Gaelú nó Galldú ?

Peadar Bairéad

At the Cross-Roads

Nach deacair teacht ar nuachtán ar bith, na laethe seo, nach mbeadh chuntas eicínt ann faoi na hEachtrannaigh seo uilig, atá ag tarraingt ina gcaise  do-stoptha ar an dtírin s’againne, faoi mar ba Thír Tairngire í. Ní gá a rá, go mbíonn a chúis fhéin ag chuile dhuine acu leis an turas sin go hÉirinn a dhéanamh. I gcás duine amháin, is ag iarraidh tearmainn a bhíonn sé. I gcás duine eile, is ag lorg oibre a bhíonn sé, agus i gcás daoine eile fós, is ar thóir oideachais agus traenála a bhíonn siad. Rud nua ar fad dúinne is ea an t-ionradh eachtrannach seo, agus dá bharr sin, níl muid ach ag éirí cleachtach air, agus ó tharla gur oileán í seo, ní raibh aon ró-fhonn orainn, i dtosach, an t-oileáinín s’againne a roinnt le daoine ón dtaobh amuigh. Ag an am gcéanna, tá an fhéile agus an fháilteacht ag roinnt linne le sinsearacht, agus dá bhrí sin, nuair a thuigeamar céard é go díreach a bhí ag titim amach, tuigeadh dúinn, go raibh dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh freastal ar an riachtanas sin. Anois, ó tharla nach bhfuil ar ár gcumas freastal ar riachtainisí an tsaoil mhóir uilig, socraíodh, thar ár gceann, go ndéanfadh muid freastal orthu siúd a léirigh dúinn, go raibh tearmann ag teastáil uathu, agus chomh maith leo siúd, shocraíomar ar lucht an oideachais agus na traenála a ligint isteach freisin, agus chomh maith leo siúd uilig, socraíodh ar líon áirithe oibrithe a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana.

A steady flow

Lean na himircigh ag sníomh isteach chugainn ina gcaise thréan, do-stoptha, go dtí go bhfuil, faoi láthair, oll-uimhir imirceach socraithe inár measc. Ní haon mhaith feasta bheith ag fiafraí, ar chóir dúinn na daoine sin a ligint isteach sa tír seo, nó tá siad linn anois, agus níl le déanamh anois ach chuile bhuntáiste a bhaint as cúrsaí faoi mar atá.

Ní féidir a shéanamh go bhfuil buntáistí do-áirithe ag gabháil leis an inimirce seo uilig. Chuir sé oibrithe riachtanacha ar fáil dár gcóras eacnamaíochta, nuair nach bhféadfadh muid fhéin freastal ar an dtrá sin. Sea, agus coinníonn sin rotha an tíogair cheiltigh s’againne ag meilt leo ar luas, rud a chabhraíonn linn saol níos fearr a chur ar fáil dár ndaonra uilig, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh.

I gcás na scoláirí de, chuirtí fáilte i gcónaí roimh a leithéid inár measc, nó bhí meas agus cion ag ár sinsear ar an léann, le sinsearacht, agus i gcás na ndaoine a tháinig ag lorg tearmainn, glacadh leosan freisin, le mórchroí, inár measc.

Face the Future

Sea, tá na daoine sin uilig linn anois, agus in áit bheith ag smaoineamh ar na seanlaethe, is amhlaidh a chaithfidh muid breathnú romhainn, agus socruithe a dhéanamh le fáiltiú roimh na strainséirí seo uilig, a roghnaigh an tírín s’againne, mar bhaile nua dóibh fhéin, agus dá sliocht. Gan dabht ar domhan, raghaidh cuid de na himircigh seo ar ais abhaile arís dá dtíortha fhéin, ach fanfaidh roinnt mhaith acu freisin, agus má tá muidinne ciallmhar, cliste, déanfaidh muid chuile iarracht ar na daoine sin a mhealladh isteach sa phhobal s’againne. Ní hé anois, toisc nach bhfuil an dara rogha againn ach sin a dhéanamh, ní hea muis, ach toisc gurb é ár leas é sin a dhéanamh.

More Irish than the Irish themselves !

Conas is féidir sin a dhéanamh, an ea?

Bhuel, is féidir sin a dhéanamh trínár saol iomlán a roinnt leo, agus bheith istigh a thabhairt dóibh, i ngach gné den saol céanna sin. Bíodh fáilte rompu san Arm, sa Gharda Síochána, agus sna Fórsaí Cosanta, frí chéile. Chomh maith leo sin, ba chóir iad a spreagadh le páirt a ghlachadh san Eaglais, sa Chóras Oideachais, sa Chóras Dlí agus Cirt, agus i gCúrsaí Spóirt. Ná bíodh gné ar bith den saol náisiúnta dúnta ina gcoinne. Má tá siadsan sásta glacadh linne mar phobal, ansin, nár chóir dúinne glacadh leosan mar Éireannaigh? Má tá muid sásta sin a dhéanamh, seans go néireoidh siadsan níos Gaelaí ná na Gaeil fhéin, faoi mar a tharla le dreamanna eile a tháinig chugainn, anallód. Nára fada uainn an lá sin.

.

gaGaeilge