Cúirt Dé ar Chuairt
Nach deacair don Chríostaí a chreidiúint, go bhféadfadh a Dhia teacht ar chuairt chuige, i bhfoirm Abhlainne, agus ar bhealach míorúilteach, go dtarlaíonn ionchollú an Tiarna ansin os comhair a dhá shúl, chuile bhabhta a ghlacann sé an Chomaoineach Naofa? Cinnte, is cuimhin linn uilig an uair úd ar dhein an Tiarna tagairt don chaoi a raibh sé chun a Chorp fhéin a thabhairt mar fheoil dá lucht leanúna, agus go raibh sé chun a chuid Fola a dháileadh orthu mar dheoch, mar, ar seisean, ní bia go feoil mo cholainne, agus ní deoch go fuil mo chroíse. Sea, agus mairfidh an té a chaithfidh an bia agus an deoch sin go deo na ndeor.
Bhuel, nuair a chuala a lucht éisteachta sin, shocraigh roinnt mhaith acu é fhéin is a bheatha shuthain a thréigint, feasta, nó nár dheacair a raibh á rá aige a chreidiúint? Ní dócha gurbh é sin an cineál beatha, nó Ríochta, a bhí i gceist, nó á lorg, acusan. Nárbh fhearr i bhfad, dá mbeadh i gceist ag an Máistir na Rómhánaigh a ruaigeadh as a dtailte?
Creideann muidinne ar dhúirt Sé áfach, agus mar sin, tá muid sásta an bia neamhaí seo a chaitheamh, agus sa “dáinín” seo a leanas, tuigtear go ndéanann an bia ainglí seo sinn a athrú ó bhonn, díreach mar a creideadh fadó, go bhféadfaí ór a dhéanamh as gnáthmhiotail trí Chloch an Fheallsaimh a chuimilt leo. Sa chaoi chéanna, éiríonn lenár mbaisteadh beatha ar leibhéal níos aoirde ar fad a chur ar fáil dúinn, sa chaoi go bhfuil ar ár gcumas feasta, bheith páirteach i mBeatha na Tríonóide, tri roinnt an Spioraid Naoimh linn. Agus ar bhealach, nach bhfuil, Cúirt Neimhe ina suí, istigh ansin, i ndorchadas ciúin, doshroichte, ár mbeithe, don tréimhse a fhanann an Tiarna linn, agus mar sin, nach ionann is Oisteanóir an Críostaí, tar éis dó Comaoinach Naofa a ghlacadh. Sea, agus nach cosúil, ar bhealach, an Chomaoineach chéanna sin agus Sláníoc na Neamhbhásmhaireachta, ar chaith feallsaimh na Síne a ndúthracht á lorg, fadó.
O i s t e a n s ó i r .
.
Tráth glacaimse Comaoineach Naofa,
Is nuair a shuím sa tSéipéal, liom fhéin,
Ní ghnáthdhuine mise feasta,
Ach Oisteansóir soilseach faoi réim.
.
Nuair a luchtaítear m’Oisteansóir liosta
Leis an Ahlainn ghlan, ainglí, bhán,
Sea déantar ór buí dem’ luaidhe,
Is scalaim go drilseach, gan cháim.
.
Is umhlaíonn aingil go béasach,
Is canann Cór foirfe na Naomh,
Nuair a thagann mo Dhia ar chuairt chugam,
Suíonn an Chúirt Diaga i m’ chroí.
.
Ní mhaireann an mhíoruilt i bhfad, ámh,
Nó tá fairsinge m’anama ró-chung
Le Cúirt Dé, na Naomh, is na n-Aingeal,
A choinneáil faoim’ dhíonsa go buan.
.
Ach fillfidh Sé arís chugam amárach,
Is blaisfeadsa bia na Naomh,
Nuair a thiocfaidh mo Dhia ar chuairt chugam,
Beathóidh sé m’anamsa go fial.
.
Is fanfaidh liom cuimhne na cuairte,
Is mé ag streachailt le stró is le buairt,
Is cuimhneod ar Sholas na Soilse,
Nuair a thiocfaidh mo Thiarna ar chuairt.
.
.
.
.
.
.