.

E a g l a i s n a G i n i ú n a g a n S m á l .

Eaglais álainn

Ag taisteal trí Chaisleán an Chumair dhuit, d’fhéadfá dul thar Eaglais álainn dea-dheartha na Giniúna gan Smál, gan í a thabhairt faoi deara fiú, nó tá sí suite píosa isteach ón tsráid. Ach don té a bhíonn san airdeall, bí cinnte nach ngabhfadh seisean thart, gan spléachadh a fháil ar aghaidh chlasaiceach, mhealltach, Gotach, aolchloch, na hEaglaise céanna sin. Chuaigh crot na heaglaise sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, nuair a leag mé súil air, den chéad uair, sa bhliain 1966, agus gheall mé dhom fhéin, go raghainn isteach ansin le paidir a rá, chomh luath is a gheobhainn an deis chuige. Tharla lá breá Samhraidh, roinnt blianta ina dhiaidh sin, go raibh ár gcuairt ar an mbaile álainn sin. Stopamar tamall i Sráid Chill Chainnigh, agus, de thimpiste, beagnach, chuamar thar an eaglais álainn sin arís. Isteach linn, agus geallaimse dhuit é, nach raibh a chathú sin orainne, nó bheadh sé deacair eaglais níos áille ná í a fháil, áit ar bith. Ar do bhealach isteach, tá dhá shliogán ollmhóra á n-úsáid mar umair uisce coisricthe. Is beag nach mbhainfeadh siad radharc na súl díot, lena méad, lena n-éagsúlacht, agus lena gcrot.

Bhí an taobh istigh den eaglais seo neamhghnách freisin, agus mhothófá atmosféar ciúin, urnaitheach, síochánta, ann, atmosféar a chruthaigh an foirgneamh fhéin, trí áilleacht ghloine dhaite na bhfuinneog, trí aontacht an troscáin sa Sanctóir, agus trí Thuras na gCros, gona ndealbha áille spreagúla, a tógadh cun an Chumair, ó thír na Fraince fhéin, fadó.

Tógtha ar dhúshraith an Chreidimh

Ba é William Deane Butler ó Bhaile Átha Cliath, a dhear an eaglais álainn seo. Leagadh an chloch bhoinn ar an 16ú Lúnasa 1844, ach níor cuireadh an chloch phréacháin uirthi, go dtí an bhliain 1854. Insíonn na dátaí céanna sin a scéal cráite, céasta, brónach, fhéin, dúinn, nó istigh idir na dátaí sin, tharla an Gorta Mór i dtír seo na hÉireann, agus gan dabht ar domhan, ba iad pingneacha na cosmhuintire, cuid mhaith, a thóg an foirgneamh álainn taibhsiúil seo, mar leacht cuimhneachán dá gcreideamh, in ainneoin an anró agus an ghorta a bhí á gcéasadh agus á gcrá, trí bhlianta úd a gcruatain.

Athchóiriú

Tamall ó shoin áfach, shocraigh pobal Chaisleán an Chumair agus a sagart paráiste, An Mons. Micheál Ó Riain, go raibh an t-am tagtha lena n-eaglais álainn a athchóiriú, agus chuireadar chun oibre le flosc, lena bhfís a réaladh do chuimhne a céad is caogadú bliain. Bhí teach pobail ar an láthair sin, roimh an eaglais álainn a sheasann ar an bhfód sin inniu. Sea, ní bréag ar bith a rá, go siúlann muid ar thalamh choisricthe, tráth thugann muid cuairt anois ar Eaglais álainn, athnuaite seo na Giniúna gan Smál. Rinne na Cumaraigh, a tháinig romhainn, an t-ionad seo a roghnú agus a choisricean, mar thalamh bheannaithe, ar a ndéanfaidís Dia na Glóire fhéin a adhradh agus a mhóradh, agus nach iontach an scéal é, go bhfuil an glún atá suas anois sásta a gcinneadh siúd a bhuanú i ndomhan an lae inniu, agus a n-oidhreacht siúd a fhágáil le huacht ag na glúnta a thiocfaidh ina ndiaidh.

Rachaidh mé suas go Teach an Rí,

Go hIonad coisricthe an Tiarna,

Mar a bhfaighidh mé síoth is grásta Dé,

Agus beatha buan na fírinne .

Ach, ní hé amháin gur theastaigh ón nglún atá suas anois, an oidhreacht seo a fhágáil le huacht ag na glúnta a thiocfaidh ina ndiaidh, ach theastaigh uathu í a fhágáil acu mar phéarla lómhar athnuaite, agus chuige sin, chuaigh siad i gcomhairle leis an ailtire eolgaiseach, an tUasal Michael O’Boyle, fear ar tugadh an chraobh dó, le déanaí, as ar dhein sé le hArdeaglais na hAiséirí i nDurlas Éile a athnauchan, agus faoina chomhairle siúd, deineadh chuile ghné den eaglais álainn sin a athchóiriú, a athmhaisiú, agus a athnuachan, sa tslí go bhfuil sí anois, chomh hálainn agus a bhí, an chéad lá ar coisriceadh í don Tiarna, sa bhliain 1854.

Saothair Ealaíne

Ach ní gá dhomsa an scéal ar fad a ríomh dhuit anseo, nuair a d’fhéadfá fhéin cuairt a thabhairt ar an eaglais álainn seo, le chuile shórt a fheiceáil duit fhéin. Ach caithfidh mé tagairt a dhéanamh do na pictiúir uilig leis an ealaíontóir, Anne Murphy ó Mhuine Bheag, a bhfuiltear le crochadh ar chúlbhalla an Sanctóra, ocht bpictiúr, ina léireofar na naoimh seo leanas, Pádraig, Bríd, Ciarán, Cainneach, Fearghal, Fiachra agus Oilibhéar, agus taobh leo sin, beidh Iognáid Beannaithe de Rís. Chomh maith leo sin uilig, beidh radharc mianadóireachta le Eugene Conway, ealaíontóir áitiúil, le traidisiún mianadóireachta na dúiche a chomóradh.

Is mór atá muid faoi chomaoin ag na daoine a bhí páirteach sa bhfiontar cráifeach seo.

.

.

gaGaeilge