.

.

.

DEACHÚ NA DÍCHUIMHNE.

.

Carnann ceo tiubh farraige

isteach ó Dhufair, is ó Charraig Bháite,

is líonann log is sraith

le toit draíochta,

aniar as Ríocht na Mara.

.

.

Slogtar is ceiltear

dumhach is biolla

i gcraos gortach do-líonta

Phéist ocrach an Cheo,

a sheoltar chugainn,

gach seachtú bliain,

le mil is uachtar Iorrais

a bhearradh go tostach ciúin,

Is le fáltas fial a sholáthar

do Shí stiúctha na n-Oileán,

lena bpotaí a líonadh,

is le cúl a chur ar a ngorta.

.

.

Tuigtear domsa, corruair,

go dtagann péist na díchuimhne,

de ruaig reatha orm fhéin,

le tobar m-eolas a bhearradh,

Is le cuinneog mo léinn a chreachadh,

nuair a sheolann péist na mblianta

ceo millteach na díchuimhne

isteach thar bhiolla is dumhach,

trí log is trí shraith an eolais,

a bhailíos fhéin le hallas is le cruatan,

thar bhlianta fada mo shaothair.

.

Nuair a ghlanann an ceo draíochta,

is nuair a chuartaím arís mo stór,

cuirtear ar mo shúile dhom,

nach ann dá leath, nó níos mó,

ach é ardaithe lei

ag péist ghortach na díchuimhne,

le freastal ar lucht na Sí

nach mbíonn ar a gcumas feasta,

eolas is léann a bhailiú,

amuigh faoi sholas na gréine,

nó seasann muidinne sa mbealach,

is fágtar a gcéadfaí folamh,

nuair a scalann grian nó ré,

as spéartha geala, ar thalamh.

.

Ach sin mo dheachú íoctha,

is caithfear bheith dá héaghmais,

maraon le gach bearna a líonadh

Le dua is le hallas mo shaothair,

Mar níl éaló as na fiacha,

Nó cúl le cur ar na blianta.

.

*********************************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  .

.

gaGaeilge