I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week ‘I mBéal an Phobail’ wishes all our readers a very happy Christmas)

.

Cuimhní na Nollag

Cuimhní na Nollag ’na rás chugainn,

Is coinneall mhór dhearg ina chaor,

Gaineamh geal leata ar urláir

In onóir do Mhac Dé an Naí.

.

Cácaí na Nollag á mbácáil

Is a mboladh mar thúis gan locht.

Gé ramhar pioctha ’gus bearrtha,

Feistithe don oigheann ina nocht.

.

Páistí ar rotha le gliondar

is a súile ag drithliú mar réalt’

Ag smaoineamh ar “Santy” is Rudolf

Chucu thar Bhealach na Néal.

.

Tá ár gcistin ghlan maisithe go glégeal,

Eidhean is cuileann go fras,

Is croíthe ‘na lasair mar choinnle

Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.

.

Maidin amárach, más beo sinn,

Éireoimid le solas na ré,

Is raghaimid go hAifreann na Gine

Ag comóradh bhreithlá Mhac Dé.

.

Nollaig Shona dhaoibh uilig

Tá an tráth sin bliana tagtha arís, an tráth sin a thugann deis dúinn beannachtaí na Féile a ghuí ar ár gcairde uilig, idir Ghael agus Ghall; idir óg agus shean; idir shaibhir agus daibhir. Seo an t-am a chuireann siar ar bhóithrín na smaointe, sinne a bhfuil measarthacht blianta carnaithe ar an gclog againn, ar thóir na gcuimhní úd atá curtha i dtaisce againn, i gcomhad na cuimhne, le haghaidh ócáidí dá leithéid seo. Smaoiníonn muid ar laethe órga na hoige, nuair ba neamh ar thalamh dúinn fiú smaoineamh fhéin ar Fhéile na Nollag. Don chuid is mó againn, chuile sheans go dtagann smaointe ar Sheanfhear na Féasóige Léithe fhéin chugainn isteach ar thonn na cuimhne, sea, agus cuimhní freisin ar na cairde móra a bhí againn le linn na tréimhse céanna sin. Cuimhní ar throscán na Féile, dóibh siúd a mhair ar an dtaobh cheart den bhóthar iarainn! crann mór na Nollag, gona shoilse, agus na féiríní cuachta ag a bhun, le croíthe na n-óg, ach go háirithe, a thógáil Maidin Lae Nollag.

Mo chuidse de áfach, mar dhuine a mhair ar an dtaobh contráilte den bhóthar iarainn, tagann taoide cuimhní ar ais chugam faoi’n saol a bhí againne, thiar in Iorras na nIontas, an tráth seo bliana. Chuile urlár scuabtha, sciúrtha. Gaineamh geal leata go fairsing ar urlár chuile chistine. Maisiúcháin pháipéir ildaite, ceannaithe ón lucht taistil, agus craobha síorghlasa, crochta thart ar na fallaí, coinneal mhór daite na Nollag feistithe sa bhfuinneog, agus an teach fhéin aoldaite, istigh, agus amuigh. Ullmhúcháin ar dóigh ar siúl ag Mamanna na dúiche. Cácaí Nollag á bhfuineadh agus á mbácáil, gé mhór reamhar na Nollag á phiocadh, agus á bhearradh, do dhinnéar mór na Nollag. Páistí na tíre ar chipiní ag fanacht ar chuairt Dhaidí na Nollag fhéin.

Na Lampaí Pairifín

Maidin Lae Nollag fhéin bhíoidh an líon tí uilig ina suí le glaoch an choilig, agus iad á ngléasadh fhéin d’Aifreann luath na maidine sin. Siúl chun an tséipéil, roimh éirí gréine. Soilse lasta i ngach teach fan an bhóthair go dtí séipéal an Gheata Mhóir. Comharsanna ag beannú dá chéile. “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit.” Agus “An bhail chéanna ort fhein is ar do chúram” mar fhreagra ar an mbeannacht sin. An Séipéal go breá geal ag solas geal-bhuí na lampaí pairifín. Beannachtaí na Nollag a ghuí ar Phobal Dé ag an Sagart Paráiste.

I ndiaidh an Aifrinn, theimis-ne gasúir amach ar fud na bhfud ar thóir an dreoilín, nó dúinne, bhí tábhacht leis an searmanas céanna sin, nó bheifí ag súil go mbeadh dreoilín linn agus muid ag dul amach ar fud na mbailte an lá dár gcionn, Lá an Dreoilín, agus muid ag dul ó theach go teach ag lorg pingneacha leis an dreoilín a adhlacadh!

Up with the Kettle!

Suas leis an gciteal, agus síos leis an “Pan”,

Is tabhair dúinn do dheirc, i gcuimhne an “Wran”.

Cuairt á thabhairt ar thithe na gcomharsan. Amhráin á gcanadh. Dánta scoile á n-aithris, agus steipeanna rince á gcaitheamh ar urláir chré. Ó! a chara na gcarad, nárbh ’in iad na laethe? Nárbh aoibhinn bheith beo, agus óg, na laethe úd? Geallaimse dhuit é, nach raibh aon trácht na laethe úd ar “chúlú eacnamaíochta” nó ar thada dá shórt. Bhíomar uilig bocht, agus muid uilig sa mbád ceanna. Ach, nach raibh ár muintir fhéin linn, agus nach raibh pobal carthannach, cineálta, cairdiúil, thart orainn, agus nár leor sin dúinne gasúir an tráth úd.

Le críoch a chur le píosa seo Sheachtain na Nollag, ba mhaith liom “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís. Sea, agus gura seacht fearr a bheas chuile mhac a’ pheata dinn faoin am sin……………..

.

gaGaeilge