E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 12

.

Tá roinnt seachtainí caite, ó scríobh mé an chaibidil deiridh, agus i rith an ama sin, bhí mé ag iarraidh roinnt áirithe cuimhní agus eachtraí a ardú ó ghrinneall loch na gcuimhní, áit ar fhan siad go ciúin, réidh, socair, ó mhaireas iad, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin anois. Labhair mé cheana, faoin rainse mór talún a bhí mar fheirm ag an gColáiste úd “Cloughballymore”, taobh le hArd Rathain, i gContae na Gaillimhe. Níor den scoth é, mar rainse, mar a mhínigh mé cheana dhaoibh, nó ba thalamh, cosúil le Boireann an Chláir é, den chuid is mó, ach anseo is ansiúd, bhí páirceanna breátha féarmhara, agus goirt torthúla, mhéithe, tugtha chun míntíreachais ag lucht an Choláiste, trí spreacadh a gcnámh agus trí hallas a malaí. Minic freisin, a mbaintí úsáid as ár gcúnamhna, ag cur scoilteán, agus ag baint an fhómhair sna páiraceanna agus sna goirt chéanna sin, sea, agus thugaimis cúnamh freisin, nuair a thagadh tráth buailte an arbhair ba thoradh ar na goirt chéanna sin. Ach, tá na céapair sin mínithe agam daoibh cheana, agus bíodh nár thaitin an cineál sin oibre liom fhéin, olc, maith, nó dona, tharla go raibh múchadh ag cur orm, an tráth sin, níorbh ionann sin is a rá, nach raibh orm déanamh mar adúradh liom, nó má théann tú le saighdiúireacht, caithfidh tú na bróga a chaitheamh, agus an raidhfil a iompar.

Anois, ba Nóibhíseacht é Coláiste Cloughballymore, agus bhí ar chuile dhuine againn dhá bhliain, as a chéile, gan gnáthlaethe saoire, a chaitheamh ansin, le linn dúinn bheith ag foghlaim cheird na sagartachta. Ní hionann sin is a rá, nach mbíodh aon laethe saoire, in aon chor, againn, nó bhíodh, ach bhíodh orainn na laethe saoire céanna sin a chaitheamh sa Choláiste! Bhíomar inár bhfir óga, ag an am, thart ar an scór bliana d’aois, agus caithfidh mé a admháil, go mbíodh cumha ár ndóthain orainn, um Nollaig, go háirithe, agus cuimhnigh go mbíodh orainn dhá Nollaig a chaitheamh ar deoraíocht ansin i gCloughballymore na Gaillimhe. Chaitheadh muid roinnt mhaith ama ag déanamh mhaisiúcháin Nollag do na Hallaí Móra loma, agus don Aireagal freisin. Chaitheadh muid laethe fada ag cur duilleoga agus caora cuillinn ar shnáitheanna, len iad a chrochadh mar mhaisiúcháin, thall is abhus. Bhíodh orainn dul amach ar an iargúl, leis na toir áirithe Nollaigiúla sin, a fháil, is a bhaint. Fad is a bheadh sin ar siúl ag buíon amháin, bheadh dream eile ag déanamh maisiúchán áille as páipéar daite. Nuair a bhíodh chuile shórt crochta, ceangailte, feistithe, againn, geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair an áit s’againne a shárú, chomh fada is a bhain sé le maisiúcháin, agus le hornáidachas. Ba mhór an chabhair an obair sin uilig dúinne, le cúl a chur ar an gcumha ollmhór a bhíodh orainn, nó i ndáiríre, níor tugadh mórán deise dúinn teacht in inmhe, nó aipiú, mar adéarfá, riamh, nó ba bheag cead a tugadh dúinn ár mbreith fhéin a thabhairt ar ábhar ar bith faoin spéir, ach muid de shíor ag brath ar uachtaráin, leis an ngnó sin a dheanamh dúinn. Ní call a rá, ach oireadh, go gcaitheadh muid roinnt mhaith ama freisin, ag ullmhú liotúirge, agus ceoil, le Féile na Nollag a cheiliúradh, mar ba cheart agus mar ba chóir.

Bhíodh saoire againn freisin um Cháisc, agus arís, chaitheadh muid an-chuid ama, ag ullmhú do na searmanais uilig, a ghabh le ceiliúradh na Cásca, faoi mar a dheintí í a cheiliúradh, faoin tseanreacht, roimh an Dara Comhairle Vatacáineach. Mór go deo idir na searmanais sin, agus na searmanais faoi mar atá againn, sa lá atá inniu ann. Leor dom a rá, go maireadh cuid de na searmanais sin thart ar thrí huaire a choig, maidin is tráthnóna. Thógadh sé an-chuid ama leis na searmanais sin a chleachtadh, agus leis an gceol a ghabh leo, a ullmhú, sa chaoi nach mbeadh bun cleite amach, nó barr cleite isteach, nuair a thagadh an crú ar an tairne. Bhíodh deiseanna againn le linn na laethe saoire úd, ceol a chleachtadh, scileanna úsáideacha a fhoghlaim, agus cruinnithe a sheoladh freisin.

Ar deireadh thiar, thagadh Saoire an tSamhraidh, agus arís, chuireadh sé sinne ag smaoineamh ar ár muintir fhéin sa bhaile, ach faoin am sin, ní bhíodh an cumha chomh dian sin ar fad, nó bhíodh muid bainte den chíoch, d’fhéadfá a rá, agus muid ag iarraidh ár slí fhéin a dhéanamh sa saol corraitheach a bhí thart orainn. I dtús an tSamhraidh, bhíodh Cúrsa Spioradálta le déanamh againn, agus ní gnáth chúrsa spioradálta atá i gceist agam anseo, ach cúrsa spioradálta a mhair ar feadh triocha lá, ag déanamh aithrise ar an tráth a chaith ár Slánaitheoir ag troscadh sa bhfásach. Cheapfadh duine go mbeadh cúrsa dá leithéid an-dian ar fhear óg, ach, tar éis roinnt laethe, thiocfá isteach air, agus bhainfeá idir thairbhe agus thaitheamh as, uaidh sin amach. Ba é an príomhrud a bhí idir chamáin againn, le linn an chúrsa chéanna sin, nó rogha a dhéanamh, idir an mhaith agus an t-olc. Tá dhá arm ansin, agus caithfidh tú dul le taobh amháin, nó leis an dtaobh eile, nó “an té nach bhfuil Liom, tá sé im’ choinne”. Tá dhá mheirge amuigh ansin, agus caithfidh tú slógadh faoi mheirge amháin, nó faoi’n meirge eile. Sea, mh’anam, caithfidh tú taobhú le Dia, nó le diabhal. Tar éis do dhuine, thart ar mhí a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag machtnamh, ar na hábhair dhoimhne, bhunúsacha, sin, agus tar éis dó an seal sin a chaitheamh ag guí, ag paidreoireacht, agus ag déanamh a anama, thiocfadh sé amach, ag deireadh an chúrsa spioradálta sin, agus a aigne socraithe, a rogha déanta, agus é meáite ar bhealach a leasa a leanúint feasta, go deireadh a ré. Deireadh feasta, le Tadhg an dá thaobhachas! Chuirfeadh sé i gcuimhne do dhuine, miotal ag teacht amach as an bhfoirnéis, agus é ag spréacharnaigh le gile, ach ní bheifeá ag súil go bhfanfadh an snas sin air go deo, nó bíonn air dul i gcoimhlint leis an saol mór amuigh, agus diaidh ar ndiaidh, cailleann sé a loinnir, agus tagann meirg air. Ba é an scéal céanna againne é, nó ar a laghad, ba é an scéal céanna agamsa é. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!

Nuair a bhí an cúrsa spioradálta sin críochnaithe, bhí seal saoire againn, agus cead againn dul ag déanamh spóirt agus spraoi dúinn fhéin. Théimis ag snámh go minic, nó bhí an fharraige an-chóngarach dúinn, agus bhí céibh bheag ansin, agus roinnt bheag bád ceangailte lei, de ghnáth. Ar ár mbealach abhaile, tráthnóna amháin, chualamar torann eitleáin chugainn isteach thar farraige, isteach thar Chuan na Gaillimhe. Bhí sí ag eitilt an-íseal, agus na rothaí thíos aici. Rinne sí orainn ar lán-luas, nó b’in mar a chonacthas dúinne é, agus an chéad rud eile, bhí sí ag réabadh a slí trí fallaí cloiche agus páircíní, trí ghoirt agus trí mhóinéir. Ar deireadh thiar, stop sí, tar éis do na fallaí cloiche sin na hinnill a stróiceadh aisti, agus tar éis dóibh a bolg a réabadh, faoi mar a theasódh uathu na putóga a ligint lei. Chuamar de ruaig reatha chun an eitleáin sin, agus b’uafásach an radharc a chonaiceamar, Triúr ar fad a bhí de chriú ar an eitleán sin. Piolóta, a chúntóir, agus fear an raidió. Ceart go leor, ní raibh éinne acu marbh, ach mura raibh fhéin, b’olc an crot a bhí ar chuile dhuine acu. Bhí siad gortaithe go holc, agus iad clúdaithe le fuil, ach bíodh go raibh siad lag, lúbach, tar éis na tionóisce sin, rinneadar cinnte de, nach ligfí éinne dínne isteach i gcábán an phiolóta, cibé ciste a bhí á iompar acu, sa chábán céanna sin. D’iarradar orainne cabhair a fháil dóibh, rud a rinneamar, chomh tapaidh agus a d’fhéadfaimis. Tháinig na gardaí, gan mórán moille, agus rinneadarsan a raibh le déanamh acu, agus thugamarna an Coláiste orainn fhéin, ach ní gan chuimhneachán a d’imíomar. Thógamar lann liáin an eitlleáin abhaile linn, go Cloughballymore, agus roinnt laethe ina dhiaidh sin, d’éirigh linn an lann chéanna sin a shocrú i gcoincréit, in aice an Choláiste, mar chuimhneachán ar an eitleán úd, a thuairt in aice le cuan na Gaillimhe, sa bhliain sin 1946. Mhínigh na heitleoirí dúinn, nach raibh siad ar mhisin troda, nó tada dá leithéid, tharla go raibh an cogadh thart ag an am, ach gurbh amhlaidh a raibh an t-eitleán a seoladh thar an Atlantach acu, mar chuid de shocrú idir na Stáit agus Sasana. Ar aon nós, d’éirigh leis na heitleoirí céanna sin na cosa a thabhairt slán leo, an babhta sin, agus cuireadh thar teorainn ó thuaidh iad, áit a raibh ar a gcumas, eitilt ar ais abhaile chuig na Stáit Aontaithe arís. Bhí an t-ádh leo, nó b’olc an taobh tíre a roghnaigh siad le tuirlingt éigeandála a dhéanamh, ach thug an eachtra chéanna sin ábhar cainte dúinne, ar feadh an tSamhraidh sin uilig, agus nach ait mar a fhanann a chuimhne chomh glas sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann?

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’eachtra amháin eile, a tharla domsa, an Samhradh sámh sin, nuair a bhí sú na hóige ag éirí fós sna cnámha istigh ionnam. Mhínigh mé dhaoibh cheana, go raibh de nós againn an fharraige thíos a thabhairt orainn fhéin, bunús chuile lá, i rith an tSamhraidh. Bhuel, bhí duine de na sagairt, a bhíodh inár mbun, ag an am, a bhí an-tugtha don bhfarraige agus do bháid, agus do scór rudaí eile, freisin. Ba shagart breá, groí, Gaelach é, agus ba mhinic a chaitheadh sé an filleadh beag, faoina shútán, ach b’ar na báid agus ar an bhfarraige, a tharraing mé an scéal anseo. Bhuel, bhíodh bád aige thíos ag an gcéibh, in áit ar a dtugaidís “Tarrea”, i mBéarla, agus ba mhinic a bhíodh an seantsagart seo ag iarraidh nósanna agus scileanna na farraige a mhúineadh dúinn. Thógadh sé dream dínn amach sa bhád leis, agus chuireadh sé rialacha na bádóireaachta i bhfeidhm orainn. ‘Ná seas suas i mbád riamh,’ adeireadh sé linn, agus am eile, chuireadh sé iachall orainn na maidí rámha a ligean le ceathrú, agus céad ordú eile, atá dearmadta agamsa anois leis na blianta, ach ba throm na clocha ar mo phaidrín iad, ag an am. Bhuel, tharla lá amháin, nach raibh an tAthair Billy ar an bhfód, agus nuair a chuaigh ár gcomrádaithe arais chun an Choláiste, i ndiaidh doibh seal a chaitheamh ag snámh, d’fhan mé fhéin agus triúr eile ina ndiaidh, ag an gcéibh, nó bhí fúinn babhta bádóireachta a dhéanamh, linn fhéin, le cleachtadh a fháil amuigh ar an ndomhain. Bhí socraithe againn freisin, seal a chaitheamh ag iascaireacht sa bhá, nó bhí na ronnaigh chomh flúirseach, an t-am sin, gur bheag nach léimfeadh siad isteach sa bhád chugat. Bhí ceataí bheag sa scéal áfach, nó ní raibh leapacha iomartha nó cnogaí ar bith againn, leis na céaslaí a choinneáil socair, le linn dúinn bheith ag iomramh. Ach b’fhear cúramach, údarásach, éifeachtach é an tAthair Billy, agus bí cinnte de, nach bhfágfadh seisean na leapacha iomartha ina bhád, ar eagla go ndéanfaí iarracht ar a bhád a thógáil gan chead. Céard a bhí le déanamh againne áfach? Theastaigh tréimhse bádóireachta uainne, agus nach cuma nó muc fear gan seift. Bhuel, ba é a shocraigh muid, nó na maidí rámha a cheangal le piosa de rópa, ar ár mbealach trasna, agus ansin, tuigeadh dúinn, go dtabharfadh na hiascairí thall ar an dtaobh eile den chuan, go dtabharfadh siad leapacha iomartha dúinn, don turas ar ais. Bhí go maith. Bhí an bá chomh ciúin le pána gloine, agus chuamar trasna gan aon ró-dheacracht. Ach, ní mar a shíltear a bhítear, i gcónaí, agus ba é an dála céanna sin againne é, nó nuair a chuamar i dtír thall, agus nuair a thosaíomar ag cuardach leapacha iomartha, nó cnogaí, ba scéal eile ar fad é, nó thíos nó thuas, thall nó abhus, ní raibh fáil ar leapacha iomartha nó cnogaí. Ní raibh fáil orthu ar ór, nó ar airgead. Is dócha nár tugadh mórán airde orainne, mic léinn, nó ar ár scéal. Bhí an tráthnóna ag dul i ndéanaí, agus tuigeadh dúinn, gur chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar “Tarrea” arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an trá thall sin a bhaint amach, ar ais nó ar éigean. Is dócha gur tuigeadh dúinn, ag an am, nach raibh an dara rogha againn, ach tabhairt faoin turas céanna sin. Rinneamar amhlaidh, ach mo bhrón is mo mhilleadh, mar adeireadh na scéalaithe fadó, ba ghearr gur éirigh an ghaoth, agus gur tóigeadh an fharraige, dá bharr. Geallaimse dhuit é, go raibh sé an-deacair coimeád ciúin, agus leanúint den rámhaíocht, nó bhí báidín bocht Bhilly ag éirí is ag titim ar ucht na dtonn. Caitheadh na rópaí, leis an síor-iomramh, agus b’éigean dúinn ansin, na maidí rámha a úsáid, mar a dhéanadh na hIndiaigh lena gcurracha siúd a iomramh, má b’fhíor do na scannáin! Ach, i ndeireadh na feide, bhaineamar an ché amach, agus muid scanraithe, sáraithe, suncaithe, go maith. Rinneamar an bád a fheistiú, mar ba chóir, agus thugamar an bóthar go dtí an Coláiste orainn fhéin. Bhíothas díreach réidh ansin, le scéala a chur chuig na gardaí, sul a raghaidís fhéin amach dár gcuardach. Ní call dom a rá gur tugadh íde na muc is na madraí dúinn, ach tuigeadh do chuile dhuine againne, go raibh an sciolladóireacht sin tuillte, agus tuillte go maith againn, agus dá bhrí sin, níor dhúirt muid cat dubh, nó cat bán, leis na huraráis, a thug an léasadh teanga sin dúinn. Ar aon nós, níor cuireadh an ruaig as an gColáiste orainn, láithreach bonn, ach dúradh linn, bualadh le hUachtarán an Choláiste, an tráthnóna dár gcionn, lena bhreith siúd a chlos. Ní call dom a rá, gur bheag lá a bhí chomh fada leis an lá ar na mhárach sin, ach ar deireadh, tháinig an t-am spriocáilte, agus bhíomarna ag creathadh linn ag doras an Uachtaráin. Ligeadh isteach sinn, agus tar éis don Uachtarán an scéal ar fad, faoi chomh hamaidí, agus chomh contúirteach, is a bhí an beart a rinneamar, dúirt sé linn, gurbh é a thuairim fhéin, go raibh ár sáith fulaingthe againn cheana féin, agus chomh maith le sin, tuigeadh dó, go raibh chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ár gceacht foghlamtha againn, agus nach ndéanfadh muid beart chomh hamadánta sin go deo arís, lig sé ár gcosa linn, ar choinníoll go bhfanfadh muid glan amach ó na báid, fad is a bhíomar ag freastal ar Choláiste Chloughballymore. Gheallamar dó go bhfanfadh, agus b’in deireadh leis an eachtra mhí-ámharach sin. Agus caithfidh mé a admháil anseo anois, go raibh ár gceacht foghlamtha againn, nó ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, ní dhearna mise, nó éinne eile den bhuíon, chomh fada is is feasach mé, iarracht ar bith ar bhád gan leapacha iomartha, nó cnogaí, a thógáil ar iasacht, le cuan nó le bá a thrasnú!! Agus tá chuile chosúlacht ar an scéal anois, nach bhfuil baol ar bith ann, go ndéanfaidh mé a leithéid, sna blianta atá romhainn amach, ach oiread..

.

.

gaGaeilge