cur chuige, approach; inchurtha, comparable; ábhar éigeantach, a compulsory subject; riarthóir, trustee; riar orthu, to serve them; oíche áirneáin, a night’s visiting; aiféala, regret; ar scor, retired; níos graithí, busier.
.
Retirement at last
Peadar Bairéad
.
A good choice
.
De réir a chéile fuair mé taithí ar shaol agus ar chur chuige Choláiste Chiaráin, agus caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur mhó a thaitin sé liom dá mhéad a chuir mé aithne air. Bheadh sé deacair locht ar bith a fháil ar fhoireann na scoile sin, ag an am, nó bhí chuile dhuine acu cúntach, cabhraitheach, carthannach, agus chuile dhuine acu sásta dua a chur air fhéin le teacht i gcabhair ar an bhfear thall.. Ba é an scéal céanna é i gcás na dtuismitheoirí, a raibh a gclann mac faoinár gcúram. Ó, sea! agus is dócha nach call dom a rá gur fir ar fad a bhí i mbun dualgais sa Choláiste, ag an am sin. Cuir le sin, go mbeadh sé deacair mic léinn iarbhunscoile a fháil, áit ar bith sa tír, ag an am sin, a bheadh inchurtha le daltaí na scoile s’againne, i seascaidí na haoise seo caite. Tháinig mé isteach ar an obair ansin, de réir a chéile, agus ní call dom a rá, nach ag tomhas táirní a bhímis sa Choláiste cáiliúil sin, an tráth úd, ach muid ar ár ndícheall ag iarraidh chuile bhuntáiste scolaíochta a chur ar fáil dár ndaltaí, sa tslí go mbeadh ar a gcumas a mbealach a dhéanamh go réidh trí shráideanna an tsaoil mhóir a bhí ag oscailt rompu amach. D’éirigh go réasúnta maith leis na daltaí a cuireadh faoi mo chúramsa, agus tá’s ag an lá, go raibh sé an-tábhachtach an tráth úd, go n-éireodh go maith le duine sa Ghaeilge, nó b’ábhar éigeantach í sna Scrúduithe Teistiméireachta, an tráth sin. Luigh mé isteach ar an obair, bíodh nach raibh sé éasca sin a dhéanamh i gcónaí. Chuir mé suim, agus dhá shuim, san iomáint, agus ba mhór go deo an taitneamah a bhaininn as bheith ag breathnú ar na Ciaránaigh ag imirt an chluiche sin i gcoinne Scoileanna agus Coláistí eile, sna comórtaisí uilig, agus ó bhliain go chéile.
Ba é deireadh na mbeart é, nó gur chríochnaigh mé mar Leas Phríomhoide ar an gColáiste, post a thaitin thar na bearta liom, agus mar onóir bhreise, deineadh mé a cheapadh mar riarthóir ar an gColáiste ársa, stairiúil sin, an chéad riarthóir neamheaglaiseach riamh ar an Scoil chéanna sin, post atá agam go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
Changed times
Is iomaí athrú a tháinig ar Choláiste Chiaráin ón gcéad lá úd a tháinig mé fhéin is mo chlann isteach trí Gheata Challainn. Cuireadh críoch leis an tseachtain seacht lá scolaíochta do na scoláirí cónaithe, agus ligeadh abhaile iad don deireadh seachtaine, agus chomh maith le sin, tógadh foirgneamh nua, i gcomhar le Ceardscoil na Cathrach, le freastal ar an bhfás a bhí ag teacht ar uimhir ár ndaltaí, in áit bheith ag iarraidh riar orthu sna seomraí réamhdhéanta, a bhí in úsáid againn thar bhlianta fada, agus níos déanaí fós, tógadh sraith seomraí, taobh thiar den Scoil fhéin, le tuilleadh fairsinge a chur ar fáil dóibh. Cuireadh tús freisin le himirt cluichi eile, chomh maith leis an iomáint agus an liathróid láimhe, a bhí á n-imirt ansin, le sinsearacht. Ar ball freisin, fostaíodh mná mar mhúinteoirí sa Scoil, agus dár ndóigh, ba mhór go deo an t-athrú é sin, agus athrú chun leasa na scoile, agus na ndaltaí, ba ea é freisin. I rith na mblianta freisin, tugadh faoi deara, go raibh laghdú ag teacht ar uimhir na ndaltaí ar theastaigh uathu bheith ina scoláirí cónaithe, agus dár ndóigh, ní call dom a rá, gur tháinig an lá nuair a cuireadh deireadh leis an dtaobh sin den Choláiste, sa chaoi nach bhfuil ag freastal ar an scoil sin, sa lá atá inniu ann, ach scoláirí lae ar fad. Athrú ollmhór ba ea é sin, nó is dócha gur athraigh sé go bunúsach córas oideachais na scoile sin, córas a bhí i dtreis le breis is dhá chéad bliain.
The Irish Scene
I rith na mblianta sin a chaith mé im mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, ghlac mé páirt freisin i saol Gaelach na Cathrach seo, mé ag feidhmiú mar mhúinteoir, mar fhile, agus mar Ghaeilgeoir gníomhach. Scríobh mé dánta nuair a bhí gá lena leithéid, le heachtraí Gaelacha a chomóradh, nó le Gael eicínt a chaoineadh. Iarradh orm freisin roinnt áirithe léachtaí a thabhairt ag Daonscoil Osraí, i ndeireadh na seachtóidí, agus i dtús na n-ochtóidí. An Piarsach, MacDonncha, Peig Sayers, agus a leithéid, a bhíodh idir chamáin agam sna léachtaí céanna sin. Chuir mé fáilte oifigiúil, fhileata, roimh na Filí Albanacha, cupla babhta, tráth raibh siad ar chuairt anseo ar Chathair Chill Chainnigh, agus mar chloch phréacháin ar na himeachtaí sin uilig, iarradh orm páirt a ghlacadh, mar fhile, i gCuairt na bhFilí Gaelacha ar Albain. Bhain mé taitneamh agus tairbhe as an gcuairt chéanna sin, agus nár mhór go deo an saothar domsa é, cos a leagan ar shráideanna, agus i mbailte, a mbíodh m’athair agus a chomrádaithe ag scéalaíocht agus ag seanchas fúthu, cois na tine, sa teach s’againne, agus mise im ghasúr ag ól isteach go cíocrach, chuile fhocal dá ndúirt siad, i rith na n-oícheannta fada áirneáin úd fadó.
I rith na mblianta a chaith mé mar Leas Phríomhoide i gColáiste Chiaráin déarfainn gur oibrigh mé níos crua ná mar a dhéanainn agus mé ag feidhmiú mar mhúinteoir ranga, mar ní hamháin go raibh cúramaí an mhúinteora fós orm, ach chomh maith le sin, bhí cúrsaí smachta mar chúram orm freisin, agus bíodh nár mhothaigh mé an cúram céanna sin chomh dian sin ar fad, ag an am gcéanna, bhí gá anois le cumas breithiúnais riachtanach, agus dá bhféadfá sin a phósadh le Cothrom na Féinne, bhí leat, nó dá bhfeicfeadh do dhaltaí go raibh na rialacha á gcur i bhfeidhm go cothrom, féaráilte agat, ghlacfaidís, gan ghearán, le do bhreith. Sílim gur éirigh liom fanacht sa diallait le linn an ráis chéanna sin.
Retirement at last!
Más fada an lá, áfach, tagann an tráthnóna, agus sa bhliain 1988, tuigeadh dom fhéin go raibh an t-am tagtha le dul amach ar scor, agus bíodh go bhféadfainn leanúint liom i mbun mo cheirde roinnt eile blianta, ag an am gcéanna, mhothaigh mé gurbh fhearr éirí as an múinteoireacht ansin, fad is a bhí mo shláinte agus mo mhisneach fós agam, agus tar éis dom dul i gcomhairle le’m bhean is lem’ chlann, b’in é díreach a rinne mé, agus caithfidh mé a rá anois, tar éis na mblianta sin uilig, nach raibh lá aiféala orm, riamh ó shoin, faoin gcinneadh céanna sin.
Ar deireadh thiar, tháinig an lá spriocáilte, agus tar éis teacht le chéile i bPárlús an Choláiste, agus tar éis dreas óráidíochta, agus tar éis roinnt bronntanaisí a bhronnadh orm, bhí mo ré mar mhúinteoir thart, agus mé ag filleadh ar an ngnáthshaol, im thuata arís. Cheapfá go maródh an leisce agus an fhallsacht mé, tar eis na mblianta fada a bhí caite agam i mbun na leabhar. Bheadh breall ort sa mhéid sin áfach, nó ba é an chaoi a tharla sé nó go raibh mé níos graithí ansin nó riamh, nó bhí leabhair le léamh, altanna le scríobh, garraí le romhar agus le saothrú, cluichí le himirt, sea, agus nach raibh tíortha ina scórtha amuigh ansin ag sméideadh orm, ag iarraidh mé a mhealladh le cuairt a thabhairt orthu.
Ar thaitin liom bheith ar scor, an ea?
Thaitin thar cionn, nó ní raibh orm feasta bheith ag faire ar an gclog, agus d’fhéadfainn m’aird a dhíriú ar pé ábhar a thaitneodh liom. Ní raibh mé faoi bhois ag máistir ar bith feasta, agus nár mhór an gar go deo é sin do dhaonnaí ar bith?
With age comes invisibility!
Ach focal i gcluais an té atá ag smaoineamh ar dhul ar scor. Caithfidh tú glacadh leis mar bhun-phrionsabal go n-éireoidh tú do-fheicthe, de réir a chéile, agus tar éis duit bheith ar scor roinnt blianta, ní bheidh suim nó spéis ag éinne, taobh amuigh ded’ chlann fhéin, ionat, nó nach cuimhin leat an sean-nath adeir……
Fiche bliain ag fás,
Fiche bliain ina stad,
Fiche bliain ag meath,
Agus fiche bliain gur cuma é ann nó as!
Agus nuair a rachaidh tú ar scor, beidh tú feasta sa cheathrú ré sin!!!!
Bhí an t-ádh ormsa, nó bhí deis agam, alt seachtainiúil a scríobh don Nuachtán Áitiúil, don Kilkenny People, agus sa tslí sin, bhí ar mo chumas, fanacht i gcuimhne an phobail, sea, agus bhí deis agam freisin, mo thuairimí a nochtadh don phobal le Gaeilge, seachtain i ndiaidh seachtaine, pobal ar chaith mé fhéin mo shaol ag freastal orthu, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile.
Am eicínt sa todhchaí, b’fhéidir, má fhagann Dia an tsláinte agam, fillfidh mé ar an ábhar seo, le roinnt altanna a scríobh, ag cur síos ar imeachtaí mo laethe ó d’éirigh mé as an múinteoireacht, ach go dtí sin….
Slán, agus míle buíochas, as an aistear seo, ó óige go haois, a shiúl cos ar chois in éineacht liom.
Nár laga an Rí fhéin thú, agus gura seacht fearr a bheas tú bliain ó anocht.
.