I  mBeal  an  Phobail Roads.

I mBeal an Phobail Roads.

Bóithre na Banban

.

Bóithre Clochacha

Agus córas bóithre na tíre seo idir chamáin agam, ní féidir liom, i dtosach báire, gan súil a chaitheamh siar ar an gcineál bóithre a bhí againne thiar, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas fadó. Mór idir na bóithre sin agus na bóithre atá againn sa lá atá inniu ann. Nár bhaist an file ‘na bóithre fada bána’ orthu, agus b’in a bhí iontu an t-am sin, nó ní raibh deoir fhéin tarra spréite ar an mbóthar mór idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, an tráth úd. Sea, bóthar bán a bhí ann, gan aon agó, agus ansin, nuair a bhí mise thart ar dhá bhliain déag d’aois, socraíodh ar an mbóthar sin a tharráil. Ba mhór an gar dár gcosa nochta é an socrú céanna sin, nó bhí an tarra go deas, bog, compórdach, teolaí, fúinn, i gcomparáid leis na clocha duirlinge agus an gairbhéal, a bhíodh coitianta leata air, roimhe sin.

De réir a chéile ansin, leanadh leis an bhfeabhsú. Deineadh taobh an bhóthair sin a thaoscadh, trí dhíogacha agus ceiseanna a dhéanamh, nó a fheabhsú, fan an bhóthair sin, agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, dheineadar líne bán a phéinteáil suas síos lár an bhóthair, líne a deineadh a mhaisiú le súile chait a fheistiú inti, anseo is ansiúd. Ach ní bóithre Iorrais atá i gceist agam, i ndáiríre, an tseachtain seo, ach Bóithre na Banban, frí chéile, agus an bhail atá orthu, i láthair na huaire seo.

Timpealláin Bheaga !

Scríobh mé cheana faoi na timpealláin bheaga, a d’fhás fan ár mbóithre, faoi mar ba fhás aon oíche iad. Is dócha gur féidir a rá fúthu, go ndéanann siad cúis, agus ar an mórgóir, go n-éiríonn leo smacht eicínt a choinneáil ar thrácht buile ár mbóithre. Ach nár mhór an chabhair é don ghluaisteánaí, dá dtógfaí colún sofheicthe, i lár an timpealláinín, sa chaoi go bhféadfaí é a fheiceál go soiléir, píosa ó bhaile, mar adéarfá. Agus nár chóir an bóthar a leathnú roinnt, timpeall an timpealláinín, sa chaoi go mbeadh iachall ar an dtiománaí, tiomáint timpeall an cholúin chéanna sin.

Sea, agus céard faoi na constaicí úd, na rampaí, a chuireann ár n-Udaráis Áitiúla trasna ár mbóithre, agus é mar aidhm acu, srian a chur ar luas na dtiománaithe, a thiomáineann timpeall, faoi mar ba chúrsaí rásaíochta iad. Arís, ní gá a rá, nach dtaitnionn na rampaí céanna sin liom, nó mura mbeadh duine san airdeall, is beag nach gcuirfeadh na rampaí céanna sin an tiománaí bocht, ar mhullach a chinn, trí dhíon a chairr amach. Ach arís, éiríonn leo srian a chur lenár dtiománaithe buile, trína gcoinneáil faoi smacht, agus seans a thabhairt don phobal áitiúil úsáid chuí a bhaint as na bóithre sin. Ach, mar aguisín le sin, ba chóir deireadh a chur leis na rampaí miotail úd a leagtar ar bhóithre áirithe. Níor chóir go nglacfaí lena leithéid in aon tír shibhialta, nó tá mé cinnte, go ndéanann siad dochar do chabhail agus d’inneall an chairr. Tá mé ag ceapadh, gur ghearr go mbainfidh gluaisteánaí éigin leas as an dochar sin, le cúis dlí in aghaidh Chomhairle Áitiúil eicínt a thosú. Scéal eile ar fad é, nuair a deintear na lánaí tráchta sin a mharcáil ar ár mbóithre. Thug mé faoi deara, thuas i gContae Chill Dara, ar na mallaibh, go raibh nós tosaithe acusan lána do rothuithe a mharcáil ar bhóithre a bhí cúng go leor, cheana féin.

Lánaí Glasa ?

Ach, nach ar na taobhchasáin a dhéantar na lánaí sin a mharcáil, i gcónaí?

Ní hea, muis! ach déantar iad a mharcáil freisin amuigh ar thaobh an bhóthair fhéin, agus nuair a bhreathnaíonn tú ar ghluaisteán ag tiomáint leis, os do chomhair amach, feictear duit, nach bhfuil sách slí sa lána atá fágtha don tiománaí lena fheithicil a thiomáint agus a choinneáil faoi smacht ceart ann. Sea, agus nár chuala mé, áit eicínt, go bhfuil Comhairlí eile ag smaoineamh ar a leithéid céanna a dhéanamh ina gContae fhéin. Tá súil agam go ndéanfaidh siad athsmaoineamh ar an ábhar seo, sára dtabharfaidís faoi scéim dá leithéid, nó bheadh baol ann go gcuirfeadh lána dá leithéid go mór le líon na dtimpistí ar bhóithre bána na Banban.

Fuascailt na Faidhbe

Céard ba chóir a dhéanamh, mar sin?

Tada! Ba chóir an scéal a fhágail mar atá, agus dualgas a chur ar chuile dhuine a úsáideann ár mbóithre, bheith san airdeall i gcónaí, agus bheith ag faire amach don duine eile, ar eagla go ndéanfadh sé dochar ar bith dó. Dhealródh sé, go bhfuil sé níos contúirtí iad a mharcáil ná gan a leithéid a dhéanamh in aon chor! Is é tuairim Mhártan a’ Tairbh, gurb iad na Glasaigh is cúis le polasaí dá leithéid, agus dár leis-sean, ba chóir ‘an Lána Glas’ a bhaisteadh ar Lána úd na Rothuithe.

Ba iad Muintir X a ghlan an bóthar seo………

Is dócha gur thug tú faoi deara, freisin nach mbíonn glaine ár mbóithre thar mholadh beirte, corruair, agus cé go ndéanann an Chomhairle Áitiúil, agus an Bardas, chuile iarracht an áit a choinneáil glan, néata, ach gan chabhair an phobail, is snámh in aghaidh easa dóibh é. B’fhéidir dá ndéanfadh siad mar a dheintear thall sna Stáit, agus deis a thabhairt do Lucht Gnó na dúiche, píosa áirithe sraide, nó bóthair, a ghlacadh faoina gcoimirce-sean, agus fógraí a chur in airde, fan na coda sin, ag cur ar a súile don phobal, gurb iadsan atá freagrach as an stráice sin a choinneáil glan. D’fhéadfaidís sin a úsáid mar mhodh fógraíochta dá ngnó, agus nárbh oiriúnach, ciallmhar, agus comharsanúil, an bealach é le fógraiocht a dhéanamh, agus lenár mbóithre a choinneáil glan, néata, ag an am gcéanna?

.

.

.

I  mBeal  an  Phobail Roads.

I mBéal an Phobail The Gathering

Buaiteoir an Booker

.

The Gathering

by

Anne Enright

.

Leabhar mór-ráchairte

Is dócha gur bheag duine sa tír seo nár chuala teacht eicínt thar an leabhar seo, The Gathering, faoi’n am seo, nó bhí an leabhar céanna sin i mbéal gach éinne, tamall ó shoin, tráth rabhthas ag iarraidh teacht ar bhuaiteoir Booker Prize na bliana seo, mar tharla go raibh an leabhar seo luaite ar cheann de na leabhair ar an ngearrliosta don duais ghradamach chéanna sin. Anois, caithfear a admháil, nárbh é rogha na coitiantachta é sa choimhlint sin. Bíodh sin mar atá, áfach, ba é The Gathering, le Anne Enright, a bhí chun tosaigh, i mbreith na mbreithiúna eolgaiseacha, nuair a cuireadh ainm ar an mbuaiteoir, i ndeireadh na dála.

Fuair mé é

Go gairid i ndiaidh roghnú an leabhair sin do dhuais mhórluachach Booker, fuair mé, agus léigh mé, an leabhar sin, nó ba bhreá liom a fháil amach, ar chathair mar a tuairisc é. I dtosach báire, caithfidh mé a rá, nach gnáthleabhar é, The Gathering, sa mhéid go suítear an scéal ar fad, ag torramh, i gcathair Bhaile Átha Cliath. In aigne, agus i gcuimhne, an scéalaí, a sheolann bád an ama, ó thús deireadh an scéil.

Eachtraíonn Veronica

Tharla trí ghlún de mhuintir Uí Éigeartaigh ar an bhfód don ócáid. ‘Sí Veronica an scéalaí, agus is trína súile-se a thugtar léargus dúinn ar shaol agus ar shaothar; ar ghrá agus ar fhuath; na clainne aite seo. Bás a dearthár, Liam, an tairne ar a gcrochann Veronica an scéal neamhghnách seo. Duine ann fhéin ba ea an deartháir céanna sin, ó thús, agus is in olcas a chuaigh cúrsaí dó, le himeacht aimsire. Ba thrioblóideach, achrannach, an mac é, agus ar ócáid amháin, chaith sé scian lena Mham fhéin. B’urchar iomrallach é, ach bhain an scian mant as an bhfalla taobh thiar di! Tá an cuma ar an scéal, i ndeireadh na dála, gur chuir sé lámh ina bhás fhéin, thall i Sasana. Tógadh an corp abhaile go Baile Átha Cliath, agus ba ansin a deineadh é a thórramh. Samhlaítear don scéalaí, áfach, gurbh é ba chúis le trioblóidí Liaim nó eachtra a tharla i bhfad roimhe sin, nuair nach raibh inti fhéin, nó i Liam, ach páistí.

Ionad Lambert sa Scéal

Anois, le tosú ag an tús, tógann an scéalaí siar sinn, go dtí eachtra a tharla, i bhfad roimh am an scéil seo. Féach mar a scríobhann an t-údar ag tús Chaibidil a Trí…….

“The seeds of my brother’s death were sown many years ago. The person who planted them is long dead – at least that’s what I think. So if I want to tell Liam’s story, then I have to start long before he was born…”

Eachtraíonn sí ansin scéal a seanmháthar, ag tosú sa bhliain 1925, nuair a leag Lambert Nugent súil ar Ada Merriman a chéaduair. Ba í Ada an tseanmháthair sin. Is cosúil gur thit Lambert i ngrá lei, ach má sea fhéin, ní cosúil gur thit Ada i ngrá leis-sean, nó ar aon nós, níorbh eisean a phós sí ar ball, ach oiread, nó ba é Charlie Spillane a phós, agus a chuaigh in éintíos lei. Ach d’fhan Charlie dílis di feadh a shaoil, agus tá chuile chosúlacht ar an scéal, go mb’fhéidir gurbh é Lambert a ghoid a croí, bíodh nár thréig sí Charlie feadh a shaoil.

Geimhreadh na Bliana ’68

Ach, le filleadh ar an ndrochthionchar a bhí ag an Lambert céanna sin ar Liam…Filleann cuimhní áirithe, aniar as gort a hóige, ar Veronica, cuimhní ar rud a tharla i nGeimhreadh na bliana 1968, cuimhní a dhéanann í a chrá, agus a chiapadh, go rialta. Féach mar a chuireann an t-údar é, ar leathanach 144, agus í ag insint faoin lá a tháinig sí ar Lambert, agus Liam óg á mhí-úsáid aige. Mí-úsáid ghnéasach atá i gceist anseo……

I am trying to remember what he looked like, but it is hard to reacall the face of your brother as a child. And even though I know it is true that this happened, I do not know if I have the true picture in my mind’s eye -…..”

Warts and all !

Anois, ní chuireann an t-údar fiacail ann, ach leagann sí a cuimhní ar an ócáid, go neamhbhalbh, os ár gcomhair.

Tá an scéalaí ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an tarlúint sin, agus í ag iarraidh freisin, meon na beirte úd, Liam agus Lambert, a thuiscint, nó cuimhnigh nach raibh inti ag an am ach páiste ocht mbliana d’aois, agus Liam beag ina sheachtú bliain.

Tuigtear don scéalaí gur thiar in….

Ada’s good front room in Broadstone…….

a tharla an mhí-úsáid chinniúnach, ghnéasach, sin. Thuigfeá uaithi, nach mó na cinnte a bhí sí gur tharla, nó gur tharla díreach mar ba chuimhin lei é. Ach, ar aon nós, tuigtear di, gurbh é an rud a tharla, sa good front room úd, a sheol Liam ar bhóthar a aimhleasa. Dhealródh sé, nach raibh an t-eolas sin ag an seachtar eile de chlann Uí Éigeartaigh, a tharla ar an bhfód, don tórramh sin.

Cuairt na gCuimhní

Caitheann Veronica an chuid is mó den am, ag rúscadh lei trí aibhleoga na cuimhne, agus í ag léimt lei go héasca, ó eachtra amháin go heachtra eile, gan cloí ró-dhlúth le croineolaiocht, nó le tada dá leithéid. Tugtar le fios don léitheoir freisin, go bhfuil amhras uirthi, anois is arís, faoi chruinneas a cuimhne, ach, ní chuireann sin stop ar bith lei agus í ag athchruthú stair a muintire. Ach bíodh sin mar atá, ag an am gcéanna, éiríonn lei dul i bhfeidhm ar an léitheoir, agus déanann sí pictiúr spéisiúil, corraitheach, inchreidte, a dhathú dó, ar thíos, agus ar thuas, a muintire, agus iad ag treabhadh leo trí shaol anróiteach a linne.

An-Scéal

B’fhéidir, ar bhealach eicínt, go gcuirfeadh an scéal seo Angela’s Ashes i gcuimhne do dhuine, nó deintear an pictiúr a líniú, – warts and all – faoi mar adúirt an té adúirt. Sea muis! Ní chuireann an t-údar fiacail ann agus saol a muintire á ríomh aici.

An-scéal, an-insint, an-chur-chuige, arbh fhiú go maith é a léamh.

.

Peadar Bairéad

Cill Chainnigh

  

I  mBeal  an  Phobail Roads.

I mBéal an Phobail.. Binn Béal. – Copy

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Binn Béal….

Ní gá dhom an seanfhocal sin a chríochnú, nó bhí sé de nós ag Gaeil, chuile lá riamh, gan ach tús seanfhocail a lua, nó tuigeadh dóibh, go mbainfeadh an lucht éisteachta, nó an lucht léite, scil agus ciall as an méid a tugadh. Sea, agus gan dabht ar domhan, ní bheadh mórán measa ag pobail na haoise seo ar chine nach mbeadh sásta chuile shórt, gan chur leis, nó baint uaidh, a chur i mbéal an phobail, bíodh sé olc, maith, nó dona. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa áfach, caithfidh mé a admháil, go dtuigtear dom, go mbíonn ócáidí ann, nuair is fearr go mór fada an tost ná an bhéalscaoilteacht. Ach, fillfidh mé ar an ndearcadh sin arís, ar baillín beag.

“Agin the Govermint!”

Bhuel! Nuair a bhí mé fhéin im mhac léinn, blianta fada ó shoin! bhí múinteoir againn, arbh é an leasainm a bhí againn air nó “an Tíogar”, agus d’insíodh seisean scéilín dúinn go rialta, scéilín a cheap seisean a bheith greannmhar, scéilín faoin Éireannach a shnámh i dtír, tar éis dá long a dhul go tóin poill. Caitheadh isteach ar an trá iasachta é, áit a dtangthas air, ar ball, agus é gan aithne gan urlabhra. Rinne na dúchasaigh iarracht ar é a chur ar a chosa arís. Tháinig sé chuige fhéin, tar éis tamaill, agus tar éis dó breathnú timpeall ar an slua a bhí bailithe thart air, chuir sé ceist orthu..

“An bhfuil ‘Govermint’ agaibh anseo,” ar seisean.

Chuir na dúchasaigh i dtuiscint dó, go raibh.

Bhuel! Ar seisean, “má tá, táimse ‘agin it’.”

Sea, léirigh a raibh le rá ag mo dhuine, léirigh sé dearcadh a bhí coitianta go maith inár measc, blianta ó shoin. Má tá ‘Govermint’ anseo, táimse ‘agin it’.

Cuid d’ar nOidhreacht?

N’fheadar an bhfuil an dearcadh sin coitianta inár measc sa lá atá inniu fhéin ann?

Táid ann adéarfadh nach bhfuil, nó déarfaidís go bhfuil an dearcadh sin fágtha inár ndiaidh againn, le blianta fada anois, agus i ndáiríre, dhéanfaidís iarracht ar é a chur ar do shúile dhuit, go raibh baint ag an ndearcadh sin le laethe ár ndaoirse, nuair a tuigeadh don Éireannach, go raibh dualgas air a dhícheall a dhéanamh fáil réidh leis an ‘nGovermint’ eachtrannach, a choinnigh ár ndaoine faoi smacht, thar ocht gcéad bliain. Ach, ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann adéarfadh, go bhfuil an dearcadh frith’ghovermint’ sin neadaithe i smior na gcnámh ionainn fós, agus go bhfuil sé éasca go maith é sin a fheiceáil i ndearcadh an phobail s’againne, ar ócáidí speisialta.

Cláracha don Ghearánaí !

An bhféadfá cupla ceann de na hócáidí sin a liostáil dúinn anseo?

Cinnte, d’fhéadfainn. I ndáiríre, déarfainn nach bhfuil le déanamh ag duine ar bith ach éisteacht le cupla clár raidio, nó teilifíse, cláracha atá oscailte don phobal, atá i gceist agam anseo, cláracha ar nós Liveline, no Clár an Mheánlae.

Ach, ní fhéadfá a mhaíomh, go bhfuil Joe Duffy ‘agin the Govermint.’

Cinnte, ní fhéadfainn, agus níl fonn ar bith orm a leithéid a dhéanamh. Ach céard faoi na héisteoirí a ghlaonn isteach ar Joe, lena dtuairimí a nochtú? ‘Agin the Govermint’, adeir tú! ‘Agin the Govermint’! an ea? D’fheicfheadh an té is dúire amuigh gur mar sin atá. Luaitear ábhar áirithe, i dtosach báire. Abraimis ‘ardú cáineacha’ nó ‘ísliú pá’, agus ansin tá cead ag éisteoir ar bith glaoch isteach, le luach a dháphingne a fháil. Ní bheadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, sára mbíonn slua bailithe ansin le dul ar an gclár, le stiallacha a bhaint as an ‘nGovermint’ agus as na bainc, as na Státsheirbhísigh, as an gcléir, agus as dream ar bith eile, a bhfuil cumhacht nó údaras ag baint leo. D’fhéadfadh duine ar bith a fheiceáil, go bhfuil an mhuintir s’againne ‘Agin the Govermint’ ó thus deireadh.

‘Sé an Rialtas s’againne é

Anois, nílimse ag maíomh go bhfuil an Rialtas s’againne thar mholadh beirte, ach sin raite agam, ag an am gcéanna, nach é an Rialtas a thoigh an pobal s’againne é? Agus nár thugamar cumhacht dóibh, an tír seo a rialú go ceann roinnt áirithe blianta? Tuige, mar sin, a raghadh muid isteach anois leis an gcumhacht sin a bhaint díobh? Nach bhfuil ár ndílseacht, ár dtacaíocht, agus ár gcúnamh, dlite dóibh, i rith a dtréimhse cumhachta? Agus nach annamh a chloisfeá duine ar bith, ar chláracha dá leithéid, ag cosaint nó ag moladh na húdaráis a thoigh muid?

Caithfidh mé a admháil freisin, go gcuireann na tuairimí a nochtar ar chláracha áirithe dá leithéid, ionadh orm, nó tuigtear dom, go bhfuil siad i gcoinne chuile shórt a bhaineann leis an bhfís náisiúnta. Ní bheinn ag súil go mbeadh an oireadh sin daoine, sa tír s’againne, sásta a náisiúntacht, a gcreideamh, agus a n-oidhreacht, a shéanadh, agus bheadh sin dona go leor, ach is é an bealach ina ndéantar é a chuireann an t-ionadh go léir orm, nó séanann siad é, faoi mar ba amadánta, amach is amuigh, lámh nó páirt a bheith ag duine ciallmhar ar bith le ‘mumbo jumbo’ -(faoi mar adeir siad)- dá leithéid.

Ár gCosmhuintir fhéin

Minic, agus mé ag éisteacht le, nó ag breathnú ar, chlár dá leithéid, a ritheann focail úd an tseanfhocail thuasluaite liom, nó nárbh fhearr go minic snaidhm a chur ar an dteanga, ná tuairimí dá leithéid a nochtadh os comhair an phobail. Annamh a smaoiníonn na ‘saineolaithe’ sin ar a n-éisteoirí, nó den chuid is mó, nach gnáthchosmhuintir na tíre seo iad na héisteoirí céanna sin, daoine a ghoilfeadh searbhas dá leitheid go smior na gcnámh orthu. Sea, Binn béal ina thost, mar nach fearr an tost, ar ócáidí dá leithéid, ná an bhéalscaoilteacht!

.

.

I  mBeal  an  Phobail Roads.

I mBéal an Phobail.rt The Alchemistf

Fíorú Físe

.

Peadar Bairéad

The Alchemist…………… le……………… Paulo Coelho……………

.

Tóir ar a Shaothar

Seo leabhar beag ar tháinig mé trasna air, ar na mallaibh, agus bíodh nár aistríodh go Béarla go dtí an bhliain 1992, chuaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin orm, gur cheap mé gur chóir dom píosa beag a scríobh faoi. Brasaíleach fir isea an t-údar, agus ní bréag ar bith a rá, go bhfuil sé ar scríbhneoirí móra an domhain, le roinnt mhaith blianta anois. Tá tóir ar a shaothar, ó cheann ceann na cruinne, agus tá na milliúin leabhar dá chuid díolta cheana féin. Tá Paulo molta agus mise i mo thost.

Bhuel! cuirtear an príomhcharactar in aithne dhúinn i dtús an scéil, agus aoire ba ea é. Seo mar a chuireann an t-údar é:-

“The boy’s name was Santiago. Dusk was falling as the boy arrived with his herd at the abandoned church. The roof had fallen long ago, and an enormous sycamore had grown on the spot where the sacristy had once stood.”

An tAoire

B’as Andalusia na Spáinne don aoire seo, agus chaith sé a laethe ag taisteal ó áit go háit, ar thóir féir agus uisce dá thréad. Bhí léann ar an ngasúr seo, nó chaith sé seal i gCliarscoil, go dtí go raibh sé sé bliana déag d’aois, nó theastaigh óna thuismitheoirí go ndéanfaí sagart de, ach má sea, níorbh é sin a theastaigh ón ngasúr seo, agus d’éirigh sé as an tsagartóireacht, agus chuaigh le haoireacht caorach. Ach má dhein fhéin, níor shásaigh an tslí bheatha sin é, ach oiread. Bhíodh brionglóidí aige go minic, faoi seo, agus faoi siúd, ach mar sin fhéin, ní raibh ar a chumas aon scil a bhaint as na brionglóidí céanna sin, ach bhí a fhios aige, go raibh giofógach mná ina cónaí i Tarifa, agus tuigeadh dó, go raibh ar a cumas siúd, brionglóidí a thuiscint agus a mhíniú. Mar sin, chuaigh sé chuici. Rinne an bhean seo iarracht ar a bhois a léamh, ach mhínigh an gasúr di, nárbh é sin a bhí uaidh, ach míniú a fháil ar a bhrionglóidí. D’inis sé di faoin mbrionglóid a bhí aige, dhá oíche as a chéile. Bhí sé i bpáirc lena thréad, tháinig páiste isteach, agus thosaigh ag súgradh leis na caoirigh. Ar ball, tháinig an páiste chuige, agus rug greim ar a dhá láimh, agus dúirt leis dul chuig Pirimidí na hÉigipte mar a bhfaigheadh sé ciste i dtalamh, agus ansin, sula raibh deis ag an bpáiste tuilleadh treoracha a thabhairt dó, dhúisigh sé fhéin, chuile bhabhta. Dúirt an bhean leis, go dtarlódh amhlaidh, dá leanadh sé treoracha an pháiste, agus nach mbainfeadh sí fhéin táille ar bith de, as sin a insint dó, ach go gcaithfeadh sé filleadh, agus deachú an chiste a thabhairt di, dá n-éireodh leis sin a fháil. Mhionnaigh an t-aoire go ndéanfadh sé amhlaidh, agus d’imigh leis. Ar ball, casadh fear feasa air, ar rí é, i ndáiríre, agus d’inis seisean an scéal céanna dó, ach ghearr seisean táille air, as an eolas sin a thabhairt dó.

Ar thóir a dháin

I ndeireadh na dála, dhíol an t-aoire a thréad, agus lena luach, thug sé an Aifric air fhéin, áit ar chaith sé seal i mbun an ghnó seo, agus seal i mbun an ghnó úd eile, ach feadh an achair go léir, bhí sé ag iarraidh a fháil amach, céard a bhí i ndán dó, agus céard a bhí a chroí fhéin istigh ag rá leis. D’éirigh go breá leis, mar dhíoltóir gloineacha, i siopa an chnoic, agus shaothraigh sé fortún beag dó fhéin, ach ar deireadh, d’imigh sé ón ionad sin, agus thug a bhóthar air fhéin arís. Ar ball, shroich sé tamhnach sa bhfásach, agus chaith seal ansin. Casadh Ailceimiceoir air, agus snadhmadh caradas eatarthu, agus sa tamhnach sin freisin, casadh cailín álainn muslamach air, dárb ainm di Fatima, agus thiteadar i ngrá le chéile, ach bhí a dhán fós le coimhlíonadh ag an aoire, agus d’imigh sé fhéin agus an tAilceimiceoir ar thóir na bPirimidí, bíodh go raibh sé ina chogadh dearg idir threibheanna an ghainimhligh, ag an am. D’fhág an tAilceimiceoir an t-aoire, nuair a bhíodar gar go maith do na Pirimidí, agus ón bpointe sin, bhí Santiago leis fhéin, agus tar éis roinnt eachtraí, shroich sé dumhach ard, agus óna barr, fuair sé radharc ar na Pirimidí. Bhain áilleacht na bPirimidí céanna sin an anáil de, agus tuigeadh dó go raibh sé tagtha go dtí an t-ionad ina raibh an ciste folaithe. Thosaigh air ag tochailt, ach sin a raibh aige dá bharr. Ar ball, tháinig saighdiúirí air, agus tharraing amach é, as an bpoll a bhí tochailte aige, agus tar éis é a cheistiú ar feadh tamaill, d’inis ár n-aoire dóibh, faoina raibh á lorg aige.

Fís le fíorú

Gháir ceannaire na saighdiúirí, agus dúirt go raibh brionglóid dá leithéid aige fhéin, bliain roimhe sin, ach gur foilsíodh dósan, go bhfaigheadh sé ciste faoi thalamh, dá raghadh sé go hAndalusia, agus dul chuig fothrach eaglaise ansin, a raibh seiceamar ag fás aníos tríd an áit a raibh éardamh na heaglaise sin, fadó. “Agus ar thug tú aird ar do bhrionglóid?” arsa an t-aoire. “Ag magadh fúm atá tú!” arsan saighdiúir.

Ní gá dhom críoch an scéil sin a insint duit, ach déarfaidh mé an méid seo leat, gur bhain mé fhéin an-taitneamh agus an-phléisiúr as an scéal, nó bhí soinneantacht, agus macántacht aoibhinn neamhghnách, ag baint leis an scéal, tríd síos. B’fhéidir gur mhaith leat fhéin é a léamh? Ní bheidh a chathú ort má dhéanann. Geallaimse dhuit é!

.

.

.

.

.

.

I  mBeal  an  Phobail Roads.

I mBéal an PhobailOf Shoemakers and Lasts

Conradh Lisboa Arís

Peadar Bairéad

….Aguisín….

In alt na seachtaine seo caite, tri thimpiste, baineadh an ruball den phíosa a scríobh mé, rud a d’fhág gan a ..punch line.. é, mar adéarfá. San alt sin, rinne mé an t-ábhar conspóideach sin a chíoradh, ar bhealach, agus ansin, ar deireadh thiar, tar éis an iomláin, mhol mé don léitheoir, thar aon rud eile, gur chóir dó dul amach agus a vóta a chaitheamh, agus seo chugat anois an rubaillín sin a baineadh den alt, trí thimpiste, dár ndóigh….

Ach an rud is tábhachtaí ar fad, nó dul amach, agus do vóta a chaitheamh. Sin an daonlathas agat. Is dócha go bhfuil ár dtodhchaí uilig ag brath ar thoradh an Reifrinn chéanna seo…

In alt na seachtaine seo caite, bhí mé i gcás idir dhá chomhairle, faoi cé acu vótáilfinn no NÍL, ach anois, tar éis dom mo mharana a dhéanamh, tá mé ag ceapadh, go vótáilfidh mé TÁ, sin mura dtiocfaidh argóintí láidre an treo, le mé a sheoladh ar bhealach contráilte eile. Ach ní móide go dtarlóidh a leithéid!!!

.

Of Shoemakers and Lasts…

.

Cupla lá ó shoin, thug cara liom gearrthóg as an Irish Daily Mail dom, agus é ag súil go mbainfinn leas as, mar spreagadh don cholún seo, nó tuigeadh dó, go raibh gá leis an spreagadh céanna sin, tharla go raibh an colún ag éirí beagáinín leamh, amannta! dár leis. Bhuel, léigh mé an píosa, agus bíodh nár chuir mé mórán suime i mbunús dá raibh scríofa ann, caithfidh mé a admháil, gur dhúisigh a raibh sa mhainchille, i roinnt áirithe den phíosa, gur dhúisigh sé mé. Agus níorbh é sin amháin é, ach tharla freisin, go raibh mé ag portaireacht liom, sa cholún seo, cupla seachtain ó shoin, faoi’n méid daoine a bhíonn ag caint leo, ar ábhair nach bhfuil aon saineolais acu fúthu. Ach ní bac ar bith orthu é sin, nó leanann siad orthu ag pápaireacht leo, faoi mar a bheadh Dia a rá leo. Sea, agus nach minic a deintear dearmad freisin ar an tseanrá úd a labhraíonn linn faoi dhíonta gloine!

An Interview

Ach, le filleadh ar an ngearrthóg úd, ar dhein mé tagairt di thuas, ba é a bhí inti, nó cuntas ar agallamh, ar deineadh cur síos air san Iris aithnidiúil sin, Hot Press, agallamh inar tugadh deis don té a bhí á chur faoi agallamh, a tuairimí ar ábhair áirithe a chur i mbéal an phobail, mar adéarfá. Deirtear sa chuntas seo, gur bheag meas a bhi ag an té sin ar an Eaglais Chaitliceach, agus gur chuir cumhacht an Phápa isteach go mór uirthi.

Duine a bhfuil clú agus cáil tuillte aice ina gairm is ea í, agus a chonách sin uirthi! ach ar ghá di an Eaglais Chaitliceach a ionsaí sa tslí sin? Deirtear san alt, i Hot Press, go raibh an-áthas uirthi gur ina Protastúnach a tógadh í, agus í ag déanamh tagairt do na scannail uilig a chráigh an Eaglais Chaitliceach le scathamh anuas.

Papal Power

Agus ag caint ar Chumhacht an Phápa agus daoine dá leithéid di, is amhlaidh a bhuaireann a leithéid í. Seo mar a chuirtear san alt é…

“The power of the Pope and people like that just annoys me. Look at the scandals. I’m just grateful that I was brought up in a Protestant way”

Sin mar a chuirtear sa ngearrthóg é .

Ach, is dócha go ndéanann daoine a ionsaíonn an Eaglais Chaitliceach, is dócha go ndéanann siad dearmad ar an méid daoine sa tír seo, ar bhaill dílse den Eaglais chéanna sin iad, agus ar bhealach, nach ionsaí pearsanta orthusan é, nuair a déantar ionsaí ar a nEaglais?

Happy accident

Tá sí buíoch gur ina Protastúnach a tógadh í, agus chuile cheart aice chuige sin. Ach nach den Chríostaíocht é an maithiúnas agus an charthannacht? Ní gá a rá, ach oiread, nach bhfuil muidinne, Caitlicigh, ag dul thart ag maíomh as na scannail chéanna sin! ach oiread. Ach tharla siad, agus caithfidh muid deighleáil leo.

Ní gá a rá, go raibh tagairt d’ábhair eile freisin, san Agallamh céanna sin i Hot Press, ach tá faitíos orm, nach nós liomsa scríobh faoi na hábhair chéanna sin, nó is ábhair iad, nár nós le daoine scríobh fúthu, tráth raibh mise ag fás anios. Ach, nach cuma faoi sin anois, nó seo ré na saoirse agus an neamhspleáchais, agus chomh fada is nach ngortaítear éinne, cead agat do rogha rud a scríobh, agus a fhoilsiú, má tá t’eagarthóir sásta seasamh leat, i bhfiontar dá leithéid.

gaGaeilge