.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

That whistle

Istigh i ngarraí an Chaisleáin a bhí mé an lá cheana; mé ag déanamh mo mharana ar chúrsaí an tsaoil; sínte siar ó chluas go ruball, agus mé ag ól na gréine buí, ar mo shástacht, agus ar mo sháimhín só, nuair a chuala mé an fhead ghéar, chluasphléascach, fead a dhúisigh as mo mharana mé, geallaimse dhuit é! Ach, thuig mé ar an toirt cé bhí chugam, nó cé eile ach mo sheanchara, Séimí an Droichid, a ligfeadh fead dá leithéid, istigh i ngarraí neamhaí an Chaisleáin. D’fháiltigh mé roimhe, agus rinne áit dó taobh liom ar an mbinse garraí.

“Buail fút ansin taobh liom ar an mbinse seo” arsa mé fhéin leis, go béasach.

“Gura maith agat” ar seisean, “ agus nach deas an áit a roghnaigh tú le do mharana a dhéanamh.”

“Abair é! a chara, ach an bhfuil scéal ar bith nua agat an lá beannaithe seo?”

“Níl agam ach an scéal atá i mbéal gach éinne, na laethe seo.”

“Agus cén scéal é fhéin?” arsa mise, agus mé ag iarraidh deis scéalaíochta a chur ar fáil do Shéimí na buile, nó b’fhacthas dom, go raibh scéal éigin ag dó na geirbe aige.”

“Cúrsaí Polaitíochta atá idir chamáin, ag fiú madraí an bhaile fhéin, i láthair na huaire seo.”

“Níor mhaith liom cur i do choinne sa mhéid sin” arsa mé fhéin, agus mé ag cur fonn éisteachta orm fhéin. “Ach cén scéal mór é seo atá i mbéal gach éinne, má sea?

Revival of the Language

“Ceann de mhórcheisteanna ár gcine, agus ceist a d’aclaigh meon agus intinn ár muintire le scathamh maith de bhlianta anois. Sea! ceist na teanga fhéin atá idir chamáin ag fiú cait an bhaile seo, faoin am seo.”

“Ach, cheap mé go raibh bunús ár muintire meáite ar an tseanteanga a athbheochan, am éigin, sa todhchaí.”

Sea, “am eicínt sa todhchaí,” nach ‘in é go díreach é, mar nach dtugann socrú dá leithéid roinnt mhaith “wriggle room” do dhaoine agus iad ag caint faoi athbheochan na teanga s’againne.”

“Ach, ní dochar ar bith é sin, chomh fada is a dhíríonn siad ar an nGaeilge a choinneáil beo, agus a fhágáil mar oidhreacht ag an dream a thiocfaidh inár ndiaidh.”

“Ach, ag caint ar an spás lúbarníola úd, is dócha gur thug tú faoi deara, an polasaí nua atá molta anois ag ceannaire Fhine Gael?”

“ Níor thug, muis! Ach cheap mé, chuile lá riamh, go raibh an Páirtí sin ar thaobh na hathbheochana, le sinsearacht.”

When their day comes

“B’in mar a cheap mé fhéin freisin, agus ar an ábhar sin, chuir ráiteas nua an Pháirtí sin ionadh orm, agus ar lucht na hathbheochana frí chéile. Nuair a thiocfaidh a lá, tá socraithe ag an bpáirtí sin, go ndéanfaí ábhar deonach den Ghaelige, de chúrsa na hArdteistiméireachta, feasta. Tá sé dona go leor faoi láthair, nuair atá staidéar na Gaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteistiméireachta, ach tabhair faoi deara, nach bhfuil dualgas ar bith ar éinne an Ghaeilge a dhéanamh sa scrúdú sin. Feiceann tú anois, go bhfuiltear ag dul céim níos fuide ná sin, agus sa tslí sin, ní bheidh ar dhalta ar bith staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, don Ardteist, feasta. Ní gá a rá nach bhfuil sa mhéid sin ach ceann caol na dinge, nó mura bhfuil dualgas ar dhalta ar bith staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge do Scrúdú na hArdteistiméireachta, bhuel! ansin ní bheifear ag súil go mbeidh eolas ar an dteanga sin éigeantach do chrúsaí Ollscoile, nó do phost ar bith san Earnáil Phoiblí, mar, i gcomhthéacs dá leithéid, ní luífeadh éileamh dá leithéid le réasún, olc, maith, nó dona.

Compulsory, or Necessary?

Táid ann adéarfadh, nach ró-smeartáilte an cinneadh é seo, ag Páirtí atá, cheana féin, mar rogha na coitiantachta, ag céatadán mór dár ndaoine, le bheith ina chéad Rialtas eile, sa tír seo. Agus cuir san áireamh go raibh Éanna s’againne ina mhúinteoir, agus go raibh daoine eile sa Pháirtí sin ina múinteoirí freisin, agus nach gceapfá, mar sin, go dtuigfeadh siadsan tábhacht na teanga, mar ábhar riachtanach, inár scrúduithe poiblí. B’fhéidir go dtuigtear dóibh go meallfadh an polasaí sin dream áirithe eile le vótáil ar a son, sa chéad toghchán eile, agus b’fhéidir gur acusan atá an ceart, ach cheapfainn fhéin, go gcuirfeadh polasaí dá leithéid daoine áirithe eile ag smaoineamh, go háirithe faoi láthair, agus muid ag druidim i dtreo chuimhne céad an Éirí Amach. Sea, agus b’fhéidir go smaoineodh daoine freisin ar fhís an dreama úd…Éire, agus ní hamháin saor, ach Gaelach chomh maith… Ní gá a rá, go smaoineoidh mé fhéin ar na cúrsaí sin Lá an Toghcháin, mura n’athraíonn siad a bport san idirlinn……..

.

gaGaeilge