelach, mar chuspóir…

Nuair a smaoinimid ar chúrsaí na teanga, faoi mar a bhí, an tráth úd, tuigtear dúinn, nár ró-bhuacach a bhí an teanga canna anseo ag an am. Is cinnte go raibh Gaeltacht i bhfad níos leithne agus níos fairsinge acu ansin ná mar atá againne, sa lá atá inniu ann, agus is cinnte freisin, go raibh roinnt mhaith daoine ann ar mhór acu an teanga chéanna sin. Ach faoi bheith ag caint ar athbheochaint na teanga sin, mar ghnáth theanga labhartha na ndaoine, is dócha nár tuigeadh cé chomh deacair is a bheadh sé cuspóir dá leithéid a bhaint amach, ach gan dabht ar domhan, bhí an fhís sin coitianta i measc náisiúntóirí an tráth sin.

Ach céard faoi lucht eagraithe an Éirí Amach? An raibh siadsan meáite ar an teanga a chur i mbéal an phobail arís, mar a dteanga laethúil?

Is dócha gur tuigeadh do roinnt mhaith acu, go raibh cath le troid i dtosach, ach chomh luath is a bheadh an cath sin buaite, bhuel! ansin d’fhéadfaí tabhairt faoi na cúrsaí sin i ndáiríre. I gcás an Phiarsaigh áfach, is dócha go raibh seisean den tuairim, go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, nó chonaic seisean céard a d’féadfaí a dhéanamh tríd an teanga a mhúineadh don óige. Ach caithfimid a thabhairt faoi deara, go mba scoláirí faoi leith a bhí ag freastal ar scoil an Phiarsaigh, Scoil Éanna, agus chomh maith le sin, bhí staidéar déanta aige fhéin ar chóras dhátheangach faoi mar a oibríodh é i dtíortha eile, sa Bheilg, mar shampla, agus tríd an modh sin, d’éirigh leis an teanga, maraon le Gaelachas, a mhúineadh dá dhaltaí, agus sa tslí sin, tuigeadh dó, céard a d’fhéadfaí a dhéanamh nuair a bheadh inneallra an Stáit taobh thiar d’iarracht ar an nGaeilge a athbheochan agus a chur á labhairt ó cheann ceann na tíre arís. Ach, déarfadh duine anois, b’fhéidir, go mba fhís inmholta í an fhís chéanna sin, agus fís a bhí an-oiriúnach mar chuspóir don Éiri Amach. Bhí dearcadh eile ag daoine eile, áfach. I gcás Thomáis Mhic Dhonncha mar shampla, bhí dearcadh difriúil aigesean. Ag caint dó ar an Irish Mode, – sin filíocht scríofa ar bhealach Éireannach, bealach a léireodh smaointe, dearcadh, agus ceol agus rithim an chine, ba é a theastaigh uaidhsean nó go gcoinneofaí an Ghaeilge beo sa Ghaeltacht. Shásódh sin é, sílim, agus ba leor é freisin, mar bheadh tobar fíor-ghlan agus síor-ghlan na nGael ansin i gcónaí le Béarla Gall-Ghaelach na nÉireannach a leasú agus a shaibhriú. Níor ghnáth-athbheochantóir é Tomás. Thiocfadh an náisiún i dtír ar Bhéarla, ar choinníoll go mbeadh an tobar fíor-ghlan sin ar fáil ag domhan an Ghall-Ghaelachais. Is dócha gurbh é sin an fáth ar tuigeadh dó, nach raibh gá feasta le Conradh na Gaeilge sa Ghalltacht, nó ba sna bólaí sin a d’fhásfadh an teanga speisialta nua seo, an teanga Angla-Éireannach, agus san idirlinn, bheadh gá le haistriúcháin, le saibhreas na Gaeilge a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ina héagmais. Chuige sin, agus le dea-shampla a thabhairt, thug sé fhéin faoi aistriú a dhéanamh ar dhánta aithnidiúla Gaeilge. Nach cuimhin libh a aistriú ar ‘An Bonnán Buí’

The yellow bittern that never broke out

In a drinking bout, might as well have drunk;

His bones are thrown on a naked stone

Where he lived alone like a hermit monk

O yellow Bittern! I pity your lot,

Though they say that a set, like myself is curst –

I was sober a while, but I’ll drink and be wise

For I fear I should die in the end of the thirst.

Féach nár bhac sé le meadaracht na filíochta Béarla san aistriúchán seo, ach rinne sé aithris ar an mheadaracht a d’úsaid Cathal Buí fhéin. B’in sampla den Irish Mode, dár le Tomás.

.

Tuilleadh le teacht.

Timpiste a chonaic mé

Toghadh Uachtarain

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week, I mBéal an Phobail interviews Séimí an Droichid concerning his views on the forthcoming Presidential Election.)

Roghnú agus toghadh Uachtaráin

Sea mh’anam! Here we go again! ualach asail d’airgead á chaitheamh againn ar thoghchán eile! Nach méanar dúinn agus gan sciúrtog sa spaga againn? B’in iad na smaointe a bhí ag plódú isteach i gcistin mo cuimhne agus mé ar mo bhealach síos an baile le buaileadh le mo sheanchara, Séimí an Droichid. Nuair a chuaigh mé isteach ar dhoras tosaigh an Smugairle Róin, cé bheadh ansin le fáilte is fiche a fhearadh romham, ach mo leathbhádóir, Séimí. Tar éis na gnáthchuirtéisí a mhalartú, chuamar isteach sa chúlsheomra, sa chaoi go mbeadh deis againn ár gcaint, agus ár gcomhrá, a dhéanamh ar ár sáimhín só.

“Aon tuairim agat, a Shéimí, faoinár n-iarrthóirí don Uachtaránacht?”

“ Bí cinnte go bhfuil, agus seacht gcinn de thuairimí troma.”

“B’fhéidir go scaoilfeá cupla ceann acu chugainn, nó caithfidh mé a admháil nach bhfuil cinneadh cinnte déanta agam fhéin fós, bíodh gurb í seo an t-aonú huair déag.”

“Nach fearr go deireannach ná go brách! Ach gabh i leith, nóiméad! Nach deacair rogha nó díogha a bhaint as an dream a bheidh ar an bpáipéar vótála amárach.”

“Bíodh sin amhlaidh, nó ná bíodh, sin an beart a bheidh le déanamh againn uilig. Ach cé gheobhaidh do vóta fhéin, a Shéimí?”

Iarrthóirí don Uachtaránacht

“ Bhuel, tar éis dom cupla seachtain a chaitheamh ar mo mharana, i dtosach, shocraigh nach dtiúrfainn m’uimhir a haon do dhuine ar bith de na mná, an babhta seo, agus mar sin, go raibh sé in am agam mo vóta a thabhairt do dhuine de na fir, an turas seo.”

“Ach a Shéimí, nach bhfuil beirt bhan ansin againn, a mbeadh pobal ar bith bróduil astu, mná a d’fhéadfadh an fód a sheasamh dúinn áit ar bith sa mbith críoch. Tuige ar shocraigh tú gan vóta a thabhairt do dhuine ar bith acu? Caithfidh mé a admháil, go raibh mé fhéin ag smaoineamh ar vóta an duine a bhronnadh orthu.

“Bheul! sin an saghas duine mé.” arsa mo Shéimí bocht, “nó ghlac mé leis, nach bhféadfainn an dá thrá a fhreastal, agus thit an crann ar na fir, an t-am seo.”

“Cé roghnaigh tú, mar sin, le do vóta a thabhairt dó?”

My Number One goes to…

“Cheap mé i dtosach go dtabharfainn vóta don Mhistéalach, ach ar ball, shocraigh mé gan uimhir a haon a bhronnadh air. Ansin shorcaigh mé gan m’uimhir a haon a thabhairt do Mhac Aonghusa, nó do Norris, ach oiread.”

“Ach, a Shéimí, nach daoine den scoth chuile dhuine den triúr céanna sin, agus nárbh fhiú vóta, chuile dhuine acu?”

“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat agus beatha dhuine a thoil! ach nach bhfuil fhios ag madraí an bhaile fhéin nach mbeadh ar mo chumas m’uimhir a haon a thabhairt do chuile dhuine acu, rud a fhágann nach bhfuil fágtha ach beirt, sin Micheál D. agus Ó Gallchobair, agus dá gcuirtheá chugam é, rogha a bhaint astu sin, déarfainn go bhfuil chuile sheans gurb é Gallagher a gheobhadh m’uimhir a haon, agus ansin thiúrfainn m’uimhir a dó do Micheál D. “

“Agus an bhfuil tú ag rá liom nach dtiúrfá oireadh na fríde fhéin do na hiarrthóirí eile?”

“Níl tada dá leithéid á rá agam, nó níl sa mhéid sin ach an tús, mar tá socraithe agam uimhir eicínt a bhronnadh ar chuile dhuine de na hiarrthóirí eile, nó thoiligh chuile dhuine acu, dá dheoin fhéin, seasamh mar iarrthóir sa toghchán seo, agus leis an mbeart sin, chuir siad chuile dhuine againn faoi chomaoin mhór. Ach, faoi mar adúirt Mártan a’ Tairbh liom, an lá cheana, chuile sheans gur duine den bheirt sin a roghnaigh mé, a thoghfar, Ach, ní raghaidh mé sa tseans leis, Mar sin, tabharfaidh mé uimhir eicínt do chuile dhuine den seachtar acu. Ach tá sé thar am agamsa bheith ag giorrú an bhóthair abhaile. Oíche mhaith agat anois, agus na déan dearmad ar do vóta a chaitheamh, lá an toghcháin.”

Slán abhaile!

Leis na focail sin bhí mo Shéimí bocht glanta leis an doras amach.

“Slán abhaile”! a chuir mé fhéin ina dhiaidh, ach chuile sheans nár chuala sé focal uaim, nó bhí sé scuabtha an doras tosaigh amach faoin am sin.

“Ná déan dearmad ar do vóta a chaitheamh lá an toghcháin.”

Nach maith an chomhairle í sin?

.

gaGaeilge