D’imigh sin is tháinig seo

.

Nuair a bhreathnaím thart orm, sa lá atá inniu ann, agus nuair a thugaim faoi deara, na hathruithe ollmhóra uilig atá tagtha ar an saol, ó bhí mise im’ ghasúr agus mé ag fás suas in Iorras na nIontas, samhlaítear dhom, gur beag duine a tháinig trí athruithe chomh mór sin lena linn.

“Tuige sin?” adéarfadh duine, b’fhéidir.

Toisc go raibh an saol as ar fáisceadh mise gar go maith do shaol na meánaoiseanna, agus ar an ábhar sin, bhí turas na gcéadta bliain le taisteal agamsa, le bogadh isteach i ndomhan iontach, draíochta, na ré seo ina mairimid anois.

“B’fhéidir gur mhaith leat spléachadh a thabhairt dúinn ar an gcineál saoil a bhí i dtreis, tráth raibh tú id’ bhunóc, tarraingt ar cheithre scór bliain ó shoin anois?”

Ní raibh mé ach ag fanacht le gaoth an fhocail! nó, mar is eol do chách, is breá go deo le mo leithéidse bheith ag insint, agus ag snasú scéalta a óige.

Saol eile ar fad

Saol difriúil ar fad a bhí ann an tráth sin, agus tá sé beagnach dodhéanta comparáid ar bith a dhéanamh idir an dá shaol sin, nó bhí saontacht, simplíocht, agus soineanntacht, ag baint le pobal na ré sin. Bhí siad bocht, ó thaobh gustail de, i gcomparáid le pobal an lae inniu, ach ó tharla go raibh chuile dhuine chomh bocht lena chéile, níor thug éinne a bhochtaineacht fhéin faoi deara! Ba bheag a bhí uathu le blas a chur ar chúrsaí a saoil. Braoinín tae, gráinnín siúicre, agus ruainnín tobac! agus d’fhéadfaidís iad siúd a cheannach le toradh na feirme; sicíní, uibheacha, nó párdóg prátaí; agus gan le déanamh acu ach a leithéid a dhíol le fear an tsiopa, nó ar sráid an mhargaidh sa mbaile mór. Ní raibh innealra le cabhrú leo amuigh sna goirt ach ag an gcorrdhuine, agus má bhí sclábhaíocht le déanamh, dhéanaidís fhéin é, leis an spád, leis an speal, leis an sleán, nó leis an sluasaid. Ní call dom a rá, go mbíodh asail acu, agus capall, fiú, ag an gcorr dhuine, agus bhainfí úsáid as na créatúir chéanna sin, le móin agus féar a tharraingt chun na hiothlainne, agus le treabhadh nó fuirse a dhéanamh, agus ar deireadh thiar, nárbh é an capall a tharraingíodh na cónraí ar chairt chun na reilge dóibh.

Leas Farraige

Ó tharla go raibh cónaí ormsa in aice na farraige, bhí dlúth-bhaint againne leis an bhfarraige chéanna sin. Bhaintí leas ar na carraigreacha cois trá, le linn rabhartaí móra an Earraigh, sea, agus uaireannta, thagadh an leas farraige céanna sin isteach le tonn, agus ní bhíodh le déanamh ag daoine ansin, ach dul agus é a tharlú leo abhaile, le cur ar phrátaí, nó ar mhóinéir, agus ba dheacair an leas farraige céanna sin a bhualadh sa chré ghainmheach, a bhí coitianta sa dúiche s’againne. Tráth eile, dhéanfaí faochóga, báirneacha, cluisíní agus a leithéid a phiocadh cois trá, len iad a dhíol, sea, agus sleabhac agus carraigín mar a gcéanna, nó b’fheamainn inite iad na hearraí sin, a raibh an-ghlaoch orthu sna bailte móra timpeall, ag an am.

Ceilp freisin!

Sea, agus cá bhfágfainn an cheilp? Nó san Earrach, nuair a chaití slata mara agus agus leathach, ina bpoirt, isteach ar na tránna sa timpeall, thagadh daoine, leis na hearraí sin a chur ar bruach, agus a chur in airde ar fhallaí ísle, a thógadh siad in aice na duirlinge, len iad a thriomú, agus ar ball ansin, i dtús an tSamhraidh, dhéanaidís na hearraí céanna sin a dhó ansin os cionn na mara móire. Nach againne, gasúir, a bhíodh an spórt agus an spraoi ansin, agus muid ag tabhairt lóin chuig na daideanna a bhíodh ansin, i mbun na dtinte, agus muidinne ag rith tríd na múrtha toite agus deataigh, mar thaitníodh an boladh iontach sláintiúil a thagadh ó na tinte céanna sin thar barr linne. Ach ní ar mhaithe le spórt nó spraoi a chur ar fáil dúinne a dhéantaí an cheilp sin a dhó, níorbh ea muis! ach lena dhíol leis na Francaigh, a thagadh go hIorras, chuile bhliain, leis an earra sin a cheannach, nó bhí an-ghlaoch air thall, le híodaín a dhéanamh as.

Tithe agus eile

Sea, agus céard faoi na tithe a bhí ag daoine an tráth úd, in Iorras thiar?

Tithe ceann tuí, den chuid ba mhó, a bhí in úsáid i measc phobal Iorrais, na laethe úd, agus ní call dom a rá, nár thithe ró-mhóra, nó ró-ghalánta, a bhí iontu. Bhí iontu, seomra ollmhór, a d’fheidhmíodh mar sheomra suí, mar sheomra bia, mar phárlús, agus mar chistin ag an am gcéanna, agus chomh maith le sin, bhíodh seomra codlata nó dhó iontu freisin. De ghnáth, chodlaíodh na tuismitheoirí i gcailleach shúgáin sa chistin, cóngarach don tine. Aoldaite ar an dtaobh amuigh agus ar an dtaobh istigh a bhídís, agus de ghnáth, ní bhíodh iontu ach fuinneoga an-bheaga, agus d’dhéadfá a rá, gurbh é córas na dtiarnaí talaimh a d’fhág tithe dá leithéid ag pobal Iorrais an tráth sin.

B’fhéidir go dtugann sin spléachadh eicínt dúinn ar an gcineál saoil a bhí sa treis, an tráth úd, agus nuair a bhreathnaím ar shaol an lae inniu, feictear dom go mba iontach iad na hathruithe atá tagtha ar an saol, le mo linnse, agus ní chuireann cúlú eacnamaíochta an lae inniu as dom in aon chor, nó is mór an dul chun cinn atá déanta ag an dtírín s’againne ó bhí mise i mo ghasúr, agus gan dabht ar domhan, éireoidh linn teacht i dtír arís, i ndiaidh dúinn na ndeacrachtaí seo uilig a chloí.

.

.

Peadar Bairéad

.

gaGaeilge