Caillte i gConamara.

Caillte i gConamara.

Scéalta Aniar

.

Caillte i gConamara…..……....Céadchló…2014

Scéalta Aniar…....arna roghnú ag….... Brian Ó Conchubhair

.

Peadar Bairéad

Díolaim Gearrscéalta

Brian Ó Conchubhair a roghnaigh na gearrscéalta sa diolaim seo agus caithfidh mé a rá, gur chuir mé fhéin suim sna gearrscéalta a roghnaigh sé, toisc gur thug mé faoi deara, go raibh suíomh na scéalta sin an-chosúil leis an dúiche inar tógadh mé fhéin, agus go raibh, idir dhaoine agus crsaí a mbeatha an-chosúil leis an saol a chaití in Iorras agus mise ag fás aníos. Roghnú faoi leith atá anseo againn, nó bhailigh Brian cúig cinn de scéalta le húdair cháiliúla arbh as Conamara dóibh. Tabharfaidh an léitheoir faoi deara, nach ndéanann na húdair roghnaithe aon iarracht ar ghléas a chur ar an gcineál saoil a chaith daoine sna bólaí sin, nó tugann siad léiriú dúinn ar chruatan agus anró a saoil agus a saothair thiar, sa bhfichiú, agus san aonú haois fichead fiú. Is iad na húdair a roghnaigh sé nó Pádraic Ó Conaire, Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Breathnach, Joe Steve Ó Neachtain, agus Micheál Ó Conghaile. údair ar de dhlúth is d’inneach na dúiche thiar an cúigear acu, agus níl dabht ar domhan ach go bhfuil an t-údar seo cáilithe don gnó seo, nó is fear é a bhfuil an-tuiscint aige ar shaol agus ar chultúr na dúiche sin.

Saol crua, céasta, anróiteach

saol na cathrach, nó saol an bhaile mhóir fhéin a léirítear sna gearrscéalta a roghnaigh sé don díolaim seo. Ní hea muis! ach an saol crua, céasta, anróiteach, faoi mar a cleachtaíodh é sa dúiche thiar ó thús na haoise seo caite. Breathnaigh ar an gcéad scéal a roghnaíodh, sé sin, Páidín Mháire, scéal a léiríonn go glas, soiléir, saol na mbocht, i limistéir gan mórán gustail, in óige na haoise seo caite. Scéal é seo ar chuir mé fhéin suim ann, ón uair a léigh mé é a chéaduair, breis mhaith is thrí scór bliain ó shoin. Thaitin an scéal liom ó thús, agus bíodh go mba dhuine ann fhéin é Páidín Mháire, ag an am gcéanna, d’éirigh leis an údar, trua dhó a mhúscailt sa chroí istigh ionainn. Éiríonn leis an údar na carachtair a chur ina steille bheatha ar ardán na samhlaíochta os ár gcomhair amach. Feiceann muid na hoibrithe ag obair ar chroí a ndíchill ag tógáil an bhóthair sin idir Chaladh Éamoinn agus Oileán na Trá. Feiceann muid iad, agus cloiseann muid a gcomhrá, agus áthas ar a mbunús go bhfuair siad saothrú ar na hoibreacha Poiblí sin. Ach bhí fear amháin nach raibh ró-shásta leis an saothrú céanna sin, nó iascaire agus bádóir ba ea é, agus b’fhearr leis bheith ag gabil don cheird sin, dá bhféadfadh sé. Cloiseann muid torann na n-ord agus na fir ag tolladh na gcarraigreacha le púdar pléascach a dhingeadh isteach iontu. Ansin téann na fir ar foscadh, ag fanacht don phléasc, agus nuair a tuigeadh dóibh go mba loic a bhí ann, d’fhág siad an foscadh sin agus tháinig amach leis an bpúdar a chartadh, le lán eile a chur ina áit, agus ansin cloiseann muid an phléasc. Gortaíodh Páidín bocht agus chaill sé leath-shúil. D’éirigh leis leathchéad punt cuitimh a fháil, ach ba ghearr a sheas an lab céanna sin, nó chaith Páidín go fánach é, agus ansin, le cabhair eicínt a chur ar fáil dá thuistí, b’éigean dósan dul isteach i dTeach na mBocht.

I dTeach na mBocht

Ba ghearr go raibh sé dall ar fad, agus i ndeireadh na dála, chuaigh sé ar fán ón dTeach agus chaith oíche amuigh, oíche a chriog é, nó ba ghearr a sheas sé ina dhiaidh sin. Ansin bhí sé sa mbéaloideas go mbíodh sé amuigh oícheanta stoirme ag cabhrú le bádóirí teacht i dtír ón mbaol a bhí thart orthu. Bochtaineacht, cruatan, anró, ach ag an am gcéanna, grá, caradas, agus comharsanúlacht, craite mar rísíní trí chiste a mbeatha thiar. Chuaigh an scéal sin chomh mór sin i bhfeidhm orm, gur shocraigh mé ar na scéalta eile a fhágáil fút fhéin le hadhmad a bhaint astu. agus tá mé cinnte go n-éireoidh le chuile scéal acu greim scóige a bhreith ar an gcroí istigh ionat. Fútsa atá sé, mar sin, an leabhar seo a fháil is a léamh, más uait aithne cheart a chur, agus eolas cruinn a fháil, ar shaol agus ar chultúr na ndaoine sa dúiche thiar.    

.

.

Caillte i gConamara.

Céad Míle Málta.

.

.

Cill Chainnigh.

23ú Eanair, 2004.

.

A Eagarthóir, a chara,

An bhféadfá faidhbín beag fánach a scaoileadh dhom?

Cá bhfuarthas an céad míle Málta úd, a ndéantar tagairt dóibh sa bhfógra sin a úsáidtear le turasóirí a mhealladh go hOileán Meánmhuirí Málta. Tuigeadh domsa, nach raibh ann ach oileán amháin den ainm sin. Minic a chuala mé faoi chéad míle mallacht, ach céad míle Málta! Go bhfóire an Rí fhéin orainn! ach nach ‘in scéal eile ar fad? Súil agam go bhfuil cead pleanála faighte acu do na hoileáin bhreise úd go léir, a tógadh amuigh ansin, i nganfhios. Níor cheap mé fhéin go mbeadh spás le fáil sa Mheánmhuir d’oileánrach dá leithéid.

Beir Bua agus Céad Míle Beannacht,

ó

Peadar Bairéad.

.

***********************************

.

.

.

.

.

.

.

.

Caillte i gConamara.

Cloch ar a Charn..M. Ó Gabhláin

Cloch ar a Charn

Peadar Bairéad

.

Chuir mé aithne ar Mhicheál Ó Gabhláin mám maith blianta ó shoin anois, agus idir an dá linn, tharla roinnt chomhrá eadrainn ó am go chéile. Agus bíodh go raibh na ceithre scór sáraithe ag Micheál, ag an am gcéanna, ní raibh mé ag súil go síothlódh sé chomh tobann sin, agus go ndáilfí an chré leis in eireaball Mhí Eanáir na bliana seo, 2010.

Ba dhuine é Micheál a raghadh i gcionn ort ar an bpointe boise, nó bhí dáiríreacht, macántacht, agus cairdeas, ag baint leis, ó thús. Ba bhreá an comhráiteach é agus eolas leathan aige ar chúrsaí ó chian is ó chongar. B’innealtóir den chéad scoth é a rinne cion fir, tráth rabhthas ag iarraidh Cosaint Shibhialta a eagrú ar bhonn náisiúnta. Chuir sé spéis agus dhá spéis freisin, i gceist an Ghás Radóin.

Tacaí Mhaigh Eo

B’fhear é nár dhearmad riamh fód a dhúchais thiar, nó ba sa Tuairín a rugadh is a tógadh é, agus dá bharr sin, thug sé tacaíocht iomlán a chroí d’fhoireann peile Mhaigh Eo, agus ba bheag cluiche a d’imir an Contae céanna sin i ngan fhios dó, nó bheadh sé ar an bhfód i gcónaí, lena thacaíocht a chur in iúl do chách. Níorbh aon tacaí dea-aimsire é Micheál s’againne, ach é ag fanacht go foighdeach ar an lá nuair a d’ardódh Captaen Mhaigh Eo Corn Mhic Guidhir go hard, agus é ag ceiliúradh bua Chontae mórchroíoch Mhaigh Eo, sa chluiche a ghráigh sé ó laethe a óige i leith. Faraoir géar dóite! Níor mhair Micheál fada go leor leis an lá sin a cheiliúradh, ach ba é a thuairim láidir, go raibh seans maith ann, go dtarlódh sin i mbliana! B’fhear é Micheál freisin, a thug tacaíocht a chroí dá theanga Náisiúnta, don Ghaeilge bhinnbhriathrach. Cainteoir blasta den scoth ba ea é, sa teanga sin, agus ba dhuine é a bhaineadh úsáid aisti go rialta ina shaol laethúil.

Gan dabht ar domhan, b’fhíor dhuine uasal é Micheál, fear breá, scafánta, téagartha, fear deaiompair, deabhéasach, comharsanúil. Sea, ní chuile lá a chasfadh fear dá leithéid leat.

Ba mhaith liom mo comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean, Eibhlín, dá chlann, dá gharchlann, dá ghaolta, agus dá chairde iomadúla.

Ba mhór ag Micheál an Saol thall, agus dá bharr sin, guímis go raibh áit ag Bord an Tiarna, agus leaba i measc na Naomh aige, anocht agus i dtólamh.

Cloch ar a Charn

Mo shlán leat a Mhichíl na gile,

Anois agus d’oilithreacht slán,

Bail na gcúig n-arán ort feasta,

Is fuílleach maith fanta sa mheá.

Mothóimid uainn thú sa todhchaí

Do chúnamh, do thaca, is do bhá,

Cé thacóidh le Maigh Eo bocht feasta,

Nuair a bheifear go géar ina ghá?

.

Tá do thuras ar an saol seo anois críochnaith’,

Is bronnfar ort síoraíocht faoi shó,

Tá suaimhneas is sos agat saothraith’

Led’ shaothar i nGleann seo na nDeor.

.

Solas na soilse dod’ anam,

Is Leaba i dTeach Aíochta ár nDé,

Aoibhneas na bhFlaitheas dod chumhdach,

Uaidh seo go Luan léanmhar an Léin.

.

************************************

.

.

.

.

    

      

.

.

.

Caillte i gConamara.

Creideamh agus dochas

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(I mBéal an Phobail this week considers some problems of Faith and Fatherland.)

Creideamh agus Dóchas

Faoi mar is eol daoibh cheana, is minic a léim an píosa a scríobhann Mark Dooley san Irish Daily Mail. Bhuel, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh inniu do phíosa a scríobh sé, in eagrán an 27ú Iúil 2011, den nuachtán céanna sin. Is é is mó atá idir chamáin aige sa phíosa seo nó an chaoi a bhfuil daoine áirithe ag iarraidh briseadh leis an Róimh le heaglais úrnua dá gcuid fhéin a bhunú anseo. Dár le Dooley, is éasca i bhfad é aontú le tuairim an mhóraimh ná cur ina coinne, agus dár leis, bhí a chruthú sin le feiceáil go forleathan, ar na mallaibh, tar éis fhoilsiú Thuarascáil Dheoise Cluana. Ionsaíodh seo, agus ionsaíodh siúd. Tugadh faoin nduine seo, agus tugadh faoin té úd eile, ach nár bheag duine a rinne iarracht ar bith, le duine, nó le hinstitiúid, ar bith díobh siúd a bhí faoi ionsaí, a chosaint ar na hionsaithe sin?

Eaglais nua a thógáil ó bhonn

Tuigtear dó, go bhfuil faoi dhaoine, agus faoi eagraíochtaí, áirithe, cos i bpoll a chur leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, faoi mar atá sí sa tír seo faoi láthair. Dár leis, cuireann cuid acu seo go láidir i gcoinne chleachtas, agus mhúineadh traidisiúnta, na hEaglaise céanna sin. Ní ró-mhór a gcion ar an bPápa Benedict fhéin, ach oiread, bíodh go bhfuil a chion fhéin déanta ag an bPápa sin, le críoch a chur le mí-úsáid ghnéasach i measc na cléire, dár leis. Ach tá a ngunnaí móra ar fad dírithe acu ar an Vatacáin, nó tuigtear dóibh, go bhfuil an Vatacáin meáite ar dhul chun cinn Dara Comhairle na Vatacáine a chur ar ceal, agus é ar intinn acu, filleadh ar sheansmacht dian Chomhairle Trent. Ach, dár le Mark, ba i ndiaidh Chomhairle na Vatacáine a tháinig fás ar mhí-úsáid ghnéasach i measc na cléire, agus chomh maith le sin, agus b’fhéidir dá bharr sin, gur tháinig meath ollmhór ar uimhir na ndaoine, ar theastaigh uathu, aird a thabhairt ar ghairm chun páirt a ghlacadh in obair shlánaithe na hEaglaise sin. Ní, toisc gur cuireadh polasaí Chomhairle na Vatacáine i ngníomh, ach toisc nár cuireadh i ngníomh é faoi mar a bhí beartaithe ag an gComhairle fhéin é a dhéanamh, a tharla go ndeachaigh daoine áirithe ar strae ón bhfírinne. Déarfainn gurb é tuairim Mark Dooley nó gur chóir díriú anois ar an Eaglais a shlánú trí fhilleadh ar spioradáltacht chaillte na laethe a bhí, in ionad a bheith ag iarraidh Eaglais nua a thógáil ó bhonn.

Dílseacht

Tugtar faoi deara, go bhfágtar an milleán uilig ar an Eaglais i gcás na n-eaglaiseach úd a rinne mí-úsáid ghnéasach ar ghasúir, agus chuile cheart ag daoine a leithéid a dhéanamh, ach ní trí rialacha na hEaglaise a leanúint a rinne siad a leithéid, ach a mhalairt. Ach ar deireadh thiar, agus le críoch a chur leis an bpíosa seo, nár chóir smaoineamh ar an té a chuir tús leis an Eaglais, lena hAspail, agus lena lucht cúnta, agus má choinítear súil orthu siúd, agus má thugtar aird orthu, ní raghfar i bhfad ar fán ón bhfírinne.

Fillfidh mé ar an ábhar seo arís, ar ball, nó tuigtear dom, go bhfuil roinnt mhaith daoine buartha faoi na cúrsaí seo.

.

.

Caillte i gConamara.

Dá mbeinnse im sheasamh i gceartlar mo dhaoine 2

‘Dá mbeinnse ‘mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine’……2

.

(Cuairt ar Lissadell)

Peadar Bairéad

.

Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas,

Bhíomar inár suí go breá luath ar an Déardaoin, an 6ú lá d’Iúil, 2017, agus nuair a bhíomar réidh chuige, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an Ballina Manor Hotel le bricfeasta galánta a chaitheamh ansin ar ár suaimhneas. Ní bhacfaidh mé le liosta de na deasa deasa a chaitheamar dár mbricfeasta ansin, ach leor a rá, gur éirigh linn an ruaig a chur ar ocras agus ar thart, ar an ócáid, agus tar éis dúinn sinn féin a fháil réidh le seal a chaitheamh ag fámaireacht sa dúthaigh stairiúil sin, d’ardaíomar ar seolta….

Cá ndeachaigh muid ag fámaireacht, an ea?

Bhuel! b’fhada an lá muid ag éisteacht le scéalta faoi’n Teach Mór úd i gContae Shligigh, Lissadell.

Solas an tráthnóna i Lissadell.

Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas

Ar áilleacht tíre is trá.

Beirt bhan gléasta go glégeal,

Iad araon álainn,

ach duine acu ina Gazelle.

agus ó tharla anois, go raibh sé gar go leor inn, shocraíomar ar chuairt a thabhairt air. Ní gá a rá go raibh na línte úd as dán an Yeatsaigh de ghlanmheabhair againn

The light of evening, Lissadell,

Great windows open to the south,

Two girls in silk kimonos, both

beautiful, one a gazelle.

Ar Lissadell a tharraing mé an scéal

Agus bíodh gur bhaineamar taitneamh r bheag, as an aistear chuige, agus as an radharc neamhaí, a bhí le fáil againn ar shliabh, is ar ghleann, ar mhuir is ar thrá, ar bhailte is ar thuath, níl fúm tada a rá fúthu sin, an babhta seo, nó ní orthu a tharraing mé an scéal, ach ar an Teach Mór úd, Lissadell, a sheas go ríoga ansin, ar thalamh ard os cionn na mara, agus mar sin, gan a thuilleadh moille, bhíomar ar ár slí isteach sa Teach Mór Ríoga sin, Lissadell.

Ba é Sir Robert Gore-Booth a thóg an Teach sin, sa bhliain 1833. Bhí sparán teann ag an bhfear céanna sin, ag an am, agus is dócha gur theastaigh uaidh sin a chur in iúl, trí mhéid, agus trí shuíomh a Thigh. Bhain garchlann Sir Robert cáil agus clú amach dóibh fhéin, ar ball. Tá’s ag chuile dhuine faoi, Constance, Countess Markievicz, agus an cháil a bhain sise amach di fhéin i stair chorraithe a tíre, ina lá. Bhí gariníon eile aige freisin, Eva, agus bhain sise cáil amach di fhéin mar fhile, mar shíochánaí agus mar shufragóir. Bhain a gharmhac, Sir Josslyn Gore-Booth, cáil amach dó fhéin, freisin, mar gharnóir.

Ach faoi’n am seo, tá muid bailithe sa porte-cochere agus muid ag fanacht ar ár dtreoraí, le sinn a stiúradh timpeall an Tí Mhóir seo, Lissadell. Seo an áit a dtagadh na cóistí fadó, le deis a thabhairt do na maithe móra fáil isteach, gan bhaol ó ghaoth nó ó fhearthainn. Ar ball, tháinig fear breá, óg, chugainn, agus d’iarr orainn é a leanacht isteach. Rinneamar rud air, agus isteach linn i dtosach sa Halla mór, ornáideach, é ard, maorga, is ag cur thar maoil le troscán álainn, ársa, agus le pictiúir mhóra, suntasacha, ealaíonta, crochta ar na fallaí. Labhair an treorai linn go breá soiléir, faoi chuile srt a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair. Leanamar linn ansin ar ár dturas trí na sheomraí a bhí suite ar an urlár talún. Chuaigh an Bialann i gcionn go r orainn, trí áilleacht, agus trí fheabhas a leagan amach, agus trí fhoirfeacht a cuid troscáin.

.

Thíos Staighre

SIos linn ansin go dtí an chistin agus trí bhialann an lucht freastail, agus caithfidh mé a admháil anseo, nach ndeachaigh leagan amach, treallamh, nó troscán, na n-ionad sin, i bhfeidhm orm fhéin, in aon chor, nó thug sé le fios dom, an meas a bhí ag aicme amháin ar aicme eile, agus iad ag maireachtáil faoin díon céanna. Ach sin mar a bhí, an tráth sin, ach nár chóir dúinn sa ghlún seo, féachaint chuige, nach mar sin a bheas sa Phoblach s’againne, feasta. Ach leis an meas sin a chur abhaile orainn, i ndáiríre, seoladh amach as an Teach Mór sin trí thollán na n-oibrithe, a tógadh ansin, sa chaoi nach mbeadh radharc ag lucht an tí, nó ag a gcuairteoirí, ar oibrithe gioblacha ar a mbealach isteach chuig, ar a mbealach amach as, an Teach Mór sin. Lissadell. Ach sin uilig ráite, agus tuigthe, caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh an Teach céanna sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, agus ar na cuairteoirí a bhí in éindigh linn, ar ár dturas staitriúil go Lissadell.

.

.

.

.

.

Caillte i gConamara.

Dearg le Fearg

Dearg le Fearg

.

Peadar Bairéad

(This week we consider The Language Revival, past and present)

Lá Mór na Gaeilge

r idir inné agus inniu, faoi mar adeireadh an seandream fadó, nuair a bhídís ag cur síos ar na hathruithe a bhí tagtha ar an saol ó bhíodarsan ina ngasúir. Ní fhéadfainnse an ráiteas sin a bhréagnú ó mo chleachtadh fhéin ar an saol. Mar nuair a bhí mise ag fás aníos, in óige na haoise seo caite, bhí ‘chuile dhuine fós lomlán le spiorad Lucht an Éirí Amach, agus ní call dom a rá go raibh Saoirse na cosmhuintire, Athaontú na Tíre, agus Athbheochan na Teanga, mar chlocha riachtanacha ar Phaidrín chuile dhuine, geall leis. Chuaigh mé fhéin le sagartóireacht , ach tráth a raibh léann an tsagairt á chur orm, bhíomarna, micléinn, lomlán le spiorad an náisiúin freisin. Sin an cineál ruda atá i gceist agam. Theastaigh ó chuile dhuine, geall leis, dul le Gaeilge, feasta. Rinne an Rialtas a chion fhéin sa chuspóir náisiúnta sin, ag an am. Chreid chuile dhuine, beagnach, go mba thír gan anam í an tír nach raibh a teanga fhéin aice.

Athbheochan agus athphréamhú

Anois, caithfear a admháil, go raibh dáiríreacht ag baint le hiarrachtaí ár Rialtas leis an teanga náisiúnta a athheochan, agus a athphréamhú, arís, mar phríomhtheanga an náisiúin, agus na tíre, ar feadh roinnt mhaith blianta, ach de réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe agus sna blianta áfach, tháinig meath ar chuid den dáiríreacht sin, agus ar ball, tuigeadh go mbeadh an dátheangachas níos ciallmhaire mar sprioc, agus mar chloch chora, ar ár mbealach chun na hathbheochana inmhianaithe. Tar éis tréimhse i mbun an chuspóra sin áfach, tuigeadh do roinnt áirithe daoine, go raibh ag teip orainn aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar ár mbealach chun na sprice sin, ach oiread.

Dearg le Fearg

Deineadh an scéal a scrúdú, agus a athscrúdú, arís is arís eile. Leagadh an plean seo amach, is leagadh an plean úd eile amach, ach ba é an scéal céanna i gcónaí é. Bhí ag teip orainn cuspóir úd an Éiri Amach a bhaint amach. Tamall ó shoin, socraíodh ar straitéis fiche bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm, agus ceapadh Coimisiir Teanga, le féachaint chuige, go ndéanfadh an Earnáil Phoiblí, agus eagraíochtaí stát-urraithe chuile dhícheall lena gcuid seirbhísí uilig a chur ar fáil trí Ghaeilge, dóibh siúd arbh é a mian, gnó a dhéanamh leo tríd an dteanga náisiúnta sin. Agus glactar leis, nach trí fábhar a dhéanfaidís a leithéid ach toisc gurb é sin a gceart, mar shaoránaigh, sa Stát Dátheangach seo.

Ba é toradh a bhí ar an socrú sin nó gur éirigh an Coimisinéir, Seán Ó Curreáin, as a phost, toisc go raibh ag teip ar an Stát a thaobhsan den mhargadh a choimhlíonadh, trí gan comhoibriú leis an gCoimisinéir ina dhualgaisí i leith na teanga . Tá súil againn, go mbeidh comhoibriú níos fearr le fáil ag a chomharba, Rónán Ó Domhnaill, sa phost céanna sin. Má tharlaíonn sin, tabharfar seans eile don teanga bhocht. Agus nárbh oiriúnach an timpiste é gur eagraíodh Lá Mór na Gaeilge sna sála ar fhógairt an Choimisinéara Teanga go raibh socraithe aige éirí as oifig toisc nach raibh Cothrom na Féinne á thabhairt don chéad teanga náisiúnta. Agus ba é cuspóir an teacht le chéile sin nó dea-mhéin an phobail náisiúnta i leith na teanga a léiriú don Rialtas, agus le go gcuirfí ar a súile dóibh, go raibh leatrom á dhéanamh acu ar an dteanga, agus ar lucht a labhartha, toisc go bhfuiltear ag cur iachall orthu deighleáil leis an Stát trí mheán an Bhéarla, ce go bhfuil chuile cheart acu bheith ag súil le comhchearta le lucht labhartha an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát. Féach mar a chuireann Conradh na Gaeilge é, nuair a éilíonn siadsan…

“Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do Phobal na Gaeilge ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla.”

Agus chomh maith le sin, éilíonn siad…

“Seirbhís Stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016.

B’fhéidir gur leor sin, don bhabhta seo, ach amháin a rá, go bhfuil pobal na Gaeilge dearg le fearg faoi chúrsaí mar atá, agus go dteastaíonn “Beart de réir a mBriathar” uathu ón Stát s’againne, feasta.

gaGaeilge