.

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 11

.

I Meán Fómhair na bliana 1945, thug mé aghaidh ar Nóibhíseacht an SMA, i Cloughballymore House, láimh le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe. Mhínigh mé cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach Mór céanna sin, fear a d’éirigh as an tsaighdiúireacht san India agus é na Leifteanantchoirnéal sna Connaught Rangers, reisimint de chuid Arm na Breataine, ag an am. Ar ball, tar éis dá bhean bás d’fháil, agus é fágtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh sé ar a Theach Mór a bhronnadh ar an SMA, mar Nóibhíseacht, rud a bhí ag teastáil go géar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an míle dícheall, ag iarraidh Cúige neamhspleách den Chumann sin, a bhunú anseo in Éirinn. D’fhan an Cunta fhéin, ar deineadh ball onórach den SMA de, ina chónaí sa Teach Mór sin go dtí gur dáileadh an chré leis. Ní call dom a rá, go raibh chuile eolas againne faoin gCunta céanna sin, nó bhíodh se inár bpaidreacha chuile lá. Ach le filleadh ar mo scéal féin…

Ba bheag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí taistil sa tír seo, ó chéadthaistil mé go Wilton, Chorcaí, trí bliana roimhe sin, agus dá bhrí sin, b’éigean dom dhá lá a chaitheamh ag taisteal ó bhaile na Druime, go Teach Cloughballymore. Ní call dom a rá, go mba mhall, tuirsiúil, leadránach, an turas é, ach i ndeireadh na feide, shroich mé cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bhí duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt ó stáisiún na traenach ansin, go dtí an Nóibhíseacht. Ni capall agus jaunt, nó carr cliathánach, a bhí aige seo, faoi mar a bhíodh i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Níorbh ea mh’anam, ach carr breá galánta. Tharla go raibh beirt, nó triúr eile, ag dul ar an aistear céanna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr breá, galánta. Fear íseal, tanaí, greannmhar, ba an sagart seo, agus bhí stad ann, ach taobh amuigh de sin, b’fhear lách, geanúil, cairdiúil, é, agus ollamh cliste, léannta, eolgaiseach, freisin.

Ní call dom a rá, nach raibh seomraí dár gcuid fhéin le fáil againn sa Nóibhíseacht sin, ní raibh, muis! Ní raibh againn ach suainliosanna móra, fuara, folamha. Tugadh a leaba fhéin do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acairí, agus éadaí, a bhí againn, isteach i gcóifrín a bhí ag taobh na leapan, ag chuile dhuine againn. Nuair a bhí an gnó sin déanta againn, tugadh ar chuairt na Nóibhíseachta sinn. Bhí ansin, in éineacht leis na suanliosanna, bhí Aireagal breá, fairsing, galánta; agus seomraí ranga, maraon le halla ollmhór staidéir. Teaspáineadh an Bhialann mhór, fhairsing, dúinn freisin, agus diabhal locht ar bith a fuaireamar ar an Halla mór céanna sin! Ní lampaí pearaifín a bhí á n-úsáid sa bhfoirgneamh seo, níorbh ea mh’anam, ach soilse gléigeala leictreacha. Tugadh spléachadh dúinn freisin, ar chuid den Teach Mór fhéin, mar a raibh parlúis, seomraí feithimh, agus seomraí na sagart, suite. Samhlaíodh domsa, ach go háirithe, go mba neamhaí an t-ionad é an Nóibhíseacht álainn seo, i Cloughballymore House.

B’álainn go deo an suíomh a bhí ag an bhfoirgneamh álainn seo. Sea, agus nárbh iad na boic mhóra a bhí in ann suíomh feiliúnach, feiceálach, a fháil dá dtithe? Páircaeanna agus bóithríní spéisiúla tríothu, a bhí thart ar an gColáiste seo. Coláiste a bhí againn anseo, cinnte, ach ag an am gcéanna, ba Nóibhíseacht é, agus b’in é príomhghnó an ionaid seo. Dhéanfaí chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a léiriú, agus a mhúineadh, do chuile Nóibhíseach, le linn an ama a chaitheadh sé ansin. Cinnte, mar adúirt mé, ba Choláiste é, agus mhúinfí Fealsúnacht dúinn freisin, agus dár ndóigh, nach breá a raghadh an péire sin, an Fhealsúnacht, agus an Nóibhíseacht, le chéile, i múnlú spioradálta na Mac Léinn, san institiúid sin.

Bhí rainse mór ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i ndáiríre, níor thalamh maith é an chuid ba mhó de, nó ba chosúil le tírdhreach boireannach é. Ag an am gcéanna, bhí páirceanna breátha, goirt mhéithe, agus cimíní mealltacha, le fáil anseo is ansiúd sa rainse sin. Bhí an chosúlacht air, go raibh na céadta agus na céadta acra sa rainse céanna sin, agus anois is arís, nuair a bhíodh lá saoire nó a leithéid d’ócáid againn, théimis ag fánaíocht tríd an rainse céanna sin, agus nach orainn a bhíodh an t-áthas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhreá mhór de chapaillíní Chonamara, ag réabadh leo thar na carraigreacha, nó bhí seansagart ag cur faoi sa Nóibhíseacht sin, sparánaí na hinstitiúide, a raibh spéis an domhain aige sna capaillíní céanna sin, agus dhéanadh seisean iad a phórú agus a thógáil ar fheirm an Choláiste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fhéin faoin chaoi ar éirigh leis na beithigh sin teacht i dtír ar thalamh chomh bocht, neamhthorthúil, nó ba bheag fásra a bhí le fáil acu sa timpeallacht fhiáin sin, ní raibh le fáil acu, ach cibé a bhí ag fás idir, agus i measc, na gcarraigreacha.

Ach, ní raibh na cúrsaí sin ag cur as dúinne, an lá breá sin i bhFómhar na bliana 1945, an lá úd ar chéadleag muid spág ar thalamh Cloughballymore, in aice le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.

Ní raibh an oiread sin difríochta idir an Nóibhíseacht seo, agus na Coláistí úd, ar dhein mé freastal orthu, sna blianta roimhe sin. Ba é an leagan amach céanna a bhí ar chúrsaí ansin. D’éirímis ar a sé a chlog ar maidin, chuile mhaidin, ach amháin, nuair a bhíodh saoire de chineál eicínt againn, nuair a d’fhágtaí sa leabha sinn, go dtí an seacht! Ansin, bhíodh paidreacha, Aifreann, glanadh, snasadh, agus a leithéid, ar chlár na maidine dúinn, roimh an mbricfeasta. Seal gairid ansin ag siúl timpeall, ag déanamh caitheamh aimsire dúinn fhéin, agus ina dhiaidh sin, bhíodh ranganna, agus cúrsaí spioradálta idir chamáin againn go ham lóin. Ba chosúla le léachtaí Ollscoile ár ranganna, faoin am seo áfach, nó bhí cead faighte againn ó Ollscoil na Gaillimhe, cuid mhaith dár léachtaí a fhreastal, istigh ansin sa Nóibhíseacht s’againne, ar choiníoll go ndéanfaimis freastal ar léacht, nó dhó, sa tseachtain, istigh san Ollscoil fhéin. Ba é an sárscoláire, agus an fealsamh aithnidiúil, ildánach, an tAthair Félim Ó Briain, a bhí mar Ollamh, agus mar threoir, againn, istigh san Ollscoil. I ngluaisteáin a théimis chun na hOllscoile, i nGaillimh, ar na hócáidí sin, chuile sheachtain, agus bhainimis toit agus spraoi as na hócáidí céanna, nó bhíodh deis againn cuairt a thabhairt ar shiopaí, le rudaí ar nós milseán agus brioscaí a cheannacht, agus geallaimse dhuit é, gur géar a bhí na hearraí céanna sin ag teastáil uainn, ag an am, nó bíodh go raibh muid thart ar scór bliain d’aois, ag an am, ní raibh muid chomh haibí, glic, is a bheadh daoine dár gcomhaois, a mbeadh cónaí orthu, amuigh sa saol mór. Ar an dtaobh eile den scéal, thaitin an staidéar agus na léachtaí thar barr liom fhéin, agus ní call dom a rá, gur ar Onóracha sa Chéim a bhí m’aire fhéin dírithe. Is dócha go bhféadfá a rá freisin, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, i gcúrsaí spioradálta na Nóibhíseachta. Níorbh aon ionadh sin, ar bhealach, nó nár fáisceadh mé fhéin as pobal spioradálta? Agus nach raibh an creideamh go beo, láidir, i measc na muintire ar díobh me?

Bhí rud amháin áfach, nach raibh ró-éasca a dhéanamh, agus b’in comhairle na n-uachtarán a leanúint, gan cheist, i gcónaí, gan eisceacht ar bith, cuma cé acu cheap tú fhéin go mba amadán críochnaithe é an t-uachtarán céanna sin! Is cuimhin liom go mbíodh leabhar faoi chúrsaí spioradálta ar an gcúrsa againn, leabhar le fear, dárb ainm Rodriguez, ba ea é, mura bhfuil dul amú orm, agus bhí samplaí den umhlaíocht ghaisciúil sin le fáil ann. Seo mar a bhí i gceann acu… Tharla uair amháin, gur tháinig fear óg isteach i mainistir, le bheith ina mhanach. Glacadh leis, agus choinnigh an tAbb súil ghéar air, ar feadh roinnt laethanta. Anois, ba fheirmeoir an fear óg, sular thainig sé chun na mainistreach, agus le humhlaíocht chróga a mhúineadh dó, ba é an cleachtadh a thug an tAbb dó, nó plandaí cabaiste a chur sa cheap cabáiste, ach in ionad iad a chur mar a chuirfeadh feirmeoir iad, dúirt an tAbb leis, iad a phlandail bun os cionn, sa chaoi go mbeadh na fréamhacha in airde san aer aige. Mura mbeadh sé sásta sin a dhéanamh, thabharfaí bata agus bóthar dó, nó ní bheadh sé umhal dá uachtarán, agus sin bunchloch, agus cloch phreachain, shaol na mainistreach. Bhí scéal eile le léamh sa chuid chéanna den leabhar sin, faoi Abb eile, a raibh cleas difriúil aige, le humhlaíocht a mhúineadh dá nóibhísigh. Bhíodh manach óg eile ag obair sa gharraí arís, ach an babhta seo, is amhlaidh a thug an tAbb a mhaide siúil dó, agus d’iarr air, é a phlandáil sa chré, agus ansin, teacht ar ais, chuile lá, á uisciú, faoi mar ba phlada beo é. Bhuel, i gcás an nóibhísigh óig seo, rinne sé mar adúradh leis, agus thagadh sé, chuile lá, leis an mbata siúil a uisciú, agus tar éis míosa, nó mar sin, i mbun na ceirde sin, is amhlaidh a chuir an bata siúil fréamhacha uaidh agus d’fhás ina phlanda álainn sa gharraí dó. Ba chomhartha é sin, go raibh Dia sásta le leibhéal umhlaíochta an nóibhísigh sin. Anois, ní raibh sna samplaí sin ach scéalta, ach múineadh dúinne go naomhódh umhlaíocht dá leithéid sinn, agus moladh dúinn, aithris a dhéanamh ar an gcineál sin iompair. Ag an am, tá mé cinnte, gur ghlac mé fhéin leis, chomh maith le duine, gur chóir dom an chonair sin a leanúint. Agus tá mé cinnte freisin, go mba ghnáth mhúineadh é sin, i gCliarscoileanna na tíre, ag an am. Ní hé mo thuairim áfach, go leanfadh nóibhísigh an lae inniu an chonair chéanna sin, agus b’fhéidir nár mhiste dóibh sin.

Anois, bíodh go mbíodh an-chuid ama le caitheamh againn, ag guí, ag staidéar, agus ag obair, ní hionann sin is a rá gur deineadh dearmad ar chluichí, nó ar chaitheamh aimsire. Níor deineadh, muis! agus bhíodh cluichí againn cupla uair sa tseachtain. Bhíodh peil, iomáint, sacar, agus rugar corr uair, againn. Déarfainn go raibh caighdeán réasúnta ard sroichte againn sna cluichí céanna sin, go háirithe sna cluichí Gaelacha, nó bhí beirt dár nóibhísigh ag imirt ar fhoireann Mhaigh Eo, ag an am sin. Sea, mh’anam, beirt Iorrasach, agus beirt dearthár de mhuintir Mhic Aindriú, agus nach bhfuil fhios ag an saol mór, go mba Bhairéadaigh iad muintir Mhic Aindriú, leis na cianta! Ach nár chuma faoin gcaighdeán. Bhainimis spórt agus spraoi as na cluichí céanna sin, agus bíodh gur chrua a d’imríomar chuile chluiche, ba chrua i bhfad Éireann fós, a d’imríomar na Cluichí Cúige a bhíodh againn ar chuile Lá ‘le Pádraig. Mar a mhínigh mé cheana, bhíodh mic léinn againn ó chuile chearn den tír, agus ó chuile chúige de chúigí Éireann, agus ansin, uair amháin sa bhliain, d’imrímis cluichí idirchúigíocha, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh fuil agus feannadh ag gabháil leis na cluichí céanna sin, chuile bhliain! Ach, bíodh gur mar sin a bhí, níor chuir na húdaráis ina gcoinne riamh, is dócha gur cheap siad, nárbh olc an rud é, uair amháin sa bhliain, deis a thabhairt dúinne, ár racht a ligean amach, leis na spéartha a ghlanadh, faoi mar adéarfadh duine!

Níl fhios agam, conas a dheintear Nóibhíseachtaí a stiúradh, na laethe seo, ach nuair a smaoiníonn tú air, nárbh ait an traenáil a thugtaí d’fhir óga, an tráth úd, le saol an tsagairt a chaitheamh. Thógtaí isteach san institiúid sin é, ar feadh dhá bhliain, geall leis, agus i rith an ama sin uilig, choinnítí glan scartha é ón saol mór thart air. Ní ligtí dó nuachtáin a léamh, nó eisteacht leis an raidió. Choinnítí uaidh amach chuile thionchar ón dtaobh amuigh, sa chaoi go bhféadfadh sé a anam a mhúnlú ar bhealach spioradálta, ar bhealach a bheadh neamhspleách ar fhórsaí truaillitheacha an tsaoil truaillithe seo. Anois nílim ag maíomh anseo, go bhfuil bealach níos fearr ná sin le moladh agamsa, nó níl, ach, ag an am gcéanna, nach gcuirfeadh a leithéid de leagan amach duine ag smaoineamh? B’fhéidir go gcuirfeadh, ach, níor chuir sé sinne ag smaoineamh fan an bhealaigh sin, an tráth úd. Ghlacamar go huile is go hiomlán leis an gcóras sin, faoi mar a bhí. Mholamar an t-áth mar a fuaireamar. Tuige nach ndéanfadh? Nár mhínigh mé dhuit thuas, faoin umhlaíocht úd a dhéanfadh bata siúil a uisciú, chuile lá, go dtí go bhfásfadh sé! Nuair a bhreathnaím ar na cúrsaí sin anois, feictear dom go raibh a gciall fhéin acu siúd a dhréacht na bealaí sin le léann an tsagairt a chur ar dhuine, ach ag an am gcéanna, ní féidir liom éaló ó na laigí a bhí de dhlúth agus d’inneach, sa chóras céanna sin. Cuimhnigh anois, go ndeachaigh mise isteach i Cloughballymore House, i Meán Fómhair na bliana, 1945, agus an scór sáraithe agam ag an am, agus coinníodh istigh ansin mé, go dtí Meitheamh na bliana 1947. I rith an ama sin go léir, níor ligeadh abhaile ar saoire nó tada dá leithéid mé. Geallaimse dhuit é, go mba fhada an t-achar é sin, d’fhear óg ar bith, a bheith scartha óna phobal, agus óna mhuintir. Ag breathnú siar arís, feictear dhom anois, go n-oirfeadh an cineál sin oiliúna don té a mbeifí á ullmhú lena shaol a chaitheamh i mainistir, mar bhall dOrd Crábhaidh, ach ar ullmhaigh sé duine lena shaol a chaitheamh ar na misin choigríche? Bhuel, sin sceal eile ar fad, agus b’fhéidir gur chóir dul siar arís go fréamhacha an Chúige Éireannaigh den SMA, agus an tionchar a bhí ag baill na Fraince den Chumann sin, ar bhunú an SMA anseo in Éirinn, agus ar a gcur chuige siúd, i gcúrsaí oiliúna, agus traenála dá misinéirí. Ach tá faitíos orm, go bhfuil scéal mhadra na n-ocht gcos déanta agam de scéal seo na nóibhíseachta, ach b’fhéidir, ar an dtaobh eile den scéal, gur thug sé deis dom, cuid de mo smaointe ar an ábhar seo a léiriú anseo dhuit! Ach arís, sin scéal eile, do lá eicínt eile. Bí liom arís sa chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar chuid de na heachtraí a bhain dom, le linn dom bheith im nóibhíseach i Cloughballymore House, i gContae na Gaillimhe. Ach ar chraiceann do chluaise, ná déan dearmad ar sin a dhéanamh , nó tá ualach asail de scéalta agam, faoin dá bhliain sin, a chaith mé san institiúid chéanna sin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge