Caibidil 1

Cuimhní na hóige

.

Nuair a bhí mise i mo ghasúr, bhí de nós againn, sa Gheimhreadh, cuairt a thabhairt ar sheandaoine, ar thóir scéalta. Ba bheag rud eile i bhfoirm chaitheamh ainmsire a bhí le fáil ag daoine óga, sa dúluachair, an t-am sin, agus ar an ábhar sin, bhíodh tóir an diabhail againn ar na scéalta céanna sin. Ag smaoineamah siar ar na laethe sin anois, is minic a thuigtear dom, gur mhó taitneamh a bhaineadh na seandaoiane fhéin as na babhtaí scéalaóochta sin, ná mar a bhaineamarna páistí astu, nó is beag rud is mó a thugann pléisiúr don té atá imithe anonn sna blianta, ná daoine óga ag teacht chuige ar thóir eolais, eagna, nó scéalta, earraí atá tiomsaithe aigesean go cúramach, thar bhlianta fada, achrannacha, a shaoil. Nach annamh a thugtar an deis sin do sheandaoine an lae inniu? nó tá an t-eolas uilig, agus na scileanna go léir, ag na daoine óga, sa lá atá inniu ann, murab ionann is an tráth úd. Annamh a deirtear le seanduine anois….”Eachtraigh dúinn faoin saol a bhí ann, nuair a bhí tusa i do ghasúr”….. Don té a bhfuil ar a chumas píosa a scríobh áfach, ní fál go haer é, nó is féidir leis-sean scéal a óige a ríomh, am ar bith a bhuaileann an fonn é, nó am ar bith a bhfuil eagarthóir amuigh ansin, atá sásta éisteacht leis, agus spás a chur ar fáil dó.

Le tús a chur leis na cuimhní seo, inseoidh mé dhuit anois faoi nós ait a bhí againne, páistí, thiar in Iorras, breis mhaith is trí scór go leith de bhlianta ó shoin anois. Cuimhnigh anois, cé gur rugadh mise i dtír a bhí saor, gur lean nósanna áirithe in ár measc, ó na laethe úd a raibh cine Gael faoi dhaoirse, agus ‘faoi bhráca Gall’, faoi mar adeireadh na seandaoine ag an am. Bhuel, am ar bith a d’fheicfeadh muidinne Garda Síochána, nó “Póilí”, faoi mar a thugaimis ar a leithéid de bheithíoch, an tráth úd. Tráth ar bith a d’fheicimis a leithéid ag teacht i dtreo an bhaile, agus b’fhuras sin a dhéanamh ag an am, nó ní bhíodh gluaisteán, nó tada dá leithéid acu an uair úd, le teacht aniar aduaidh ar dhuine. Ní bhíodh acu ach na rothair, agus d’fheicfeá fear acu ag teacht chugat agus é míle ó bhaile! Bhuel, nuair a d’fheicimis a leithéid ag teacht inár dtreo, rithimis i scaoill, amach as na tithe, agus stad ná cónaí ní dhéanaimis go mbeadh chuile dhuine againn sáite go dtí na cluasa, i ndíg, nó i gclais, amuigh i ngort na bprátaí, nó cois claí, áit nach bhfaigheadh an Póilí sinn go Lá Philip a’ Chleite fhéin. Níl fhios agam fós, tuige a ndéanaimis a leithéid, nó ní cuimhin liom na daoine fásta ag rá linn a leithéid a dhéanamh, ach b’in mar a dhéanaimis. Is dócha gur tháinig an nós sin anuas trí na glúnta chugainn, agus nach raibh á dheanamh againne, ach an rud a dhéanadh ár leithéidí le sinsearacht, tráth ar bith a d’fheicidís fear na gcnaipí chucu. Ach is cuimhin liom freisin, am ar bith a mbeadh diabhlaíocht nó bligeárdaíocht ar bith ar siúl againn, go ndeireadh na daoine fásta linn a bheith cúramach, nó go mbéarfadh an Póilí leis ina mhála sinn! Nach bhfuil do sháith ansin!

Chailleamar an nós sin le himeacht aimsire, nuair a chuireaamar aithne ar na gardaí, agus nuair a tuigeadh dúinn go mba dhaoine lácha, cairdiúla, a bhfurmhór, ar nós chuile dhream eile, go dtí go dtéadh do bhó ina ngarraí! Ach mar sin fhéin, blianta ina dhiaidh sin, nuair a cuireadh tús leis an dara cogadh domhanda, agus nuair a chonaiceamar eitleáin, don chéad uair riamh, d’fhill an sean-nós céanna orainn arís, agus d’fheicfeá an corrdhuine at tabhairt faoi na díogacha agus na claiseanna arís, nuair a d’fheicidís eitleán chucu! Minic a rinne mé fhéin a cleas sin le linn m’óige, agus fanann cuimhne an nóis sin neadaithe go doimhin ionnam go dtí an lá atá inniu ann.

Ach le críoch a chur leis an scéal sin, bhí mé amuigh in Iorras, cupla bliain ó shoin, agus chonaic mé fear amuigh ag spraeáil prátaí le scuab fraoigh. Stop mé le grainghraf a thógáil, ach i bpreab na súl, bhí mo dhuine imithe as radharc, faoi mar a shlogfadh an talamh é, is amhlaidh a rinne se mar a dhéanaimisne fadó, thug sé an díog air fhéin, agus bhí na gais chomh hard sin, nach raibh feiceáil ar bith agamsa air a thuilleadh, ach bí cinnte go raibh lán a dhá shúl á bhaint aigeasean asamsa. Nach deacair nós dá leithéid a bhriseadh!

Ceann de na chéad chuimhní a ritheann liom anois, agus mé ag iarraidh tumadh isteach i linn chuimhní na hóige, ná mé a bheith thart ar dhá bhliain d’aois, mé socraithe i mbosca de chineál eicínt, ar bhruach na tine, agus mo Mham ag déanamh bacstaí taobh liom. Bhí cloch bheag im láimh agam, agus mé ag déanamh cineál eicínt spraoi leis. Ar chúis amháin, nó ar chúis eile, thit an chloch diabhalta as mo láimh, agus rinne mé chuile iarracht breith uirthi, ach cibé mí-ádh a bhí orm, thit mé amach ar mhullach mo chinn as an mbosca, agus isteach liom sa ghríosach a bhí in aice na tine. Bhéic mé agus scread mé, agus cheap mé nach dtiocfadh mo Mham chugam go deo, le mo thógáil as an tine loiscneach sin. Ar deireadh thiar thall, tháinig sí, agus shábháil sí mé ar lic úd na bpian. Is cuimhin liom fós an faoiseamah a fuair mo choirpín bocht dóite ón uisce a bhí i mbáisín an bhacstaí, mar a raibh sí ag scríobadh na bprátaí, agus sin a bhfuil sa chuimhne sin. Stopann an téip ag an bpointe sin, agus ní cuimhin liom tada faoin bpian a lean an róstadh a fuair mé sa tine sin, nó an treimhse fhada a thóg sé leis an ndó domhain sin uilig a leigheas. Ach nach mar sin a bhíonn, i gcás chuimhní na hóige? Fanann cuid áirithe de glas, agus scuabtar an chuid eile chun siúil le sruth dian na mblianta.

Cuimhne eile a fhilleann chugam go rialta, ó chríocha úd na hóige, nó ceol na gcriogait agus iad ag portaireacht leo go mícheolmhar dóibh fhéin sa bhac, agus ó tharla go raibh dhá bhac mhóra ar ’chaon taobh den tine sa teach s’againne, bhí flúirse criogait sa timpeall i gcónaí. Ní dhéanadh na criogait chéanna dochar ar bith d’éinne, mura gcuirfeadh duine chucu, agus ansin, bhí de nós acu, stocaí an duine sin a mhilleadh, am ar bith a bhfaigheadh siad i bpoll a’ bhaic iad, agus dá bharr sin, bhíodh lán-chead ag na criogait bogadh timpeall an teallaigh, am ar bith d’oíche, nó de ló, a thogróidís!

De réir mar a d’fhás mé suas, chuir mé aithne ar an tír, agus ar na daoine, a bhí timpeall orm. Nuair a bhreathnaíodh mé amach an doras tosaigh, soir uaim, bhíodh radharc agam ar an nGob Dubh agus ar an gcuan timpeall air. Píosa ó dheas ón nGob, bhí an Rinn Bhán, agus í mar a bheadh scian gheal ag síneadh amach sa bhfarraige, sa chuid sin de Chuan an Fhóid Duibh, a shileann isteach go cé an tSáilín. Idir an teach s’againne agus an fharraige sin, bhí roinnt páirceanna againne, idir mhóinéar agus portach, áit a mbaineadh Daid an mhóin dúinne. B’fhéidir nach raibh an mhóin sin chomh maith leis an móin a bhaintí thíos sa Tóin Mhór, ach nár linne í? agus d’fhéadfá an mhóin sin a bhreith abhaile leis an asal bocht, díreach ón bportach sin go dtí Garraí na gCruach, gan a bheith ort aistear fada síos chun an tséibhe a chur ort fhéin. Ba ghearr freisin, gur chuir mé aithne ar na daoine a bhí mar chomharsanna againn, daoaine lácha, geanúla, cairdiúla, carthannacha, nár chuir chugainn nó uainn, tráth ar bith, le linn dúinn bheith ag fás suas ina measc, ach daoine a thiocfadh i gcabhair ar éinne, a mbeadh a leithéid ag teastáil uaidh. Ní call dom a rá, go mbíodh lán-tí de pháistí i ngach teach, an tráth úd, murab ionann is inniu! Agus dá bharr sin, ní bhíodh easpa comhluadar orainne am ar bith. I rith an tSamhraidh, nuair a bheadh an aimsir go breá, te, brothallach, bhíodh muidinne, gasúir, ag imeacht linn ar fud na dúiche ag imirt ár gcleas. Bhíodh an-tóir againn ar na dumhacha gainimhe, a bhí idir sinn agus an Fharraige Mhór, taobh thiar den teach. Bhíodh spórt an domhain againn ansin san aimsir bhreá agus muid ag rith is ag spraoi i measc na ndumhach, ag dul le bruach síos, nós na gaoithe, áit a mbrisfeadh muid píosa den bhruach, le sleamhnú síos le fána na dumhaí air. Minic freisin, a mbíodh rásaí asal againn ar sraith eicínt i measc na ndumhach céanna sin. Lá eile, théadh muid cois cladaigh ag cuardach raice, agus mura bhfaighfeá, an tráth úd, ach buidéal, thabharfá abhaile leat é, nó bí cinnte go mbeadh gá lena leithéid, le heaspa eicínt a shásamh, nó, an t-am sin, ní bhíodh earraí flúirseach ag daoine, faoi mar a bhíonn inniu, agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh cibé earra a gheobhadh muid cois cladaigh.

Ní bhíodh muid gan spraoi, ach oiread, sa dúluachair, nó nuair a bhíodh na hoicheannta fada gealaí ann, théadh daoine ar chuairt chuig a ngaolta, agus chuig a gcairde, agus go hiondúil, thógaidís na páistí leo. Ansin, tar éis tamaill a chaitheamh inár suí go ciúin, béasach, thosaíodh na gasúir ag déanamh spraoi dóibh fhéin, thíos sa tseormra, b’fhéidir, nó amuigh timpeall an tí. B’iad na cluichí ba choitianta nó, “Lurapóg Larapóg”, “Dallóg”, “Thart a’ bhróg”, “Meig, Meig”, agus a leithéid. Scaití eile, bhíodh tomhaiseanna nó aithriseoireacht ar siúl againn. Oíche eile, bheadh na rudaí beaga ag gabháil do na leabhair scoile, agus iad ag iarraidh léasadh a sheachaint an lá dár gcionn. Agus corruair freisin, bhíodh cártaí againn, le “Foighid”, “Cúig is Fiche”, “Cead is a Deich”, nó cluichí dá leithéid á n-imirt acu. Bhíodh am againn le spraoi a dhéanamh, gan aon agó, an t-am sin, ach ag an am gcéanna, ná síl nach mbíodh obair ar bith le déanamh againn, nó bhíodh, agus neart. Bhíodh orainn na ba a sheoladh chun fosaíochta, agus bheadh orainn freisin aire a thabhairt dóibh, le linn dóibh a bheith ag alpadh féir ar a ndícheall, nó cé go mbíodh féar ar fáil go flúirseach acu, ba mhilse do na ba céanna sin an greim a bhainidís as barra de chineál ar bith a bhíodh crosta orthu, ná lan boilg den bhféar milis a bhí faoina smut acu.

Ná ceaptar anois, go mba naoimh ar thalamh sinn, an tráth úd, nó níorbh ea! Bhíodh cleasaíocht agus diabhlaíocht ar siúl againn freisin. Bhíodh dúil an diabhail ag cuid againn sna toitíní, agus ag dul ar scoil dúinn ar maidin, bí cinnte go mbeadh toitín ag fear eicínt in ár measc, agus nuair a shroicheadh muid áit sábháilte, lasfaí an toitín, agus ansin chuirfí sa timpeall é, le gail a thabhairt do chuile dhuine againn, ar a sheal. Sea, mh’anam, agus lá rásaí, nó a leithéid, bí cinnte go dtiocfadh duine eicínt dínn ar ghloine pórtair, agus ansin, dhéanfaí sin a roinnt freisin,. le seans a thabhairt dúinn bheith ag maíomh as ár ngaisce go ceann ráithe ina dhiaidh sin arís. Bhíodh dúil mhallaiathe againn freisin sna hoinniúin, agus sna turnapaí, a bhíodh ag fás go buacach i ngarraí na gcomharsan, agus minic a ghoideadh muid mám oinniún, nó trunapa breá, mór, milis, as garraí na gcomharsan, agus bí cinnte de, nach mbíodh na comharsanna céanna ró-bhuíoch dínn, go háirithe dá dtiocfaidís orainn sa bhfoghail sin!

Ach nuair a smaoiním siar ar na laethe sin anois, feictear dom nach raibh muid leath chomh seanórtha leis na rudaí beaga atá ag fás suas, sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh teilifís nó raidió, cairr nó traenacha, nuachtáin nó greannain, againne, an tráth úd, le cleasa nó drochbhéasa a mhúineadh dúinn, nó le cur isteach ar an múineadh a cuireadh orainn sa bhaile, nó sa scoil. Agus cibé diabhalaíocht a bhí ionainn, ní ón ddtaobh amuigh a tháinig, ach is amhlaidh a tháinig sí uainn fhéin amháin, agus ó cibé claonadh chun oilc a bhí sa chroí istigh ionainn.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 2

.

An Scoil s’againne

.

“Cén cineál saoil a bhíodh againn ar scoil fadó, an ea?”

“Bhuel, is docha go mbíodh lá bog agus lá crua againn, faoi mar adúirt an té adúirt, ach buail fút ansin anois, agus inseoidh mé dhuit faoi mo laethe scoile, faoi mar is cuimhin liomsa iad.”

“Níor leag mise spág i dteach scoile riamh go dtí go raibh na seacht mbliana slánaithe agam, murab ionann is rudaí beaga an lae inniu, na créatúir, nó is ar éigean as an gcliabhán iad, nuair a seoltar i dtreo na scoile iad.

Is maith is cuimhin liom fós an chéad lá a chaith mé fhéin i Scoil Náisiúnta na Cille Móire , thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo.”

“Ach caithfidh go raibh tú ró-shean do Rang na Naionán, an trath sin?”

“B’fhéidir go raibh, agus b’fhéidir nach raibh, ach ar aon chuma, ba isteach i Rang na Naionán a sacadh mé an chéad lá sin, agus mé tuirseach go maith, tar éis dom breis agus míle slí a bheith curtha díom agam, de shiúl na gcos, an mhaidin sin. Bhí an chuid ba mhó de na páistí sa rang sin ar chomhaois liomsa, nó bhí sé de nós ag na daoine in Iorras, an tráth úd, gan na páistí a chur chun na scoile go mbeadh siad sé bliana d’aois, ar a laghad. Bhuel, ní bhíodh busanna nó gluaisteáin againn thiar, le gasúir a iompar chun na scoile, an t-am sin, agus chomh maith le sin, bhíodh bóthar fada rompu, chuile mhaidin, ó cheann ceann na bliana.

Is cuimhin liom go maith na gasúir agus na girseacha a bhí thart orm an mhaidin chinniúnach chéanna sin, sea, agus an mháistreas a bhí inár mbun freisin. Bean Mhic Eoin, bean an tSáirsint, a bhí i bhfeighil na naionán, an bhliain áirithe sin. Bean a bhí cineálta go maith, nuair a bhíodh rudaí ar a toil aice, ach, mura mbeadh cúrsaí chun a toile, d’éiríodh sí feargach go maith linn, ar an toirt, agus ba ghearr ansin go gcloisfeá a guth ardaithe, ag fógairt don tsaol mór go mba “Chlaigeann Éinín” den scoth thú, sin nó go mba stuacán gan mhaith thú, agus b’fhéidir, le cur leis na maslaí céanna sin, agus na téarmaí ceana sin, go mothófá géire a doirn ar chul caol do chinn! Ach ba bhean charthannach, lách í ag an am gcéanna, agus is cuimhin liom fós, an lá úd a tháinig an bhruitíneach orm fhéin, agus mé sa rang aice. Ó tharla go mba bhean phósta í fhéin, agus go raibh clann uirthi, thuig sí láithreach go raibh comharthaí na bruitíní ag teacht orm, agus chuir sí i mo shuí cois na tine mé, ar feadh an lae sin, agus thug deochanna teo dom, go rialta, i rith an lae fhada úd. Ba bheag nár nigh an bhruitíneach chéanna sin mo chosa-sa, ach sin scéal eile, d’ócáid eicínt eile. Bhí Bean Mhic Eoin ceanúil go leor orm fhéin, nó bhí mé mór lena mac, Proinsias, a bhí mar chomrádaí agamsa sa rang sin, agus muid san aon bhinse, i Rang úd na Naionán.

Ba ghearr gur éirigh mé cleachtach ar shaol na scoile. Níor chuir an scoil chéanna aon scanradh, nó tada dá leithéid orm, nó bhí taithí agam ar bheith i measc daoine, ó tháinig ann dom, ach ag an am gcéanna, níor thaitnigh chuile rud a bhain leis an scoil liom. Nuair a chuireadh an mháistreas sinn ag damhsa leis na cailíní! b’in scéal eile ar fad! Caithfidh mé a admháil, go mbíodh naire agus cúthaileacht an domhain orainn, ar na hócáidí sin.

Bhí sin dona go leor, ach nach raibh sé i bhfad Éireann níos measa, nuair a chuireadh an mháistreas chéanna sinn ag cniotáil! Is maith is cuimhin liom na laethe sin, agus muidinne, gasúir, inár suí sna suíocháin, bioráin chniotála inár lámha againn, ceirtlín snátha os ár gcomhair amach, agus sinn ag cniotáil linn ansin, faoi mar a bheadh Dia á rá linn! Mhínigh sí dúinn, go mba chuid den ullmhúcán, le scríobh a dhéanamh, a bhí sa chniotáil chéanna sin, agus gurbh é rud a dhein an chniotáil ná na méireanna a aclú don pheann! Níor chreideamarna sin, ach ag breathnú siar ar an scéal inniu, is dócha go mba mhúinteoir den chéad scoth an bhean chéanna sin, agus is dócha freisin, go raibh sí ag insint na fírinne dúinn. I measc na rudaí eile nár thaitin liom, i rang na Máistreasa úd, ná an nós a bhí aice, nuair a theastódh uaithi pionós a ghearradh ar bhuachaill eicínt, ná go gcuireadh sí ina aon bhinse le cailín é! Bí ag caint ar phionós! Is beag nach raghfá tríd an urlár síos le héaló ón bpionós céanna sin. Mar, cuimhnigh go mbeadh an scoil uilig ag gáire faoin ngasúr céanna sin, agus ag síneadh méire ina threo, agus ag lua an cailín sin leis, ón lá sin amach. Nár bheag an chiall a bhí againn, na laethe úd? Is dócha nár thuigeamar fírinne an tseanfhocail úd….An rud is measa le duine na a bhás, b’fhéidir gurb é lár a leasa é”! Sea, agus geallaimse dhuit é, nach gcuirfeadh an pionós céanna sin as don chuid ba mhó againn, ar ball!

Ní bhíodh aon teas lárnach againn sna scoileanna Náisiúnta thiar, an tráth úd. Is amhlaidh a bhíodh ar chuile dhalta againn, cupla fód móna a bhreith leis, chun na scoile, chuile lá. D’fhadaíodh duine eicínt tine, chuile mhaidin, i ngach Seomra Ranga, agus choinnítí fadaithe iad i rith an lae, le teas a chur ar fáil dúinn, ach go háirithe, le teas a choinneáil leis an múinteoir! Bhíodh gá le teas an tráth úd ar scoil, deirimse leat é, nó ní bhíodh muid chomh gléasta amach don aimsir agus a bhíonn daltaí an lae inniu, agus leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, bhíodh roinnt mhaith againn cosnochtaithe. Mo chuidse de, caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh bróg nó stoca orm, leath na gcuarta! Bhí sin ceart go leor, nuair a bhí an aimsir go breá, cineálta, ach scéal eile ar fad a bhí ann, nuair a bhí an Geimhreadh fuar, feanntach, linn. Ní hé anois go mbeadh do chosa préachta ar fad, ach bheadh chuile rud fút chomh crua le cloch, agus an-bhaol ann go ngearrfaí thú, nó go dtógfadh an bóthar garbh sin bonnbhualadh ar bhonn do choise. Ní gá dhom a rá, nach mbíodh na bóithre sin tarráilte, an trúth úd, ní bhíodh, mh’anam! ach iad garbh, sclaigeach, clochach, agus nach minic a bhaintí an craiceann de mhéar linn, trína bhualadh i gcoinne cloiche, ar na bóithre garbha úd.

Chuireamar dúil mhallaithe sa pheil, sa scoil s’againne, agus dá bharr sin, bhímis i gcomóras le scoileanna eile na dúiche. Is cuimhin liom go maith go mbíodh an-lá againn nuair a bhímis ag imirt i gcoinne Bhéal an Mhuirthead, nó gheobhaimis marcaíocht ar leoraí, isteach chun an bhaile mhóir, agus ar ais arís an tráthnóna sin. Ní call dom a rá, go raighaimisne go dtí an Mol Thuaidh fhéin, an tráth úd, ar mhaithe le marcaíocht dá leithéid, nó ba nuaíocht mhór dúinne a leithéid. Ach, má sea, bhí ceataí sa scéal, nó bhíodh bróga peile ar chuile ghasúr ar fhoireann Bhéal an Mhuirthead, agus ní bhíodh bróga peile ach ar chorrdhuine againne, agus geallaimse dhuit é, go n-íocadh muidinne go daor as na cluichí céanna sin, agus as an marcaíocht saor a fuaireamar ar an leoraí úd go dtí an baile mór, go háirithe dá mbeadh ag éirí go maith linne san imirt. Minic a fágadh rúitíní tinne orainne, rúitíní nár chneasaigh go ceann i bhfad ina dhiaidh sin! Ach nár chuma, nach bhfuaireamarna síob ar leoraí, agus nach raibh deis againn milseáin a cheannacht sa bhaile mór?

Mar a bhíonn i go minic, bhí ceataí eile sa scéal freisin, nó ní raibh aon pháirc imeartha againne, le peil a chleachtadh inti. Ní raibh againne ach clós beag scoile, a bhíodh lán go scóig, nuair a bhíodh na daltaí uilig amuigh ar sos. Ar deireadh thiar, áfach, rinne an máistir socrú eicínt le feirmeoir, a raibh páirc aige in aice na scoile, agus thug seisean cead dúinn peil a chleachtadh ina pháircsean. Bhí linn ón lá sin amach, nó bhíodh deis againn ansin, scileanna na peile a chleachtadh ar ár sástacht, am ar bith a ligtí amach sinn.

Ach caithfidh mé a admháil anseo, nár chuir obair scoile as dom, am ar bith, nó thaitnigh léann agus foghlaim liom, chuile lá riamh. Is dócha gur thóg mé an meon sin liom ó thaobh na dtaobhanna. B’fheirmeoir mo Dhaid, agus chaith seisean blianta fada ag naibhíocht in Albain, sular phós sé, agus sular shocraigh sé síos, agus dá bharr sin, thuig sé luach an léinn, níos mó, b’fhéidir, ná mar a thuigfeadh an té nár fhág an baile riamh.. Minic a deireadh sé, go ndéanfadh sé aon chineál oibre, cuma cé chomh dian, ar mhaithe le deis scolaíochta a chur in áirithe dá chlann. Annamh a ligtí dúinne fanacht abhaile ón scoil, nuair nár theastaigh ó roinnt mhaith de na comharsanna ach an leithscéal ba lú, le fear dá ngasúir a choinneáil ón scoil. Is dócha go ndeachaigh cáil an léinn amach orainn, agus dá bharr sin, ní bhíodh na múinteoirí dian ar dhuine ar bith againn, agus nuair a bhíodh cruacheist le scaoileadh, minic gur chugamsa a thagadh an máistir, ag súil leis an bhfreagra ceart uaimse!

Ná ceap anois, nár dhein mé tada ar bith as an mbealaach riamh, i rith mo thréimhse ar scoil, nó dhein! Ach, tá faitíos orm, go gcaithfimid an scéal sin a fhágail don chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an lá ar dhein mé iarracht ar theach na scoile a shéideadh san aer le buama cairbíde! agus mar a d’íoc mé go daor as an eachtra ceannairceach céanna sin!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 3

Buamaí á leagan!

.

Faoi mar adúirt mé cheana, ba bhreá liomsa, chuile lá riamh, an léann agus an scolaíocht, ach naár chuala chuile dhuine againn, go gcuireann an capall fonnmhar fhéin stailc suas, anois is arís, agus ba é an dála céanna agamsa é, nó dhéanainnse rud eicínt as an mbealach, corruair, frieisn. Is maith is cuimhin liom fós an lá ar shuigh mé pléascán cairbíde, istigh i ngaothaire, faoi urlár na scoile, tráth a raibh sos againne, scoláirí, agus tráth a raibh na múinteoirí bochta, traochta, ina suí cois na tine i sormra an Phríomhoide, ag ól braoinín tae dóibh fhéin, thart ar a haon dhéag ar maidin.

Chuir mé fhéin an chairbíd isteach i mbosca mór, fada, stáin, d’fhliuch mé í, dhaingnigh an claibín ar an mbosca, agus chuir tine leis an bpoll beag a bhí déanta agam roimh re, i dtóin an bhosca. B’iontach go deo an phléasc a rinne sé, agus fuair mé an-bhualadh bos, agus moladh, óm’ lucht féachana, buachaillí uilig na scoile, a bhí bailithe thart orm, nó bhí seo i bhfad níos suimiúla ná bheith ag imirt peile, nó bheith ag troid, i gclós cúng, corrach, láibeach, na scoile s’againne. D’éirigh chomh maith sin leis an gcéad iarracht, gur iarr mo chomhghleacaithe orm, ceann eile a scaoileadh isteach faoi na múinteoirí bochta, nó chuile sheans, dár leosan, nár chuala siad in aon chor an chéad phléasc sin! D’ullmhaigh mé an dara hurchar, agus bhí mé díreah réidh le tine a chur leis, nuair a mhothaigh mé lámh an mháistir ar mo ghualainn. Tógadh isteach, ar ghreim cluaise, os comhair na múinteoirí eile mé, agus tugadh dhá leadóg déag dom, ar an toirt, sé leadóg ar gach laipín! Níorbh aon ribín réidh é an Máistir Ó Cróinín, nuair a chuirtí chuige é. Bhí mo bhosa tinn go maith ina ndiaidh, geallaimse dhuit é, ach nár chuma liomsa, bhí mo spórt agam, agus ba churadh mé, i gclós na scoile, ón lá sin amach. Bíodh sin mar atá, ach geallaimse dhuit anois é, nár bhac mé le pléascáin dá leithéid a scaoileadh isteach faoi urlár na scoile s’againne, riamh ina dhiaidh sin! Bhain sin an spórt ar fad as buamaí agus pléascáin domsa, ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann.

Is cuimhin liom lá eile, nuair a bhí mé tarraingt ar dhá bhliain déag d’aois. Tharla go raibh an múinteoir s’againne as láthair, agus bhíomarna ciaptha, cráite, scólta, istigh sa Seomra Ranga, agus gan inár bhfeighil ach claigeann éinín eicínt, nár dhein a dhath ach ár n-ainmneacha a scríobh síos ar liosta le tabhairt don ardmháistir a bhí againn an t-am sin, an Máistir Ó Dubhda, ar ball. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, taobh amuigh, agus leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, bhí an chruach fhéir á dhéanamh ag mo mhuintirse sa bhaile. Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, ghlanamar linn, mé fhéin agus beirt ghasúr eile, thar falla na scoile amach, agus thugamar do na boinn é, go dtí go raibh muid i bhfolach, in áit nach raibh feiceáil orainn ón scoil, nó ón mbaile.

Bhí go maith, ach nach bhfaca duine fiosrach, srónach, sinn, agus nár dhein sise gearán orainn leis an bPríomhoide. Níor dhhuine é an Máistir Ó Dubhda a chuirfeadh suas go héasca le hiompar dá leithéid. Chuir sé triúr gasúr mór sa tóir orainn, triúr ón Seachtú Rang, agus tháinig siadsan suas linn, ar ball, in ár n-áit folaigh, amuigh ar an uaigneas. Mhíníodar a gcás dúinn, agus thug deis dúinn ár rogha rud a dhéanamh. D’fhéadfaimis dul ar ais chun na scoile leosan, nó fanacht mar a rabhamar, agus go ndéarfaidís-sean leis an Máistir Ó Dubhda gur theip orthu teacht suas linn. Bhuel, bheartaigh mé fhéin dul ar ais leo, agus shocraigh mo bheirt chompánach fanacht mar a raibh siad.

Shroicheamar an scoil, ar ball. Tógadh os comhair an Phríomhoide mé fhéin, agus tar éis dó léasadh maith teanga a thabhairt dom, mhol sé mé as m’fhearúlacht, agus as mo mhisneach, agus lig saor ó dhualgas na slaite mé. Ach an lá dár gcionn, nuair a d’fhill mo bheirt eile, fuair siadsan an túirne Mháire, geallaimse dhuit é! Bhuel, bhí mo cheacht foghlamtha agamsa, ach go háirithe, agus níor bhac mé le scéim ar bith dá leithéid, riamh ina dhiaidh sin. Tuigeadh dom, go raibh clabhsúr curtha ag an Máistir Ó Dubhda le scéal sin na scéimeála, ach ní mar a shíltear a bhítear go minic, nó cupla mí i ndiaidh na heachtara sin, bhí mé fhéin is mo mhuintir ag dul chuig na rástaí i gCarn, baile beag cóngaarach do Bhéal an Mhuirthead. Bhí chuile rud mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith, agus ansin, casadh col cearhtaacha linn. Ba ghearr gur thosaíodar ag caint fúmsa, agus chomh maith is a bhí ag éirí liom ar scoil. “Is dócha gur thug na Máistir Ó Dubhda an Túirne Mháire dhuit, an lá úd a ndeachaigh tú ag scéimeáil ón scoil!” arsa Pádraic a’ Gheata. Bhuel! d’fhéadfá mé a leagan le tráithnín nuair a chuala mé an chaint sin. Cheap mé go raibh mo chnaipe déanta. Bhí orm an scéal ar fad a athinsint ansin, agus muid ar ár mbealach chun na rástaí. Ní bhfuair mé, ar deireadh thiar, ach léasadh teanga ó mo dhaid, agus é ag ligint air, go raibh ionadh an domhain air an scéal sin a chlos fúmsa. I ndáiríre, bhí an scéal cloiste acu, sa bhaile, tamall roimhe sin, ó bhéal an chapaill fhéin, ón Máistir Ó Dubhda! Ach cuireadh ar mo shúile domsa é, nár ró-chliste an beart é, dul ag scéimeáil ón scoil feasta, agus mar adúirt mé cheana, níor fhág mé teach na scoile riamh ina dhiaidh sin, gan chead a bheith faighte agam, roimh ré, ó dhuine de na múinteoirí.

.

.

.

.

.

Caibidil 4

Caitheamh Aimsire

.

“Cén cineál chaitheamh aimsire a bhíodh againn, agus muidinne, gasúir, ag fás suas in Iorras na nIontas, tarraingt ar cheithre scór bliain ó shoin anois.”

Cuimhnigh i dtosach báire, nach mbíodh aon teilifís, nó raidió, nó greannáin, nó irisí, nó fiuú nuachtáin, gurbh fhiú trácht orthu, againne, sa phobal inar tógadh mise, agus an rud nach raibh againn, níor aríomar uainn é. Bhí ár gcaitheamah aimsire fhéin againne áfach, agus caithfidh mé a rá anois, nár chuala mé gasúr ar bith riamh ag rá, go raibh sé dóite bréan den saol, a mhalairt ar fad a bhí fíor, nó ní bhíodh an lá sách fada againn, lenár gcleasa a imirt, nó lenár spraoi a dhéanamh. Nach raibh rástaí le rith, tránna le cuartú, ba le tiomáint, súileanna ribe le cur, agus dá mbeadh aon am breise le spáráil againn, nach raibh teachtaireachtaí le rith, agus gnóithe le déanamh ar an bhfeirm, agus thart ar an mbaile, chuile lá. Deirimse “bored” leat !

Ach céard faoi na hoícheannta fada Geimhridh, agus an saol mór amuigh folaithe faoi bhrat tiubh an dorchadais? Céard a bhíodh le déanamh ansin againn? Ba é an dá mhar a chéile againn iad, lár an tSamhraidh nó croí na dúluachra. Ró-luath a thagadh am soip dúinne. Chomh luath is a bhíodh obair an Fhómhair críochnaithe ar na feirmeacha, thosaíodh séasúr na cuartaíochta. Ón am sin amach, go dtí go dtosaíodh siad ag cur san Earrach, bhíodh daoine ag bogadh thart, sna hoícheannta, ag cuartaíocht, ag imirt cártaí, nó ag freastal ar “raifil”, nó rinncí tuaithe, mar a thugtaí orthu. Taobh amuigh de na cúrsaí sin ar fad, bhíodh scannáin , drámaí, agus sorcais, ag teacht ar chuairt chugainn, corruair fánach. Ag trácht ar na scannáin úd, caithfidh mé a admháil anois, nach raibh sna chéad scannáin a chonaic mise ach scannáin tostacha, ach ó tharla nach raibh a mhalairt feicthe againn, bhíomar breá sásta leo, agus ní bhíodh le híoc ag an doras, ag dul isteach dúinn, ach ceithre sheanphingin rua. Mór idir inné agus inniu, geallaimse dhuit é! Ach bíodh nach raibh le híoc ag an doras, ar do bhealach isteach dhuit, ach an t-aon toistiún rua amháin, geallaimse dhuit é arís, nach raibh sé chomh héasca sin ar fad an toistiún céanna sin a fháil. B’fhéidir dá mbeadh an t-ádh in do chaipín, go bhfaighfeá na ceithre pingneacha draíochta sin ó do Mham, dá mbeadh a leithéid le spáráil aice, nó b’fhéidir go bhféadfá mám uibheacha a “ghoid”, nó a thógáil “ar iasacht!” agus a thabhairt leat go dtí an siopa, leis na pingneacha sin a fháil mar mhalairt orthu. Caithfidh mé a admháil anseo dhuit, gur éirigh liom fhéin bealach eile a fháil leis na pingneacha geala sin a shaothrú! Mhínigh mé cheana dhuit, nach raibh mo shárú de scoláire le fáil im rangsa, i Scoil na Cille Móire Iorrais, ag an am, agus ó tharla go mbíodh aistí le scríobh againn chuile sheachtain, sea, agus suimeanna deacra le déanamh chuile oíche. Ach cén bhaint atá acu sin le toistiún na Scannán adéarfá, b’fhéidir? Bhuel, ó tharla go mbíodh na scoláirí eile ag iarraidh freastal ar na scannáin, chuile oíche freeisin, ní bhíodh mórán ama acu leis na ceachtanna baile úd a dhéanamh, agus dá bharr sin, bhíodh roinnt mhaith acu sásta pingin, nó leithphingin fiú, a thabhairt domsa, as an obair bhaile sin a dhéanamh dóibh. Sea, agus nach luath im shaol a d’fhoghlaim mé fhéin conas freastal ar an dá thrá! Nach orm a bhí an t-ádh nach raibh Coimisiúin, nó Binsí Fiosraithe, acu an t-am sin, le mí-iompar dá leithéid a chur faoi mhionarcán an phobail, nó dá mbeadh, bheadh mo chosa nite. Ar aon nós, nár chuma liomsa, an tráth úd, mar chuir sé ar mo chumas freastal ar na scannáin draiochta, tostacha úd, i Halla an Bhreathnaigh, i mBaile na Druime, i dtriochaidí an ocrais, agus geallaimse dhuit é, gur bhain mé taitneamh agus sásamh as na scannáin chéanna sin.

Thagadh an corr-dhráma chugainn freisin. Nár bhreá an spórt é seal den oíche a chaitheamh i Halla an Bhreathniagh, agus muid ag baint lán-taitneamah as “Murder in the Red Barn”, nó as cibé dráma a bhí roghnaithe acu don oíche áirithe sin. B’fhéidir nár thuigeamar chuile fhocal ó na haisteoirí eolgaiseacha, oilte, dea-labhartha sin, ach nár chuma? B’oíche dár saoil í! Agus thabharfá tionchar an Dráma úd faoi deara ar chaint agus ar iompar mhuintir an bhaile, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.

Thagadh Sorcas chugainn corr-uair freisin. Sa tSamhradh is mó a thagadh a leithéid chugainn. D’fheicimis na carbháin mhóra, ildaite, ag sní a mbealach chugainn, fan an bhealaigh mhóir. Ba ghearr go mbeadh an Puball Mór suite acu i lár Pháirc an tSorcais. As go brách linn ansin, le fáil réidh don oíche bheannaithe sin. Bhíodh orainn, i dtús báire, a chur ina luí ar ár dtuismitheoirí, gurbh fhiú sinn na pingneacha beaga a thabharfadh isteach sa Phuball Mór draíochta sinn, a thabhairt dúinn.

Is cuimhin liom tráthnóna amháin, i lár na Lúnasa, nuair a bhíomar uilig bailithe istigh i bPuball Mór an tSorcais, agus an seó faoi lán tseol. Bhí capall feasa ag déanamh a chuid cleas, agus chuile dhuine faoi dhíon an Phubaill lán cinnte go raibh “fios” ag an gcapall draíochta úd. “Aireasteatal” faoi mar a thugamarna air. Nuair a bhí chuile chleas déanta aige, ghlaoigh a mháistir air.

“Gabh i leith anseo, a chapaill” ar seisean.

Shiúl an capall anall chuige, aguis chraith a cheann go cairdiúil.

“Ceist amháin eile agam ort, a ghiolla liom,” arsan traenálaí.

Lig an capall seitreach as.

“An bhfuil duine ar bith ar an lucht éisteachata seo, ab fhearr leis fanacht sa leaba, ná triall ar an Aifreann Beannaithe, maidin Domhnaigh,”.

Baineadh stangadh as mo chapall breá, agus stad sé ansin ina staic, ar feadh cupla meandair. Chuir an traenálaí an cheist air arís, agus an babhta seo, shiúl an capall siar i measc an lucht éisteachta, gur sheas sé go péacach os comhair Jamesie Mór, sseanfhear, a raibh na ceithre scóir bailithe aige, dár liomsa.

“níl tú ag rá liom, go bhfanfadh an fear breá sin sa leaba in áit dul ar Aifreann maidin Domhnaigh” arsan traenálaí.

Lig Araisteatal seitreach mhagúil as, chroith a cheann mór, agus lig broim ardghlóraach as!

Ach má dhein, léim Jamesie Mór as a chraiceann. D’ardaigh a chromóg, agus chuir gotha troda air fhéin os comhair an chapaill.

“Thug tú do dhearg éitheach” ar seisean, “agus dá mbeinnse scór bliain níos óige, ghreadfainn amach as do sheanchraicdann míolach, míofar, lofa, thu, a sheanghadaí craiceáilte na mbréag.”

Bhuel, ní chloisfeá méar i do chluais ina dhiaidh sin, nó phléasc a raibh sa phuball ag gáirí agus ag gáirthíl. Shuigh an seanfheear faoi. Ach ón lá sin go dtí lá a bháis, ní bheadh sé d’éadan ag duine ar bith againne, scéal Araisteatal a lua leis, ach mar sin fhéin, d’fhág sé ábhar scéil, agus seanchais, ag muintir an bhaile , scéal a mhair anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá mé ag ceapadh, nach bhfuil deireadh a ráis reaite fós ag an scéal capallach céanna sin!

.

.

.

.

Caibidil 5

An Dream ar díobh mé

.

Feirmeoirí ba ea mo mhuintirse leis na glúnta, ach tar éis roinnt na bhfeirmeacha agus chuile shórt eile, ní raibh ag m’athairse ach feirm bheag, thart ar scór acra de thalamh cuir, maraon le píosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d’fhéadfadh clann a thógáil ar fheirm dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí ann, an tráth úd, agus déanta na fírinne, is dóigh go raibh dóthain duine sa mhéid sin talaimh, nuair a chuireann tú san áireamh, nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha feirmeoireachta acu an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom tuairisc eicínt a thabhairt daoibh ar an gcineál oibre a bhíodh le déanamh ar fheirm bheag, an tráth úd. Ní bhíodh mórán oibre le déanamh ag mo Dhaid i rith an Gheimhridh, taobh amuigh d’aire a thabhairt do na beithigh, díogacha a ghlanadh, agus a sciúraadh, agus claíocha a dheisiú, áit ar bith a raibh siad bearnaithe ag na bradaigh, a bhí flúirseach go leor ar na feirmeacha beaga, an tráth sin. Ach le teacht an Earraigh, chuirtí críoch le séasúr na gcártaí, agus dheinidís na spáda a ghlanadh, a sciúradh, agus a ullmhú, don obair a bhí le déanamh acu, nó le fírinne, ba í an spáid a dhéanadh an rómhar uilig, an tráth úd, ar na feirmeacha beaga, ach go háirithe. Ba chrua an obair í, lá i ndiaidh lae a chaitheamh amuigh ansin sa ghort, ag cur fataí in iomairí, iad ag baslú leo ó mhaidin go hoíche, chuile lá, ó Luan go Satharn. Thart ar thrí sheachtain a thógadh sé díol bliana d’fhataí a chur, sa tslí sin. Bhíodh ar Dhaid na hiomairí a shioscadh i dtosach, dhéantaí aoileach a scaipeadh orthu ansin, agus leagtaí na scoilteáin ar an aoileach sin. Ina dhiaidh sin, dhéanadh sé na hiomairí a bhaslú, le cré a chur mar chlúdach ar na scoileteáin. Nuair a bhíodh an obair sin críochnaithe, geallaimse dhuit é, go mbíodh bród an domhain ar an seanlead, as a shaothar deas néata, agus bhíodh chuile dhuine á mholadh as an saothar a bhí déanta chomh críochnúil, bláfar, pointeáilte si,n aige. Ní i ngan fhios dó fhéin, nó dá chnámha tinne a dhéanadh an fear bocht an saothar céanna sin, nó ba mhinic a chonaic mé é tugtha, sáraithe, strumptha, ag obair spáide an Earraigh. Ba ghearr ina dhiaidh sin, go mbíodh air an talamh a rómhar don arbhar. B’é a dhéanadh sé nó an áit a raibh fataí curtha aige, an bhliain roimhe sin, a rómhar leis an spáid, ansin dhéanadh sé an coirce a chraitheadh, lena láimh, sa ghort sin, agus ansin, thagadh comharsa chuige leis an ngort a fhuirseadh le cliath. Cé go mbíodh capall againn nuair a bhí mise an-og, cailleadh an fear bocht agus b’in deireadh leis an mustar, chomh fada is a bhain sé linne, nó feasta, ní raibh ag Bairéadhaigh na Druime ach bheith i muinín an asail!

Chomh luat is a bhíodh sin déanta, bheadh sé in am aige an mhóin a bhaint le sleán, agus geallaimse dhuidt é, nárbh obair do ghiolla na leisce é an sleánadóireacht chéanna sin. Bheadh sin ceart go leor, mura mbeadh ann ach an méid sin, ach ní bheadh sa mhéid sin ach an tús, nó bhíodh air ansin , le beagáinín cabhrach uainne, an mhóin a iompó, a ghróigeadh, agus a athghróigeadh, sára mbeadh sí tirim. Nuair a bhíodh an mhóin breá tirim, ansin bhíodh air an mhóin sin a chur amach ar thaoh an bhóthair le hasail, obair chrua mhaslaitheach. Ní bhíodh le déanamh ansin ach an mhóin a tharlú abhaile le capaill agus cairteacha, agus an chruach mhóna a thógáil i ndeas don teach, le freastal ar thine an Gheimhridh.

Ansin, bhí an t-ádh linne, nó bhí roinnt áirithe móna le fáil ar an bhfeirm, i ndeas don bhaile, agus sa tslí sin, bhíodh ar chumas mo Dhaid dóthain móna don bhliain a bhaint sa bportach sin, go háirithe nuair a bhí muidinne ró-óg le haon tsaghas cabhrach a thabhairt dó i bhfad ó bhaile.

Bhí gnó eile a bhí crua go maith ar an ndroim freisin, agus b’in an gortghlanadh a bhíodh le déanamh ar na fataí, ach go háirithe. Chomh luath is a thosaíodh na fataí céanna sin ag fás leo go rábach, thosaíodh na fiailí ag fás leo níos rábaí fós, agus ó tharla go raibh leasú á ngríosadh, ba ghearr go mbíodh siad ag plúchadh na ngas, geall leis, agus bhíodh gá ansin le gortghlanadh, le deireadh a chur lena rás. Ní raibh aon ineall acu, an tráth úd, leis an ngnó sin a dhéanamh, ní raibh mh’anam! ní raibh ann ach na méireanna, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh droim tinn ort, ach lá iomlán a chaitheamh cromtha os cionn na n-iomairí, ag baint na bhfiailí diabhalta céanna sin. Droch rath orthu! Ar ball, bhíodh gá leis na gais chéanna a chosaint ón ndubh, trí spraeáil a dhéanamh orthu. Leis an obair sin a dhéanamh, ní bhíodh aon rogha acu, i dtosach báire, ach é a dhéanamh le scuab fraoigh, nó ar ball, dhéantaí an gnó le spréire droma, gnó a bhí maslaitheach go maith freisin. Bhí meaisín spraeála, i gcomhar, ag m’athair agus ag uncail liom, agus dhéanaidís an spraeáil, ar a seal, leis an meaisín sin.

Chomh luath is a bhíodh an gnó sin críochnaithe, bheadh se in am aige smaoineamh ar an bhféar a bhaint. Ní bhíodh aon ineall bainte aige, geeallaimse dhuit é! ní bhíodh aige ach an speal, cé gur cheap m’athair go mba iontach an gléas bainte é an speal, ó ba chuimhin lies-sean bheith ag baint le corrán, sna seanlaethe. ‘Faobhar a bhaineann’, adeireadh sé linne, nó ba dhiabhalta go deo an faobhar a chuireadh sé fhéin ar lann na speile. Agus arís, ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó bhíodh orainn uilig ansin dul amach ag sábháilt an fhéir, agus ba chrua an obair í sin, go háirithe, nuair nach mbíodh an aimsir go maith, nó mar is eol do chách, soineann a shábháileann an féar! Nuair a bhíodh an féar uilig sábháilte agus cocáilte amuigh sna móinéir, ansin bhíodh súil in airde ag Daid le lá breá, leis an bhféar a tharlú abhaile, le cruach a dhéanamh de san iothlainn. Bhíodh muid ag brath arís ar dhuine de na comharsanna leis an ngnó sin a dhéanamh dúinn, ach ní raibh sa mhéid sin ach cuid de shean-nós na meithle, a bhíodh á chleachtadh i measc na gcomharsan, an tráth úd. Seachtain, nó mar sin, i ndiaidh lá na cruaiche, bhíodh gnó tuirsiúil eile le déanamh, nó bhí orhtu díon tuí a chur ar an gcruach, len í a choinneáil tirim le linn doineann an Gheimhridh.

Agus ó tharla ag caint ar spealadóireacht mé, tá sé chomh maith dom tagaiart a dhéanamh anseo do bhaint an arbhair. Arís, ba é Daid s’againne a dhéanadh an spealadóireacht é fhéin, agus arís, ba throm tuirsiúil an obair í, an spealadóireacht chéanna sin. Bhíodh muidinne ag teacht taobh thiar de, agus muid ag déanamh na bpunann agus á gceangal. Thagadh Daid sa tráthnóna agus dhéanadh sé stúcaí as na punanna sin. Ar ball, thógtaí an t-arbhar sin isteach san iothlainn, áit a ndéantaí é a thógáil ina stácaí. An t-asal a dhéanadh obair an asail, sa chás sin! Dhéantaí na punanna a cheangal i mbromóga, agus chrochtaí na bromóga sin ar dhá scoróg na srathrach, agus ansin, dhéantaí carn punann a líonadh idir an dá bhromóg sin. Nuair a bhíodh a dhóthain d’ualach ar an asal, cheanglaítí rópa trasna ó bhromóg go bromóg, leis an ualach a choinneáil socair, agus ansin, ar aghaidh leis isteach chun na hiothlainne leis an ualach sin, agus mar sin dó, go dtí go mbíodh an gnó críochnaithe. D’fhágtaí ansin ina stácaí san iothlainn é, go dtí go mbíodh sé breá tirim, agus ansin, dhéanadh Daid é a bhualadh ar chloch mhór, ar láthair ghlan, leis an ngrán a bhaint as. Sa tráthnóna, dhéantaí an grán sin a cháitheadh, leis an gcáith a bhaint as, agus ansin, chuirtí an grán i málaí, lena dhíol, nó lena choimead mar bhia do chearca, nó lena mheilt ina mhin-choirce, nó fiú, lena choinneáil mar shíol don chéad bhliain eile.

Faoin am sin, bhíodh na fataí aibí agus réidh chun a mbainte, gnó a thógadh thart ar thrí sheachtain arís. Nuair a bhíodh na fataí bainte, agus curtha i bpoill, amuigh sa ghort, ansin bhíodh an Geimhreadh buailte leo, agus é in am acu séasúr na gcártaí a oscailt arís. Níl sa mheid sin ach blas beag den obair mhaslaitheach a bhíodh le déanamh ag an bhfeirmeoir beag, an tráth úd. Níorbh é sin cás an fheirmeora mhóir, nó bhíodh inneallra aigesean, leis an anró a bhaint as an obair. Amach anseo, beidh tuilleadh le rá agam faoin saol a bhí suas agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Caibidil 6

Saolta ag athrú

Nach mór idir inné agus inniu, agus nach mór na hathruithe atá tagtha ar an saol ó bhí mise ag fás aníos thiar in Iorras Domhnann, i dtús thriochaidí an ocrais. Tá sé deacair agam fhéin anois an saol céanna sin a shamhlú fiú, gan trácht in aon chor ar é a thabhairt chun chruinnis. Ba gheall le saol na meánaoiseanna é, agus ba bheag rud i bhfoirm innealra nó áiseanna nua-aimseartha a bhí le fáil in ár measc, thiar , an t-am sin.

Ní raibh flúirse ag éinne, ach muid uilig ón lámh go dtí an béal, agus Conchúr Mór sa chúinne ag daoine an chuid ba mhó den am. Ní bhíodh aon teacht isteach rialta acu, nó b’fheirmeoirí beaga, nó iascairí, chuile dhuine acu. Ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. Acraí, agus modhanna oibre, atá ag dó na geirbe agam, an turas seo, go háirithe na hacraí, agus na modhanna sin, atá dearmadta, nó beagnach dearmadta, faoin am seo.

Leis an gceann a bhaint den scéal, tosóidh mé le scéal na móna. Ba mhór agus b’fhada an scéal againne thiar é, an t-am sin, i dtús na dtriochaidí. Ní raibh inneall bainte móna ag duine ar bith acu, an tráth sin, geallaimse dhuit é! Ní raibh mh’anam! Ní raibh acu ach an sleán, agus don té nach bhfaca ceann acu sin riamh, ba ghléas é cosúil le spád, ach amháin go raibh binn bheag, ghéar, ag gobadh amach ó thaobh amháin d’íochtar na spáide sin, leis an ngearadh a dhéanamh. Ba é an chéad rud a dhéanaidís mar sin, agus iad ag ullmhú don mhóin a bhaint, nó an portach a shioscadh, nó an barrfhód a bhaint de, agus é a chaitheamh isteach sa lagphortach, le ruaig a chur ar an uisce a bhíodh lonnaithe ansin. Ansin, théadh fear an tsleáin i mbun oibre, agus ghearradh sé na fóid leis an ngléas draíochta sin, agus chaitheadh sé ina chith uaidh iad, amach ar an mbruach, áit a mbeadh duine, nó beirt, ag fanacht len iad a chaitheamh níos faide amach fós, go dtí an port scartha, áit a ndéantaí iad a fhágáil le triomú faoi sholas agus faoi theas na gréine. Ba dheacair radharc ní b’fhearr a fheiceáil ná fear breá, scafánta, ag scaoileadh na bhfód uaidh ón sleán, faoi mar ba philéir as béal gunna iad, agus iad ag sleamhnú, agus ag sciorradh leo, fan na talún, deich dtroigh ó bharr an tsleáin. Bhí draíocht ag baint leis na radharac sin, murab ionann is saothrú na móna, sa lá atá inniu ann, nuair nach bhfuil le feiceáil agat ach an mhóin ag úscadh amach as inneall, faoi mar ba ispín mór dubh, ramhar, gránna í! B’fhéidir go raibh draíocht ag baint leis an obair, ach geallaimse dhuit é, go raibh anró agus cruatan ag baint leis freisin, nó bheadh do dhroim scoilte agat, tar éis lá iomlán a chaitheamh ag saothrú móna ar an bportach. D’fhágtaí an mhóin scartha ar an talamh mar sin ar feadh roinnt laethe, nó go mbíodh craiceann tagtha ar na fóid, agus ansin, dhéantaí í a iompú, le deis a thabhairt don taobh eile bolg le gréin a dhéanamh freisin! Nuair a bhíodh an mhóin láidir go leor le cur ina seasamh, dhéantaí roinnt fód a chur ina seasamh i gcoinne a chéile ina ngróigín, le deis a thabhairt dóibh triomú tuilleadh, agus uaidh sin, go gróigíní níos mó fós, go dtí go mbeadh an mhóin sách tirim le cur amach ar thaobh an bhóthair, áit a ndéanaidís cruach di. B’in an lá nuair a thagadh meitheal gasúr le chéile agus asal gona phárdóga móra ag chuile dhuine acu, agus chaitheadh siad an lá uilig ag tarlú na móna ón bportach amach go dtí taobh an bhóthair. Ba bheag am saor a bhíodh ag na gasúir chéanna sin ó éirí go luí na gréine, an lá cruógach céanna sin, ach mar sin fhéin, ba nás é, agus níor mhaith le héinne nós a dhéanamh, nó nós a bhriseadh, an tráth áirithe úd. Bhíodh bbuntáistí áirithe ag baint leis an lá, dár leis na gasúir fhéin. Bhíodh toitíní le fáil go flúirseach acu, agus anois is arís, bhíodh sú liomóide, nó buidéal beorach fiú! le fáil ag an té a dhéaanfadh gaisce i mbun na móna!

Ní call dom a rá, go mbíodh daoine fásta ansin freisin, leis na gasúir a bhrostú, aguss le gníomh a choinneáil leis an gcruach mhóna ar thaobh an bhóthair. Dár ndóigh, ní ghlacfaí le nós úd na dtoitíní sa lá atá inniu ann, ach an tráth úd, d’úsáidtí iad mar dhuais, le tuilleadh oibre a bhaint as na gasúir bhochta!

Bhíodh lá mór eile acu ansin ag tarlú na móna sin abhaile. Capaill agus cairteacha a bhíodh acu, nuair a bhíos fhéin im’ghasúr. Ach bhainidís úsáid as taarracóir, nó as leoraí, fiú, leis an mbeart sin a dhéanamh, ó aimsir an chogaidh i leith, ach bhíodh meitheal mhaith fear ag teastáil leis an ngnó sin a dhéanamh san aon lá amháin.

Gléas eile a bhíodh coitianta an tráth úd ba ea an castóir, sin an gléas a bhíodh acu le súgáin a dhéaanamh. Minic a chaith mé lá iomlán ag casadh na súgán diabhalta céanna sin, nó bhíodh an t-uafas den earra céanna sin ag teastáil don tuíodóireacht. Cailleach, a thugadh siad ar an gceirtlín ollmhór ságáin a dhéanaidís don ghnó sin. Bhíodh gá leis na súgáin le díon tuí a chur ar theach, nó ar chruach fhéir fhéin, an tráth úd. Agus féach! is beag nár dhein mé dearmad ar an speal agus ar an gcorrán, na hacraí a bhíodh acu le harbhar, nó le féar, a bhaint, an tráth úd. Ba í an speal an príomhghléas bainte a bhí acu agus mise ag fás aníos. Nuair a bhí mé i mo ghasúr, ní bhíodh inneall bainte ag duine ar bith sa chomharsanacht, agus nuair a smaoiníonn tú air, nár leor í an speal chéanna? nó bhíodh na feirmeacha beag, agus ní bhíodh acu leis an bhféar céanna sin a shábháil ach an píce agus an ráca! Arís bhí draíocht éigin ag baint le spealadóir a fheiceáil i mbun oibre, agus an siosarnach a dhéanadh an speal ghéar agus í ag réabadh a slí tríd an bhféar bog glas mar a ghearrfadh scian te a slí trí cnap ime, sea, agus an tsraith néata féir a d’fhágadh an buanaí ina dhiaidh, agus é ar a bhealach ó cheann ceann an mhóinéir. Bhí bua eile ag baint le hobair an spealadóra freisin, nuair a thagadh sé ar chuasnóg. Ní hé anois go dtaitníodh a leithéid leis an spealadóir, nó ní thaitníodh, ach thaitníodh sé linne, nó bhíodh mil le fáil, nuair a dhéanadh Daid an chuasnóg a chreachadh dúinn. Bhí baol ann áfach, go gcuirfeadh beach ga ionat, ach nár chuma, b’fhiú an tairbhe an trioblóid.

Ní raibh an corrán mórán in úsáid le mo linnse, ach ba bheag teach nach raibh ceann acu ann, mar bhaineadh siad úsáid as an acra céanna sin, nuair a bhíodh siad ag baint feamainne, nó nuair a bhíodh féar claí á bhaint acu, nó nuair a theastódh uathu féar a bhaint, áit ar bith nach bhféadfadh siad an speal a oibriú inti.

Bhuel, b’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo, ach tá brosna eile scéalta sáinnithe istigh i gcistin na cuimhne agam, agus tá sé deacair go maith smacht a choinneáil orthu, nó teastaíonn ó chuile fhear acu éaló leis, amach ar fud na bhfud, ach bí cinnte go gcoinneoidh mé na cinn is fearr daoibhse, a léitheoirí.

.

gaGaeilge