Criostóir Ó Tuama ar lár

Peadar Bairéad

(This week we mourn the death of Criostóir Ó Tuama)

Anois,odh nach raibh aon ró-aithne agam fhéin ar Chriostóir Uasal Ó Tuama, ag an am gcéanna, samhlaítear dom, go raibh aithne mhaith agam air thar bhlianta fada. Ba é an chéad chaoi ar chuir mé aithne air, nó trí dhaltaí dá chuid a tháinig go Coláiste Chiaráin lena gcúrsa Meánscolaíochta a dhéanamh. Tharla go raibh an Ghaeilge á múineadh agam sa Choláiste sin, ón mbliain 1966, go dtí an bhliain 1988, tráth a ndeachaigh mé ar scor, agus i rith an ama sin uilig, geall leis, bhí Criostóir ina Phríomhoide i scoil Bhaile Róibín. I rith an ama sin, chuir mé aithne ar roinnt mhaith dá dhaltaí agus ba ghearr i mbun na Gaeilge i gColáiste Chiaráin mé nuair a thug mé faoi deara, go raibh an-chumas Gaeilge ag gasúir na dúiche sin, ach thug mé suntas faoi leith do chuid de na gasúir a rinne freastal ar Scoil Chriostóir. Ba gheall le cainteoirí dúchais roinnt acu. B’in mar a chuir mé aithne ar an nGael díograiseach, dílis sin, a chéaduair. Agus, ar ball, blianta ina dhiaidh sin, bhí áthas orm go bhfuair mé deis le sin a chur in iúl do Chriostóir fhéin. Conas a tharla a leithéid, an ea?

De Thimpiste

De thimpiste, faoi mar a tharlaíonn go minic i gcás dá leithéid. Tharla gur scríobh mé píosa faoi Ghairdín an Ghorta i mBaile Roibin, agus gur foilsíodh é sa cholún seo, agus go gairid ina dhiaidh sin, fuair mé glaoch telefóin ó Chriostóir, agus ní call dom a rá, gur chuireamar cúrsaí trí chéile, ach go háirithe, cúrsaí na teanga s’againne. Agus tharla nach raibh ár ndóthain ama againn le cúrsaí a chíoradh i gceart, agus thug Criostóir cuireadh chun a thí dhom. Dúirt mé go dtabharfainn cuairt air, amach anseo, ach arís, mar a tharlaíonn go minic i gcás dá leithéid, thagadh rud eicínt sa mbealach orm chuile bhabhta, agus ba é deireadh an scéil é, nár éirigh liom an chuairt sin a thabhairt air riamh ó shoin, agus faraoir géar! chaill mé an deis sin, agus anois, tá sé ró-dhéanach chuige, ach nach é sin an saol agat? Ach, bíodh nár éirigh liom an chuairt sin a thabhairt air, d’fhanamar i dteangmháil le chéile trí chorr litir agus trí ghlaonna telefóin, anois is arís. Ón dteangmháil sin, bhí sé soiléir go mba Ghael díograiseach, dílis, é Criostóir agus go raibh spéis aige i ngach gné den saol Gaelach sa phobal a bhí thart air.

Gáirdín an Ghorta

ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is é Gairdín an Ghorta an leacht is mó a choinnóidh a chuimhne glas in Osraí, go ceann i bhfad, nó ba shaothar gan chúiteamh é, gan dabht ar domhan. Agus mar chloch phréachain ar an ngnó sin go léir, d’éirigh leis, an tUachtarán, Mary Robinson, a mhealladh go Baile Róibín leis an nGairdín céanna sin a oscailt go hoifigiúil, sa bhliain 1999.  Ní gá dhom tagairt a dhéanamh do na tionscnaimh go léir a raibh lámh ag Criostúir iontu lena linn, leor ceann acu a lua anseo. Rinne sé cion fir le scéim uisce a thosú i mBaile Róibín sa bhliain 1957. Bhí an t-ádh ar Bhaile Róibín gur tháinig an Gaeilgeoir líofa aneas ó Bhaile Bhúirne chucu i dtús na gcaogaidí agus gur fhan sé leo mar Phríomhoide uaidh sin go ndeachaigh sé ar scor. Ní haon ionadh mar sin, go mbíodh togha na Gaeilge ag gasúir na scoile sin.

Criostóir ar lár

Crann eile inár gcoill anois sínte,

Nó tá Criostóir Ó Tuama faoin bhfód,

Is bearna bhaoil fágtha inár gcosaint,

Bearna nach líonfar gan stró.

.

Shaothraigh sé Ghaelachas Osraí,

Is d’fhorbair an teanga gan locht,

Beidh cuimhne anseo feadh na mblianta

Ar an Máistir a shaothraigh gan sos.

.

inn is ceart a cháil a mhóradh

I gCríochail, ó thonn go tonn,

inn is ir a ghlóir a fhógairt,

Anois is choích’, abhus is thall.

.

Solas na soilse dod’ anam uasal,

Is áit ag bord geal Rí na Réad

Go raibh agatsa inniu is feasta,

I measc na Naomh i nDún gheal Dé.

.

.

.

gaGaeilge