E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 9

.

Ag an bpointe seo, b’fhéidir nárbh aon dochar é, tamall a chaitheamh ag breathnú siar ar na blianta sin go léir a chaitheamar i mbun na Scrúduithe Teistiméireachta, féachaint arbh am amú iad, chomh fada is a bain sé le traenáil don tsagartacht. Tá mé cinnte, go ndéarfadh daoine áirithe nach raibh maitheas ar bith ag baint leo mar ullmhúchán don ghairm bheatha sin, nó ar an gcéad dul síos, bhí na daltaí i bhfad ró-óg, le dul i gcionn bheartas dá leithéid, agus sa dara háit, bheadh sé i bhfad níos fearr, sinn a fhágáil ag foghlaim na críostaíochta, mar bhaill de chlann chaitliceach, inár mbailte fhéin, sa bhaile. Agus ar bhealach, ba dheacair cur i gcoinne na tuairime sin, ach, is dócha go raibh taobh eile ar an scéal freisin. Ar an gcéad ásc, tuigeadh do na sagairt a bhí i mbun an SMA, gur chóir dóibh oideachas den dara leibhéal a chur ar fáil dár muintir, chomh fada is d’fhéadfaidís, agus ní gá dhom a rá anseo, nach raibh á dhéanamh acu ach an rud a bhí á dhéanamh ag Easpaig Éireann, tráth bhunaigh siad a gColáistí Deoiseacha fhéin, tar éis mhaolú a theacht ar na péindlithe, san ochtú agus sa naoú haois déag. Bhunaigh siadsan Coláistí Deoiseacha, ar ar thug siad Cliarscoileanna sóisiaracha. Ba í an chuspóir a bhí ag an Coláistí sin nó oideachas Caitliceach a leathadh i measc an phobail chaitlicigh, agus ag an am gcéanna, mic léinn a ullmhú don Chliarscoil Sinsearach, i Má Nuat. Is dócha go bhféadfá a rá, go raibh an dá chuspóir chéanna sin ag na Meánscoileanna úd a bhunaigh Cumann Misinéirí chun na hAfraice, Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, agus Coláiste Sheosaimh, i Wilton, sé sin, le hoideachas caitliceach a chur ar fáil, agus ag an am gcéanna, bheadh súil acu, go raghadh bunús na mac léinn sin ar aghaidh lena nóivíseacht a dhéanamh i gCill Cholgain, Contae na Gaillimhe, agus le Diacht a dhéanamh ina dhiaidh sin ina gCliarscoil, i nDroim an tSín, i gContae an Dúin. Dá dtógfadh siad thart ar thriocha mac léinn isteach i mBéal an Átha Fhada, bheadh an t-ádh ina gcaipín, dá ndéanfaí cúigear fiú, as an dtriocha sin a oirniú ina sagairt, in Ardeaglais Iúir Chinn Trá, tar éis dóibh deich mbliana a chaitheamh ag cur léinn an tsagairt orthu.

Ach, ní chuige sin atá mé, go díreach, an babhta seo, ach chuige seo…

Cad é go díreach a bhí á múineadh acu sna Coláistí sin, thar mar a bheadh á múineadh dá ndaltaí i ngnáthmheánscoileanna na tréimhse sin?

Bhuel, ó tharla go mba leo fhéin na scoileanna, is dócha go bhféadfá a rá, go mba mheánscoileanna príobháideacha iad, ach amháin, go raibh cláracha na Roinne Oideachais á múineadh iontu, agus cibé deontas a bhí ar fáil, ag an am, ag dul dóibhsean freisin. Thug sin deis dóibh múinteoirí oiriúnacha a chur i mbun oibre iontu, agus thug sé cead dóibh freisin, béim a leagan ar seo nó ar siúd, de réir mr a thogair siad, fad is a bhí clár na Roinne á mhúineadh acu. Bhí ar a gcumas freisin, saol an mhic léinn a leagan amach ar mhodh a chuirfeadh ar a gcumas, dearcadh spioradálta a shníomh isteach trí shaol na ndaltaí, ó éirí ar maidin dóibh, go dtí múchadh na soilse dóibh, i ndeireadh an lae thiar. B’in an fáth a raibh orainne éirí ar a sé a chlog chuile mhaidin, ó cheann ceann na bliana! B’in an fáth freisin, a raibh orainn freastal ar phaidreaacha na maidine, seal a chaitheamh ag machtnamh, agus ansin an tAifreann a éisteacht, chuile mhaidin. Ina dhiaidh sin, agus roimh an mbricfeasta, bhíodh orainn seal a chaitheamh ag glanadh an tí, duine ag scuabadh, duine ag snasadh, duine ag glanadh deannaigh, agus duine eile fós ag ní tíleanna, b’fhéidir. Sa tslí sin, mhúintí do na daltaí, conas obair tís a dhéanamh, nó bheadh a leithéid riachtanach ar na misin choigríche, ar ball.

Níos déanaí sa lá, nuair a bheadh na ranganna faoi lán tseol, leagtaí an-bhéim ar dhearcadh spioradálta, agus ar chleachtadh Críostaí. Ba chuma cén t-ábhar a bheadh idir chamáin againn, bheadh an dearcadh Críostaí sin ag lonnradh trí chuile ábhar, Cuma cé acu eolaíocht nó stair, teanga nó creideamh, a bheadh idir chamáin againn, ba é an scéal céanna é. Deineadh chuile iarracht ar suáilcí na Críostaíochta a mhúineadh dúinn, trí chleachtadh, trí mhúineadh, agus trí shampla. Ní gá dhom a rá, go mbíodh cúrsaí spioradálta againn, uair sa bhliain, ar a laghadh, agus chomh maith le sin, bhíodh faoistin choitianta molta dúinn, agus thugadh an fhaoistin chéanna sin deis don anamchara comhairle a leasa a chur ar an mac léinn. Mar sin, ní chailltí deis ar bith leis an ógánach a chur ar bhóthar a leasa, agus b’in obair a dhéanadh a anamchara dó, i dtráth agus in antráth.

Dhéantaí sinn a chosaint ar chathuithe an tsaoil mhóir seo freisin. Ní ligtí dúinn irisí de chineál ar bith, taobh amuigh d’iris an Chumainn, The African Missionary, a bheith inár seilbh, nó a úsáid. Ní bhíodh cead againn éisteacht le cláracha raidió, nó ní raibh an teilifís tagtha go hÉirinn fós, an t-am sin! Ó, geallaimse dhuit é, go dtabharfaí cead dúinn éisteacht le tráchtaireacht ar chluichí Gaelacha, nuair a bhíodh a leithéid ar siúl, rud a bhí annamh go maith, an tráth úd Ó, sea, chuirtí na treoracha sin i bhfeidhm go dian, na laethe úd. Is cuimhin liom fhéin, tráth raibh mé ag freasatal ar an gCliarscoil, i nDroim an tSín, gur chuir mo dheirfiúr gearrthóga as nuachtán Caitliceach chugam, ó Shasana. Osclaíodh an litir. Fuarthas na gearrthóga, agus níor fágadh agam iad, agus bhí mé trí nó ceithre bliana is fiche, ag an am! Ach b’in iad na rialacha, agus bhíomar ina gcleachtadh. Ach le filleadh ar na meánscoileanna arís…

Ní call dom a rá, go mbíodh cleachtaí faoi leith againn don Domhnach, chuile sheachtain. Chaithimis an mhaidin ar fad, suas go dtí am dinnéir, ag gabháil do chúrsaí creidimh, idir staidéar agus ranganna. Bhíodh deis ag údaráis na scoileanna béim faoi leith a leagan ar ár bhforbairt spioradálta, i rith an ama sin. Chomh maith le sin, chuirtí comhairle faoi leith orainn, go rialta, agus leagtaí os ár gcomhair amach, tréithe an mhic léinn fhoirfe, chríochnaithe, le bheith mar mhúnla againne, ag súil go ndéanfadh muid mar a dhéanfadh an múnla sin!

Theastaigh uathu freisin, go mbeadh miotal sna cnámha againn, agus chuige sin, bhídís dian go maith orainn, agus bí cinnte nach ligfidís duine ar bith saor ó phionós, dá mbeadh a leithéid tuillte aige, trí rialacha na scoile a bhriseadh, nó tri thada eile dá leithéid a dhéanamh. B’in an fáth ar baineadh úsáid asainn mar spailpíní fánacha, le seo agus le siúd a dhéanamh. Am ar bith a raibh obair chrua, mhaslaitheach, le déanamh, bí cinnte go mbainfí úsáid as na hábhair sagairt le sin a dhéanamh. Thógtaí amach ar shiúlóid sinn, chuile Dhomhnach, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh muid tuirseach, traochta, sáraithe, i ndiaidh na siúlóide céanna sin. Níorbh aon dóichín in aonchor é, idir ocht agus deich mile slí a shiúl, tráthnóna Domhnaigh. Ag an am gcéanna, bhíodh fáilte againn roimh na siúlóidí céanna sin, nó, dá mbeadh sagart cineálta inár mbun, thabharfadh sé cead dúinn dul isteach i siopa eicínt, fan na slí, le milseáin agus seacláid, agus torthaí, b’fhéidir, a cheannacht, nó cosúil le déagóirí an tsaoil mhóir, bhíodh ocras tar éis altaithe orainne, chuile lá! Dá chruthú sin, nach minic a léimfheadh duine againn thar chlaí isteach i ngort turnapaí le turnapa a ardú leis, lena a ithe, fan an bhealaigh abhaile!

Bhí nós againn i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, dul ar thruas fada, uair amháin sa bhliain. Bhí cnoc ard píosa maith ón gColáiste, Cnoc Spolgadáin a thugtaí air, agus b’in ár sprioc, ar an lá áirithe sin. Níl mé cinnte anois cé chomh fada ó bhaile is a bhí sé, ach cheapfainn go raibh sé deich míle ó bhaile, ar a laghad. Ba í cuspóir na siúlóide sin, nó leis an miotal úd a chur sna cnámha againn, ach geallaimse dhuit é, gur bheag dalta inár measc, a bhain taitneamh, nó tairbhe, as an aeraíocht chéanna sin. Ní bhíodh againn dá bharr, go hiondúil, ach cloig agus spuaiceanna! Ní bhíodh muid tagtha chugainn fhéin arís, go ceann seachtaine ina dhiaidh sin. Bí ag caint ar mhiotal sna cnámha! Cuimhnigh freisin ar an obair go léir sin a dhéanaimis, chuile thráthnóna, geall leis, ag glanadh fiailí, agus ag gíotáil bóithre na scoile, ag leagan crann, agus ag scoilteadh adhmaid. Ní bhíodh ar dhaltaí sna gnáth-meánscoileanna obair dá leithéid a dhéanamh, geallaimse dhuit é! Ach smaoinigh ansin, go rabhthas dár n-ullmhú don tsagartacht, agus tuigfidh tú cén fáth a rabhthas chomh dian sin orainn.

Ach bog nó dian, ní raibh ionainne ach gnáthógánaigh, agus an daonnacht chéanna ionainne, is a bhí i ngach ógánach eile dár gcomhaois. Bhí a shliocht orainn, nó bíodh gur deineadh chuile iarracht ar mhanaigh fhoirfe a dheanamh dinn, bí cinnte, go raibh fonn diabhlaíochta orainne, rud a d’fhág na hiarrachtaí céanna sin gan éifeacht, minic go leor. Breathnaigh ar an gcaoi ar thug fear againn buidéal fíona leis, ar aeraíocht a bhí againn go Cóbh Chorcaí, agus ar an gcaoi ar bhlais dream beag againn de, agus gurbh é toradh a bhí ar an eachtra sin, nó go raibh seisear, nó mar sin dínn, maith go leor, tar éis an óil. Ní raibh cead againn toitíní a chaitheamh, ach bíodh nach raibh fhéin, bí cinnte go mbíodh an corrphuth againn, os íseal, am ar bith a dtugtaí an deis dúinn. Féach freisin, an chaoi a ndéanaimis úrscealta, agus a leithéid, a léamh, i ngan fhios, le linn am staidéir, nó faoin bpluid, san oíche, le cabhair ó sholas tóirse. Sea, agus corruair, d’fhanadh fear againn sa leaba ar maidin, ag ligint air go raibh sé go dona tinn, nuair nach mbíodh faic na fríde air, ach easba codlata. Ach tríd is tríd, bheadh sé níos deacra rud dá leithéid a dhéanamh inár meascna, ná mar a bheadh sé a leithéid a dhéanamh sa ghnáthmheánscoil, ag an am. Nó bhí slí iompair faoi leith inár measc-na. Ní raibh teach sábháilte inár measc, le coimirce a chur ar fáil don lucht míghníomha, agus sa tslí sin, bhí seans i bhfad níos fearr ag údráis ár scoileanna teacht suas leis an té a bhí ag dul ar strae, agus freisin, leis an té a bheadh ag iarraidh a chomhscoláirí a mhealladh síos bóthar a n-aimhleasa. Is dócha, mar sin, go gcaithfidh mé a admháil, ar deireadh thiar, gur éirigh, tríd is tríd, leis an gcóras smachta, agus traenála, a bhí in úsáid sna scoileanna s’againne, agus ar an mórgóir, gur cuireadh an smacht sin i bhfeidhm go ceart, cóir, carthannach, cé gur fíor, go ndeachaigh an corrdhuine, anseo is ansiúd, thar fóir, ina dhúthracht le sinn a chur ar chasán ár leasa. Ag breathnú siar ar na laethe sin, agus ar na daoine sin, anois, ní féidir liom a rá go bhfuil fearg nó fuath fanta sa chroí istigh ionnam do dhuine ar bith, a bhí i mo bhunsa, nó de bharr tada ar bith a deineadh dom, le linn dom bheith ag freastal ar na meánscoileanna sin. Ach ar an dtaobh eile den scéal, ba mhaith liom anois mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do na múinteoirí uilig, a raibh baint ar bith acu liomsa, le linn dom bheith faoina gcúram. Ba ghnáthdhhaoine iad siúd freisin, agus tá mé cinnte, gur chuireamar le báiní, agus le buile iad, minic go leor, na laethe úd, nó níorbh aon aingil ar thalamh sinne, geallaimse dhuit é.

Ach, fágaimis é siúd mar atá sé, do thuras na huaire seo

.

  .

.

gaGaeilge