“Dá mbeinnse i mo sheasamh i gceartr mo dhaoine 1

*********************

(Ag ardú seolta)

Peadar Bairéad

An tráth sin den bhliain arís!

Nach deas,idh, a shleamhnaíonn an t-am thart orainn, na laethe seo. Chomh luath is a bhíonn an Nollaig curtha dínn againn, tosaíonn na laethe ag sleamhnú uainn ar chosa inairde, agus an chéad rud eile a thugann muid faoi deara nó go bhfuil an lá is faide sa bhliain éalaithe uainn isteach faoi dhroichead an ama, agus is ansin a thuigtear dom fhéin, go bhfuil tráth na laethe saoire tagtha an doras isteach chugam, agus go bhfuil sé thar am agam laethe saoire na bliana reatha a eagrú agus a leagan amach go cúramach. B’in mar a tharla dom fhéin tamall ó shoin, agus tar éis chuile shocrú a dhéanamh, d’ardaíomar ár seolta agus as go brách linn siar, agus é d’aidhm againn, gan srian a tharraingt, go gcloisfeadh muid guth slóchtach, bodhrúil, an Atlantaigh arís, ach fan ort anois tamall, le seans a thabhairt dúinn taitneamh a bhaint as chuile shórt fan an bhealaigh siar.

Bhí an ghrian ag doirteadh anuas orainn

Bhí an aimsir mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus í ag taitneamh anuas orainn as spéir gan scamall, agus d’inis an teasmhéadar dúinn go raibh 23 chéim Ceilsius de theas san aer timpeall orainn.

Cé bhí sa charr in éindigh liom, an ea?

Bhuel! bhi mo bhean, agus mac agus iníon linn, sa charr freisin. Mo mhac, Micheál, a bhí ag tiomáint. Bhuaileamar bóthar thart ar mheán lae, ar an Máirt, an 4ú Iúil, 2017, agus ba ghearr go raibh muid ag lascadh linn siar. Bhí na bóithre ar fheabhas, agus an taobh tíre agus an radharcra thar mholadh beirte. Ní dóigh liom go bhféadfadh radharcra, nó aimsir, bheith níos fearr ná mar a bhíodar an lá beannaithe sin, agus dá ndéarfainn é, ní dóigh liom go bhféadfá mórán locht a fháil ar na bailte móra, fan na slí, ach oiread. Ach le filleadh ar an taobh tíre arís, nó ba uirthi a bhí mo shúil dírithe, bunús an ama. Thug mé faoi deara, go raibh a chuma air, go raibh sé ligthe chun fiántais, cuid mhaith. Mór idir an taobh tíre sin agus an taobh tíre s’againne, nó an taobh tíre idir Chill Chainnigh agus Áth Cliath. Ba bheag rud i bhfoirm curadóireachta a bhí le tabhairt faoi deara ón mbóthar siar. Bhí beithigh ag iníor leo go sásta anseo is ansiúd agus bhí cead fáis tugtha do ghiosadáin agus do luachair anseo is ansiúd freisin. Ar an dtaobh eile den scéal, breathnaigh ar pháirceanna agus ar ghoirt an Oirthir, agus léifidh tú scéal eile ar fad ansin. Sa taobh sin tíre sin d’fheicfeá páirceanna ag cur thar maoil le ba agus le beithigh, agus taobh leo, tá goirt mhóra saothraithe, ina bhfuil féar ag fás go buacach anseo, arbhar ansiúd, agus barraí éagsúla eile ag fás go spleodrach in áit eile.

Trasna na Sionainne

Ach tar éis dúinn an tSionnain a thrasnú, bhí scéal eile le léamh againn ansin. Cheapfá go ndeachaigh na goirt is na páirceanna i laghad, agus arís, ní raibh an talamh chomh saothruithe is a bhí thoir. Beithigh anseo is ba ansiúd, ach arís tuigeadh dom, go raibh cuma na faillí ar na tailte thiar. Ach,thar aon rud eile, ní fhéadfá gan aird a dhíriú ar an fallaí cloiche a bhí leagtha mar eangach cloiche anuas ar dhromcla na dúiche. Ba bheag rian de chéachta, nó de bhráca, nó fiú de spáid’ a bhí le léamh ar an dromchla céanna sin, ach sin uilig ráite, tuigeadh dom go raibh greim dofheicthe acu ar shreanga mo chroí istigh, chuireadh siad na línte úd as an amhrán i gcuimhne dhom..

But those limestone walls of Connaught

They mean far, far, more to me,

Than the Lilies of Killarney,

Or the Roses of Tralee.

Chaitheamar lón taitneamhach i dTuilsc, i lár na tíre, agus chun tosaigh linn ansin agus níor luíodh go trom ar na coscáin arís gur shroicheamar ceann ar scríbe, an Ballina Manor Hotel, agus déarfainn gur leor sin don bhabhta seo, ach bí linn anseo arís an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le rá againn faoinár saoire thiar.

.

.

.

.

gaGaeilge