E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 4

.

D’inis mé dhaoibh cheana, faoin chaoi a ndeachaigh mé go Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, cóngarach do Chaisleán an Bharraigh, i gContae Mhaigh Eo, Coláiste de chuid an SMA, agus chuir mé síos freisin, ar ár ngnáthlá oibre sa Choláiste chéanna sin. Bhuel, anois, b’fhéidir nárbh aon dochar é, cur síos a dhéanamh ar tharlúintí, agus ar eachtraí, a bhain dom, fhad is a bhí mé i mbun staidéir ansin. Caithfidh tú a chur san áireamh anois, nach raibh ionnamsa ach gasúr óg tuaithe, nach raibh tada den domhan mór feicthe aige roimhe sin, nó níor thaistil mé níos faide ná cúig mhíle slí ó mo bhaile dhúchais, baile na Druime, riamh roimhe sin. Bhí orm anois, aithne a chur ar thart ar leathchéad stócach, dem’ chomhaois, ó áiteacha éagsúla, ó cheann ceann na tíre seo, agus go fiú, nach raibh Gearmáineach amháin in ár measc, freisin. Bhí orm freisin, tosú ar pheil, iománaíocht, sacar, agus liathróid láimhe, a fhoghlaim agus a imirt. Agus gan sa mhéid sin, ach a raibh le déanamh agam mar chaitheamh aimsire! Ba é an príomhghnó a bhí idir chamáin againn i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, nó staidear a dhéanamh agus ceird na sagartóireachta a fhoghlaim, le sinn a ullmhú mar mhisinéirí chun na hAfraice.

.

Ag breathnú siar ar na cúrsaí sin uilig anois, feictear dom go rabhthas ag súil leis an iomarca ar fad uainn. Ní raibh ionainn ach gasúir neamhurchóideacha, ach gasúir a bhí tugtha don diabhlaíocht, agus don chleasaíocht, go minic, agus bhíothas ag súil gur chóir dúinn a bheith chomh dea-iompair le manaigh oilte, dhiaganta, foirfe. Sea, caithfidh mé a admháil anois, go rabhthas ró-dhian ar fad orainn.

Céard a tharlódh dá ndéanfadh duine rud ar bith as an mbealach, an ea?

Bhuel, bí cinnte nach n-éalódh sé gan pionós a ghearradh air. Dá ndéanfadh sé rud as an mbealach ar fad, bhuel, chuirfí an ruaig abhaile air. Mura mbeadh a choir chomh holc sin ar fad, ansin, b’fhéidir go gcuirfí ag obair amuigh ar na bóithre, os comhair an Choláiste é, le linn an bhricfeasta, chuile lá ar feadh seachtaine, sin, nó chuirfí iachall air, dul ar a glúna, le hais an dorais, le linn an dinnéir, sa chaoi go ndéanfaí é a náiriú, agus ag an am gcéanna, go bhfágfaí gan a bhéile é!

Dá dteipfeadh ar dhalta freagra a thabhairt ar cheist a chuirfí air, le linn ranga, gheobhadh sé leadóg ag bun na cluaise, a bhainfeadh dá chosa é go minic, agus gan le déanamh aige ansin, ach ceirín cen dearmad a chumimilt leis an gcruatan agus leis an náire sin, iarracht a dhéanamh ar sheasamh suas arís, agus tabhairt faoin bhfreagra athuair. Sea, agus caithfidh mé a rá, nár rud annamh nó iontach é leadóg dá leithéid a fháil, le linn ranga, an tráth úd. Caithfidh mé a admháil freisin, nach ndeachaigh éinne de na múinteoirí a bhí agam, an tráth úd, i bhfeidhm go ró-mhór orm, ach ní hionann sin is a rá, nach raibh meas agam orthu, agus urraim agam dóibh, nó ní hionann sin is a rá, ach oireadh, nár fhoghlaim mé le fonn agus le fuadar uathu, nó rinne.

Bhí cúrsaí seanársa go maith sa Choláiste céanna, an t-am sin. Ní raibh cúrsaí séarachais thar mholadh beirte, d’fhéadfá a rá, agus ní raibh leictreachas, ná soláthar uisce, ar fáil ann, ach oiread. I gcás an uisce, is amhlaidh a bhí tobar fíoruisce, in aice an Choláiste, agus bhí caidéal os a chionn sin, agus bhíodh orainne, gasúir, chuile dhuine againn, ar a sheal, tamall a chaitheamh i mbun an chaidéil láimhe, a bhí socraithe acu os cionn an tobair sin, a chasadh. Sa tslí sin, líontaí an t-umar ollmhór a bhí socraithe ar dhíon an tí acu, agus chuirfeadh sin uisce ar fáil, ar feadh scathaimh eile, agus ansin, bheadh beirt eile ainmnithe dá seal siúd ar dhualgas pumpála. Sa tslí sin, ní fhágtaí sinn riamh gan dóthain uisce ar fáil do cibé gnó a bhí idir lámha againn.

I gcás an leictreachais, bhuel, ní bhíodh againn nuair a chuaigh mise ansin a chéaduair, sa bhliain 1939, ní bhíodh againn, mar fhoinse solais, ach na lampaí pairifín, agus arís, ba air na gasúir a thit an crann iad sin a lasadh, chuile thráthnóna, agus iad a mhúchadh, ar ball, nuair a bhíodh a ngnó déanta acu. An dara bliain a chaith mé ansin, bhíothas i mbun athruithe, nó bhí údaráis an Choláiste tar éis socruithe a dhéanamh, le muileann gaoithe a thógáil ar dhíon an Choláiste, agus chuireadh an muileann sin soláthar leictreachais ar fáil, don scoil ar fad. Ach céard a tharlaíodh, nuair nach mbíodh an ghaoth ag séideadh? Bhuel, bhí rang cadhnraí feistithe thuas in áiléar, agus dhéantaí an leichtreachas a stóráil iontu siúd, le linn stoirme agus gaoithe móire, nuair a bhíodh an iomaraca leictreachais a ghiniúint, le haghaidh lá na coise tinne. Chuir na hathruithe sin go mór le háiseanna na scoile, agus rinne cúrsaí solais i bhfad Éireann níos simplí, níos gile, agus níos fearr, dúinne.

Bhí feirm mhór ag an gColáiste, nó fuair siad sin le huacht ón gCunta de Bláca, a bhronn an t-árus agus an fheirm ar an SMA, i dtosach báire. Bhí stíobhard acu i gceannas ar an bhfeirm sin, agus tráth ar bith a thiocfadh sé crua ar mo dhuine, agus é ag titim ar gcúl leis an obair, nach raibh leathchéad ógánach scafánta ansin i mbun léinn, agus nach raibh sé éasca go maith iad a mhealladh ó na leabhair, le lá, nó dhó, a chaitheamh amuigh faoin aer, ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó fiú nuair a bhíodh an t-arbhar á bhualadh san iothlainn, ag deireadh an Fhómhair, nach raibh sé an-áisiúil glaoch ar na spailpíní fánacha, leis an sclábhaíocht uilig sin a dhéanamh, agus nárbh é an bua ba mhó a bhain leis an ngnó sin uilig, nó nach gcosnódh sé pingin rua, leis an obair sin uilig a dhéanamh! Mo chuidse de, b’fhuath liom an obair sin i gcónaí. Ba rud amháin é an cineál sin oibre a dhéanamh sa bhaile, nó ní bhíodh an oiread sin le déanamh againn, tharla nach raibh againn ach feirm bheag, agus d’fhéadfainn sos a thógáil, am ar bith ba mhaith liom, ach sa Choláiste, ba scéal eile ar fad é, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, bhíodh múchadh ag gabháil dom go minic ag an am sin. Ní raibh cead ag gasúr ar bith seal a chaitheamh ag tomhas tairní, geallaimse dhuit é. Dá ndéanfadh sé a leithéid, bí cinnte go mbeadh air cuntas a thabhairt do dhuine dá shaoistí, ar ball, agus bí cinnte freisin, go ngearrfaí pionós cuí air, in am tráth. Céard faoi na gasúir eile, an ea? Ar thaitin an cineál sin oibre leosan? Bhuel, chomh fada agus is cuimhin liomsa é, ní raibh duine ar bith in ár measc a bhain taitneamh, nó toit, as na laethe fada sin, a chaitheamar inár spailpíní feirme, ach ag an am gcéanna, bheadh duine sásta cur suas lena leithéid, toisc gur thug sé sos ó na leabhair, agus ó na leadóga diabhalta sin dúinn, agus lena chois sin, thug sé deis dúinn aithne níos fearr a chur ar a chéile. Agus, fiú amháin, mura dtaitneodh an cineál sin oibre linn, ní raibh leigheas againn ar an scéal, nó bhíomar scoite amach ónár muintir, agus tuigeadh dúinn go mba chuid de thraenáil an tsagairt é, obair dá leithéid a chleachtadh, agus cur suas le beagáinín den chruatan, agus den anró, le sinn a thuaradh le hobair chrua na misinéireachta, agus caithfear a admháil go raibh a gciall fhéin ag údaráis an Choláiste, ag an am, nó ba shaol eile ar fad a bhí ann na laethe úd.

Adhmad a d’úsáidtí mar chonnadh i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, an tráth úd, agus tuigfidh tú fhéin, go dtógfadh sé roinnt mhaith adhmaid le tinte na hinstitiúide sin a choinneáil ar siúil, ó cheann ceann an lae, agus ó sheachtain go seachtain, fhad is a bhíodh na hábhair sagairt sin uilig ag cur fúthu ann.

Cá bhfaigheadh siad an t-adhmad sin uilig, an ea?

Cé chuirfeadh an oiread sin adhmaid ar fáil dóibh?

An ceart ar fad agat! Na spailpíní fánacha céanna sin, ar baineadh úsáid astu leis na scoilteáin a chur, leis na fataí a phiocadh, agus leis an arbhar a bhualadh dóibh freisin, sea, agus leis an obair ghlantacháin uilig go léir a dhéanamh, istigh agus amuigh, saor in aisce, gan chlamhsán, gan sciolladh.

Ach conas a d’fhéadfaidís an t-adhmad sin a chur ar fáil don scoil ar fad?

Le stró, agus le hanró, geallaimse dhuit é. Bhíodh seal oibre againne san iarnóin, trí nó ceithre lá sa tseachtain, agus in áit bheith ag deisiú bóithre, agus bóithríní, agus ag tabhairt aire do na bláthanna, agus do na torthaí, thógtaí sinn amach chun na coille, agus bhí coillte fairsing go maith ar thailte an Choláiste. Thógtaí amach freisin, chuile ghléas a bheadh riachtanach le crainn a leagan, agus a ghearradh suas, agus a scoilteadh, ansin. Bhíodh oird, tuanna, toirisc beirte, agus dingeanna, againn. Bhíodh sagart inár mbun, agus bhíodh fios a cheirde ag an bhfear sin, gan aon agó, nó b’fhear é, a raibh na blianta fada caite aige ar na misin san Aifric, áit ar foilsíodh dó, go mb’fhearr lán doirn de cheird, ná lán mála d’ór, agus dá thairbhe sin, b’fhear é, a raibh chuile cheird ar a dheis aige, nó b’in mar a b’fhacthas dúinne é, ar aon nós. Thógadh sé dream againn leis chun na coille, áit a raibh cupla crann pioctha amach aige, roimh ré. Bhíodh chuile ghléas a bhí riaachtanach, á iompar ag na spailpíní. Dheineadh an “taoiseach” an crann a scrúdú, i dtosach báire, féachaint cén áit a thitfeadh sé. Chuireadh sé fear in airde ansin le rópaí a cheangal le craobhacha áirithe, agus shíneadh sé na rópaí, píosa fada amach ó bhun an chrainn, sa tslí nár bhaol do na gasúir a bheadh ag tarraingt ar na rópaí sin, nuair a bheadh an crann ar tí titime. Agus an méid sin déanta, thosaíodh sé ag oibriú na tua, go mbeadh eang dhoimhin gearrtha aige ar bhun an chrainn, thart ar throigh os cionn na talún. Thugadh sé seal dúinne, corruair, ag foghlaim ceird sin na tua, bíodh is nach raibh cuid againn ábalta fós ceol a bhaint as an ngléas céanna sin. Nuair a bhíodh an eang sin doimhin go leor, chuireadh se beirt againn ag obair le toireasc beirte, agus muid ag gearradh linn, san áit a raibh an eang gearrtha ag mo dhuine. Ní fhágtaí aon bheirt ró-fhada ar an dtoireasc beirte sin, nó ba dhiabhalta crua an obair í, bheith i mbun an ghnó sin. Tar éis cupla nóimead, chuirtí beirt eile isteach ina n-áit siúd, agus mar sin dóibh. Ar ball, nuair a bheadh an gearradh sách doimhin, dhingtí na gingeanna isteach sa ghearradh, agus dhéantaí iad a bhrú isteach sa ghearradh leis an ord, agus sa tslí sin, choinnítí an gearradh sách leathan leis an dtoireasc a oibriú ann. Ar ball, nuair nach mbíodh fágtha le gearradh ach píosa beag eile, ansin bhaintí úsáid arís as an dtua, le heang eile a ghearradh sa phíosa a bhí fós gan gearradh, nó sa tslí sin, dhéantaí deimhin de, go dtitfeadh an crann sa tslí a bhí ceaptha dó, ó thús. Ansin, an toireasc arís, ach ag an bpointe seo, thógadh fir na rópaí páirt sa ghnó, nó dhéanadís siúd na rópaí a theannadh, agus a tharraingt. Ba ghearr ansin go gcloistí giúnaíl agus scréachaíl ón gcrann, agus b’in an t-am leis an dtoireasc a sciobadh as an ngearradh, agus imeacht as an mbearna baoil chomh tapaidh is a bhí inár gcosa. Bhaineadh an crann mór searradh agus craitheadh as fhéin, agus ansin, go mall réidh, i dtosach, agus ansin, níos tapúla, agus níos tapúla fós, thiteadh sé anuas, agus le torann pléascach thuairteálfadh sé anuas ar an talamh. Bhristí agus réabtaí na géaga a bhí in íochtar, agus thionáintí roinnt mhaith acu síos tríd an talamh, rud a léiríodh dúinne chomh contúirteach is a bheadh sé, bheith san áit mhícheart ag nóiméad úd na titime.

Ba ansin a thosaíodh an obair i ndáiríre, nó bhí na mionghéaga le baint den chrann, agus na géaga troma le glanadh, agus ansin le gearradh. Ag an bpointe sin thosaítí ar stoc an chrainn a ghearradh leis an dtoireasc beirte, agus geallaimse dhuit é, go mba chrua, maslaitheach an obair í sin, do ghasúir nach raibh cleachtadh acu riamh ar a leithéid d’obair. Ach, nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith, agus ba é an scéal céanna againne é, nó ní raibh an dara rogha againn, ach déanamh mar adúradh linn. Ní chaití tada ar leataobh. Choinnítí na cipíní le húsáid mar bhrosna, agus bhaintí úsáid as chuile phíosa eile den chrann, mar chonnadh don Choláiste, le tinte agus soirn a choinneáil sa tsiúl, ó cheann ceann na bliana. Nuair a bhíodh an chéad fháinne de stoc an chrainn gearrtha, chuirtí ar leataobh é, agus dhéantaí é a scoilteadh ina phíosaí, sách beag, le cur isteach i sorn, nó le húsáid ar thine. Leis an tua a dhéantaí an gnó sin, agus chomh luath is a bhíodh na smutáin sin réidh, bhí gnó eile le déanamh againne spailpíní, go háirithe acu siúd, nach raibh ró-oilte i mbun an toirisc, agus b’in na smutáin sin a iompar, ina ngabhálacha, isteach chun na cistineach, áit a ndéantaí iad a chruachadh, sa tslí go mbíodh carn mór den adhmad scoilte sin i dtaisce acu i gcónaí, le connadh a choinneáil leis na soirn ollmhóra a bhí á n-úsáid acu ansin.

Ar deireadh, shéidtí feadóg, agus b’in comhartha do na spailpíní go raibh sé in am dóibh filleadh ar an gColáiste arís, le dul ag déanamh léinn. Ach geallaimse dhuit é, go mbíodh muid tinn tuirseach, go minic, tar éis ár saothair amuigh i lár na coille craobhaí. Ach nuair a bhreathnaím siar ar an ngnó anois, feictear dom go mba chontúirteach, amach is amuigh, an gnó a bhíodh idir lámha againn, na laethe úd fadó, agus ní dóigh liom, go mbeadh ar ábhair shagairt an lae inniu déanamh mar a rinneamarna, agus b’fhéidir gurbh fhearrde iad é.

.

.

.

.

gaGaeilge