A r     O i l i t h r e a c h t

A r O i l i t h r e a c h t

O i l i t h r e a c h t .

.

Fada, tuirsiúil, anacair,

Oilithreacht seo na beatha,

Ag siúl is ag siúl go traochta

Gan treoir, gan stiúir, gan tada,

Ach chuile dhuine leis fhéin,

Ar thóir na beatha síoraí,

Gan léarscáil, ach a choinsias,

Leis an mbealach sin a fhógairt

Trí fhásach, is trí dhufair,

I ngleann gruama seo nDeor.

.

Ach tagaigí chugam, a chairde,

Abhus nó thall, frí chéile,

Le mo mhisniú, le mo mhealladh

Fan bhóthar seo na beatha,

Nó is tuirsiúil é an t-uaigneas

Má shiúlann amach id’ aonair,

Is is deacair aird a dhíriú

Ar choinsias nó ar chreideamh,

Nuair a sheoltar d’anam daonna

Ar eachtra báis is beatha.

.

.

Ach má shiúlann sibh amach liom

Ar oilithreacht seo na beatha,

Misneoimid a chéile,

Trí chúl a chur ar uaigneas,

Is ardófar misneach is meanmna

Ár n-anamacha spíonta lag’,

Ag cuidiú lena chéile,

Go sroichfimid an trá úd thall.

.

*********************************

.

.

.

A r     O i l i t h r e a c h t

An Dá Shaol.

An Dá Shaol

.

Nuair a shiúlaimse timpeall gach lá,

Ní bhímse im aonair go buan,

Nó im’ fhochair, dofheicthe, taibhsiúil,

Gluaiseann Lucht Neimhe faoi rún.

.

Siúlaim leis an Rí is lena Chúirt,

Idir Chór na nAingeal is na Naomh,

In éineacht liom freisin, gan teip,

Siúlann lucht Purgadóra na bpian.

.

Uaireannta, táid soiléir, geal, glé,

Is cloisim a gcomhrá gan locht,

Ach laethanta eile, Mo Nuar!

Ní bhíonn ann ach cogar is tost.

.

Ach nach ’in é dán theaghlach Chríost’,

Ar thóir fhís an chreidimh neamhaí,

Anois, maireann i dtír na bhfuíoll,

Ach arís, i bhfásach gan chríoch.

.

Sin mar a phromhtar ár miotal,

Sin mar a thriailtear ár luach,

Sin mar a nitear ár n-anam,

Lena ullmhú don bheatha atá buan.

.

******************************

.

.

.

A r     O i l i t h r e a c h t

An Monsignor Ó Fiannachta ar lár

An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta ar lár

.

Peadar Bairéad

.

Ní raibh ach breacaithne agam fhéin ar an Athair Pádraig Ó Fiannachta, ach tuigeadh dom, thar bhlianta fada, go mba fhathach é i saothrú na Gaeilge agus iomaire na teanga sin á bhasladh go blasta aige, agus a dhúthracht á chaitheamh aige i ngort guaireach na teanga sin ag an leibhéal ab aoirde agus ba scolártha. Casadh orm cupla babhta é, thíos in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, ag Éigse Riocard Bairéad, agus tá cóip de ‘An Leabhar Aifrinnar dhein sé fhéin eagarthóireacht air, agus a cuireadh i gcló sa bhliain 1978, a bhronn sé orm ag Éigse Riochard Bairéad, sa bhliain 1986, thíos i nGaoth Sáile, ar an ócáid sin. Tá ‘An Leabhar Aifrinn sin agam fós, agus meas dá réir agam air.

Rugadh Pádraig sa bhliain 1927, i nGaeltacht Chiarraí, agus tógadh sa dúiche sin é. Nuair a bhí a bhunoideachas agus a mheánoideachas críochnaithe aige, chuaigh sé le sagartóireacht, agus chuige sin, thug sé Coláiste Mhá Nuad air fhéin. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1953. Chaith sé seal sa Bhreatain Bheag, mar ar fheidhmigh sé, ar feadh seal, mar shagart cúnta, agus ag an am gcéanna, chuir sé sár-aithne ar an mBreatnais. Ar ball, ceapadh é mar Ollamh le Gaeilge i Má Nuad, sa bhliain 1960. Ba fhathach ar léann agus ar thaighde é, feadh bhlianta a Ollúnachta.

Bhásaigh an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta ar an gcúigiú lá déag d’Iúil 2016.

Ailt Adhmholta

Chuir mé spéis agus dhá spéis sna hailt adhmholta a scríobhadh, iar bhás dó. bhí píosa breá againn ó pheann cumasach Mhichíl Uí Dhiarmada ag an am, nó bhí aithne phearsanta ag Micheál air, mar deir sé go raibh an tAthair Pádraig mar Ollamh aige tráth, agus ba shoiléir go ndeachaigh an Fiannachtach i gcionn go mór air, ag an am. Bhí cupla píosa breá eile le léamh, ag an am, faoi bhuanna an tsagairt léannta sin, agus b’ábhair spéise dom iadsan freisin.

Tá’s ag madraí an bhaile faoina shaothar i ngort na Gaeilge thar bhlianta fada a ré, go háirithe a shaothar mar aistritheoir scrioptúrach agus mar eagarthóir ar na hIrisí cáiliúla sin, ‘Irisleabhar Mhá Nuad’ agus ‘An Sagart’, maille lena lán eile ar an dtéad chéanna sin. Bhí mé i dteangmháil leis corruair mar eagarthóir, agus caithfidh mé a rá, gur mhór an chabhair agus an t-ugach a thug sé dom ar na hócáidí céanna sin.

Aistriú an Bhíobla go Gaelige

Ba é an tAthair Pádraig a d’aistrigh an ‘Bíobla Naofa’ go Gaeilge. Saothar ollmhór don scoláire aithnidiúil sin, agus b’eisean freisin a rinne eagarthóireacht ar Irisleabhar Mhá Nuad ar feadh breis agus dhá scór bliain. Ní call dom a rá, go mba fhile torthúil agus go mba scríbhneoir bisiúil é freisin, agus chomh maith le sin uilig, ba scoláire agus teangeolaí den chéad scoth é Pádraig s’againne. Is cinnte nach mbeidh a leithéid de thaighdeoir oilte, scolártha againn arís go luath.

Tar éis dó éirí as a Ollúnacht i Má Nuad, sa bhliain 1992, d’fhill sé ar fhód a dhúchais, agus ar ball ceapadh ina Shagart Paráiste i bparáiste Dhaingean Uí Chúis é sa bhliain 1993. Bhunaigh sé ‘An Díseart’, Institiúd tríú leibhéil, -le staidéar a dhéanamh ar an spioradáltacht Gaelach, – sa Daingean, i 1996. Bhronn ‘An Pápa Eoin Pól a Dó’ an teideal Monsignor air, sa bhliain 1998. In éineacht lena shaothar mar shagart, lean sé leis ag saothrú na Gaeilge freisin, trí scríobh, trí eagarthóireacht, agus trína shampla don náisiún ar fad.

  

Pádraig s’againne

Nach mór an chaill, is nach crua an bhris é,

Ár scoláire léannta bheith sínte tláith,

Cé sheasfaidh feasta mar chrann taca farainn,

Nuair a leagfaidh gála ár n-oineach ar lár.

Fágadh ár nÉigse ina dílleachta céasta,

Gan chumas cumtha nó ceaptha dáin

A chaoinfeadh ár gcaill is ár mbuairt dólásach,

Is a dhúiseodh meanmna in Iathaibh Fáil.

.

B’é Dia na Glóire a thug dó an cuireadh,

Is b’é an tAingeal Gabriel a sheachad an scéal

Go raibh ionad réidh dó ag bord an Tiarna,

I measc scoláirí is filí a chine fhéin.

.

Mothóimid uainn thú, a Phádraig léannta

D’aghaidh shona, is d’iompar cóir,

Ach thuill tú d’áit ag bord an Tiarna,

I measc na Naomh go deo na ndeor,

.

Ár slán go deo leat a Ollamh oilte,

Nó ní fheicfear do leithéid arís go luath,

Ach coinnigh súil ar Iatha Phádraig,

Is tiocfaimid slán ó bhaol is ó bhuairt.

*******************************

.

A r     O i l i t h r e a c h t

Aoibhinn beatha an Scoláire 2

.

Aoibhinn Beatha an Mhac Léinn! 2

Peadar Bairéad

.

(This week I recall again memories of Student days!

.

Crá Croí

.

Mar a mhínigh mé dhaoibh an t-seachtain seo caite, bhí dalta agam i gColáiste Uí Ghriallaigh, ar theastaigh óna athair go ndéanfaí dochtúir de, agus a leithéid de chrá croí níor fhulaing mé riamh roimhe, nó ó shoin i leith, agus mé ag iarraidh díochlaontaí agus réimnithe na Laidine a mhúineadh don dalta céanna sin! Ní raibh spéis dá laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaisteán dó, chuile lá, le freastal ar na ranganna sin, le go n-éireodh leis pas d’fháil sa Mhaithreánach, nó theastaigh ón athair sin dochtúir a dhéanamh dá mhac. Rinne mé chuile iarracht é a spreagadh le roinnt áirithe Laidine a fhoghlaim, ach dúirt sé liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis mé fhéin is mo chuid Laidine, agus nár theastaigh uaidh ach leithscéal a bheith aige teacht go Gaillimh, chuile lá, le bualadh lena leannán! Bhuel, nach féidir le duine capall a thabhairt chun an uisce, ach ní fhéadfadh fir uilig an rí iachall a chur air an t-uisce sin a ól!

.

Múinteoir sealadach, lánaimseartha!

.

Tharla an bhliain áirithe sin freisin, go raibh folúntas sealadach i gColáiste na bProinsiascánach, sa Chlocán, agus tháinig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, ár nOllamhna, agus d’fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac léinn aige, an bhliain sin, a mholfadh sé don phost áirithe sin, ar feadh míosa, nó mar sin. Bhuail an Lorcánach bleid orm fhéin, agus mhínigh an scéal dom, ó thús deireadh, agus dúirt, go mbeadh seisean sásta mé a ligint go dtí an Clochán, ar feadh míosa, nó bhí sé sásta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staidéar a dhéanamh ar cibé léachtaí a chaillfinn, i rith na míosa sin, ach na nótaí a fháil ó mhac léinn iontaofa eicínt im’ rang.

Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Bhuel, bhailigh mé mo chip is mo mheánaithe, agus bhuail mé an bóthar go dtí an Clochán. Thug mé aghaidh ar an dTeach Ósta, in a raibh seomra curtha in áirithe dhom ar feadh na míosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmiú mar ardmháistir, le linn dom bheith im mhúinteoir ansin. Chaith mé an chuid eile den lá sin dom ullmhú fhéin don obair a bhí romham amach. An mhaidin dár gcionn, bhí mé i láthair sa scoil sin go breá luath, agus mé réidh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.

.

Cleachtadh a dhéanann máistreacht

Conas a d’éirigh liom, i rith na míosa sin, an ea? ís dócha gur féidir liom a rá anois, gur éirigh liom go seoigh sa phost sin. Tús Mhí na Nollag a bhí ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmhú do scrúduithe na Nollag. Rinne mé mo dhícheall mór dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram, agus mé á            n-ullmhú don scrudú céanna sin. Bhí orm roinnt mhaith ábhar a mhúineadh sa scoil sin, nó, chomh fada is a théann mo chuimhne anois, ní raibh i mbun oibre sa scoil, ag an am, ach triúr againn, Bráthair den Ord Proinsiascánach, tuatach eile, agus mé fhéin. Ní call dom a rá, nach raibh aon chleachtadh agam fhéin ar obair den tsórt sin agus sí an chuimhne a éiríonn chugam anois, as loch na gcuimhní, nó go mbínn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin ó cheann ceann na seachtaine.

Ar ais arís

.

An chéad lá ar ais san Ollscoil dom, d’iarr an tOllamh orm cuntas ar m’imeachtaí, mar mhúinteoir sealadach sa Chlochán, a thabhairt don rang. Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, tá mé cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh céanna sin go mór liom, agus mé ag ullmhú don “H Dip. in Ed”, nó ní dóigh liom, go raibh aon bhealach níos fearr leis an gceird a fhoghlaim, ná seal a chaitheamh á cleachtadh, agus chomh maith le sin, d’fhág sé pingneacha im sparán, earraí nach raibh sé éasca teacht orthu ag an am!

Tá mé buíoch fós don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom. Sea, ba dhuine faoi leith é Pat s’againne, gan aon agó.

.

A r     O i l i t h r e a c h t

As Fócas.

Leas an Phobail

Peadar Bairéad

(This week we consider the importance of Focus in Government)

.

As Fócas

Rialú tíre atá idir chamáin againn sa phíosa seo agus sé an chiall atá le fócas, sa chomhthéacs seo, ná gur chóir go mbeadh chuile ghné den chumhacht rialaithe dírithe ar an aon sprioc amháin, agus sé sin, leas an phobail’. Sin é gnó an Rialtais, go háirithe i gcóras daonlathach, faoi mar atá againne in Éirinn. Agus b’fhéidir gur chóir aguisín a chur leis an ndualgas sin, agus sin go luíonn an dualgas céanna sin ar lucht an Fhrasúra freisin, sé sin, na Teachtaí Dála nach mbaineann le lucht an Rialtais agus nach n-aontíonn leo, ach is cuid den chóras rialaithe iadsan freisin ar chóir dóibh bheith dílis don sprioc céanna sin.

ghlacaimid leis na prionsabail sin, nár cheart dúinn ansin breathnú ar an gcaoi ina gcoimhlíontar an dualgas sin, i gcás na tíre s’againne.

Ar an gcéad dul síos, thabharfadh duine ar bith faoi deara, nach mó ná sásta atá roinnt áirithe dár bpobal leis an Rialtas atá againn, i láthair na huaire seo.

Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Toisc, is dócha, go gceapann siad nach é leas an phobail’ atá ar a n-aire ag an Rialtas céanna sin, ach iad ag crónán ar mhaithe leo fhéin, cosúil leis an gcat sa seanfhocal.

Sea, agus cén fáth a’ bhfuil siad den tuairim céanna sin?

id ann adeir, gurb iad lucht an Fhreasúra, den chuid is mó, is cúis le sin.

Conas sin?

Dualgas an Fhreasúra

Toisc go dtuigtear don bhFreasúra, gurb é an dualgas a leagtar orthusan nó cur i gcoinne chuile rud a mholann an Rialtas, bíodh sé ceart nó a mhalairt, agus chuige sin, déanann siad chuile dhícheall le cur ina luí ar an bpobal, nach bhfuil ar bhinsí an Rialtais, den chuid is mó, ach dream de shlíomadóirí, de bhréagadóirí, de chamailéirí agus de thaidhgíní an dá thaobh, dream a gheallann rud amháin don phobal inniu agus a dhéanann a mhalairt ar fad amárach, dream nach bhfuil a mbeart de réir a mbriathar, dream nach bhfuil le trust, agus dream ar chóir iad a ruaigeadh as oifig ar an dá luas.

Conas a éiríonn leo a leithéid de dhallamullóg a chur abhaile ar an bpobal, an ea?

Trín iad a ionsaí chuile dheis dá bhfaigheann siad, agus trí chuile iarracht a dhéanamh le teaspaint don phobal go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar vótóirí na tíre seo, agus go bhfuil teipthe, scun scan, ar an Rialtas céanna sin, ‘leas an phobail’ a dhéanamh, in áit bheith ag crónán ar mhaithe leo fhéin. Níl ach leigheas amháin ar an scéal seo, dár leis an bhFreasúra, agus sin, cos i bpoll a chur leis an Rialtas atá i gcumhacht anois, agus iad fhéin a chur isteach ina n-áit. Déantar chuile iarracht a chur ina luí ar an bpobal nach fiú trumpa gan teanga an dream atá ag suí ar bhinsí an Rialtais i láthair na huaire seo. Cuir le sin, an chaoi a léiríonn siad a ndímheas orthu agus iad ag argóint leo sa Dáil fhéin. Cuireann lucht na meán suim, agus dhá shuim, i gcoimhlintí dá leithéid, agus dá thoradh sin, éiríonn leo spás tar chuimse a bhaint amach sna nuachtáin, ar an raidió, agus ar an teilifís. Tríd an obair seo uilig, éiríonn leo an pobal a iompó i gcoinne an Rialtais, agus i gcoinne chóras rialaithe daonlathach na tíre seo. Tá roinnt mhaith daoine sa tír seo anois míssta leis an Rialtas a thogh siad, suim bheag de bhlianta ó shoin, agus le Rialtas a dhéanann a ndícheall fadhbanna na tíre seo a scaoileadh.

Céard faoi ‘leas an phobail’?

B’fhéidir nárbh olc an tseift í anois, tamall a chaitheamh freisin, ag breathnú ar mhodhanna oibre an Fhreasúra agus a lucht tacaíochta. Cé tá ag tarraingt drochmheas ar ár gcóras rialaithe, ar ár nGarda Síochána, ar ár gCóras Dlí, agus fiú ar ár nUachtarán tofa. Ní dóigh liom, go bhféadfaí a mhilleán sin a leagan ar ghuaille an Rialtais.

Céard a cheapann tú fhéin? An bhfuil an droch cháil sin tuillte ag ár Rialtas?

.

  

.

A r     O i l i t h r e a c h t

Beasa Bothair 2

asa Bóthair 2

Peadar Bairéad

(This week we continue to look again at road behaviour)

Bata Mil ?

Conas is féidir linn iompar na dtiománaithe a fheabhsú d’fhonn sábháilteacht ar bhóithre a chothú?

Cibé rud is féidir linn a dhéanamh leis an scéal seo a leigheas, caithfear a admháil nach bhfuil ag éirí le cibé rialacha atá i bhfeidhm againn, i láthair na huaire seo, an gnó sin a dhéanamh. Agus ó tharla gur mar sin atá, caithfear úsáid a bhaint as an mbata, in áit na meala, i gcás dá leithéid.

Cén bata, an ea?

Bhuel, caithfear an cór speisialta tráchta a athstructúrú agus a neartú, leis an ngnó tábbhachtach sin a dhéanamh, agus ó tharla nach bhfuil a ndóthain ama, nó ball, ag an nGarda Síochána, leis an mbeart sin, agus dualgaisí iomadúla eile an Gharda, a dhéanamh dúinn, caithfear Cór Tráchta an Gharda a neartú. D’fhéadfadh an cór sin cúram a dhéanamh de thrácht na tíre seo ar fad, D’fhéadfadh siad úsáid a bhaint as chuile ghléas is nua-aimseartha ná a chéile, chuige sin. Geallaimse dhuit é, gur gearr go mbeadh cúrsaí faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhein iad a bheith, dá gcuirfí beart dá leithéid i gcrích. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní féidir leis na gardaí bheith i ngach áit ar fud na tíre, i mbun an ghnó sin, nuair atá orthu a n-aird a dhíriú ar dhlithe uile na tíre a chur i bhfeidhm. Agus arís, cad is fiú ceamara a shuíomh anseo is ansiúd le teacht ar lucht briste rialacha an bhóthair? Go háirithe, má chuireann tú fógra suas, ag insint don saol mór, go bhfuil an ceamara sin suite ag an bpointe áirithe seo, nó ag an ionad áirithe úd eile! Ní dóigh liom gur chóir dúinn clog a chur ar an gcat bocht, ach is amhlaidh a chaithfimid úsáid a bhaint as ceamaraí ceilte. Sin iad na “leaids” a chuirfidh stop le srianta scaoilte, geallaimse dhuit é!

Nós na Rampaí

Ar thug tú faoi deara, go bhfuil rampaí ag fás chomh tapaidh le miosarúin ar bhóithre ár mbailte, agus ár gcathracha, na laethe seo?

Thug! Bhuel, geallaimse dhuit é, nach dtaitníonn na rampaí céanna liom, olc maith nó dona.

Ach nach n-éirionn leo srian a chur ar luas na ngluaisteánaithe, thart ar ár sráideanna? Agus nach maith an rud é sin. Ó, tagaim leat sa mhéid sin, éiríonn leo teorainn luais a chur i bhfeidhm, agus chaithfeadh duine a admháil, gur maith an toradh é sin ar na rampaí úd, ach má bhreathnaíonn tú ar an dtaobh eile den scéal, feicfidh tú nach bhfuil ann ach an bealach leisciúil le dlí a chur i bhfeidhm.

Conas a dhéanann tú sin amach?

Bhuel, ritheadh an dlí le teorainneacha áirithe luais a chur i bhfeidhm. Anois, ar thiomáin na gluaisteánaithe taobh istigh de na teorainneacha sin? Bí cinnte nár thiomáin cuid acu, ach go háirithe. Agus ar deineadh chuile iarracht ansin, iachall a chur orthu, glacadh leis na rialacha sin? Rinne na gardaí a ndícheall, ach nuair a tugadh lucht briste na dteorainneacha céanna sin os comhair na cúirte, níor gearradh ach fíneáil beag orthu, sa chaoi gur tuigeadh do lucht briste na rialacha sin, nárbh fhál go haer é, dá mbéarfaí orthu, nó gurbh fhiú an tairbhe an pionós I ndáiríre, nach bhféadfadh duine a rá, nach raibh sa teorainn luais, a chéaduair, ach fastaím, agus fastaím gan chúis, nó dá gcuirfí na rampaí ansin, a chéaduair, ní bheadh gá leis an dteorainn luais in aon chor, má thuigeann tú leat mé! Agus má bhreathnaíonn tú air, ó thaobh eile fós, feicfidh tú nach bhfuil ann ach pionós a ghearradh ar chuile ghluaisteánaí, toisc go bhfuil mionlach beag ag briseadh an teorainn luais, agus caithfidh tú a admháil, gur baolach ar fad an beithíoch é an rampa céanna sin, agus dá dtiocfá ar cheann acu gan choinne. Geallaimse dhuit é, go mbainfeadh sé stangadh asat fhéin, agus as do ghluaisteán bocht, ag an am gcéanna.

Nós na gClampaí

Rud amháin eile a thagann idir mé fhéin agus codladh na hoíche isea na clampaí úd, a fháisctear ar rothaí na ngluaisteán a fhaightear páirceáilte, in áit a bhfuil páirceáil crosta orthu. Ach, fillfidh mé ar an scéal céanna sin, amach anseo.

.

gaGaeilge