Gualainn gan Bhráthair

Peadar Bairéad

.

Séimí an Droichid agus na gardaí cúnta

“Sea, mh’anam! nach minic a chualamar uilig an nath, i mbéal daoine, gur maol gualainn gan bhráthair, agus cé déarfadh go raibh dul amú ar bith ar an té a chéadchum an leagan cainte céanna sin? Mar nach breá linn uilig comrádaí lenár n-ais, agus muid ar ár mbealach isteach i mbearna an bhaoil?”

B’in mar adúirt ár seanchara, Séimí an Droichid, liom an oíche cheana, agus muid beirt sáite, ar ár sáimhín só, thíos sa Smugairle Róin, agus Póilí mór groí, duine de cheannairí cheardchumann na ngardaí ag labhairt linn amach as an mbosca sa chúinne, agus é ag tabhairt íde na muc is na madraí dóibh siúd, a bheadh toilteanach seasamh taobh leo, ina n-iarrachtaí le dlí na tíre seo a chur i bhfeidhm. Agus ní hé sin amháin é, ach dhearbhaigh sé freisin, nach mbeadh baint nó páirt ar bith acusan le daoine dá leithéid, i mbun póilínteachta, sa todhchaí. Ní gá a rá, go raibh fonn cainte ar mo Shéimí breá, agus thuig mé ar an bpointe boise, go raibh rud eicínt ag dó na geirbe ag an bhfear bocht, agus go raibh fonn air an scéal sin a chur i mbéal an phobail.

Right call?

“Ach a Shéimí,” arsa mé fhéin, “b’fhéidir go bhfuil an ceart ag an bPóilí mór céanna sin, nuair a chuireann sé in iúl don Aire, nach mbeadh siadsan sásta glacadh le socrú dá leithéid.”

“Is dócha go bhfuil fhios ag madraí an bhaile fhéin, faoin am seo, faoin socrú atá déanta ag an Aire Dlí agus Cirt, glacadh le daoine tofa mar chúntóirí don Gharda Síochána. Daoine measúla, creidiúnacha, a bheadh toilteanach roinnt áirithe ama a chaitheamh, chuile sheachtain, i mbun na hoibre sin, ar bhonn deonach, dár ndóigh. Ní bheadh ar na daoine seo traenáil iomlán an Gharda a fháil, ach bheadh orthu roinnt áirithe ama a chaitheamh ag foghlaim conas na dualgaisi a bheadh le déanamh acusan a choimhlíonadh, mar ní gardaí déanta, amach is amuigh, a bheadh iontu, ach daoine a bheadh sásta dul amach ag cabhrú leis na gardaí, nuair a bheadh gá lena gcúnamh.”

“Ach, a Shéimí, mar adeir tú, ní gardaí déanta a bheadh iontu, agus ar an ábhar sin, b’fhéidir go mbeadh siad ag teacht sa mbealach ar na gardaí gairmiúla, agus iadsan i mbun a ndualgaisí casta, reachtúla, deacra.”

Not acceptable?

“Im thuairimse,” arsa Seimi, “bheadh buíon gairmiúil ar bith thar a bheith sásta cúntóirí dá leithéid a fháil, le gnéithe áirithe dá ndualgaisí a dhéanamh dóibh. Nach bhfuil sé deacair, mar sin, dearcadh cheardchumann na ngardaí a thuiscint, nuair a dhiúltaíonn siad, scun scan, do chúntóirí dá leithéid, go háirithe nuair nach bhfuil baol ar bith ann, go dtosódh na cúntóirí céanna seo ag déanamh obair dhílis an Gharda. Ní bheadh baol ar bith ann, go ndéanfadh na cúntóirí seo praiseach den obair ghairmiúil is dual don gharda a dhéanamh. Sea, agus smaoinigh ar na buntáistí a d’fhéadfadh buíon dá leithéid a chur ar fáil don nGarda Síochána? Bheadh na daoine seo ag obair, agus ina gcónaí, i measc an phobail, agus bheadh siad i dteangmháil laethúil le baill an phobail chéanna sin, agus dá bhrí sin, bheadh tuiscint agus fios acusan, nach mbeadh teacht ag an nGarda orthu, de ghnáth.”

“Ach tuigtear do cheannairí sin cheardchumann na ngardaí, go mbeadh sé i bhfad níos fearr, dá gcuirfeadh an tAire tuilleadh gardaí oilte, traenáilte, ar fáil dóibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas ansin, seirbhís sásúil, gairmiúil, éifeachtach, a chur ar fáil do phobal na tíre seo, mar, dár leosan, tá dul amú ar an Aire, agus tuigtear dóibh gur chóir dóibhsean a chur ina luí ar an aire go raibh an dlí sin ar leathsciathán”

.

Who Rules ?

“Ach, nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin nach é dualgas na ngardaí polasaí póilínteachta a dhréachtadh, is é an dualgas a leagann an Stát daonlathach, go reachtúil, orthusan, agus an dualgas a bhfuil siadsan faoi mhóid a chur i bhfeidhm, nó an dlí a dhréachtann an Rialtas tofa, a choimhlíonadh, agus a chur i bhfeidhm, gan eagla gan fábhar. Ní fhéadfadh Stát ar bith cumhacht dréachtadh dlithe a thabhairt dá bPóilíní, nó dá dtabharfadh, ní Stát daonlathach a bheadh acu a thuilleadh. Sea, agus in áit iad Póilíní Cúntacha a mhealladh isteach sa bhFórsa, mar thaca dóibh, cad a dhéanann ceannairí Cheardchumann na ngardaí? Is amhlaidh a thugann siad íde na muc is na madraí dóibh, tri mhasla de chuile shaghas a thabhairt dóibh. Ní bheifeá ag súil go nglaofadh na ceannairí thuasluaite ainmneacha ar nós, nosey parkers, do-gooders, vigilantes, nó busybodies, ar dhaoine a bheadh sásta teacht i gcabhair orthu, nó an amhlaidh nach dteastaíonn cúnamh an phobail uathu in aon chor?”

“Déarfainn nach é sin atá i gceist acu, in aon chor, a Shéimí, cinnte bheadh cúnamh an phobail uathu, ach, theastódh uathu go dtabharfadh baill an phobail an cúnamh sin dóibh mar shaoránaigh stuama, freagracha, agus ní mar bhaill chúntacha den Gharda Síochána, nó mar ghardaí cúntacha, mar a thabharfar orthu feasta.”

“Bhuel, tar éis na céapair sin uilig, ní chuirfeadh sé lá iontais ormsa, dá socródh na daoine sin, a bhí sásta cabhrú leo, iad a fhágail san fhaopach, gan chabhair, gan chúnamh, gan chomhoibriú dá laghad a thairscint dóibh feasta. I bhfianaise dhearcadh na gceannairí sin, cé thógfadh orthu é, a gcúnamh a dhiúltú dóibh feasta? Ach, anois, d’fhéadfadh dul amú a bheith ormsa, agus d’fhéadfadh sé go gcuireann, agus go gcuirfeadh an Garda Síochána fáilte is fiche roimh bhaill an phobail a bheadh sásta a gcabhair is a gcúnamh a chur ar fáil, saor in aisce, dóibh. Agus nuair a smaoiníonn tú air, d’fhéadfadh siad thart ar cheithre mhíle garda cúntach a fháil do ghnó dá leithéid.

“Gardaí Cúnta”

Nach iomaí gar a d’fhéadfadh uimhir dá leithéid a dhéanamh dóibh, agus lena chois sin, bheadh ar chumas an Gharda Síochána, feasta, bheith ag brath ar chomhoibriú an phobail agus iad i mbun smacht a choinneáil ar na sluaite, a bheadhh páirteach i léirsithe, nó i láthair ag cluichí, nó seónna, nó fiú ag na mórshiúlta a thionóltar ar fhéilte áirithe, ó cheann ceann na bliana.”

Ag an bpointe sin, scaoil Séimí siar a raibh fanta ina ghloine, chimil a mhainchille dá phus, d’fhág slán deirfeach agam, agus thug an doras amach air fhéin, ar nós chait scolta.

Ach cathfidh mé a admháil, gur fhág sé ábhar smaointe agam fhéin, agus ní fhéadfainn a rá, nach raibh sláimín eicínt den bhfírinne ag an bhfear buile bocht céanna sin!!!

Iarscríbhinn…..

Fuair mé glaoch telefóin, anois díreach, ó mo Shéimí buile, ag cur ar mo shúile dom, gur chuala sé ar an Wireless, anois beag, go raibh Ceannfoirt na ngardaí tar éis a dtacaíocht siúd a thabhairt do chóras na ngardaí cúnta. Féach anois, ar seisean, go n-aontaíonn na Ceannfoirt fhéin liom, sa scéal seo!  

“Fair Play” dhuit a Shéimí !

gaGaeilge