G A E L S C O I L O S R A Í .
**************
Thug mé cuairt ar Ghaelscoil Osraí, ar na mallaibh, agus caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur bheag nár bhain an radharc an anáil díom, nó san áit a raibh na seomraí beaga ísle réamhdhéanta ina seasamh, an uair dheiridh ar thug mé cuairt orthu, bhí anois, foirgneamh breá, aerach, nua-aoiseach, ina sheasamh, mar phirimid, le díon a chur ar fáil d’fhís an oideachais lánGhaeilge, a réalaíodh san ionad seo, mám beag blianta ó shoin. Seo mar a chuirtear síos ar bhunú na Gaelscoile, sa leabhrán suimiúil a cuireadh i gcló le hoscailt oifigiúil na scoile nua, ar an 28 Meán Fómhair 2000, a chomóradh ….
“Gairid roimh oscailt na scoile ní raibh cóiríocht chuí faighte. In am an ghátair tháinig C.L.G. Shéamais Stiofáin i gcabhair orthu, nuair a d’ofráil siad a gclubtheach don scoil nua-shaolaithe, ar feadh bliana.
Mar sin, I Meán Fómhair 1984, thosaigh Gaelscoil Osraí, le 22 dhalta, agus Múinteoir óg as an gColásite Oiliúna, Gobnait Ní Choitir, mar Phríomh Oide.
Caitheadh bliain taitneamhach fiúntach i nGort na Learóg.
Don Scoilbhliain 1985/86, d’aistrigh gach duine don tseanascoil i Sráid Phádraig, go gearr-théarmach. I ndiaidh na Samhna bogadh isteach go dtí seomraí réamh-dhéanta, a bhí tógtha ar shuíomh a fuarthas ó Pharóiste Phádraig sa Loch Buí. Um Nollaig 1986 bhog an Príomhoide go Corcaigh agus bhí ar Phroinnsiasa Ní Chathasaigh feidhmiú mar Phríomh Oide go dtí gur tháinig Micheál Máirtín go dtí an scoil mar Phríomh Oide, I Mí Aibreáin 1987
Tógadh cúig aonad réamh-dhéanta le 11 seomra ranga ar an suíomh.”
Bhuel, b’in mar a tharla, triocha bliain ó shoin anois, agus sin mar a tharlaíonn go bhfuil Gaelscoil den chéadscoth againn anseo cois Feoire, um an dtaca seo.
Ní gá a rá gur chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sa Ghaelscoil chéanna sin, ó bunaíodh í, agus is maith is cuimhin liom an lá ar thug mé cuairt ar an scoil chéanna sin, agus í faoi lán-tseol faoina Príomh Oide, Gobnait Ní Choitir, agus is cuimhin liom fós an t-ionadh a bhí orm, nuair a chuala mé na chéad-daltaí sin ag spalpadh Gaeilge go líofa, agus gan ach tamall gearr caite acu ag freastal ar an nGaelscoil an t-am sin. Chuireadar seó ar siúl dom, ar an toirt, cé nach raibh fhios acu, roimh ré, go raibh mé le bualadh isteach chucu, in aon chor. B’in mo chéad chuairt ar Ghaelscoil Osraí, ach ón lá sin amach, bhí áit speisialta bainte amach ag an scoil sin im chroí istigh. Ní call dom a rá gur thug mé cuairt orthu, ó am go ham, san idirlinn, agus fiú nach raibh mé im Dhaidí na Nollag acu, uair nó dhó, freisin! Cé nach raibh na seomraí réamh-dhéanta céanna sin thar mholadh beirte, ag an am gcéanna, bhain idir dhaltai agus oidí leas astu, nuair nach raibh a mhalairt ar fáil dóibh, agus deineadh an Ghaeilge a mhúineadh iontu chomh maith is a d’fhéadfaí í a mhúineadh i bhfoirgneamh den scoth, sea, agus chuireadar daltaí den scoth ar fáil do Choláiste Pobail Osraí, nuair a tháinig an scoil sin ar an saol, in am tráth. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil ag éirí thar na bearta le múineadh agus le cothú na Gaeilge, sa dúiche seo, agus déanann an Ghaelscoil s’againne a cion fhéin den obair sin. Nár laga an Rí iad sna blianta atá romhainn amach, agus gura seacht fearr a bheas siad sna blianta atá le teacht.
Tharla áfach, gur tuigeadh, ar ball, do dhaoine áirithe, go raibh gá i gCill Chainnigh le foirgneamh buan, le tinteán dá gcuid fhéin a chur ar fáil do lucht na scoile LánGhaeilge sin, agus chuige sin, cuireadh feachtas ollmhór ar siúl, le suíomh oiriúnach a cheannacht agus le bunscoil LánGhaeilge a thógail ar an suíomh sin. Ar deireadh thiar, d’éirigh le lucht an fheachtais sin suíomh oiriúnach a cheannacht ó Pharóiste Phádraig, anseo ar an Loch Buí, i mbéal an dorais ag seanscoil na seomraí réamh-dhéanta. Seo mar a chuirtear e sa leabhrán a luaigh mé thuas….
“Chas an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Micheál Ó Máirtín, an Chéad Fhód i mBealtaine 1998.
Don Scoilbhliain 1998/99 bhí orainn bogadh go dtí Aonad na nGasóg ar Bhóthar Dhroichead Bhinéid, fad a bhí tógáil an fhoirgnimh nua ar siúl. I Meán Fómhair 1999, bhogamar isteach san fhoirgneamh álainn, nua. Is lá an-stairiúil é inniu i saol na Gaeilge, agus i saol oideachas LánGhaeilge i gCill Chainnigh. Tá bród orainn ar fad go bhfuil an lá seo sroichte againn. Buíochas do chuile dhuine a chabhraigh linn.
“Beatha teanga í labhairt”, agus cinnte tá an Ghaeilge beo beathaithe i nGaelscoil Osraí.”
Fair play dhóibh uilig, a chonách sin orthu, agus go maire siad uilig a nuaíocht.
Ach le filleadh ar an gcuairt úd a thug mé ar an nGaelscoil nua, ar na mallaibh…D’fháiltigh an Príomh Oide, Micheál Máirtín, go Ceallach romham Shuíomar tamall, ar dtús ina oifig néata, fhairsing, agus nuair a bhí ár gcomhrá déanta againn, thug an Príomh Oide ar chuairt na scoile mé. Ó, a Thiarna! nach mór idir scoil álainn an lae inniu, agus seanscoil úd na seomraí réamh-dhéanta? Bhí an foirgneamh dea-dheartha, dea-dhéanta, dea-mhaisithe seo, lán d’atmosféar Gaelach, nó bhí idir phictiúir agus fhógraí, a bhí crochta go flúirseach ar bhallaí agus ar chláir, ag fógairt do chách, go raibh meas ar an gcéad teanga oifigiúil, sna bólaí sin. Bhí an scoil leagtha amach mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin í a bheith, sé sheomra ranga ar ‘chaon taobh, agus halla breá fairsing istigh i lár baill, áit a d’fhéadfaí an scoil a chruinniú, ar ócáidí speisialta. I gcás na seomraí ranga, bhí a ainm fhéin ar chuile cheann acu, agus ní call dom a rá, go bhfuil siad ainmhnithe as seanríochtaí agus as sean-ionaid tábhachtacha i dtír seo na hÉireann fadó. Tá le fáil ansin, istigh i lár baill, Osraí, agus taobh lei, tá Caiseal. Ansin tá seomraí ainmnithe as Cruachan, Dal gCais, Corca Dhuibhne, Sceilig, Tír Chonaill, agus Breifne, agus ar an dtaobh eile den teach, tá Fotharta, Teamhair, Uisneach, Oirial, Dal Riada, Aileach agus Eamhain Mhacha. Tá seomraí eile, a bhfuil Múscraighe, Déise, agus Cairbre, orthu. Bhí seomraí beaga ansin freisin, le freastal ar ghrúpaí beaga, agus le deis a thabhairt do na múinteoirí feabhais a gceird fhéin a chleachtadh iontu. Istigh i lár baill, tá clós speisialta, mar a raibh an ghrian gheal ag spalpadh anuas orainn, clós é sin a thug spás oscailte isteach i gcroílár “Scoil na Gréine Gile”, mar adéarfá.
Amuigh ar chúl, bhí spás le cluichí a imirt, cluichí ar nós leadóige, agus ar thaobh na scoile, tá faiche imeartha, mar a bhfuil spás leibhéalta, réidh, le deis a thabhairt do chuile rang sa scoil ionad imeartha a bheith in áirithe dóibhsean amháin. Ní gá a rá, gur chuir an leagan amach sin uilig áthas ar mo chroí, nó tá deiseanna curtha ar fáil i nGaelscoil Osraí, do lucht foghlamtha trí Gaeilge, atá ar aon leibhéal, nó inchomórtais le haon rud atá curtha ar fáil dóibh siúd a dhéanann a gcuid foghlama trí Bhéarla, agus nach cúis áthais agus mórtais dúinn, a leithéid a fheiceáil anseo in ár measc, sa Loch Buí?
Anois, ní gá a rá nach bhfuil an scéal ar fad inste agam anseo, I ndáiríre, níl ach fíorbheagán de scéal na scoile sin inste anseo agam daoibh, ach ní fál go haer é sin, sa lá atá inniu ann, nó nach bhfuil a suíomh fhéin ar an idirlíon faighte anois ag Gaelscoil Osraí, sa chaoi go bhfuil ar chumas duine ar bith anois, chuile eolas faoin scoil fhéin, agus faoi dhúiche seo Osraí, a fháil amach trí bhualadh isteach chucu, ag http://homepage.eircom,net/~osrai
Le críoch a chur leis an bpíosa seo, déanfaidh mé tagairt amháin eile don leahrán álainn sin, a chuir an scoil ar fáil anuraidh agus oscailt oifigiúil na scoile nua á comóradh acu, nó ar chlúdach cúil an leabhráin sin, tá…Rosc na Gaelscoile, mar atá….
G a e l s c o i l O s r a í.
Gaelscoil Osraí, Gaelscoil Osraí,
Scoil na gréine gile.
Gaelscoil Osraí, Gaelscoil Osraí,
Grá mo chroí go huile.
.
Níl ár sárú mar dhaltaí le fáil
In Osraí na scéal is na ndán.
Ní bhímidne crosta gan chiall,
Ach muid dílis don scoil is dá riail.
.
Tá dhá véarsa eile sa Rosc sin, agus is dócha gurb é fáth a bhfuil an oiread sin suime agam fhéin ann, nó toisc gur mise a cheap is a chum an Rosc céanna sin, agus caithfidh mé a admháil, go gcuireann sé an-áthas orm a chlos, go gcantar an Rosc sin go rialta, murab ionann is an Rosc a chum mé do Choláiste cáiliúil áirithe sa Chathair Álainn seo ‘gainne! Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile. An turas seo áfach, molaimse Gaelscoil Osraí, maraon lena foireann agus lena daltaí. Rath Dé orthu uilig, sna blianta atá romhainn amach.
.
*************
Peadar Bairéad.
*************