.

Fataí Rómhair

.

Thosaigh mé ag cur síos ar chúrsaí mo shaoil in altanna a foilsíodh, go seachtainiúil, ar an Kilkenny People, agus in Irisí éagsúla, roinnt mhaith blianta ó shoin anois. San idirlinn, níor éirigh liom ainm sásúil, aibí, a bhaisteadh orthu. Ach, tharla gur foilsíodh cnuasach filíochta dem chuid, sa bhliain 2000, agus ba é a bhaist mé ar an gcnuasach céanna sin nó. Fataí Rómhair. Ba é a bhí sna fataí rómhair chéanna sin nó, na fataí a chuaigh amú sa chré orainn, nuair a baineadh na fataí, le spáid, sa bhFómhar. Ansin, nuair a dheintí na hiomairí sin a rómhar, san Earrach dár gcionn, leis an talamh a ullmhú do chur an arbhair, thagtaí ar na fataí sin, agus bhímisne, páistí, ansin, len iad a phiocadh go cíocrach, nó bhóodh fataí gann an tráth sin bliana.

Anois, nach cosúil na fataí rómhair sin, leis na cuimhní seo, ar tháinig mise orthu, nuair a thosaigh mé ag rómhar in ithir thorthúil na dícuimhne, cuimhní glé, glinne, glana, a tháinig slán, ainneoin coraí crua an tsaoil, ar sheol mise tríothu, i bhFómhar agus i nGeimhreadh géar, gáifeach, an tsaoil seo, faoi mar a chaitheas-sa é.

Sin an fáth anois ar bhaist mé, Fataí Rómhair, mar ainm ar an slám aistí seo, agus tá súil agam, go mbainfidh an léitheoir taitneamh agus sásamh astu.

Tríd is tríd, thaitnigh mo laethe i gColáistí an SMA liom, agus is mór go deo an tionchar a bhí ag na laethe céanna sin ar chúrsaí mo shaoilse, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é cupla véarsa as an gcéad dán sa chnuasach sin, a luaigh mé, a chur isteach anseo thíos……….

.

Fataí Rómhair

.

Nuair a bhíodh na scoilteáin curtha,

Is na poill fhataí folamh,

I ndiaidh ampla an Gheimhridh,

Sciúrtaí na spáid athuair,

Le hiomairí bainte a rómhar

D’arbhar an Earraigh.

.

Anois i Séasúr an ghanntain,

Ní éalódh uainne

An póirín ba lú,

Ach mar chadhain ag tumadh

Ar iasc sa bhá,

Théadh ár lámha ar a dtóir,

Mór agus beag,

Sa chré úr, bhriosc,

Mar nach bhfáilteofaí rompu,

Roimh ár bhfataí rómhair,

I bpota folamh na muintire,

Sna laethe gortacha,

I ndiaidh an tsíolchuir?

.

Mar a gcéanna anois,

Nuair a théim ag tochailt

I gcré na cuimhne,

Fionnaim, corruair,

Ábhar dea-scéil

Folaithe, fágtha amuigh,

I gcré bhog, bhriosc,

na díchuimhne.

.

********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge