Eachtraigh Duinn

Caibidil 22.

Déarfainn go raibh bunús mo ranga ansin san Ollscoil in éad liom, ag an am, nó bhí deis agamsa pingneacha a shaothrú, tráth raibh mé ag cleachtadh mo cheirde, amuigh ansin sa Chlochán. Ach má bhí fhéin, ní raibh dabht ar bith ormsa, ach gur oibrigh mé fhéin go dian, dícheallach, leis na pingneacha céanna sin a shaothrú, nó bhí orm ullmhúchán a dhéanamh chuile oíche, don obair a bheadh idir chamáin agam sna ranganna an lá dár gcionn, chomh maith le sin, bhíodh ualach asail de chleachtaí le ceartú agam freisin, chuile oíche, agus nuair a chuireann tú le sin, go raibh orm bunús an ama a chaitheamh ag caint, nó ag scríobh ar an gclár dubh, leis an gcailc deannachúil, diabhalta sin, a bhíodh mar mhaide croise ag múinteoirí an tráth úd, geallaimse dhuit é, go mbíodh sé éasca go maith dul chun cainte liomsa am codlata! Mór idir inné is inniu, nó an tráth úd, ní bhíodh d’áiseanna ag múinteoirí, ar an mórgóir, ach an chaint is an chailc, nó mar adeiridís i mBéarla….The challk and talk method of teaching….

Ach cé go mbínn tuirseach go maith tar éis na hoibre, ag an am gcéanna, ní bhínn go huile is go hiomlán, gan chaitheamh aimsire. Minic a théinn fhéin is beirt nó triúr eile amach i measc na gcnoc, ag siúlóid, ag deireadh na seachtaine. Sea, agus deireadh seachtaine eile, théinn amach, ag fiach an mhada rua, le muintir a bhaile, nó bhídís an-tugtha don spórt sin sa Chlochán, ag an am. Ná ceap anois, go mbínn im dhuine uasailín, agus mé ag marcaíocht liom thar chlaíocha, thar dhíoga, agus thar bhallaí, ó cheann ceann na dúiche, agus chuile “Tally Ho!” asam. Lean ort ag brionglóidigh, a mhac! Ní raibh capall, nó fiú asal fhéin, faoi dhuine ar bith den lucht seilge s’againne. Ní bhíodh mh’anam! Cosmhuintir a bhí ionainne, agus chuile dhuine againn ag fiach de shiúl cos. Minic a cheap mé, go mbíodh níos mó spóirt ag an mada rua fhéin, ná mar a bhíodh againne, nó mhealladh sé sinn, tríd an gcuid ba ghairbhe, agus ab achrannaí den dúthaigh, agus ar deireadh thiar, i gcónaí gcónaí, d’éiríodh leis dul i bpoll, nuair a bhíodh a dhóthain spraoi bainte aige asainne. Bíodh sin mar atá, áfach, caithfidh mé a rá, go mbainimis-ne spórt agus spraoi, sea agus cuideachta freisin, as na céapair chéanna sin,

Ba amuigh sa Chlochán freisin, a thosaigh mé ag dul chuig damhsaí, a chéaduair. Cuimhnigh anois, go raibh mé ag tarraingt ar chúig bliana fichead, ag an am, agus tuigeadh dom, go raibh a lán le foghlaim agam, faoi chúrsaí an tsaoil, fós, ach má sea, tuigeadh dom freisin, go raibh sé chomh maith agam tús a chur leis an bhfoghlaim chéanna sin láithreach, nó ní in óige a bheinn ag dul, feasta! Thosaigh mé ag cur spéise sa ghnéas eile, nó sa chineál eile, mar adeireadh Mártan a’ Tairbh, fadó, sea, agus ba ghearr go raibh mé ag iarraidh chur i gcéill, go raibh blianta fada caite ar an mbóthar sin agam! Tuigeadh dom i dtosach, nach dtiocfainn isteach go deo ar an ealaíon chéanna sin, ach i ndáiríre, ní raibh i gceist ach bheith deas, séimh, nádúrtha, le daoine, agus ba ghearr go raibh ar mo chumas dul chuig damhsaí, chomh maith leis an bhfear eile, sea, agus meascadh le cailíní, chomh maith le duine. Is maith is cuimhin liom fós, oíche a chaitheamar, mé fhéin is mo chara, ag damhsa, amuigh i mbaile beag tuaithe, cois Caolaire, i lár Chonamara, agus ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn ormsa an oíche chéanna sin nó go raibh sagart an phobail ar an bhfód, agus chuile uair a d’fheiceadh sé daimhseoirí ag dul ró-chóngarach dá chéile, théadh sé ar a dtóir, agus chuireadh d’iachall orthu druidim siar óna chéile! Sea, agus níos iontaí fós, dhéantaí rud air, freisin! Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu!

Ní bheadh gá agamsa feasta leis na ceachtanna modhúlachta sin, ar chaith mé thart ar naoi mbliana á bhfoghlaim. “Coinnigh do lámha agat fhéin!” “Ná breathnaigh san aghaidh ar chailín ar bith!” “Ná bí riamh id aonair i gcomhluadar mná!” “Coinnigh smacht dian ar na súile!” Sea, a stór! agus na scórtha fainicí eile, sea agus fainicí na bhfainicí sin uilig freisin, a cuireadh orainne, ábhair sagairt, ar eagla go meallfadh bean eicínt, ó chasán céasta, casta, na fíréantachta sinn.

Sea, bíodh go raibh mé chomh graitheach le beach, amuigh ansin sa Chlochán, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil anois, gur fhoghlaim mé a lán, agus mé ag saothrú liom go dian, amuigh sa dúiche álainn, scoite, fhiáin do-bhuailte sin. Nuair a d’fhill mé ar an Ollscoil, ar ball, mhothaigh mé go raibh sé i bhfad Éireann níos éasca luí isteach ar shaol na hOllscoile, agus ar shaol sóisialta an mhic léinn, freisin. Fanann cuimhní an Chlocháin go glas, glé, glinn, liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, bíodh go bhfuil breis is leathchéad bliain imithe isteach trí shúil dhroichead an ama, san idirlinn. Bím ag rá liom fhéin, go gcaithfidh mé athchuairt a thabhairt ar an mbaile álainn sin, bliain de na blianta seo, ach go dtí seo, níor chuir mé le mo mhian. An bhliain seo, b’fhéidir!

Ar ais arís san Ollscoil, bhí an t-am ag sleamhnú leis le luas lasrach, agus carn oibre ar mo phláta agamsa. Luigh mé isteach ar a raibh le déanamh, nó ní chuireadh staidéar aon ró-stró ormsa riamh, agus ba é deireadh an scéil é, nuair a tháinig deireadh na bliana, agus na scrúduithe, nár bhain siad stangadh ar bith asamsa, agus d’éirigh liom Onóracha a shaothrú óm Ollamh fial, flaithiúil, ó Pheat lách Larkin.

Bhí mé sásta go maith liom fhéin, nó taobh istigh d’achar réasúnta gearr, bhí mé tar éis saol na Cliarscoile a thréigint, agus luí isteach ar shaol an tuataigh a chleachtadh, fad is a bhí mé dom ullmhú fhéin le bheith im mhúinteoir. Bhí sin curtha i gcrích agam faoi Shamhradh na bliana 1951. Sea, agus nach raibh mé ag éirí cleachtach freisin ar an saol mór amuigh, an saol mallaithe sin, ar dhein mise mo dhícheall ar feadh naoi mbliana, nó mar sin, éaló go brách uaidh! Sea, mh’anam! ní mar a shíltear a bhítear, go minic, ach mar a chinntítear! Bhí mo cháilíocht mar mheánmhúinteoir bainte amach agam, agus ní raibh le déanamh ansin, ach post oiriúnach a fháil dom fhéin, le dul i gcionn an tsaoil mhoir.

Sea, agus bíodh nár éirigh liom cur le mo mhian agus mo shaol a chaitheamh mar mhisinéir chun na hAifrice, ag an am gcéanna, bhí mé réidh, ullamh, anois, le hiomaire eile a rómhar dom fhéin. Agus cé aige a bhfuil a fhios, nárbh é sin dán a bhí leagtha amach ag Dia fhéin dhom, ó thús?

Ar aon chuma, déarfainn go mbeadh sé deacair, áit níos feiliúnaí a fháil, le líne a tharraingt sa ghaineamh, agus a rá, go raibh críoch curtha agam le ré amháin dem shaol, agus go raibh mé ullamh agus cáilithe le tabhairt faoi ré nua, agus aghaidh á thabhairt agam ar an ród a shín romham amach, isteach i ríocht na bhféidireachtaí.

gaGaeilge