Do thús na Mílaoise

.

.

Léim an Dá Mhíle……………………………………………..2009

Le

Pádraig Ó Fiannachta……………………………………….€10.00

*********************

Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann acu thall, agus an ceann eile abhus, atá an sagart cráifeach dáiríreach seo, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, caitheann sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil, ar úire agus ar ghlaise an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúchair bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear na Gailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin sin nó…

“Rugadh Íosa in Áth Dara.

Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”

Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is an deich mbliana is trí scór ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.

Dhá Mhíle Bliain

Léim an dá mhíle bliain, ón lá atá inniu ann, siar go dtí laethe Chríost, níl ann i ndáiríre ach cupla truslóg, mar adeir an tAthair Pádraig linn.

Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar Uí Fhiannachta ar chlé, agus saothar Natalie ar dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.

Turas chun an Tobair

Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionnam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán a bhualadh chun an tobair dho-thaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?

Ach b’fhéidir gur chóir dom tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.

I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraic ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo é.

Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.

“Ní os comhair an tsáipéil

A bhí Críost ag caint an lá úd

Ach thiar ag Bun Calaidh

Agus amuigh ar Cheann an Ché….”

Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea a bhfurmhór. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid is a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní bhfuair siad, agus anois bhí siad tagtha i dtír, suncaithe, sáraithe.

Ba ghearr gur thuig Íosa go bhféadfadh sé labhairt leis an slua, dá dtarlódh amuigh i mbád Shíomóin é.

Seanmóir á thabhairt

D’iarr sé ar Shíomón teacht i gcabhair air sa mhéid sin. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.

Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir eisean, mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne mar adúradh leo, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…

“Na báid lán agus na líonta slán.”

Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.

“Dúirt leis: Tair agus lean mise,

Agus déanfaidh mé iascaire ar dhaoine díot.”

Mac an Duine

Sa chéad chaibidil eile, faigheann muid Íosa agus na hAspail, ag caint faoi Mhac an Duine fhéin. Agus ag breathnú ar Shíomón, labhair sé leis…

“Cé adeir siad is mé?” ar sé leis.

Cuid acu Eoin Baiste, a thuilleadh Éilias,

Nó duine de na fáithe.”

“Cé adeir tusa is mé?”

Is tú Críost Mac Dé Bhí…”

Shuigh an file an beart sin i gCeann Sléibhe. Agus Pheadar roghnaithe ag Íosa, shocraigh sé ar a eaglais a bhunú ar an gCarraig sin.

Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.

Cuairt ar na hEasláin

Thug Íosa cuairt ar na heasláin, rud a tharlaíonn go rialta i saol an údair fhéin, nuair a théann sé ar ghlaoch ola, agus nuair a thógann sé an Tiarna chucu siúd a bhíonn ina ghátar.

Bhronn an Tiarna síocháin agus suaimhneas ar na heasláin, agus thug a gheallúint dóibh..

“Is mó áras ata i dtigh mAthar.

Raghadsa agus cuirfead áit i gcóir daoibh.”

Ar ball arís, beannaigh Íosa na créatúir uilig atá curtha i gCill Mhairéad, Reilg an Ghorta.

“Táid anois in aoibhneas na bhFlaitheas.

Is leo Ríocht Dé.”

Nach mar sin a labhraíonn an Tiarna leis an údar fhéin tráth fhéachann seisean ar an Reilg chéanna sin?

An tArán Beo

Déantar tagairt freisin don tSuipéar Deiridh, nuair a thug an Tiarna a chuid fola agus feola dá Aspail, á rá leo, sea, agus dhearbhaigh sé an ráiteas sin, trína rá leo…

“Is mise an t-arán beo

A tháinig anuas ó neamh.

Má itheann duine an t-arán seo,

Mairfhidh sé go deo.”

Sea, agus nach cóngarach do chroí an fhile an ráiteas céanna sin, nó nach cuid dá shaol laethúil é, bheith ag glaoch ar an bhfuil agus ar an bhfeoil chéanna sin teacht anuas ó na Flaithis agus tamall a chaitheamh os a chomhair amach, ar lic na haltóra, le linn dó an tAifreann a cheiliúradh.

Leagann an t-údar scéal Lazarus os ár gcomhair freisin, ach suíonn sé ar an nGairtheanaigh é.

“Mise an tAiséirí agus an Bheatha.”

Clabhsúr

Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.

“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,

“Agus canaimis an Hallel.”

B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe fánacha faoi “Léim an Dá Mhíle,” an dán iontach, spreagúil, seo, a chuireann Críost ag taisteal arís inár measc, trínár mbailte, trínár gcuanta, agus trínár ndúichí, faoi mar a chuirimis fhéin an Teaghlach Naofa ar a n-aistear chugainn, Oícheanta Nollag, fadó. Sea, éiríonn leis an bhfile anseo, na sean chuimhní sin a mhúscailt arís inár gcroíthe. Gura fada buan iad inár measc.

.

gaGaeilge