Saolta   ag   athrú

Saolta ag athrú

Saolta ag athrú

Is iomaí seanfhocal a bhí ag ár sinsear, le neamhbhuaine an tsaoil seo a chur in iúl. “Is buaine gach rud na an duine”, adeireadh siad, agus iad ag iarraidh giorra an tsaoil seo a chur ar a shúile do dhuine, sea, agus arís nach minic a bhainidís leas as “Ní bhíonn in aon rud ach seal” le cur i dtuiscint do dhuine, go mbíonn na saolta ag athrú de shíor. Sea, mh’anam, tuigeadh dóibh go raibh chuile shórt thart orthu ag fógairt dóibh nach raibh cathair bhuan acu abhus. “Más fada an lá tiocfaidh an tráthnóna,” agus sa tslí chéanna, más fada fhéin réim an daonnaí i ngné áirithe den saol, níl buaine i ndán dó abhus, ach oiread.

Ag dul ar scor

B’in iad na smaointe a rith liom, ar na mallaibh, nuair a thug mé faoi deara, go raibh curaidh áirithe dem chuid, ag smaoineamh ar dhul amach ar scor. Caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur chúis bhróin dom a leitheid a chlos, ach ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh mé a admháil, go bhfuil a sos tuillte ag na curaidh chéanna sin, agus caithfidh mé “ad multos annos” a ghuí orhtu, agus mé ag súil go mbainfidh siad sult agus sásamh as a laethe ar scor.

Cé hiad na curaidh atá i gceist agam anseo, an ea?

Easpag

Bhuel! tosóidh mé leis an Easpag fhéin, an Dochtúir Ró-Oir. Laurence Foristal. Chuala, agus léigh mé sa nuachtán, go raibh beartaithe ag an Easpag céanna éirí as oifig go luath, agus ba í cúis a luadh leis an gcinneadh seo, nó go raibh an aois scoir sroichte, geall leis, aige. Caithfidh mé a admháil go mothóidh muid uainn é, nó ba Aoire tuisceanach, díograiseach, cineálta, carthannach é, an fear céanna sin, agus Eaglaiseach gradamach, céimiúil, údarásach. Níl le déanamh againn anois ach fad saoil, agus sláinte an bhradáin, a ghuí air, sna blianta atá romhainn amach. Ach, dár ndóigh, ní hionann sin go léir is a rá go n-éireoidh an t-easpag s’againne as oifig, láithreach bonn baill, nó deirtear liom, go bhfanfaidh sé ina phost go gceapfar a chomharba, agus chuile sheans go dtógfaidh sé píosa le sin a dhéanamh. Mar sin, d’fhéadfadh sé, le cúnamh Dé, go mbeadh an Dochtúir Laurence Foristal linn, mar easpag, go ceann scathaimh mhaith eile, agus thabharfadh sin deis don Eaglais comharba oiriúnach a lorg, a fháil, is a cheapadh, san idirlinn.

Iománaí

Agus cé eile atá ag éirí as a phost, an ea?

Bhuel, b’fhéidir nach dtabharfá post ar a raibh á dhéanamh ag an bhfear seo dúinn, le mám maith blianta anois, ach mura dtabharfá fhéin, ba chosúil le post é, a bhí á dhéanamh aige, go deonach, ina chuid saor-am fhéin. Sea, agus geallaimse dhuit é, nárbh aon iománaí ar an gclaí a bhí sa bhfear cáiliúil seo, níorbh ea mh’anam, ach iománaí a chuir an tír uilig seo faoi dhraíocht, agus faoi gheasa, lena scil agus lena ealaín, leis an gcamán fuinseoige. Ní gá a ainm uilig a lua ach oiread, i ndáiríre, níl le déanamh agam ach D.J. a lua, le go n-aithneodh madraí an bhaile, nó fiú na cait fhéin! cé dó a bhfuilim ag tagairt. Sea, agus gan deacracht ar bith, bronnaim an curadh mhír ar D.J. s’againne, nó glactar leis anois, gurbh é an t-iománaí ab fhearr sa ghlún seo é an D.J. Carey céanna sin, agus tá roinnt mhaith saineolaithe sa chluiche seo, a déarfadh, gurbh é an t-iománaí ab fherr riamh é. Ba sa bhliain 1970 a rugadh é, agus tharla go raibh mé fhéin im mhúinteoir anseo i gColáiste Chiaráin ag an am, agus bhí mé im’ mhuinteoir fós sa Choláiste céanna sin, thart ar dhá bhliain déag ina dhiaidh sin, nuair a roghnaigh D.J. agus a mhuintir an Coláiste céanna sin mar Alma Mater don iománaí óg. Sea, agus tháinig sé go dtí an Coláiste, agus é cheana féin ina iománaí déanta. Is cuimhin liom ag an am, an scéal a chlos ó dhuine dem’ chomhleacaithe, nach bhfaca sé fhéin ógánach dá aois riamh, a raibh an leibhéal céanna scileanna, agus cleasa, leis an gcamán, ar a dheis aige, cheana fein.

Cén cineál scoláire a bhí i D.J. an ea?

Bhuel, bheadh sé deacair locht a fháil air, mar mhac léinn, nó bhí sé cineálta, díograiseach, lách, carthannach, comhoibritheach, agus é sásta, i gcónaí, rud a dhéanamh ort. Is féidir liom an gasúr óg sin a fheiceáil, anois fhéin, i scathán na cuimhne, é lách, gealgháiritheach, dáiríreach. Ní raibh sé chomh mór, nó chomh láidir le roinnt mhaith dá chomhscoláirí, ach mura raibh fhéin, is dócha gur thuig sé an seanfhocal sin, “an té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic”, agus nárbh é an Dodger fhéin a bhí cleasach ar Pháirc a’ Bháire? Is cuimhin liom fós, é a fheiceáil, le linn cluiche amháin. Tháinig an sliotar ina threo. D’ardaigh go sciliúil. Tháinig duine ón bhfoireann eile ina threo, agus drochfhuadar faoi. Tharraing sé go tréan, dícheallach, trasna ar loirgne D.J. Thuig seisean go seoigh a raibh ag tarlú, agus níor dhein sé ach léim a ghearradh thar an gcamán namhadach sin, cupla céim chun tosaigh ansin, agus bhuail an sliotar go cruinn gleoite thar an trasnán. Fanann an chuimhne sin im aigne fós, tar éis na mblianta a chuaigh isteach i muileann an ama, san idirlinn. Ach ní raibh san eachtra beag sin ach an tús, nó ón am sin i leith, choinnigh mé súil ghéar ar an iománaí sciliúil sin, agus chuile bhabhta, d’éirigh leis mé a chur faoi gheasa, lena scil, agus lena dhraíocht. Fanann a chuimhne liom fós, agus i gcónaí, is é an gasúr óg gáiritheach sin, a casadh orm i gColáiste Chiaráin i dtús na n-ochtóidí, a fheicim ar scáileán na cuimhne, nuair a smaoiním ar D.J. s’againne. Nár laga an Rí fhéin é, agus go maire sé an céad.

Agus Dochtúir

Ó tharla ag caint ar dhaoine ag dul ar scor mé, níor chóir dom dearmad a dhéanamh ar dhuine amháin eile, a bhfuil socraithe aige éirí as chleachtadh a cheirde, ceann de na laethe seo.

Cé hé fhéin, an ea?

An Dochtúir Frank Bradbury atá i gceist agam anseo. Anois, tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh, thart ar dhá scór bliain ó shoin anois, agus déarfainn gur shocraigh mé ar an Dochtúir Bradbury a roghnú mar dhochtuir don teaghlach, breis is scór bliain ó shoin anois. Ní raibh a chathú sin riamh orm ó shoin, nó ba é an dochtúir ab fhearr a casadh ormsa riamh é. Bhí sé lách, cabhraitheach, sciliúil, gairmiúil, agus stíl oibre aige, a chuirfeadh duine ar a shuaimhneas, chuile bhabhta. Ach thar aon thréith dá chuid, ba é an ceann ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó a fhoighid. Bhí sé sásta, i gcónaí, a chuid ama a roinnt go fial, flaithiúil, ort. Mothóidh mé uaim é, gan dabht ar domhan, ach ag an am gcéanna, nach bhfuil a shos tuillte aige, nach bhfuil a sheal caite aige ag freastal ar an bpobal s’againne, agus anois, níl le déanamh againne, ach fad saoil, agus scor faoin dtor, a ghuí air fhéin is ar a chúram. Nár laga an Rí é, agus gura seacht fearr a bheidh sé bliain ó anocht.

Leanann an Roth ag casadh

Bhuel, sin iad mo thriúr curadh agat anois, don tseachtain seo, agus iad uilig dom thréigean! Fear acu a thug aire do m’anam, fear eile a thog cúram mo cholainne air fhéin, agus an tríú duine, a chuir caitheamh aimsire taitneamhach, spreagúil, corraitheach, ar fáil dom, thar thréimhse bhreis is scór bliain, óna laethe i gColáiste Chiaráin i leith. Ach, mar adúirt an fear fadó, caithfear bheith dá n-éagmhais sin uilig feasta, nó nach ‘in an saol agat, a mhiceo? Leanann Roth mór an tsaoil ag casadh de shíor, sa chaoi go mbíonn chuile dhuine, thíos seal, agus thuas seal.

.

Peadar Bairéad.

.

.

.

Saolta   ag   athrú

Scribhinni an Phiarsaigh….. re-run…. 2.

Tús Tuile….2

Peadar Bairéad

.

(We continue our review of a piece published here some time ago.)

.

Poll an Phíobaire

Chonaic muid, an tseachtain seo caite, gur dhein an Piarsach a dhícheall le roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó nach raibh aon rogha aige ach rogha an chircín rua fhéin, sé sin, tabhairt faoi’n ngnó é fhéin! Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, achor chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain sé úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite.

Thaitin sé le XYZ

Thaitin an scéal le Sgeilg, (Seán Ó Ceallaigh), agus rinne sé léirmheastóireacht air san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é:-

“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”

Rinne an “Claidheamh Solais” an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard na spéire é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon aithne aige ar an údar óg, ach, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar a bhí ag an Nuachtán úd ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.

Níor mealladh an tAthair Ua Duinnín, áfach!

or buaileadh aon bhob dá leithéid áfach, ar an Athair Ua Duinnín, an foclóirí. Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear de léirmheas XYZ,

“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”

“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”

Leag an Duinníneach béim ar theideal masmasach an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saighead sin go dtí an beo sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus dá chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air, in áit Poll an Phiobaire.

As an bhFoinse céanna !

Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé cé hé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as poll an phíobaire! Fair Play! don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air le duine a bhearradh! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneoir, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, sé sin, BA agus BL, nuair a thugadh sá, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dhúinn!

Ach faoi mar a scríobh Ruth Dudley Edwards ina beathaisnéis deascríofa,     deathaighdithe…..

“….but as with oratory so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”

Sea, ní raibh sa scéal sin i ndáiríre ach tús tuile.

B’fhéidir go bhfillfeadh muid ar an ábhar sin arís, amach anseo.

.

.

.

.

.

.

.

Saolta   ag   athrú

SHELTER by Harlan Coben.

I mBéal an Phobail

.

SHELTER……………….céadchló……………….2011

by

Harlan Coben………………£12.99 (sa UK amháin)

.

Peadar Bairéad

.

Mhínigh mé dhaoibh, tamall ó shoin, go raibh mé an-tugtha, na laethe seo, do thabhairt faoi shaothar údar nua a léamh, nó tuigeadh dom, ar deireadh thiar, to raibh fiúntas inspéise le fáil i roinnt mhaith acu, mar sin, ní haon ionadh gur thug mé faoin leabhar seo le Harlan Coben, údar nach raibh cur amach agamsa air, go dtí le déanaí. Tá cónaí ar an údar seo i Newark, New Jersey Mheiriceá, é pósta agus ceathrar clainne air, agus ní raibh sé ach sé bliana is fiche nuair a foilsíodh a chéad leabhar. Fuair mé amach ansin, go raibh an t-údar seo ar cheann de choirscríbhneoirí móra an lae inniu, agus a chruthú sin, go dtuigtear go bhfuil sé ar cheann de na coirscríbhneoirí mór-ráchairte is cáiliúla, atá ag cleachtadh a cheirde, sa lá atá inniu ann. Ní call dom a rá, go bhfuil roinnt mhaith duaiseanna gnóite aige, cheana féin, agus tá fáil ar a shaothar i gcupla scór teanga, agus deirtear go bhfuil thart ar leathchéad milliún cóip dá leabhair i gcló sa saol mór. Ní beag ná suarach an cháil é sin, a bheith saothraithe ag údar ar bith, agus gan é ach thart ar chaoga bliain d’aois fós. Ba chóir a lua anseo, gurb é seo an chéad leabhar, i sraith nua leabhar, a scríobh sé go speisialta do dhaoine óga. Chonaic muid, tamall ó shoin, gur dhein John Grisham an cleas céanna, nuair a scríobh sé, Theodore Boone, mar chéad leabhar ina shraith nua do dhéagóirí freisin. Sna leabhair seo úsáideann na húdair cáiliúla seo daoine óga mar phríomhcharachtair, agus an corrdhuine fásta caite isteach acu, le léitheoirí fásta a mhealladh len iad a léamh freisin, agus caithfidh mé a admháil, go n-éiríonn go geal leo sa chuspóir sin, nó, tríd is tríd, is leabhair shuimiúla, lán teannais, tarraingteacha, iad, a chuireann an léitheoir faoi gheasa fanacht ina mbun go dtí go mbíonn an leathanach deiridh léite aige. Agus nach é sin cuspóir scríbhneoir coirleabhar ar bith?

Ach, ag caint faoin scéal seo, SHELTER, le Harlan Coben, is é Mickey Bolitar an príomhcharactar, fear óg a bhfuil anchuid taistil déanta aige lena thuistí, agus é thar barr mar chispheileadóir. Fuair a athair bás i dtimpiste bóthair, agus bhí a mháthair tugtha do dhrugaí, agus í sáinnithe i dteach leighis, ag an am airithe seo. Nach gceapfá go mbainfeadh sin an ghaoth as seolta dhuine ar bith? Ach chuaigh Mickey chun cónaithe lena uncail, Myron, Fear atá ina phríomhcharachtar i gcoirscéalta eile leis an údar cáiliúil seo, agus cuireadh Mickey ag freastal ar scoil nua, áit ar chas sé le, Ashley, chailín spéiriúil, spéisiúil, tarrraingteach, agus cheapfá go mbeadh leis, feasta, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, agus níorbh eisceacht ar bith é Mickey Bolitar sa chás seo. Ní raibh sé i bhfad sa scoil sin go bhfuair sé amach go raibh bulaithe ansin agus iad réidh, ullamh, le piocadh air. Chomh maith le sin, de phlimp, d’imigh Ashley as radharc, agus ní raibh fáil uirthi áit ar bith. Cá raibh sí imithe? Ar fudaíodh í? nó arbh amhlaidh a d’imigh sí dá deoin fhéin? raibh Mickey sásta, cibé ar bith é, cur suas leis an imeacht obann seo, agus shocraigh sé ar dhul ar a tóir. Shocraigh beirt dá chomhscoláirí dul i gcabhair air sa bhfiontar neamhghnách seo, gasúr agus girseach, Spoon a bhaist sé ar an ngasúr agus Ema a bhí ar an ngirseach. Ní call a rá, go raibh a uncail, Myron, ansin freisin, le glaoch air, dá dtiocfadh crua air. Ba ghearr go bhfuair Mickey amach nár chathair mar a tuairisc iad a lán de na daoine a bhí thart air. Tríd an scéal seo uilig, léiríodh ceangal idir tarlúinití áirithe sa scéal seo agus géarleanúint na nGiúdach, le linn an Dara Chogadh Domhanda, agus faigheann an léitheoir amach freisin, go raibh scéal ar dóigh taobh thiar de dhuine de na charachtair rúnda, a ritheann tríd an scéal, ó thús deireadh. Sí an Bat Lady, atá idir chamáin agam anseo, nó Lizzy Sobek, lena hainm cheart a thabhairt uirthi, duine díobh siúd a tháinig slán ó ghéarleanúint na nGiúdach sna Campaí Géibhinn, agus a mhair le díoltas eicínt a bhaint amach, ar deireadh thiar. Faigheann an léitheoir amach freisin faoi theach drochcháile, ina gcoimeádann an coirpeach, Buddy Ray, agus a chuid bullaithe, cailíní óga i ngéibhinn, gan fuascailt i ndán dóibh go deireadh an scéil.

Má tá locht le fáil agam ar an scéal seo, is é go bhfuil an iomarca charactar drochcháile curtha os ár gcomhair ann, ach, tríd is tríd, is scéal spéisiúil, tarraingtheach, lán-teannais é, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin toit agus taitneamh as, agus fuair mé amach go luath, go raibh sé deacair é a leagan ar leataobh, go dtí go raibh an leathanach deiridh léite agam.

.

Saolta   ag   athrú

SPÓRT adeir tú!

SPÓRT! adeir tú?

Peadar Bairéad

(This week we take another look at our understanding of sport)

Spórt agus Maimeonna!

Is docha, mo dhala fhein, go gcaitheann tu roinnt airithe ama os comhair an teilifiseain na laethe seo, sea, agus hoicheanta seo freisin, ag breathnu ar na peileadoiri is fearr ar domhan ag iomaiaocht le cheile i gComortas Chorn an Domhain. Nil dabht ar bith ach go mbeadh se deacair, no do-dheanta, fiu, a chomhaith de sheó a fhail ait ar bith ar domhan na laethe seo. Ni hionann sin is a ra gur feidir linn breathnu air mar eiseamlair do lucht spoirt an tsaoil mhoir. Bheadh duine ag suil go bhfeadfai a ra leis an aos-og go bhfeadfaidis aithris a dheanamh ar iompar na bpeileadoiri sin, ach bheadh dul amu orainn a leitheid a mholadh doibh no is suaracdh, dioltasach, nimhneach, iompar roinnt airithe de pheileadoiri an chomortais, fiu, nar bhain iomroir amhain greim fiacla as peileadoir eile agus an bheirt acu ag iarraidh buntaiste a bhreith ar a cheile imeartha. Bhi cuid eile den iompar a leiriioch le linn na himeartha, bhi se michuibhiuil, meirgeach, tutach. Leirigh cuid airithe de na himreoiri go raibh siad confach taghdach.

Ni ga a ra gur cheap me fhein, nos a lan eile, go mba dhaoine uaisle chuile mhac a pheata acu, ach nach orm a bhi an breall nuair a chonaic me na maistini trodacha a sheas an fod da dtir is da bpobal, ach nach ‘in an saol agat, agus nach ndeirtear futhu go mbitear ag suil go n-imreoidis go fearuil misniuil ar fhaiche na himeartha. Biodh sin mar ata, ach baineadh stangadh asamsa oiche amhain nuair a bhi na saineolaithe sna cursai sin ag cur iompar na bpeileadoiri tri cheile. ag pointe airithe labhair fear de na saineolaithe sin, go rabhthas ag dur na cursai sin tri cheile agus ag pointe airithe labhair fear amhain faoi pheileadoir iontach, peileadoir ar cheap nach raibh a sharu le fail sna tri riochta. Peileadoir maith e gan amhras ar bith, ach is i an cheist ata agamsa no an mbeadh se sasta a mhaimeo a mharu ar mhaithe le bua a bhaint. Nil a fhios sin agamsa arsa an fear eile, agus i ndairire ni bheinn ag suil go mbeadh se sasta a mhaimeo a mharu, no ta se an-cheanuil ar a mhaimeo. Bhuel, arsa an saineolai eile, ni huige sin ata me in aon chor no ni bheinn fhein ag suil go maireodh se a mhaimeo no a dhaideo ach oiread, ach is e ata a mhaiomh agam no ni ligfeadh an sar-pheileadoir do chonstaaic ar bith teacht idir e fhein agus bua a fhail sa chluiche, sea, ni bheadh a mhaimeo fhein sabhailte da dtiocfadh si sa bhealach air agus e ag deanamh ar an gcul le an scor bhuaite a chur idir an da chuaille.

B’in an chead uair riamh, Dia idir sinn is an anachain, a chuala me go mbeadh crioch da leitheid i ndan do mhaimeo ar bith!    Ta me ag ceapadh nach gcuirfidh na maimeonna ceanna failte ar bith feasta roimh Comortas Chorn an Domhain, mura n-athraionn siad a mbeasa is a stil imeartha.

Chuala me anois beag gur gearradh pionos sach trom ar an bhfear ud a bhain greim fiacla as an Eadaileach bocht. Taid ann adearffadh go raibh a leitheid tuillte agus tuillte go maith aige, ach, ag an am gceanna, nach mbedh trua agat do freisin no nil ann ach duine daonna ar deireadh thiar a rinne beart amaideach mi-chomharsanuil, agus ag an am gceanna caithfear a chur sanb aireeamh go bhfuil se ar pheileadoiri mora an domhain, fear og nach bhfuil aon pheileadoir eile in aon ghaobhar do bheith chomh maith leis.

.

.

.

.

Saolta   ag   athrú

Sycamore Row…Grisham…

An séú húrscéal is fiche ón Máistir

.

Sycamore Row……….by…John Grisham………£19.99.

(This week we take a look at John Grishams 26th Novel.)

.

Easaontas ciníoch

Nuair a cuireadh cló ar chéad úrsceal John Grisham, ‘A Time to Kill’, sa bhliain 1989, is dócha gur tuigeadh dó, go raibh bóthar fada le taisteal aige, má theastaigh uaidh teacht i dtír ar a chuid scríbhneoireachta, nó dhiúltaigh roinnt mhaith foilsitheoirí glacadh leis an úrscéal sin, ach i ndeireadh na dála, tháinig Wynwood Press i gcabhair air, agus d’fhoilsigh siadsan ‘A Time to Kill’. Ar ball, bhí foilsitheoirí ag baint na sál dá chéile ag iarraidh a shaothar a fhoilsiú. D’fhéadfá a rá, go bhfuil baint éigin ag an gcéad úrscéal úd leis an úrscéal seo is déanaí óna pheann, sa mhéid go bhfuil cuid áirithe de na charactair ón gcéad scéal le fáil arís san úrscéal nua seo, Sycamore Row, agus iompaíonn sé athuair ar easaontas ciníoch an Deiscirt, na bánaigh i gcoinne na ngormach mar bhuntéama don leabhar nua seo freisin.

Jake Brigance, dlíodóir

Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é, Jake Brigance, dlíodóir, an príomhcharactar sa scéal seo, díreach faoi mar a tharla in, A Time to Kill. Agus ar eagla go ndéanfainn dearmad air, ar ball, ba mhaith liom a rá anseo, gurb é mo thuairim fhéin, gurb é seo an t-úrscéal is fearr, agus is greamaithí fós, ó pheann líofa an tsainscríbhneora seo. Féach mar a chuireann an t-údar tús leis an scéal seo…

They found Seth Hubbard in the general area where he had promised to be, though not exactly in the condition expected. He was at the end of a rope, six feet off the ground and twisting slightly in the wind….”

Ní chuireann an t-údar aon am amú agus é ar a bhealach go croí an scéil. Chuir an Hubert seo lámh ina bhás fhéin. Bhi clann air, mac amháin agus iníon, agus d’fhág sé garchlann ina dhiaidh freisin, agus deartháir amháin. Bheifeá ag súil go bhfágfadh Hubert lab maith airgid ag chuile dhuine dá shliocht ina uacht, ach bheadh breall ort sa mhéid sin, nó leithphingin rua fhéin as an fiche milliún Dollar a d’fhág sé ina dhiaidh, níor fhág sé ag duine ar bith acu san uacht lámhscríofa úd a dhréacht sé fhéin, nó ba é a rinne sé, i ndáiríre, san uacht sin ba dhéanaí uaidh, nó tromlach mór na hoidhreachta sin, 90% de, a fhágáil ag a chailín aimsire, Lettie Lang, ar ghormach dathúil, meánaosta í. D’fhág sé 5% de ag eaglais eicínt, agus 5% eile ag a dheartháir, Ancil. Tuigeadh go maith dó, go gcuirfí i gcoinne na huachta sin, agus le teacht thairis sin, scríobh sé litir chuig ár laoch, ó, A Time to Kill, Jake Brigance, á ainmniú, go speisialta, leis an uacht chéanna sin a chosaint go tréan, i gcoinne cibé ionsaí a dhéanfaí air. Shuigh an t-údar an scéal seo, Sycamore Row, i gClanton, i Stát Mhississippi, sa bhliain 1988, áit ar shuigh sé, A Time to Kill, thart ar thrí bliana roimhe sin.

Cumas tiomnach

Tharla faoi mar a thairngir Seth Hubbard. Cuireadh i gcoinne na huachta lámhscríofa sin. Bhailigh tréad dlíodóirí agus iad uilig ag súil le lab airgid a shaothrú as bheith ag iarraidh an uacht sin a chealú, cuid acu ag rá, nach raibh an uacht sin dleathach, cuid eile ag rá, go raibh an seanfhear as a mheabhair ag an am, agus bharr sin, nach raibh cumas tiomnach ann agus an uacht sin á dhréachtadh aige, agus daoine eile fós ag maíomh gur chóir glacadh le huacht a rinne sé tamall roimhe sin. Ba é an Breitheamh Atlee a bhí sa chathaoir, le súil a choinneáil ar na himeachtaí.

Ar na táirní sin uilig a chroch an t-údar a scéal. Ar éirigh le Jake an uacht sin a chosaint, nó ar éirigh leis an ealta dlíodóirí í a chealú? Ar éirigh le sliocht Seth an lab airigid sin, a raibh súil acu leis, a fháil. Nó cén chrioch a chuir an t-údar lena scéal, agus é ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an dlí, agus an tsúil eile a choinneáil ar chiall agus ar dhearcadh an ghnáthdhuine?

Saolta   ag   athrú

The Confession by John Grisham.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

(This week, the Irish Column reviews

The Confession” by John Grisham)

.

Úrscéal corraitheach eile

Leabhar nua eile ó pheann líofa John Grisham, agus arís, is féidir linn a rá, gur cúrsaí dlí agus cirt atá idir chamáin aige sa scéal seo. Ní hé seo an chéad leabhar a leag an t-údar seo os ár gcomhair amach, nó cheana féin, tá breis agus scór úrscéal curtha i gcló aige. Donté Drumm, – fear a daoradh chun báis as dúnmharú chailín ghil, óig, Nicole Yarber, agus fear a bhfuil naoi mbliana caite aige, faoin am seo, i gcillín an bháis, i Stát Texas, – is príomhcharachtar sa scéal fíorspéisiúil seo. Ba ghormach é Donté, agus réalt peile den chéad scoth. Gabh na póilíní é, agus tar éis dóibh chuile bhrú níos déine ná a chéile a chur air, le linn dóibh bheith á cheistiú, shínigh sé faoistin a d’admhaigh, gurbh eisean a mharaigh an dalta ardscoile sin. D’admhaigh sé, gur éignigh sé í, gur mharaigh sé í, agus gur chaith a corp thar dhroichead isteach in abhainn. Anois, bhí sé sásta an fhaoistin sin a shíniú, toisc nach raibh páirt ar bith aigesean sa choir uafásach sin, agus tuigeadh dó, go bhfaigheadh na póilíní amach, ar ball, nárbh eisean a rinne an marú, agus ansin, go ligfí saor é, gan smál ar a charachtar. Ghlac na cúirteanna áfach, le fírinne na faoistine sin, agus daoradh Donté chun báis, agus d’aontaigh an chúirt athchomhairc leis an mbreith bháis chéanna sin.

Scéal Travis Boyette

Tráth a raibh naoi mbliana i ndáil le bheith caite ag Donté i gcillín an bháis, agus nuair a bhí chuile iarracht déanta ag dlíodóirí Donté, ar a neamhchiontacht a chruthú, tháinig coirpeach cruthanta, Travis Boyette, ar chuairt chuig an Urramach Keith Shroeder, i Kansas, agus d’inis a scéal dó. D’admhaigh sé don Urramach, gurbh eisean a mheall, a d’éignigh, agus a dhúnmharaigh an cailin óg úd, tarraingt ar dheich mbliana roimhe sin, agus b’eisean freisin, a d’adhlaic in áit rúnda i bhfad ó bhaile í, agus anois, ó tharla go raibh sé i mbéal an bháis, toisc go raibh a sceachaill intinne i mbéal a phléasctha, tuigeadh dó gur chóir dó a scéal a insint. D’éirigh leis an Urramach a chur ar a shúile dó, gur chóir dó dul go Texas lena scéal a phoibliú agus le féachaint chuige, nach gcrochfadh Stát Texas fear neamhchiontach, agus go scaoilfí saor Donté Drumm. Bhail! D’éirigh leis sa bhfionar sin, agus tar éis dó Boyette a iompar go Texas, agus go dtí oifig an dlíodóra a bhí ag déanamh chuile iarracht le Donté a chosaint, agus a shábháil ón tsnáthaid mharfach. Rinne an dlíodóir sin a dhícheall, trí athchomharc in aghaidh bhreith na cúirte, a chur i láthair na n-údarás cuí, ach, ar chúis amháin nó ar chúis eile, thug na húdaráis cheanna sin éisteacht na cluaise bodhaire dó, agus crochadh Donté, ar an lá, agus ag an am spriocáilte.

Argóint an údair in aghaidh phionós an bháis is mó a thugann muid faoi deara sa scéal seo, agus leagann Grisham fíricí na cúise sin os ár gcomhair sa chuid deiridh den úrscéal spéisiúil seo, áit a bhfeiceann muid toradh dhaille, agus dúire, na n-údarás sa chás seo.

An-léamh, an-scéal, an-stíl. B’fhiú do dhuine é a léamh.

gaGaeilge