F á i l t e r o m h a t a E a s p a i g .

.

****************************

.

Nach ait an mac an saol! Tá’s agaibh uilig, gur chaith mé fhéin roinnt mhaith blianta ag traenáil le bheith im’ shagart, ach faraoir géar! Níor éirigh liom sa bhfiontar sin. Faoi mar a tharla, is minic a thuigtear dom, na laethe seo, go raibh an t-ádh im’ chaipín, gur mar sin a tharla, nó ní fhéadfadh duine ar bith a rá go bhfuil saol an mhadaidh bháin ag sagairt, nó ag Eapaig, gan trácht in aon chor ar Chairdinéil, na laethe seo. Minic a cheapaim, áfach, dá ndéanfaí mé a oirniú im shagart, sna caogaidi, nach mbeadh fhios ag duine ar bith nach im’ Easpag a bheinn, faoin am seo, nó im Chairdinéal fhéin, fiú Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, ach chuige seo…

Bhí mé im shuí go deas socair, sásta, cois na tine, an oíche cheana. Gloine bheag ar bhoirdín taobh liom. Nuachtán á léamh agam, – an People, cad eile,- nuair a bhain cling ghéar an telefóin stangadh asam. D’éirigh mé de phlimp, agus thug aghaidh ar an ngléas preabach, torannach, do-chiúinithe sin. Thóg mé an glacadóir im láimh.

“Peadar Bairéad anseo” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh a thabhairt le fios, nach raibh aon ró-fhonn cainte orm, ag an am.

“Comhghairdeas ó chroí leat, ach bhí fhios agam, i gcónaí, go raibh an t-ardú céime sin i ndán duit. Is dócha gur chóir dom rud eicínt sa Laidin a rá, ar ócáid stairiúil mar í seo, rud eicínt cosúil le….Ad multos annos…nó rud eicínt dá leithéid, ach tá’s agat nach raibh an Laidin chéanna riamh ar bharr mo ghoib agam, agus nach iomaí buille a buaileadh orm dá bharr sin, sa chliarscoil, fadó.”

“Gabh mo leithscéal, nóiméad amháin,” arsa mise, “ach chaill tú mé, scathamh ó shoin. Ní thuigim faoin spéir anuas, céard tá idir chamáin agat. Chomh fada is a thuigimse cúrsaí, níor éirigh liomsa tada a chur i gcrích, le tamall maith anuas, arbh fhiú comhghairdeas de chineál ar bith a dhéanamh liom dá bharr. B’fhéidir go míneofá an scéal ait seo dom, led’ thoil, agus munar mhiste leat?”

“Fair Play dhuit, a Pheadair, ach níor chaill tú riamh é! Ba dhuine umhal, discréideach, thú, chuile lá riamh. Ag magadh fúm atá tú, nach ea?”

“Diabhal magadh, nó chuid de mhagadh, atá i gceist agam, ach mé lom dáiríre.”

“Ach, nuair a bhí aithne agamsa ort, bhí tú ag staidéar le bheith id’ shagart, agus bhí tú i mbun an ghnó sin nuair a d’fhág mise an Chliarscoil, agus nuair a chuala mé gur oirníodh, nó gur toghadh, Peter Barrett ina Easpag ar dheoiseas Osraí, dúirt mé liom fhéin, go gcaithfinn glaoch ort, agus d’ardú céime a thréaslú leat, rud a dhéanaim anois, le fonn.!

“Ach, a chara na gcarad,” arsa mé fhéin leis, níl sa Peter Barrett sin, a oirníodh ina easpag, ach fear óg, áit a bhfuilimse bunaosta go maith, faoin am seo, agus chomh maith le sin, is Caitliceach Rómhánach mé fhéin, agus is ball d’Eaglais na hÉireann, an fear eile sin”

“Bhuel, féach ar sin anois, arsa mo dhuine, agus mise lán-chinnte gur tusa a bhí i gceist, agus go raibh an easpagóideacht sroichte agat, ar deireadh thiar, agus chomh maith le sin, bhí mé lán-chinnte, go raibh a leithéid de phost tuillte agat, nó bhí ábhar Easpaig ionat ón gcéad lá riamh a casadh ormsa thú.”

“Plamás, bladar, agus béal bán,” arsa mé fhéin, ach ag an am gcéanna, is dócha go raibh fonn freisin orm glacadh leis an mbéal bán céanna sin, nó déanta na fírinne, ba mhinic a smaoinigh mé, gur mhaith liom bheith im Easpag. Nár bhreá a thagadh éide agus hata ard, nó mítéar, an easpaig liom, agus nár mhaith liom freisin, bheith ag tabhairt mo bheannacht do dhaoine a thagadh chugam dá lorg.

“Ach anois,” arsa mé fhéin, “ná síl nach bhfuil mé sásta leis an moladh go léir sin uait, nó tá, ach tá faitíos orm, go bhfuil sé i bhfad ró-dhéanach anois le hEaspag a dhéanamh díom!”

“Fastaím!” arsa mo dhuine, “Ach má deir tú liom nach tusa an Peter Barrett sin ar deineadh Easpag de, ar na mallaibh, bhuel, maith dhom an tuaiplis, ach ní le drochchroí a rinne mé é.”

“Níl tada le maitheamh agam,” arsa mé fhéin, “agus tá’s agam go rí-mhaith, gur le deachroí a rinne tú é, agus tá mé fíor-bhuíoch díot, nó thóg tú mo chroí, ar feadh meandair ansin.”

“Slán agat, anois, agus go maire tú an céad.” arsa mo dhuine, sular chroch sé suas an fón.

“Slán, agus beannacht” arsa mé fhéin, agus mé ag fágáil slán easpagóideach leis

.

Bhuel, ní raibh sa mhéid sin ach tús tuile, nó ar feadh an chuid ba mhó den lá dár gcionn, ba bheag sos a fuair an fón s’againne, ach daoine ag glaoch orm lem’ ardú céime a thréaslú liom. Anois, caithfear a admháil anseo, gur le magadh a deineadh cuid de na glaonna telefóin céanna sin, agus bí cinnte, gur bhain mé fhéin spórt agus spraoi astu, ach bhí roinnt mhaith eile, agus iad lom dáiríre, agus áthas an domhain orthu, gur bronnadh Easpagóideacht Osraí ormsa, ar deireadh thiar, tar éis na mblianta uilig a bhí caite agam ag saothrú sa taobh seo tíre, ach dár ndóigh, ag an am gcéanna, is maith a thuig roinnt mhaith acu nach i gcónaí a fhaigheann duine a dtuilleann sé! Ach, ba é an glaoch ba mhó a bhain stangadh asam, nó an ceann a tháinig chugam, le coim na hoíche, nuair nach raibh críostaí anseo sa teach in éineacht liom.

“Heileo!” arsa an guth strainséartha, tuaisceartach, ar an nguthán.

“Heileo!” arsa mé fhéin mar fhreagra air.

“Tusa an Bairéadach, an ea?”

“Mise an Bairéadach, gan dabht ar domhan.” arsa mé fhéin.

“An tú, Peter Barrett a rinne freastal ar Choláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, sna daichidí?” Arsa an guth ait sin arís.

“Is mé.” arsa mise arís, agus m’fhiosracht múscailte go maith aige, faoin am seo.

“Ba chóir go mbeadh náire ort, a chladhaire,” arsa an guth arís. Níor chreid mé go ndéanfá a leithéid riamh orainn.”

“In ainm an Rí, céard tá déanta agam anois? Nó céard a cheapann tú a bheith déanta agam?”

“Tá seo, gur iompaigh tú id Phrotastún, agus gur thréig tú an eaglais s’againne, ar mhaithe le post breá bog a bhaint amach duit fhéin, san eaglais eile sin, agus dár ndóigh, ní tusa an chéad fhile Gaelach riamh a ghlac an ‘Súp’, agus is dócha nach tú an duine deireannach díobh ach oiread. Nach ag an seandream a bhí an chiall, nuair adeiridís, nach raibh filí le trust”

Agus b’in a raibh le rá aige. Chroch sé a thelefón suas, ag an bpointe sin, agus d’fhág mise ansin, im staic, ag breathnú ar an nglacadóir balbh im láimh.

“Oíche mhaith agat” arsa mé fhéin, sular chroch mé fhéin suas an telefón a bhí fós ansin i mo láimh agam.

Anois, a léitheoir, níl mé ró-chinnte gur tharla mar a léigh tú thuas, nó nár tharla, agus, b’fhéidir nach bhfuil ann ach Fiannaíocht ghlan, nó samhlaíocht bhuile, ó thús deireadh, ach, ag an am gcéanna, tharlaíonn rudaí i bhfad níos aite ná sin sa saol thart orainn, lá i ndiaidh lae. Agus bíodh sé fíor, nó bíodh sé bréagach, nach cuma, i ndáiríre, nó is féidir liomsa úsáid a bhaint as an bpíosa cainte sin mar réamhrá don bhfáilte fhial a chuirimse roimh an Easpag Peter Barrett go hOsraí. Go maire sé a nuaíocht, agus go gcuire Dia rath ar a chuid oibre, agus tá mé cinnte, go nglacfaidh pobal Osraí leis mar theachtaire Dé ina measc. Comhghairdeas ó chroí leat a Easpaig, agus do chéad fáilte isteach.

.

.

*******************

Peadar Bairéad.

(Peter Barrett.)

*******************

.

.

.

gaGaeilge