Ar thóir mo mhuintire i nDaonáireamh 1901
(Daonáireamh 1901)
Peadar Bairéad
.
(This week we take a second look at some details from the Census of 1901)
Bóithrín na Smaointe
.
Mar is eol do chuile dhuine dem’ léitheoirí, is duine mé a chaitheann roinnt áirithe ama, ag rannsú, ag cuardach, agus ag scrúdú, taisí an tsaoil úd a bhí sa treis, sa tseanam. Nach minic a bhíonn toradh an chéapair sin le léamh agaibh sa cholún seo! Caithfidh mé a admháil áfach, go mbainim taitneamh agus sásamh as cuardach dá leithéid. Tuigfidh sibh, mar sin, an t-áthas a bhí orm nuair a chuala mé, go rabhthas chun chuile fhaisnéis a bailíodh i nDaonáireamh 1901, a chur ar fáil ar an idirlíon ar an 3ú lá de Mheitheamh na bliana seo, 2010.
Daonáireamh 1901
Ar deireadh thiar, tháinig an lá cinniunach sin, agus bí cinnte, nár ró-mhór an mhoill, go raibh mé fhéin ar mo mhíle dhícheall, ag cuardach, is ag ransú, trína raibh curtha ar fáil sa Daonáireamh úd 1901.
I ndáiríre, bhí sé thar a bheith éasca teacht ar an eolas céanna sin, agus ba ghearr go raibh mé ar mo dhícheall, ag cuardach i ngort mo ghaolta, siar go dtí an dáta sin. Nach fada siar an t-achar anois é, thart ar chéad agus sé bliana déag ó shoin, siar go dtí an Domhnach, an t-aonú lá triochad de Mhí na Márta, i mbliain úd ár dTiarna, 1901. Tar éis tamall a chaitheamh ag útamáil timpeall, tháinig mé ar chóip den bhfoirm a líon mo sheanathair, lena láimh fhéin, ar an ndáta thuasluaite. Agus sa chóip sin, léigh mé, i scríobhnóireacht soiléir néata mo sheanathar, fear nár leag mé fhéin súil riamh air, nó bhí sé básaithe sular tháinig mise ar an saol, léigh mé ansin, go raibh naonúr clainne air fhéin is ar a bhean, Julia Ni Ghamhnáin, ceathrar mac, agus cúigear iníon. Leathchéad bliain d’aois a bhí sé fhéin ag an am, agus bhí cúig bliana is dhá scór slánaithe ag a bhean.
Saol gortach, cruógach
Caithfidh go raibh a ndóthain anró agus sclábhaíocht curtha díobh acu beirt, ag an am, nó ní bheadh sé éasca greim bia a chur ar fáil do chlann chomh mór sin, ag an am, agus gan acu ach feirm réasúnta beag. Cúig bliana is fiche a bhí an mac ba shine, agus ní raibh ach naoi mbliana slánaithe ag an té ab óige den ál. Dá chomhartha sin, níor cuireadh scolaíocht ar bith ar an mbeirt ba shine den ál sin, ach, uaidh sin amach, tá le feiceáil, go raibh léamh agus scríobh ag chuile dhuine eile den chlann. Ach i gcás an té ab óige, tá le léamh ansin go raibh léamh aice, mar caithfidh nach raibh scil na scríobhnóireachta foghlamtha aice fós. Caitlicigh Rómhánacha ab ea chuile dhuine riamh den líon-tí sin, agus bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag chuile mhac agus iníon acu.
Doiciméad draíochta
Ait, amach is amuigh, suí síos agus doiciméad dá leithéid os do chomhair amach. Cosúil, ar bhealach, é, le bheith ag breathnú ar ghrianghraf a tógadh oíche an Daonáirimh úd, sa bhliain sin, 1901. Déanaim chuile iarracht ar bhreathnú isteach trí fhuinneoigín an tí sin a bhí acu i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, i bParáiste na Cille Móire in Iorras, an oíche sin. Solas bog, buí, á scaipeadh go sprionlaithe ar fud an tí, ag an lampa pairifín, a bhí crochta ar na mballa, os cionn an bhoird. Mo sheanathair suite ansin ag an mbord, spéaclaí anuas ar a shrón aige, peann ina láimh aige, agus é ag scríobh leis, agus a bhean Julia suite taobh leis, ag cabhrú leis, le sonraí áirithe a dhearbhú. Páistí óga i mbun na leabhar, agus na daoine fásta imithe amach ar fud na bhfud, i mbun spóirt is caitheamh aimsire.
Sin sin !
Ar deireadh thiar, tá an gnó déanta, síníonn sé a ainm thíos ag bun na foirme. Breathnaíonn siar ar an iomlán. Fágann uaidh a pheann is a spéaclaí, agus cuireann tuairisc ar chupán tae. Sin sin, adeir sé, agus ní bheidh an gnó sin le déanamh againn arís go dtí an bhliain 1911, más beo sinn ag an am sin!
Bhuel, sin cuid de na cuimhní a líon isteach chugam agus an píosa seo á chur i dtoll a chéile agam. Uaigneas, cumha, trua, agus bród, ag baint na sál dá chéile isteach i gcistin na gcuimhní. Uaigneas agus cumha i ndiaidh na seanlaethe, trua agam dóibh siúd, a mhair i ré gruama, cruógach, úd, ár dtíre, agus gan a fhios acu fós céard a bhí rompu amach idir sin agus deireadh a ré, agus ag an am gcéanna, bhí bród ag glacadh seilbh ar mo chroí freisin, toisc go raibh sé d’ádh orm, a bheith síolraithe ón dream úd, a raibh a n-ainmneacha scríofa go soiléir ar fhoirm Dhaonáirimh sin na bliana 1901.
B’fhéidir gur mhaith leatsa anois dul ar thóir do mhuintire fhéin i ngort Dhaonáirimh úd 1901?
.