Fís Dhearmadta

Peadar Bairéad

.

Is dócha go bhféadfá a rá, gur tógadh an Stát s’againne thart ar fhís na saoirse agus an náisiúnachais. Ní gá a rá, nach bhfuil tada faoin ngréin chomh riachtanach i mbunú Stáit leis an bhfís chéanna sin, go háirithe, nuair is fís í a choraíonn agus a aclaíonn chuile chroí ag an am gcéanna. Ní gá a rá, ach oiread, nach fás aon oíche a bhí sa bfhís uilíoch sin, i gcás na tíre seo. Níorbh ea, in aon chor, nó caitheadh blianta fada ag gaibhniú agus ag dealbhú an earra chéanna sin.

Gaibhniú agus dealbhú

Conas a deineadh beart dá leithéid, an ea?

Bhuel, tharla, go háirithe i dtús na haoise seo caite agus i ndeireadh na haoise roimhe sin, gur tháinig dreamanna áirithe éagsúla ar an dtuairim, gurbh é a leas é, agus leas a bpobail freisin, saothrú ar son saoirse agus leithleachais náisiúnta feasta. Tugann muid faoi deara, bunú Chumann Lúthchleas Gael, i ndeireadh an naoú haois déag, agus é d’aidhm acusan na cluichí náisiúnta a fhorbairt, agus a chur chun cinn. Thart ar an am gcéanna, d’fhéadfá a rá, bhí Conradh na Gaeilge ar a dhícheall, ag iarraidh an teanga náisiúnta a athbheochan. Bhí fórsaí eile freisin i mbun oibre, fórsaí cosúil le Sinn Féin, na Fíníní, agus tuilleadh. D’éirigh le cinnirí áirithe na snáitheanna éagsúla náisiúnta sin a shnadhmadh, agus a fhí in aon téad ioldhualach amháin. Daoine cosúil leis an bPiarsach, daoine a raibh ar a gcumas, fís a fhí as na snáitheanna céanna sin a chuir dreamanna áirithe den náisiún ar fáil, fís a shásaigh, agus a mheall, baill an náisiúin, glacadh leis mar aidhm onórach, inmhianaithe, inshroichte. I rith an ama áirithe sin freisin, tháinig Óglaigh na hÉireann ar an bhfód, dream a raibh ar a gcumas fís an náisiúin a ghlacadh chucu fhéin, a fhorbairt, agus a chur chun cinn, i measc an phobail. Anois, bíodh go raibh na fórsaí áirithe sin á bhforbairt agus á leathadh i measc an phobail, ag an am gcéanna, níor ghluaiseacht náisiúnta fós iad, ach bhí an mianach sin iontu, as a bhféadfaí gluaiseacht dá leithéid a chumadh. Caithfear a thabhairt faoi deara freisin, nach dtiocfadh chuile bhall den náisiún isteach faoi bhratach na físe céanna sin, ach bhí seans maith ann, go bhféadfaí Móramh Morálta a mhealladh ar thaobh na físe sin, agus b’in mar a tharla, i ndeireadh na feide.

Trí bhriseadh is trí bhua

B’in cuid de na fórsaí a bhí gníomhach i measc daoine, i dtús na haoise seo caite, agus de réir a chéile, trí bhriseadh agus trí bhua, deineadh gnéithe éagsúla na físe sin a shoiléiriú don phobal. Nuair a deineadh an fhís sin a pharsáil, agus a iniúchadh, tuigeadh gurbh iad na gnéithe ba thábhachtaí a bhí uathu nó, go mbeadh an pobal a bhunófaí, Gaelach, Aontaithe, agus Saor. B’in í fís an Phiarsaigh. B’in í fís na nÓglach, agus b’in í an fhís a spreag agus a mhisnigh na Gaeil a d’éirigh amach, leis an bPoblacht a bhunú, agus a bhuanú, anseo in Éirinn iathghlas oileánach.

De réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh áfach, agus de réir a chéile, cailleadh roinnt mhaith den bhfís chéanna sin. Bhí daoine anseo, agus dár leosan go bhféadfaí an fhís a choimhlíonadh, gan bacaint leis an dTeanga, daoine eile den tuairim, go bhféadfadh an náisiún teacht i dtír, gan bacaint leis an aontacht, sea, agus tuilleadh fós den tuairim, nárbh fhál go haer é, mura mbeadh an tsaoirse fhéin againn, mar náisiún.

Agus anois, agus muid ag druidim cóngarach do cheiliúradh céad an Éirí Amach céanna sin, nach bhfuil sé thar am againn suí síos agus scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil curtha i gcrích againn den bhfís sin. Ar dheineamar an teanga a aithbheochan? Ar dheineamar an tír a aontú? Ar baineadh saoirse amach don Phoblacht a bunaíodh? Nó an féidir teacht i dtír dá n-éagmais? Nó an bhfuil, fiú, tús curtha againn le fíoradh na n-aidhmeanna inmhianaithe sin?

Ceisteanna le freagairt

Níl fúm na ceisteanna sin a fhreagairt, ach fágfaidh mé fút fhéin é sin a dhéanamh. Ach tá sé soiléir, nach bhfuil an fhís chéanna sin ag spreagadh an phobail s’againne anois, faoi mar a dhein sí, blianta fada ó shoin. Ní hionann sin is a rá, go bhfuil an fhís sin caillte, amach is amuigh. Déarfainn go bhfuil deis ag an náisiún s’againne anois, agus an cúlú eacnamaíochta ina loscadh sléibhe timpeall orainn, a chruthú don tsaol mór, nach gan chúis a bronnadh bua na saoirse orainn mar náisiún. Sea, caithfimid a chruthú dóibh go bhfuil muid sásta, anois fhéin, ár gcótaí a bhaint dínn, agus tabhairt faoi fhíorú na físe dearmadta sin. Is soiléir gur chailleamar ár slí, agus gur thugamar bóithrín na sainte, in áit bóithrín na saoirse, orainn fhéin mar phobal, ach anois, tá sé soiléir, nár chuir sin aon Útóipe ar fáil dúinn, nó cailleamar an saibhreas bréige faoi mar ba chúr na habhann é. Mar sin, níl an dara rogha againn anois, ach dul siar go foinse na saoirse arís, agus an babhta seo, caithfimid tabhairt faoi phoblacht cheart chóir, chothrom, a dhealbhú. Poblacht a thálfaidh ar ál uile an náisiúin. Poblacht nach mbronnfaidh bunús shaibhreas an phobail ar chéatadán an-bheag dár ndaoine, agus poblacht nach bhfágfaidh dream ar bith ar an mblár fholaimh, sea, agus poblacht ina mbeidh muintir na tíre sásta saothrú ar a son. B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo…..

.

gaGaeilge