.

Faigheann Foighne Fortacht !

.

Deachú na Sláinte

Caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur beag é mo thaithí fhéin ar chúrsaí sláinte nó ospidéil, sa tír seo, nó is fada an t-achar anois ó bhí orm seal a chaitheamh, im othar, in ospidéal ar bith. Blianta fada ó shoin, chaith mé seal in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Ó sea, agus tarraingt ar chupla scór bliain ó shoin, chaith mé seal in Ospidéal an Mhater i mBaile Átha Cliath. Taobh amuigh de sin, chaith mé cupla lá in Ospidéal Lúcáis, anseo sa Chathair Álainn, agus b’in an méid, ach nach cuimhin leat an seanfhocal….Caithfidh gach éinne deachú na sláinte a íoc….. agus nach deacair an seanfhocal céanna sin a shárú, nó tharla le sé bliana anois go bhfuil mo dhochtúir ag coinneáil súil an tseabhaic ar fhadhb bheag sláinte a bhí ag cur as dom, i rith an achair sin.

Níor fál go haer é!

Anois, ní féidir liom a rá, gur chuir sé sin isteach go ró-mhór ar chúrsaí mo bheatha, ach ag an am gcéanna, bhí sé ansin, feadh an achair, agus d’fhéadfadh sé raic a thógáil am ar bith a thogródh sé. Bhuel, ní i bhfeabhas a bhí sé ag dul san idirlinn, níorbh ea, muis! A mhalairt a bhí fíor, agus tháinig an t-am, thart ar ráithe ó shoin, nuair a facthas dom lia, go raibh an t-am tagtha le beart a dhéanamh, agus cúrsaí a leigheas.

Bhuel, tuigeadh dom fhéin, dár ndóigh, nach mbeadh deacracht dá laghad ag baint leis an scéal, agus nach mbeadh le déanamh agam ach glaoch ar an Ospidéal áirithe a roghnaigh seisean, agus go mbeadh leaba curtha in áirithe dom, ar an dá luathas, nó nár dhúirt an lia liom gur mar sin a bheadh?

“Agus an bhfuil tú á rá liom nach mar sin a tharla?”

Sin é díreach atá á rá agam.

“Agus ar ghlaoigh tú ar an Ospidéal sin, ar an lá spriocáilte?”

Rinne, cinnte.

“Agus cén freragra a thug siad ort?”

Cé’n Leaba ?

Bhuel, dúirt siad liom, nach raibh leaba ar bith fanta, gan othar a bheith sínte cheana féin uirthi, agus chomh maith le sin, go raibh scaoth othar ag marcaíocht ar thralaithe acu, agus iad ag fanacht leo go foighneach ar leapacha freisin. Ach, arsa mise, tuigeadh dom go raibh leaba curtha in áirithe dom ag an lia, nó dúirt sé liom glaoch oraibh maidin inniu.

Tá faitíos orm, ar siadsan, nach mbeadh leaba anseo don lia fhéin fiú, dá dteastódh a leithéid uaidh, i láthair na huaire seo.

Dona go leor! arsa mé fhéin, ach céard is féidir liomsa a dhéanamh anois?

Bhuel, ar siadsan liom, is féidir leat glaoch orainn arís maidin amárach, agus d’fhéadfadh go mbeadh leaba againn duit ansin.

Déanfaidh mé sin, arsa mise, agus é tuigthe go maith agam nach raibh an dara rogha agam ach rud a dhéanamh orthu.

“Agus ar ghlaiogh tú orthu an mhaidin dár gcionn?”

Bí cinnte gur ghlaoigh, agus an mhaidin dár gcionn sin arís, sea, agus an mhaidin ina dhiaidh sin freisin, ach ba é an scéal céanna acu i gcónai é. Diabhal leaba, nó cuid de leaba fhén a bhí saor acu le bronnadh ormsa, nó ar énne eile, ach oiread, taobh amuigh dóibh siúd a bhí sínte ar thralaithe acu. Sea, agus cé déarfadh nach raibh leabacha tuillte, agus tuillte go maith, acu siúd, ach níorbh aon chabhair é sin domsa.

Tuilleadh moille !

Bhuel, lean an scéal amhlaidh go dtí an Luain, an 6ú Feabhra, nuair a chuir an lia in iúl dom, go mbeadh seisean ag dul ar saoire, ar feadh seachtaine, agus ar an ábhar sin, go raibh sé chomh maith domsa ceirín den dearmad a chuimilt leis an scéal go dtí an Aoine, an 17ú Feabhra, agus ansin, go bhféadfainn an fónáil a thosú arís, agus b’fhéidir go mbeadh sciorta den ádh orm, faoin am sin.

Bhí go maith, ach taobh istigh de chúig nóiméad ina dhiaidh sin, fuair mé glaoch telefóin ón Ospidéal, á dhearbhú dom, go raibh leaba acu dom, agus an bhféadfainn teacht isteach chucu an tráthnóna sin. Ó a Thiarcais! ach nach ait an mac an saol! B’in mise anois, agus leaba gan lia agam, nuair a bhí lia gan leaba agam le cúig lá roimhe sin! Mhínigh mé mo chás don ospidéal agus dúradarsan liom, glaoch arais orthu ar an Déardaoin, an 16ú Feabhra, agus go bhfeicfeadh siad an mbeadh seans ann go mbeadh leaba ar fáil dom an lá sin. Sea! Mair a chapaill agus gheobhair féar, arsa mise liom fhéin, ach ag an am gcéanna, bhí orm smaoineamh, nach raibh mé fhéin in aon ró-chontúirt, agus dá bhrí sin, bhí ar mo chumas-sa tamall eile a chaitheamh ag fanacht ar leaba. Sea, agus nár dhúirt mo lia liom, go gcuirfeadh sé isteach ar cheann de na tralaithe céanna úd mé, dá gceapfadh sé go raibh práinn ghéar i gceist, agus sa tslí sin, go dtabharfaí leaba dhom, taobh istigh de chupla lá.

D’fhill mé ar an mbaile, agus nach ar na comharsana a bhí an t-ionadh, go raibh mé fhéin tagtha chugam fhéin chomh tapaidh sin, tar éis mo sheal a chaitheamh san ospidéal!

Ar an Déardaoin, an 16ú Feabhra, chuir mé glaoch ar an ospidéal, go breá luath ar maidin, ach má chuir fhéin, ba é scéal a bhí acusan dom, nó nach raibh tada i bhfoirm leapan acu dom an lá sin, ach b’fhéidir go nglaofainn arís orthu, an mhaidin dár gcionn. Sea, mh’anam, arsa mise liom fhéin….Here we go round the mulberry bush again….

Leaba faoi dheireadh !

Ach uair a chloig ina dhiaidh sin, fuair mé an dara scéal ón Ospidéal, á dhearbhú, go raibh leaba acu dom, agus gur chóir dom buaileadh isteach chucu, ar an dá luathas…………..

Ach fillfidh mé oraibh, le críoch an scéil sin, amach anseo, nuair a bheidh mé fillte abhaile ón ospidéal, tar éis don lia a cheird leighis a chleachtadh orm, agus tá chuile shúil agam, nach é “an luibh nach bhfaightear” a bheidh uaidh, le mise a chur ar mo sheanléim arís!

Sa bhaile arís

Bhuel, faoi mar adúirt mé libh thuas, tá mé thar nais sa bhaile arís, faoin am seo. agus cé nach ndéarfainn go bhfuil mé ar mo sheanléim fós, nó ar chineál ar bith eile léime, ach oiread, tá chuile shúil agam, gur i bhfeabhas a bheidh mé ag dul, ó ló go ló, feasta, sea, agus nach mbeidh an aimsir ag dul i bhfeabhas feasta freisin, agus na laethe ag dul chun síneadh, tar éis na Féile Bríde? Sea! ach geallaimse dhuit é, a léitheoir, nach cathair mar a tuairisc í an tOspidéal céanna sin, nó caithfhid mé a admháil, go raibh mé chomh lag le tráithnín, agus mé gan neart, gan misneach, gan spionnadh, tar éis na hobráide céanna sin a luaigh mé, ach mar adúirt mé, is i bhfeabhas a bheidh mé ag dul chuile lá feasta, agus ó tharla nach dteastaíonn uaim scéal mhada na gcúig cos a dhéanamh de, cuirfidh mé críoch le scéal seo Chailleach an Anró, agus guífidh mé, go mbeidh leaba agus chuile shórt eile ar fáil dár n-othair uilig, feasta, tráth ar bith a mbeidh siad ina ngátar.

.

Peadar Bairéad

.

.

.

gaGaeilge