ag ransú, searching; éadáil, a find; tuirse na leisce, boredom; déanfaidh sé cúis, it will do; geasa droma draíochta, inviolable magic spells; mám, a handful; loiscneach, burning; bunaosta, on in years; fíonghort, vineyard; dufair, jungle; cnámharlach, skeleton.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

Forest of the Pygmies”

by

Isabel Allende

Peadar Bairéad

.

In Loughboy Library

Istigh i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé, an lá cheana, agus mé ag ransú trí leabhair iomadúla na leabharlainne céanna sin, ag súil le héadáil eicínt, a choinneodh tuirse na leisce uaim, ar feadh scathaimh fhéin. Níor theastaigh leabhair mhóra, throma, léannta, uaim ar an ócáid. Ba é a bhí uaim, i ndáiríre, nó leabhar eicínt a chuirfeadh faoi gheasa mé le teannas agus le spreagthacht a scéil. Bhreathnaigh mé ar an leabhar seo, agus scrúdaigh mé an leabhar úd eile, ach níor shásaigh ceachtar acu mé. Ar deireadh thiar, tháinig mé ar an leabhar beag seo, dár teideal. Forest of the Pygmies le Isabel Allende, agus tar éis dom an “blurb ar chlúdach an leabhair sin a léamh, bheartaigh mé ar thriail a bhaint as, nó caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, chuile lá riamh, sna Pigmithe céanna sin.

It will do !

Sea, arsa mise liom fhéin, déanfaidh an leabhar seo cúis do thuras na huaire seo, agus mura dtaitníonn sé liom, nach féidir liom é a thabhairt ar ais don Leabharlann, gan mórán achair, agus cuir le sin, nach gcosnódh sé faic, taobh amuigh de tháille na bliana, agus nach n-aontófá liomsa anois go mba shladmhargadh, i dteanga ar bith, a bhí á fháil agam.

Ach, céard faoi na geasa droma draíochta úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas?

Bhuel, bí ag caint ar gheasa! A leithéid de dhraíocht ní fhaca éinne riamh. Ach b’fhéidir nárbh aon dochar anois é, tagairt a dhéanamh d’údar an scéil seo.

Isabel Allende

Mar adúirt mé, is í Isabel Allende údar an leabhair seo. Bean í a rugadh i bPeiriú agus a tógadh sa tSile. údar clúiteach, a bhfuil mám d’úrscéalta mór-ráchairte curtha di aice, cheana féin, agus ina measc-san tá “The House of the Spirits”, “The Infinite Plan”, agus “Forest of the Pygmies”, a scríobh sí mar ruball ar an scéal eile úd, “Kingdom of the Golden Dragon”. Ba í Margaret Sayers Peden, a d’aistrigh an scéal go Béarla, agus nár dheacair locht a fháil ar scil an aistritheora chéanna sin?

An Elephant Safari

Féach mar a chruthaíonn an t-údar atmosféar an scéil sa chéad chaibidil.

“At an order from the guide, Michael Mushaha, the elephant caravan came to a stop. The suffocating heat of midday was beginning, when the creatures of the vast nature preserve rested. Life paused for a few hours as the African earth became an inferno of burning lava, and even hyenas and vultures sought the shade.”

Cén fáth a bhfuil an “Caravan” sin amuigh faoi theas loiscneach úd na gréine, ar an ócáid áirithe sin? Bhuel, bíodh go raibh Kate Cold bunaosta go maith faoin am seo, tugadh post speisialta di, dul chun na nAifrice, le tasc áirithe a dhéanamh don Iris cháiliúil úd, “International Geographic”. Ba é údar na hIrise sin a thug an tasc speisialta sin di, dul chun na hAifrice agus scéal faoi leith, maraon le pictiúir, a chur ar fáil don Iris, ar an dá luathas. Thóg Kate a garmhac Alexander Cold, agus a chara siúd, Nadia Santos, lei, ar an aistear fada, casta, achrannach, contúirteach sin. Thóg sí freisin, grianghrafadóirí, agus cúntóirí, a chuirfeadh chuile chúnamh riachtanach ar fáil di. D’fhostaigh sí Mushaha, len iad a sheoladh, ar Safari eilifintí, go dúiche rua, róstach, na Céinia.

Brother Fernando

Ar a mbealach suimiúil, corraitheach, casadh misinéir, Brother Fernando, orthu, agus d’iarr seisean orthu, teacht i gcabhair air, le roinnt dá bhráithre a cailleadh sa dufair, tamall roimhe sin, a chuartú agus a fháil. D’fhostaigh lucht an Safari eitleán Angie Ninderera, cara leo, le dul ag cuardach na misinéirí, agus thuirling siad sa dufair, cóngarach do bhaile Ngoubé, nó tuigeadh don mhisinéir, do Brother Fernando, gur sa dúiche sin a bhí siad ag saothrú i bhFíonghort an Tiarna.

Bhí go maith is ní raibh go holc, ach ar an drochuair, deineadh damáiste doleigheasta don eitleán sa tuirlingt chéanna sin, agus fágadh an bhuíon ansin, gan a dtreoraí, Mushaha, le cinnireacht a dhéanamh orthu. Tharla anois, go raibh an dream sin ar fad caillte i lár na dufaire, iad fhéin, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, bhí siad gan chóir iompair, len iad a tharlú ar ais go dtí a Safari. Tar éis dóibh tamall fada a chaitheamh ar a marana, tuigeadh dóibh, gur chóir dóibh an t-eitleán a fhágáil ansin, agus dul ag taisteal tríd an dufair. Fuair siad síob i mbád ó bheirt dhúchasach, agus thóg siadsan cóngarach do bhaile Ngoubé iad, áit ar cuireadh i dtír iad, agus trí mheascán de theangacha éagsúla, agus trú chomharthaí, d’éirigh leo a gcás a mhíniú do na hiascairí dúchasacha, agus mar, quid pro quo, mhínigh na hiascairí dóibhsean faoi leagan amach na dúiche ina raibh siad, faoin Rí Kosongo, a bhí i gceannas na tíre sin, agus faoin chaoi a raibh an dúiche sin, agus a muintir, faoina smacht aige. Bhí cónaí ar Phigmithe sa dúiche sin freisin, agus bhí siadsan mar sclábhaithe faoi bhois an Rí úd Kosongo.

“The men explained that no one ventured into the area without the authorization of King Kosongo, who had no great love for foreigners.”

A Despot ?

Le scéal gairid a dhéanamh den alt seo, rinne an Rí úd príosúnaigh de na taistealaithe eachtrannacha seo, agus ba ansin a fuair siad amach, i ndáiríre, faoi chumhacht agus faoi mhodhanna oibre an Rí. Bhí na dúchasaigh uilig scannraithe ag an Rí, agus ag a lucht leanúna, ach thar éinne eile, ag a dhraoi.

Ar an gcnámharlach sin a chrochann an t-údar mná seo a scéal, agus caithfidh tú a admháil go bhfuil deacrachtaí iomadúla le sárú ag an údar, le críoch sásúil, inghlactha, a chur leis an scéal seo. Ar tháinig siad slán? Ar cailleadh sa dhufair iad? An raibh ar a gcumas draíocht agus geasa na Rí agus a Dhraoi a chlaoi?

Níl ar intinn agamsa na fadhbanna sin a scaoileadh dhuit anseo. Caithfidh tú fhéin an leabhar a léamh, le fios fátha gach scéil acu seo a fháil, ach caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin taitneamh agus sásamh as, bíodh nach é seo an cineál scéil a mheallann chun léitheoireachta mé, de ghnáth.

Ach, más spéis leat draíocht, geasa, agus an tsíorchogaíocht a fheartar idir an mhaith is an t-olc, tá mé cinnte go mbainfidh tú adhmad agus toit as an scéal neamhghnách seo.

gaGaeilge