Scríbhneoir

Micheál Bairéad is ainm dom agus is Éireannach mé atá i mo chónaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada.  Cé gur rugadh i gContae Mhaigh Eo mé,  d’fhás me aníos i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh.  Caithim cuid mhaith ama in Éirinn, agus is aoibhinn liom freastal ar thumchúrsaí Gaeilge gach seans a bhíonn agam.  

Ar an suíomh seo, tá bailiúchán de mo cholúin tuairimíochta ar fáil (agus a n-aistriúcháin Béarla i gcás na gceann is déanaí).  Bíonn an colún ar fáil in Éireann gach seachtain sa nuachtán ‘The Kilkenny People’.  D’iarr mo léitheoirí orm mo cholúin a chur ar fáil dóibh ar líne más féidir, agus rinne mé é sin díreach!  Bain sult as! 

Bhí an ról céanna (colúnaí seachtainiúil) ag m’athair (Peadar Bairéad) ar feadh 40 bliain, suas go dtí 2018, nuair a thosaigh mé ag cabhrú leis ar dtús, agus ansin ag scríobh na gcolún mé féin.

Tá dhá chartlann ar fáil ar an suíomh: mo chartlann le mo cholúin go léir, agus cartlann m’athar le 805 dá cholúin ann.

gaGaeilge