Grianghraf mo Mháthar
.
Aghaidh chaoin chneasta mo mháthar
Ag breathnú go dáiríreach glé
Isteach idir an dá shúil orm,
T’réis blianta fada faoin gcré.
.
Aghaidh nár leag mé súil uirthi
le breis agus leathchéad bliain,
Ón tráth a roinneamar gaineamh bog bán lei
I Reilg na Croise, faoi chian.
Aghaidh a bhí nach mór clúdaithe
Faoi dheannach dhearmadach na mblain;
Aghaidh a bhí beagnach síobtha
Ag gaotha is ag gálaí gan chríoch.
.
Ach ansin, nuair a d’osclaíos-sa le fonn
Clúdach úd litir na rún,
Thit grianghraf glé úd na gcuimhní
ar chlár os comhair mo dhá shúl,
Tugadh srian ansin do na chumhní
A bhí glasáilte le fada gan bhrí
Ag blianta fánacha fuara
faoi screamh sobhriste na mian
.
.
Is anois is féidir liom athuair
Cuimhní a aoireacht go sámh,
Nuair a bhreathnaím idir an dá shúil,
Ar aghaidh chaoin chneasta mo Mham.
.
Is titeann ualach na mblianta
Siar agus síos go tóin poill,
Siúlaim go calma misniúil,
Is tarraingím dallóg’ na mblian.
.
Chun tosaigh liom anois agus feasta
Ag siúl cos ar chois leis an mbean,
A bhronn a bhfuil agamsa orm,
Is a d’ídigh í fhéin sa mbeart.
.