Ceiliúradh Thiar 4

Peadar Bairéad

(This week we continue our journey in Erris)

.

Turas in Iorras

Mar a dúirt mé in alt na seachtaine seo caite, bhí an déanaí ag teacht ar luas, agus bhí roinnt mhaith le déanamh againn fós ar Leithinis an Mhuirhead, agus mar sin, bhuaileamar an bóthar ó thuaidh, gan a thuilleadh moille. D’iompaigh muid ar chlé ag Séipéal an Gheata Mhóir agus ar aghaidh linn ansin trí thaobh tíre álainn, spéisiúil. Bhí cuma na maitheasa ar an taobh tíre seo uilig. Anois, níorbh aon Saorbhealach é an bóthar ar a raibh muid ag thaisteal, níorbh ea muis! ach bóthar anacair, casta, agus é cúng go leor in áiteacha, ach leanamar linn agus muid ag baint taitnimh as an radharcra a bhí leata os ár gcomhair amach. Chuamar trí Bhéal Doire, áit a raibh bailer na dúiche sular tógadh baile an Bhiongamaigh, nó an Geata Mór. Ba bheag dá chomhartha a bhí le feiceáil againne an lá sin, thar an corriomaire a bhí fanta fós sa tsraith, mar a mbíodh fallaí tithe fadó. Suas fanán linn, agus muid díreach os cionn na mara, mar a raibh trá gheal, bhán, ag miiogarnaigh faoin ngréin.

An Teampall Mór

Thar Reilg an Teampaill Mhóir, mar a bhfuil fothracha an tSéipéil mhóir Phrotastúnaigh, maraon le leachta cuimhneachain i gcuimhne na ndaoine a cuireadh ansin, blianta ó shoin. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig muid chomh fada leis an Reilg Chaitliceach. Agus tá orm a admháil anseo, go mbeadh sé deacair Reilg níos bláfaire a fháil áit ar bith i gContae ollmhór Mhaigh Eo. Bhí an áit socraithe agus leibhéalta go deas, néata, féarmhar, agus crosanna, leachta, agus plásóga, leagtha amach faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin iad a bheith. Thugamar cuairt ar uaigheanna mo mhuintire, mar a bhfuil m’athair, mo mháthair, mo dheirfiúr Cáit, agus mo dheartháir Micheál is a bhean, curtha. Chuireamar paidir lena n-anamnacha uilig, rinneamar ar gcomhrá faoi na seanlaethe, agus d’fhágamar an Reilg sin inár ndiaidh.

Mar adúirt mé cheana, bhi an déanaí ag teacht ar luas, agus dá bhrí sin, shocraíomar gan cuairt a thabhairt ar uaigh Riocard Bairéad, file, i Reilg Mhainistir na Croise, an turas seo. ach go gcuirfeadh muid an chuairt sin ar athló agus ar aghaidh linn ansin go Reilg an Chairn, mar a bhfuil baill eile den chlann, nó tá ansin, Seán agus a bhean, Siúbhán agus a céile, agus Síle, maraon lena céile siúd agus le slua dár ngaolta agus dár gcairde. Is breá go deo an áit ina bhfuil an Reilg sin suite, agus an-radharc uaidh ar an dúthaigh timpeall. Chuamar isteach, agus taobh istigh den gheata sin tá ár sean sagart paráiste, an Canónach James Kilgallon, agus é socraithe ansin le fáilte a chur roimh chuile dhuine dá Pharáistigh. Rinneamar ár gcuairt, chuireamar paiadreacha lena n-anamnacha, agus chaitheamar tamall ag breathnú ar uaigheanna ár ngaolta, ár gcairde, agus ár gcomharsana. Ar deireadh thiar, bhí na cuairteanna uilig déanta againn, agus go mall, smaointeach, ach cineál cumhach freisin, d’fhágamar slán ag Reilg an Chairn agus chur bóthair linn arís.

Malairt Slí

Bhuaileamar an bóthar ar ais go Béal an Átha, ach an turas seo, shocraíomar ar mhalairt slí a thógáil, agus chuige sin, thugamar bóthar an Chósta orainn fhéin, agus bíodh go raibh muid uilig spíonta, tugtha, tar éis an lae, d’éirigh leis an radharcra, fan na slí sin, ár gcroíthe a thógáil, nó a leitheid de thaobh tíre ní fheicfeá i do shiúl lae. D’dhéadfá a rá, go raibh muid ar bhruach na mara móire an t-am ar fad, agus bíodh nach raibh an talamh, fan na slí sin, thar mholadh beirte, ag an am gcéanna, níor bhasctha ar fad de, agus bhí cuma na maitheasa ar ghoirt is ar chimíní, ar mhóinéir agus ar phortaigh, a bhí leáta amach os ár gcomhair amach, fan an bhóthair sin. Chuamar thar Achaidh Chéide agus thar na faillte atá fan an chósta, in aice láimhe. Ní raibh an t-am againn cuairt a thabhairt ar an Ionad Stairiúil sin, ach, gheallamar go ndéanfaimis sin an chéad bhabhta eile. Trí Bhaile ciúin an Chaisil, agus trí Chill álainn Ala linn, ar luas, agus ba ghearr go rabhamar ar ais inár nÓstán, sa Manor Hotel’ i Sráid an Bhairéadaigh, i mBéal an Átha.

Bí lioim arís an tseachtain seo chugainn, nuair a chuirfidh mé críoch leis an tsraith seo faoi Cheiliúradh Thiar”.     

.

.

.

.

gaGaeilge