Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

A Chaitríona, a chara,

B’fhéidir go ndéanfadh seo cúis? Mura n-oireann sé, cuir scéala chugam arís, agus déanfaidh mé é a leasú, tuilleadh. I dtaobh phictiúr a raghadh leis an alt seo, bhuel, céard faoi phictiúr den tSuipéar Deiridh?

Beir bua agus beannacht

ó

Peadar Bairéad.

Iarscríbhinn……Más Apple atá á úsáid agaibh, tabhair faoi deara, gur Rich Text Format atá á úsáid agam sa phíosa seo.

Peadar.

.

.

Aifreann Domhnaigh I gCalafóirnia .

.

****************************

Ní raibh ach cupla lá caite againn thall i gCalafóirnia, ag an am, ach ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, shocraíomar ar dhul chun an Aifrinn in Oceanside, i Halla St Margaret, Halla a bhí thart ar thuras leathuaire uainn. Shroicheamar an Halla sin in am tráth, agus bíodh go bhfuil an Halla céanna sin breá fairsing, ag an am gcéanna, níl aon chóras aer-oiriúnaithe ann, rud a fhágann go n-éiríonn sé diabhalta te, le linn na searmanas. Ar aon chuma, roghnaíomar fhéin suíocháin, thiar i gcúl an Halla, rud a d’fhág, go raibh neart spáis againn, agus nár éirigh sé ró-the ar fad, ag an am gcéanna. D’fhéadfá a rá, go raibh an áit lán go doras, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó an méid sin daoine óga a bhí sa láthair, agus nílim ag caint faoi pháistí anois, ach faoi dhaoine sna déaga agus sna fichidí, agus cuid mhaith acusan i mbun dualgas mar fháilteoirí, mar léitheoirí, agus mar mhinistrí eochairisteacha, freisin. Mór idir sin agus an chaoi a bhfuil cúrsaí sna séipéil s’againne! Rud eile a thabharfá faoi deara, nó an chaoi a raibh na ciníocha éagsúla measctha ar a chéile san aon phobal aontaithe amháin sin.

Canadh iomann. Buaileadh clog. Agus ansin, tháinig an sagart agus a chuid ministrí suas tríd an Halla, ar a mórshiúl chun na hAltóra. Fuair mé amach, ar ball, gurbh é an tAthair Cávana de Bhailís, an “Pastor”, a bhí mar cheiliúraí againn, an Domhnach sin, nó eisean an Sagart Pobail atá acu sa Pharáiste sin Naomh Mhaighréad. An-sagart go deo isea an Beal Feirsteach fir seo, agus meas an domhain ag a phobal thall air. Chuaigh cúrsaí chun tosaigh go breá, le linn an Aifrinn, agus ba bheag difir i ndáiríre idir Aifreann thall agus an tAifreann s’againne. Thabharfá faoi deara, b’fhéidir, go bhfuil difir bheag idir Chomhartha na Síochána thall agus an chomhartha a mhalartaítear abhus, nó is minic a bhíonn barróga agus póga i gceist acu thall, áit nach mbíonn i gceist againne ach an craitheadh lámh. Arís, le linn an “Ár nAthair” beireann gach duine den phobal greim láimhe ar na daoine taobh leis, agus ardaítear na lámha ansin, faoi mar a ardaíonn an sagart a lámha-san, ag guí na Paidre diaga sin. Taobh amuigh de sin, canann an pobal iomainn, rud nach dtarlaíonn anseo go ró-mhinic, agus ní fhéadfá, dár liomsa, a mhilleán sin a leagan ar an bpobal! Tá difir mhór amháin eile idir na hAifrinntí anseo, agus na hAifrinntí thall, agus sin go mbíonn na hAifrinntí s’againne críochnaithe, taobh istigh de leathuair a chloig, fad is a mhaireann na hAifrinntí thall, thart ar uair a’ chloig, ar a laghad.

Cad is cúis le sin? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.

Bhuel, cuireann na hiomainn le fad na hócáide, ach, sé an rud is mó a chuireann leis an am sin, nó fad na seanmóra. Maireann an tseanmóir thall, thart ar leathuair a’chloig, áit a mhaireann bunús na seanmóirí abhus, thart ar chúig nóiméad, nó mar sin. Bhuel, b’in mar a tharla an chéad Domhnach a chaitheamarna thall, ar aon nós, agus anois, ar eagla go gceapfá, go raibh mé ag lochtú an Athar Cávana, caithfidh mé a rá anseo, gur thug sé seanmóir ar dóigh uaidh. Labhair sé go díreach leis an bpobal, agus thuigfeá láithreach, go raibh ag éirí leis dul i gcionn orthu. Sea, mh’anam, agus níorbh éasca in aon chor an t-ábhar a roghnaigh sé don ócáid. Mistéir na hEochairiste, a bhí idir chamáin aige, agus an chaoi ar cheangail an Tiarna ithe agus ól, bia agus deoch, arán agus fíon, lena láithreacht fhéin in ár measc, agus díreach mar a thugann bia agus deoch beatha don chorp, don tsaol seo, sa tslí chéanna, tugann fuil agus feoil an Tiarna beatha d’anam an duine, don tsaol atá le teacht.

“Amen, Amen, adeirim libh, mura n-ithe sibh feoil Mhac an Duine,

agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.”

Sea, mh’anam, níor fhág an Tiarna amhras ar bith ar a lucht éisteachta, níor chuir sé fiacail ann, ach é á rá amach go neamhbhalbh, suas chun a mbéal é! Níl aon éaló ón méid adúirt sé lena lucht éisteachta ansin. Bia agus deoch, fuil agus feoil, lón beatha curtha ar fáil dúinn, sea, bia don aistir, bia don tsaol nua spioradálta a bhí á gheallúint aige dá lucht éisteachta. Fanfaidh cuimhne na seanmóra sin liom, go leagfar na hordóga orm, bíodh go raibh mé, ag an am gcéanna sin, ag barcadh allais, i dteas neamhghnách Halla úd Naomh Maighréad.

.

***************

Peadar Bairéad.

*****************

  .

.

.

.

.

.

.

.

Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

An Duais don Dathúil

Malachy, a chara,

Ar eagla nár chuir mé an píosa seo dhuit cheana………

Beir Bua

ó

Peadar Bairéad

*******************************

.

An Duais don Dathúil ?

.

l dabht ar domhan ach gur thóg Chluichí Oilimpeacha Beijing croí agus meanman an tsaoil mhóir, níos luaithe i mbliain seo 2008, nó ní hamháin gur deineadh na Cluichí céanna sin a reachtáil go cruinn, cúramach, sásúil, ach d’éirigh leis na Sínigh, ag an am gcéanna, clú agus cáil a thuilleadh dóibh fhéin ó cheann ceann na cruinne, lena scileanna, lena gcumas, agus lena leithleachas. Cé dhéanfadh dearmad ar an tsearmanas taibhsiúil, sciliúil, do-bhuailte, a láithrigh siad, ar ócáid oscailte na gCluichí? Sea, agus cá bhfágfá an tsearmanas a leag siad os ár gcomhair mar chúl-chlúdach ar leabhar do-dhearmadta a mbaiste mar chumhacht do-sháraithe na haoise seo? Agus sin uilig, gan trácht a dhéanamh in aon chor, don chathair neamhaí a thóg siad le seoid na gcluichí a leabú inti, gona bhfaichí, gona locha, gona seastán fiú, a raibh cuma nide air, le deis a thabhairt don lucht féachana radharc an fhiolair a fháil ar lúithirní an domhain ag glacadh páirte, go cróga, misniúil, i gcluichí, i gcomhlanna, agus i gcoimhlintí, agus iad uilig ag iarraidh dul níos mire, níos airde, nó níos sia, ná mar a deineadh riamh, go nuige seo.

Leatrom ?

Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh an tseandream fadó, agus bhain daonra an domhain mhóir an-taitneamh as an spléachadh sin a fuair siad ar an saol, mar a chaitear é, i gcríocha ollmhóra na Síne. Níor fágadh fuíoll molta ar an dtír, nó ar a muintir, ach nuair a bhí chuile shórt faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith, chuala an saol mór an scéal faoin bhfógraíocht úd a deineadh agus girseach óg ag glacadh páirte ann, ach toisc nach raibh sí dóighiúil go leor, caitheadh ar leataobh í, agus ina háit, bhain an lucht fógraíochta leas as girseach óg eile, girseach ar bhronn a máthair baistí sí, bua na dathúlachta uirthi. Nuair a leath an scéal sin i measc daoine, ba é an toradh a bhí air nó déistean a mhúscailt i gcroí daoine, toisc gur deineadh leatrom dá leithéid ar an ngirseach bhocht úd, agus gan tada déanta as an mbealach aici. Tuigeadh dóibh, nach raibh sé ceart, cóir, nó feiliúnach, beart dá leithéid a dhéanamh, agus go raibh náire shaolta tuillte an na Sínigh as a leithéid a dhéanamh… Fobún orthu! más fíor a hinsíodh dúinn sna meáin.

Ná déan mar a dhéanaim………

Ach ansin, nuair a chuirtear an bhreith sin faoin tóirse, feictear dúinn nár dhein na Sínigh ach an rud a dhéantar chuile lá, anseo in Oileán na Naomh is na nOllamh!

Ag magadh atá mé, an ea?

Geallaimse dhuit nach ea! Mar nuair a bhreathnaíonn tú ar an teilifís, agus nuair a dhíríonn tú tóirse na fiosrachta ar aighthe na ndaoine a phioctar, le teacht ar an scáileán os comhair daoine, le nuacht a léamh, le réamhaisnéis na haimsire a chur i láthair, le cláracha a láithriú, nó fiú le páirt a ghlacadh i gcomórtas talainne, nó i dtionscnamh ar bith dá leithéid, feicfidh tú, gan aon ró-stró, go mbaintear úsáid as cleas úd na Síneach, agus go bpioctar an té a bhfuil bua na dathúlachta ag roinnt leis, nó lei. Anois, níl dabht ar domhan, ach go mbaineann daoine pléisiúr as bheith ag breathnú ar dhaoine dathúla, bíodh siad fireann nó baineann, ach ar an morgóir, is ar áilleacht ban a bhíonn ár n-aire dírithe.

“De gustibus……”

Anois, nuair a théann sé go croí an ábhair, cé déarfadh go bhfuil an duine seo dathúil, nó an duine úd eile míofar? “De gustibus non est disputandum”, faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó! Nó nach bhfuil a áilleacht fhéin ag chuile dhuine daonna? Ar an ábhar sin, nach bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine, a scathaimhín fhéin faoin ngréin a éileamh? Sé sin, má tá an talann, agus na scileanna cuí aige. Ná bíodh againn feasta, mar sin, mar shlat tomhais ach cumas an iarrthóra ach a ábaltacht ar ghnóthaí an phoist a choimhlíonadh. Má leantar an treoir sin, seans go mbeidh deis againn feasta, chuile chineál duine a fheiceáil ar ár scáileáin, nó bíodh go bhfuil sé éasca ar na súile breathnú ar dhuine dóighiúil, ní hionann sin is a rá, nár chóir go mbeadh a dheis fhéin ag chuile dhuine –bíodh sé dóighiúil nó bíodh sé míofar – teacht os ár gcomhair ar an scáileán sí. Ní hionann dathúlacht agus ábaltacht, nó ní hionann míofaireacht agus éagumas.

.

Peadar Bairéad

Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

An Rod seo romhainn

I mBéal an Phobail

(This week I mBéal an Phobail tries to look into the future)

Peadar Bairéad

An Ród seo romhainn!

Is dócha gurb é bua diamhair an daonnaí nó gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar a dhán, nó, ar an ród atá roimhe amach, ar choinníoll go leanfadh cúrsaí sa todhchaí, faoi mar atá i láthair na huaire seo, agus ní taise dúinne é. Mar sin, ní haon ionadh go ndéanaimse fhéin iarracht, corruair, ar dhul ar mo chliatha fís, le scil a bhaint as tarlúintí an lae inniu, le tuairim eicínt a chaitheamh faoi threo bhád an Stáit s’againne ar mhuir mhór leathan na todhchaí. Ní gá dhom a rá, go bhfuil ár ndóthain mhór de chomharthaí comhaimseartha le léamh againn, i saol agus i stair ár bpobail, le buille faoi thuairim a thabhairt ar a bhfuil romhainn amach, sna laethe atá le teacht.

Breathnaigh, i dtosach báire, ar an iaróg a tógadh, ar na mallaibh, faoi Thuarascáil Chluana. Táid ann adéarfadh, go mbeadh sé i bhfad níos fearr, agus níos ciallmhaire, b’fhéidir, dúinn, doras na hiaróige sin a fhágáil dúnta, nó déarfaidís sin, go bhfuil an Rialtas s’againne agus an Vatacáin, ar chomhtharraingt sna cúrsaí seo, nó dár leosan beirt, is í cosaint na hóige an chloch is mó ar a bpaidrín acu. Agus nach bhfuil a fhios ag an saol, gurbh é cogadh na mbó maol atá a fhearadh acu sa chás seo, nó níor éirigh go seoigh le ceachtar acu a ndualgaisí sa reimse sin, i leith na h-óige, a choimhlíonadh go héifeachtach, nó go suntasach.

Buailim Sciath!

Ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann freisin, a déarfadh, nach bhfuil sa chogadh céanna sin ach buailim sciath, le buntáiste a thabhairt don Rialtas agus iad ar thóir an ceann is fearr a fháil ar chumhacht na hEaglaise i gcúrsaí oideachais, agus a leithéid. Ach, bíodh sin fíor, nó ná bíodh, seans go ndeachaigh an Taoiseach s’againne beagáinín thar fóir ina óráid ionsaíoch os comhair na Dála, nó ba chosúla le hionsaí chonspóideach polaitíochta í ná le casaoid dáiríreach dioplomáideach chuig cumhacht a raibh caidreamh dioplomáideach againn lei. Ach, ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta, is é an cúrsa is ciallmhaire againn anois nó dul i gcomhar leis an Vatacáin, le rialacha dochta a dhréachtadh, ar mhaithe le haos óg na tíre seo a chosaint ar ionsaithe, agus ar mhí-úsáid ghnéasach, feasta. Sa tslí sin, beifear in ann an tua a fhágáil ar leataobh, agus cead fáis a thabhairt do ghas na síochána eatarthu, as seo amach. Ní haon mhaith bheith ag argóint gurbh ionann is trasnaíocht gan údarás, rud ar bith níos lú ná comhoibriú iomlán, nó nach ionann a leithéid is a bheith ag iarraidh damhsa ar bharr snáthaide. Comhoibriú is fearr a fhóireas orainn uilig sa chás seo, mar tá ár ndóthain le déanamh againn faoi láthair agus gan bheith ag fearadh chogadh na mbó maol, sa chás seo. Ar an dtaobh eile den scéal seo ar fad, ba mhaith liom aird a dhíriú ar an gclaonadh chun oilc atá ag fás is ag forbairt go buacach, inár measc, le scathamh anuas. Anois, ní haon rud nua é lucht an aindlí a bheith ag obair is ag saothrú dóibh fhéin in ár measc, agus ní hiad na heaglaisigh atá idir chamáin agam sa chás seo. Ní hiad in aon chor, ach na coirpigh “ghairmiúla”, agus na dronganna úd, a thagann i dtír ar allas dhaoine eile. Níl le déanamh againn ach súil a chaitheamh ar ár nuachtáin, le fios fátha an scéal seo a thuiscint agus a bhlaiseadh. Tá dronganna coirpeach ag cur fúthu in ár measc anseo, dronganna a cheapann go bhfuil chuile cheart acu poblacht dá gcuid fhéin a bhunú, ar mhaithe leo fhéin. Tuigtear dóibh go bhfuil siad beag beann ar dhlíthe is ar rialtas na tíre seo. Tógann siad a bhfuil uathu, agus go bhfóire Dia ar an té a thagann sa mbealach orthu. Is dóigh gur léigh tú fhéin cuntais sna nuachtáin, le déanaí, faoi choirpigh a théann i mbun a ngnó le sceana agus casúir, nó le ceapoird agus gunnaí gráin, agus ní haon mhaith bheith ag argóint le duine armtha sa dóigh sin, nó luíonn sé le réasún, gur ciallmhaire i bhfad é géilleadh i gcás dá leithéid. Sin cogadh a d’fhéadfadh an Stát a fhearadh ar mhaithe lena shaoránaigh.

Poblacht ár Leasa

Anois an t-am lenár bPoblacht fhéin a bhunú abhus, Poblacht ina mbeidh saoirse, agus chuile cheart dleathach ag an saoránach, a chuirfeadh ar a chumas, a shaol is a laethe a chaitheamh go síochánta, sásta. Poblacht ina mbeidh pobal comharsanúil ag maireachtáil go síochánta, macánta, i bhfochair a chéile. Poblacht ina mbeidh dúil ag chuile dhuine i leas an phobail, agus i leas chuile shaoránaigh, a bhfuil saorántacht bainte amach aige sa Phoblacht Nua s’againne. Anois an t-am le Poblacht dá leithéid a bhunú, ach ag breathnú ar chúrsaí thart orainn faoi láthair, ní dóigh liom go bhféadfadh éinne bheith ró-dhochasach go bhfuil muid ar bhruach ré órga dá leithéid, sa ghearrthéarma. Ach, nár inmholta an cuspóir dúinn é mar phobal, ár n-aire a dhíriú ar Phoblacht dá leithéid a bhunú inár measc? Céard a cheapann tú fhéin atá i ndán dúinn, mar chine, sa todhchaí?

.

      

.

Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

Ar Bhás Mhichíl Muldowney

Ar Bhás Mhichíl Muldowney, treabhadóir

.

Gura sámh do shuaimhneas, a chara na gcarad,

I Reilg Bhaile Fhuilc, mar a luíonn do chairde,

Gan ghaoth gan bháisteach do do chrá-sa feasta,

Ach grásta Dé dod chosaint ar anfa.

.

Mothóimid uainn thú, a threabhadóir ríoga,

In Earrach na bliana, is na céachtaí á líomhadh,

Ach guímis Flaitheas Dé ort, anois agus choíche,

Is solas na soilse ar feadh na síoraíochta.

Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Athbhliain faoi Mhaise dhaoibh

Tá an chéad deichniúr den aonú haois fichead i ndáil le bheith caite anois, agus muid tagtha go bruach an dara deichniúr, ach caithfear a rá, nach bhfuil aon ró-fhonn ar mhuintir na tíre seo an léim go dtí an bruach thall a ghearradh.

Agus tuige? Adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, nuair a bhreathnaíonn tú siar thar bhlianta an chéad deichniúir sin, atá anois i ndáil le bheith críochnaithe, feictear dhuit, go bhféadfaí a rá fúthu, gurbh iad, faoi mar aduirt an té adúirt… The worst of times and the best of times…Ach amháin gur tháinig an togha roimh an díogha dúinne. Chaith muid an chéad chuid den deichniúr ar dhruim na muice, agus saol an mhada bháin á chaitheamh againn, ach ansin, tháinig lea chúr na habhann ar cibé saibhreas a bhí cuachta againn, agus faoi mar nach raibh sa saibhreas sin uilig ach “sinneán gaoithe” bhí sé imithe uainn de phlimp, agus muid fágtha ar an mblár folamh, ag smaoineamh ar na laethe a bhí. Cuir le sin go léir, an cineál aimsire a seoladh chugainn i ndeireadh na bliana áirithe seo, agus tuigfidh tú an fáth ar dhúirt mé, anois beag, nach raibh aon ró-fhonn orainn an léim go dtí an bruach thall a ghearradh.

.

“Ring out wild bells”

Ach, faoi mar a tharlaíonn, níl an dara rogha againn, nó ag meanoíche, ar an aonú lá triochad den mhí seo, gearrfaimid an léim, dár ndeoin nó dár n-ainneoin, agus fáilteoidh muid, le ceol, agus le cloig; le tine, is le rince; faoi mar a rinneadh le sinsearacht.

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights,

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Tá an bhliain 2010 ar leaba a báis, tá sí ag séathlú uainn i lár na hoíche. Ligimis di bás d’fháil, agus guímis nach bhfillfidh a leithéid de bhliain orainn go luath arís.

Sea, agus déanfaimid, faoi mar a déanann muid chuile bhliain, caithfimid seal ag breathnú siar, agus seal eile ag breathnú romhainn. Nach mbeidh an “Ave atque vale” á aithris againn thall is abhus, agus muid ag fágáil slán leis an tseanbhliain, agus ag cur fáilte roimh an bhliain úr. Sea, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís! Agus ó tharla go bhfuil an bhliain chéanna sin ag síothlú lei anois, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é beannacht an táilliúra lena shnáthaid bhriste a chur lei, nó níor chuir sí comaoin ar bith orainn, i gcúrsaí eacnamaíochta, nó i gcúrsaí aimsire; i gcúrsaí polaitíochta, nó i gcúrsaí eaglasta. Sea, go n-imí drochrath na bliana lei, sea, agus an sioc agus an sneachta, freisin!

“Ring out the want, the care, the sin,

The faithless coldness of the times;

Ring out, ring out my mournful rhymes,

But ring the fuller minstrel in.”

Breathnaímis ar an ród seo romhainn

Ach sin uilig ráite againn, agus bíodh gur tráth clamhsáin é, ag an am gcéanna, caithfimid breathnú romhainn le dóchas agus le creideamh freisin, agus anois, agus muid ar bhruach na bliana nua, seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh, seo an t-am le breathnú romhainn amach, le dóchas croí agus le misneach, le creideamh agus le dúil, ag súil go n-eireoidh níos fearr linn sa bhliain atá romhainn amach; ní hamháin anseo i dtír na hÉireann, ach i ngach tír, agus i ngach cúinne den chruinne, thuaidh, agus theas; thoir agus thiar. Agus muid uile ag guí, go mbeidh síocháin, agus só; flúirse agus cairdeas, i measc daoine, i rith na bliana atá romhainn amach.

“Ring our old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.”

Síocháin Dé orainn

Agus ag caint ar shíocháin dúinn, agus nach bhfuil dúil sa tsíocháin fréamhaithe i gcroí an uile dhaonnaí? nárbh álainn an fhís a bhí ag an bhFáidh, Ísáia, nuair a labhair seisean faoin tráth úd, sa todhchaí, nuair a bheadh síocháin bhuan i réim, ó cheann ceann an domhain s’againne.

“Agus buailfidh siad a gclaimhthe amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin,

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh i gcoinne a chéile feasta,

Ná ní chleachtóidís cogadh arís go brách.”

Scalann an fhís sin anuas chugainn, agus orainn, trí bhlianta fada, dorcha, céasta, na staire daonna. Agus an tráth seo bliana, guímid arís an tseanghuí, guí úd na nAingeal i mBeitheal, fadó…

“Glóir do Dhia sna harda, agus ar thalamh, síocháin do lucht a pháirte.”

Níl le déanamh agamsa anois ach athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó inniu.

“Ring out the old, ring in the new,

Ring happy bells across the snow,

The year is going, let him go;

Ring out the false, ring in the true.”

Go mbeirimid uilig beo ar an am seo arís.

Aifreann Domhnaigh i gCalafoirnia

Binn Béal….

Binn Béal….

Peadar Bairéad

Ní gá dhom an seanfhocal sin a chríochnú, nó bhí sé de nós ag Gaeil, chuile lá riamh, gan ach tús seanfhocail a lua, nó tuigeadh dóibh, go mbainfeadh an lucht éisteachta, nó an lucht léite, scil agus ciall as an méid a tugadh. Sea, agus gan dabht ar domhan, ní bheadh mórán measa ag pobail na haoise seo ar chine nach mbeadh sásta chuile shórt, gan chur leis, nó baint uaidh, a chur i mbéal an phobail, bíodh sé olc, maith, nó dona. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa áfach, caithfidh mé a admháil, go dtuigtear dom, go mbíonn ócáidí ann, nuair is fearr go mór fada an tost ná an bhéalscaoilteacht. Ach, fillfidh mé ar an ndearcadh sin arís, ar baillín beag.

“Agin the Govermint!”

Bhuel! Nuair a bhí mé fhéin im mhac léinn, blianta fada ó shoin! bhí múinteoir againn, arbh é an leasainm a bhí againn air nó “an Tíogar”, agus d’insíodh seisean scéilín dúinn go rialta, scéilín a cheap seisean a bheith greannmhar, scéilín faoin Éireannach a shnámh i dtír, tar éis dá long a dhul go tóin poill. Caitheadh isteach ar an trá iasachta é, áit a dtangthas air, ar ball, agus é gan aithne gan urlabhra. Rinne na dúchasaigh iarracht ar é a chur ar a chosa arís. Tháinig sé chuige fhéin, tar éis tamaill, agus tar éis dó breathnú timpeall ar an slua a bhí bailithe thart air, chuir sé ceist orthu..

“An bhfuil ‘Govermint’ agaibh anseo,” ar seisean.

Chuir na dúchasaigh i dtuiscint dó, go raibh.

Bhuel! Ar seisean, “má tá, táimse ‘agin it’.”

Sea, léirigh a raibh le rá ag mo dhuine, léirigh sé dearcadh a bhí coitianta go maith inár measc, blianta ó shoin. Má tá ‘Govermint’ anseo, táimse ‘agin it’.

Cuid d’ar nOidhreacht?

N’fheadar an bhfuil an dearcadh sin coitianta inár measc sa lá atá inniu fhéin ann?

Táid ann adéarfadh nach bhfuil, nó déarfaidís go bhfuil an dearcadh sin fágtha inár ndiaidh againn, le blianta fada anois, agus i ndáiríre, dhéanfaidís iarracht ar é a chur ar do shúile dhuit, go raibh baint ag an ndearcadh sin le laethe ár ndaoirse, nuair a tuigeadh don Éireannach, go raibh dualgas air a dhícheall a dhéanamh fáil réidh leis an ‘nGovermint’ eachtrannach, a choinnigh ár ndaoine faoi smacht, thar ocht gcéad bliain. Ach, ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann adéarfadh, go bhfuil an dearcadh frith’ghovermint’ sin neadaithe i smior na gcnámh ionainn fós, agus go bhfuil sé éasca go maith é sin a fheiceáil i ndearcadh an phobail s’againne, ar ócáidí speisialta.

Cláracha don Ghearánaí !

An bhféadfá cupla ceann de na hócáidí sin a liostáil dúinn anseo?

Cinnte, d’fhéadfainn. I ndáiríre, déarfainn nach bhfuil le déanamh ag duine ar bith ach éisteacht le cupla clár raidio, nó teilifíse, cláracha atá oscailte don phobal, atá i gceist agam anseo, cláracha ar nós Liveline, no Clár an Mheánlae.

Ach, ní fhéadfá a mhaíomh, go bhfuil Joe Duffy ‘agin the Govermint.’

Cinnte, ní fhéadfainn, agus níl fonn ar bith orm a leithéid a dhéanamh. Ach céard faoi na héisteoirí a ghlaonn isteach ar Joe, lena dtuairimí a nochtú? ‘Agin the Govermint’, adeir tú! ‘Agin the Govermint’! an ea? D’fheicfheadh an té is dúire amuigh gur mar sin atá. Luaitear ábhar áirithe, i dtosach báire. Abraimis ‘ardú cáineacha’ nó ‘ísliú pá’, agus ansin tá cead ag éisteoir ar bith glaoch isteach, le luach a dháphingne a fháil. Ní bheadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, sára mbíonn slua bailithe ansin le dul ar an gclár, le stiallacha a bhaint as an ‘nGovermint’ agus as na bainc, as na Státsheirbhísigh, as an gcléir, agus as dream ar bith eile, a bhfuil cumhacht nó údaras ag baint leo. Cheapfadh duine ar bith go bhfuil an mhuintir s’againne ‘Agin the Govermint’ ó thus deireadh.

‘Sé an Rialtas s’againne é

Anois, nílimse ag maíomh go bhfuil an Rialtas s’againne thar mholadh beirte, ach sin raite agam, ag an am gcéanna, nach é an Rialtas a thoigh an pobal s’againne é? Agus nár thugamar cumhacht dóibh, an tír seo a rialú go ceann roinnt áirithe blianta? Tuige, mar sin, a raghadh muid isteach anois leis an gcumhacht sin a bhaint díobh? Nach bhfuil ár ndílseacht, ár dtacaíocht, agus ár gcúnamh, dlite dóibh, i rith a dtréimhse cumhachta? Agus nach annamh a chloisfeá duine ar bith, ar chláracha dá leithéid, ag cosaint nó ag moladh na húdaráis a thoigh muid?

Caithfidh mé a admháil freisin, go gcuireann na tuairimí a nochtar ar chláracha áirithe dá leithéid, ionadh orm, nó tuigtear dom, go bhfuil siad i gcoinne chuile shórt a bhaineann leis an bhfís náisiúnta. Ní bheinn ag súil go mbeadh an oireadh sin daoine, sa tír s’againne, sásta a náisiúntacht, a gcreideamh, agus a n-oidhreacht, a shéanadh, agus bheadh sin dona go leor, ach is é an bealach ina ndéantar é a chuireann an t-ionadh go léir orm, nó séanann siad é, faoi mar ba amadánta, amach is amuigh, lámh nó páirt a bheith ag duine ciallmhar ar bith le ‘mumbo jumbo’ -(faoi mar adeir siad)- dá leithéid.

Ár gCosmhuintir fhéin

Minic, agus mé ag éisteacht le, nó ag breathnú ar, chlár dá leithéid, a ritheann focail úd an tseanfhocail thuasluaite liom, nó nárbh fhearr go minic snaidhm a chur ar an dteanga, ná tuairimí dá leithéid a nochtadh os comhair an phobail. Annamh a smaoiníonn na ‘saineolaithe’ sin ar a n-éisteoirí, nó den chuid is mó, nach gnáthchosmhuintir na tíre seo iad na héisteoirí céanna sin, daoine a ghoilfeadh searbhas dá leitheid go smior na gcnámh orthu. Sea, Binn béal ina thost, mar nach fearr an tost, ar ócáidí dá leithéid, ná an bhéalscaoilteacht!

.

.

gaGaeilge