A Phádraig, a chara,

N’fheadar ar spéis píosa dá leithéid seo thíos?

Beir Bua agus Beannacht

ó

Peadar Bairéad.

.

.

.

Feilire Achadh a’ Bhiolair

.

Peadar Bairéad

.

Tamall ó shoin, sheol Criostóir Ó Tuama Féilire Pharáiste Achadh a’ Bhiolair chugam, agus caithfidh mé a rá, go dtabharfainn fhéin an chraobh don bhFéilire chéanna sin, nó ní hamháin go dtugann sé míosa agus dátaí na bliana, faoi mar a thugann féilirí eile dúinn, ach chomh maith le sin, tugann sé eolas fairsing, léannta, iomadúil dúinn, faoi shaol, faoi shaothar, faoi chreideamh, agus faoi logainmneacha an Pharáiste sin. Caithfidh mé a admháil, nach bhfaca mé fhéin féilire ar aon dul leis cheana, ar a eagsúlacht, ar a thaighde, ar a leagan amach, agus ar a thíriúlacht. Is mór go deo an chreidiúint do Chriostóir é féilire dá leithéid a chur ar fáil dá phobal, agus is mór atá muid uilig faoi chomaoin aige as an bhFéilire álainn seo a chur ar fáil dúinn. Crochfaidh mé fhéin an Féilire seo in áit a mbeidh deis agam, braon dár n-oidhreacht a ól as go rialta.

Breathnaigh ar an gcéad leathanach de, mar a bhfuil blas agus radharc an Fhéilire le fáil againn. Ag barr an leathanaigh sin tá seo le léamh againn….

2011 CALENDAR

The Christian Community

Of Aghavillar and the adjacent areas

Faoin méid sin, tá pictiúir le feiceáil againn, pictiúir a bhfuil baint acu le creideamh agus le stair phobal na dúiche sin. Tá cupla eaglais le feiceáil againn ar an leathanach sin, agus Maighdean Mhedugorje, maraon le pictiúr d’eaglais Mhedugorje fhéin. Chomh maith le sin, tá pictiúr de Thobar Beannaithe Achadh a’ Bhiolair, agus pictiúr dIosagán Phráig. Tá le léamh ar an leathanach seo an dán cráifeach sin, “A Mhuire na nGrás” agus deirtear faoin dán sin, go raibh de nós ag an Easpag James Mcloughlin, nach maireann, go raibh de nós aige, an dán sin a aithris chuile lá dá shaol. Tá anseo freisin, tagairt dEaglais Bhreanndáin i mBaile Róibín, Eaglais a dúnadh ar Dhomhnach Cásca na bliana 2008.

De réir mar a théann tú ar aghaidh sa bhFéilire ansin, tugtar míreanna eolais duit, ar chuile leathanach. Tá tagairt do Bhreanndán, Éarlamh an Pharáiste, ar an dara leathanach. Faoi chuile mhí ansin, tá míreanna eolais le fáil, faoin teideal, An raibh fhios agat, míreanna eolais faoi chluichí, faoi fhoirne, agus faoi eachtraí a tharla sa Pharáiste. Tá tagairt le fáil iontu faoi Leacht Charraig Seabhac, a tógadh sa bhliain 1926, agus a chosain £21.00 ag an am sin, tagairt freisin do Mhairtírigh Mhanchúin, faoi chuairt an Uachtaráin, Máire Mhac Ghiolla Íosa, ar Bhaile Róibín sa bhliain 1999, tráth ar oscail sí Gairdín an Ghorta go hoifigiúil, agus tá le fáil i measc na míreanna sin freisin, tagairt don ócáid ar thug Micheál Daibhéid óráid uaidh, do shlua ollmhór, ó chéimeanna Theach Chonradh na Talún, i mBaile Hugúin. Sea, agus tá tuilleadh le fáil sna míreanna céanna sin freisin. Ar thaobh chlé chuile leathanach den bhFéilire tá pictiúir spéisiúla feistithe ag an údar, agus ní hé sin amháin é, mar tá grianghrafanna spéisiúla freisin le fáil ag deireadh an Fhéilire faoin dteideal,

Cá h-áit? Cé h-é? Who? Where? When?

Pictiúir spéisiúla a bhfuil baint acu leis an áit, agus pictiúir a gcuirfeadh pobal Achadh a’ Bhiolair spéis faoi leith iontu. Agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, tugann sé liosta logainmneacha, gona míniú, agus gan dabht ar domhan, is díol spéise iad sin do chuile dhuine. Ar an leathanach sin, tá eolas le fáil againn ar sheacht n-áit déag sa Pharáiste, áiteacha ar nós, Aghavillar fhéin, Booleyglass, Doire Lia, Condstown, Stoneyford, Newmarket, agus tuilleadh. Fágfaidh mé fút fhéin iad a léamh, ar do chaothúlacht.

Sea, agus ar chúl an Fhéilire, tugtar liosta de na fir, agus de na mná, ón dúiche seo, a leath an Soiscéal i bhfad agus i ngearr, agus tá grianghrafanna sheachtair déag acusan le fáil ansin freisin.

Fágfaidh mé an chuid eile fút fhéin, ach uair amháin eile, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Criostóir Ó Tuama fhéin, fear déanta agus fear deartha an Fhéilire spéisiúil, neamhghnách seo. Nár laga Dia a lámh.

gaGaeilge