I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(I mBéal an Phobail this week considers some problems of Faith and Fatherland.)

Creideamh agus Dóchas

Faoi mar is eol daoibh cheana, is minic a léim an píosa a scríobhann Mark Dooley san Irish Daily Mail. Bhuel, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh inniu do phíosa a scríobh sé, in eagrán an 27ú Iúil 2011, den nuachtán céanna sin. Is é is mó atá idir chamáin aige sa phíosa seo nó an chaoi a bhfuil daoine áirithe ag iarraidh briseadh leis an Róimh le heaglais úrnua dá gcuid fhéin a bhunú anseo. Dár le Dooley, is éasca i bhfad é aontú le tuairim an mhóraimh ná cur ina coinne, agus dár leis, bhí a chruthú sin le feiceáil go forleathan, ar na mallaibh, tar éis fhoilsiú Thuarascáil Dheoise Cluana. Ionsaíodh seo, agus ionsaíodh siúd. Tugadh faoin nduine seo, agus tugadh faoin té úd eile, ach nár bheag duine a rinne iarracht ar bith, le duine, nó le hinstitiúid, ar bith díobh siúd a bhí faoi ionsaí, a chosaint ar na hionsaithe sin?

Eaglais nua a thógáil ó bhonn

Tuigtear dó, go bhfuil faoi dhaoine, agus faoi eagraíochtaí, áirithe, cos i bpoll a chur leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, faoi mar atá sí sa tír seo faoi láthair. Dár leis, cuireann cuid acu seo go láidir i gcoinne chleachtas, agus mhúineadh traidisiúnta, na hEaglaise céanna sin. Ní ró-mhór a gcion ar an bPápa Benedict fhéin, ach oiread, bíodh go bhfuil a chion fhéin déanta ag an bPápa sin, le críoch a chur le mí-úsáid ghnéasach i measc na cléire, dár leis. Ach tá a ngunnaí móra ar fad dírithe acu ar an Vatacáin, nó tuigtear dóibh, go bhfuil an Vatacáin meáite ar dhul chun cinn Dara Comhairle na Vatacáine a chur ar ceal, agus é ar intinn acu, filleadh ar sheansmacht dian Chomhairle Trent. Ach, dár le Mark, ba i ndiaidh Chomhairle na Vatacáine a tháinig fás ar mhí-úsáid ghnéasach i measc na cléire, agus chomh maith le sin, agus b’fhéidir dá bharr sin, gur tháinig meath ollmhór ar uimhir na ndaoine, ar theastaigh uathu, aird a thabhairt ar ghairm chun páirt a ghlacadh in obair shlánaithe na hEaglaise sin. Ní, toisc gur cuireadh polasaí Chomhairle na Vatacáine i ngníomh, ach toisc nár cuireadh i ngníomh é faoi mar a bhí beartaithe ag an gComhairle fhéin é a dhéanamh, a tharla go ndeachaigh daoine áirithe ar strae ón bhfírinne. Déarfainn gurb é tuairim Mark Dooley nó gur chóir díriú anois ar an Eaglais a shlánú trí fhilleadh ar spioradáltacht chaillte na laethe a bhí, in ionad a bheith ag iarraidh Eaglais nua a thógáil ó bhonn.

Dílseacht

Tugtar faoi deara, go bhfágtar an milleán uilig ar an Eaglais i gcás na n-eaglaiseach úd a rinne mí-úsáid ghnéasach ar ghasúir, agus chuile cheart ag daoine a leithéid a dhéanamh, ach ní trí rialacha na hEaglaise a leanúint a rinne siad a leithéid, ach a mhalairt. Ach ar deireadh thiar, agus le críoch a chur leis an bpíosa seo, nár chóir smaoineamh ar an té a chuir tús leis an Eaglais, lena hAspail, agus lena lucht cúnta, agus má choinítear súil orthu siúd, agus má thugtar aird orthu, ní raghfar i bhfad ar fán ón bhfírinne.

Fillfidh mé ar an ábhar seo arís, ar ball, nó tuigtear dom, go bhfuil roinnt mhaith daoine buartha faoi na cúrsaí seo.

.

.

gaGaeilge