Séimí agus na Meáin
Peadar Bairéad
(This week we sketch a meeting with our old friend, Séimí a’ Droichid)
Ar ais arís
Cnag rúnda ar an ndoras tosaigh, agus fead chaol, éilitheach, trí pholl na litreach, an dá chomhartha a thug le fios dom go raibh mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, ar ais abhaile arís. D’inis mé dhaoibh, tamall ó shoin, go raibh ár seanchara, Séimí, go dona tinn, go raibh sé tar éis dul faoi scian an mhainlia agus go raibh seans ann nach bhfillfeadh sé ar a bhaile go deo arís, an fear bocht, ach caithfidh mé a rá, gur tuigeadh dom fhéin, chuile lá riamh, nach ngéillfeadh mo Shéimí breá do ghalar ar bith go ró-éasca, agus bhí mé ag ceapadh gur ghearr go mbeadh sé ar a sheanléim arís.
Ba ghearr an mhoill orm mo sheanchara a ligean isteach agus fáilte fial a chur roimhe isteach.
“Aon scéal nua agat, tar éis do chuid taistil agus do chuid eachtraí, dá bhféadfainn a leithéid a bhaisteadh orthu?” arsa mé fhéin leis, chomh luath is a bhí sé suite cois tine agus gloine ina lámh aige.
“Óra fuist! a chara, ach inseoidh mé dhuit faoi m’eachtraí, am eicínt eile, ach ag caint ar scéal nua! Diabhal scéal no scuan atá agam ach an seanscéal ar bhuail mé diallait air go minic cheana.”
“Agus cén scéal é fhéin” arsa mise, agus mé ar mo dhícheall ag iarraidh scéal eicínt a mhealladh uaidh.
“Bheul! Tharla go raibh mo dhóthain ama agam, le tamall anuas anois, le bheith ag breathnú ar an teilifís, agus ag éisteacht leis an raidió, agus dá bharr sin, bhí deis agam tionchar na meán úd a thabhairt faoi deara.”
“ Agus, a Shéimí, an é do mheas anois, go bhfuil na meáin Éireannacha díreach chomh maith, nó níos fearr, ná meáin thíortha eile?”
“Cinnte, bhí am agam leis an gcomparáid sin a dhéanamh, agus dár liomsa, ní bhainfeadh na meáin Éireannacha craobh i gcomórtas ar bith dá leithéid.”
“Agus tuige sin, a Shéimí? Nár cheap mé fhéin go mbeadh sé deacair na meáin s’againne a bhualadh.”
“An as do mheabhair atá tú? nó d’fheicfeadh duine ar bith nach bhfuil i roinnt mhaith de na cláracha a chraolann siad ach dearg aimidí agus nach bhfuil bun no barr ar roinnt mhaith eile acu, agus i dtaobh an mhéid atá fágtha, táid ann adéarfadh, nár chraith siad lámh riamh le moráltacht, nó le ciall.”
“Ach, níor cheap mé fhéin riamh go raibh cláracha dá leithéid a gcraoladh ag na stáisiúin s’againne.”
“Bhí fear tuaithe sa leaba taobh liom fhéin, san ospidéal, agus dá gcloisfeá seisean ag cur síos ar na cláracha céanna sin, thuigfeá céard tá i gceist agam.”
“Ach cén cineál cláracha atá idir chamáin agat, a Shéimí?”
“Ar bhreathnaigh tú riamh ar chláracha ar nós Tallafornia, love/hate. nó na cláracha úd a thugann leideanna faoi chúrsaí gnéis don aos óg? agus is dócha gur chuala tú an fógra úd a mhaíonn go mbeidh dream fear ag teacht chugainn, gan mhoill, dream a thiocfadh os comhair an tslua gan snáithe orthu! Go bhfóire Dia fhéin orainn. Arbh fhiú an braon fola le go mbeadh na deiseanna sin curtha ar fáil dúinn? Bhuel, tharraingíodh mo dhuine an phluid thar a cheann nuair a bhíodh a leithéid ar an scáileán, nó le clos ar an raidió, fiú! Anois, bhreathnaigh mé fhéin ar chupla ceann de na cláracha sin, ach ní d’dhonn pléisiúr a bhaint astu, an dtuigeann tú ach le go mbeadh deis agam mo chairde a chur ar an eolas agus ar a n-aire i dtaobh na gcláracha baolacha céanna sin.”
“Ach, a Shéimí, ní do dhaoine aosta, cosúil linne, a cumadh na cláracha céanna sin, ach do dhaoine óga, fuinniúla folaíocta a mbíonn goile dhoshásta acu do chláracha dá leithéid.”
“Is dócha go bhfuil cuid den cheart agat sa mhéid sin, ach minic go leor d’fhéadfa daoine aosta freisin a tharraingt chuig truflais dá leithéid ar shúgán sneachta. Ach breathnaigh ar an gclog úd thall! Tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, no beidh Naipí s’againne ag súil liom. Slán go fóill.”
agus le sin ghlan sé an doras amach uaim, faoi mar ba chat scólta é. Bhuel, beidh tuilleadh agam daoibh an chéad bhabhta eile. Bígí liom ansin…….
.